"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 15 Deireadh Fómhair 2024
Na príomhthorthaí
Tábhacht na hearnála fuinnimh d’iomaíochas an Aontais
Bhí seisiún tuairimíochta poiblí ag na hairí maidir leis an méid a chuireann an earnáil fuinnimh le hiomaíochas an Aontais mar obair leantach ar na moltaí sa tuarascáil ó Mario Draghi.
Tá an fuinneamh ar cheann de na hearnálacha is mó a chuireann le hiomaíochas an Aontais. Bhí plé cuiditheach againn maidir le conas fuinneamh flúirseach inacmhainne glan a chinntiú dár saoránaigh agus dár dtionscail, agus dlús a chur lenár n-iarrachtaí i dtreo an dícharbónaithe ag an am céanna.
Attila Steiner, Aire Stáit na hUngáire um an mBeartas Fuinnimh
Shainaithin na hairí fuinnimh na moltaí ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh agus is mó a rannchuideodh le cuspóir an Aontais costais fuinnimh a choinneáil inacmhainne agus iomaíoch gan dearmad a dhéanamh ar an ngá atá le dícharbónú agus slándáil fuinnimh. Ina theannta sin, phléigh siad bealaí chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le hinfheistíocht ar mórscála in eangacha, digitiú, stóráil agus idirnaisc, giaráil caipitil phríobháidigh san áireamh.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Bhí plé ag na hairí maidir le héagsúlacht na bpraghsanna mórdhíola leictreachais san Aontas, agus béim á leagan ar mhéaduithe tobanna ar phraghsanna i Lár, in Oirthear agus in Oirdheisceart na hEorpa. Bhí na hairí fuinnimh ar aon intinn faoi na hábhair imní atá ann i ngeall ar na praghsanna arda sa réigiún agus tionchar an mhéid sin ar an iomaíochas agus ar an ngeilleagar. D’aontaigh siad gur gá don Aontas gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh chun praghsanna a chobhsú agus an tslándáil fuinnimh a fheabhsú sa réigiún agus san Aontas i gcoitinne.
Rinne siad machnamh ar bhearta spriocdhírithe a d’fhéadfaí a dhéanamh chun acmhainneacht trasteorann a mhéadú agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá infheistíocht in idirnaisc agus comhordú feabhsaithe ar an leibhéal réigiúnach. Shainaithin siad bearta gearrthéarmacha agus fadtéarmacha chun éifeachtúlacht sreafaí trasteorann a fheabhsú.
Leanfar den phlé ag an gcéad chruinniú eile den Ghrúpa Ardleibhéil um Nascacht Fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa, a bheidh ar siúl i mBúdaipeist an 29 Deireadh Fómhair 2024.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Phléigh na hairí fuinnimh an ullmhacht don gheimhreadh atá le teacht. Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí do na hairí maidir le slándáil an tsoláthair san Aontas. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún i láthair a phlean gníomhaíochta chun dlús a chur le tacaíocht an Aontais don Úcráin i dtaobh fuinnimh agus slándáil an tsoláthair san Aontas á cinntiú ag an am céanna.
Rinne Aire Fuinnimh na hÚcráine, German Galushchenko, cur i láthair ar an staid fuinnimh san Úcráin (trí fhíschomhdháil).
Chuir an Coimisiún a thuarascáil ar staid an aontais fuinnimh i láthair agus thug sé nuashonrú maidir le cur chun feidhme phlean REPowerEU. Go háirithe, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi dhul chun cinn an Aontais maidir lena sprioc deireadh a chur de réir a chéile le húsáid breoslaí iontaise ón Rúis.
Chuir Uachtaránacht na hUngáire na hairí ar an eolas faoin gComhdháil maidir leis an bhFuinneamh Geoiteirmeach a tionóladh i mBúdaipeist an 20 Meán Fómhair 2024.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí do na hairí maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta ‘Oiriúnach do 55’. Is é atá in ‘Oiriúnach do 55’ reachtaíocht an Aontais chun astaíochtaí a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 agus an tAontas a dhéanamh aeráidneodrach faoi 2050.
Chuir an Chipir eolas in iúl faoin ráiteas comhpháirteach maidir le ‘Réigiún na Meánmhara a chlaochlú ina Chonair Fuinnimh Ghlais’, a glacadh an 23 Meán Fómhair ag Cruinniú Mullaigh Aireachta MED9 um Fhuinnimh.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
D’iarr Éire, an Bheilg, an Ghearmáin agus an Ísiltír tuilleadh anailíse ón gCoimisiún agus comhar ó na Ballstáit maidir le soláthar bithbhreoslaí ó dhíorthaigh ola pailme agus maidir le calaois a chosc.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
In éineacht leis an mBulgáir, an Chróit, Poblacht na Seice, an Fhionlainn, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin, chuir an Fhrainc na hairí ar an eolas gur gá ceantanna bainc hidrigine na hEorpa amach anseo a oscailt do gach hidrigin ísealcharbóin, hidrigin in-athnuaite san áireamh.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
D’iarr an Bheilg, le tacaíocht ón bhFionlainn, go gcuirfí bearta sriantacha an Aontais maidir le trasloingsiú GNL na Rúise chun feidhme ar bhealach níos comhordaithe.
Chuir Poblacht na Seice na hairí ar an eolas faoin bhfóram Eorpach um fhuinneamh núicléach, a tionóladh i bPrág an 30 Meán Fómhair agus an 1 Deireadh Fómhair.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.