"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Teileachumarsáid), 6 Nollaig 2024
Na príomhthorthaí
Conclúidí formheasta ag an gComhairle maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus maidir leis an bPáipéar Bán ón gCoimisiún dar teideal ‘Conas is féidir máistreacht a fháil ar riachtanais na hEorpa maidir le bonneagar digiteach?’ Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí freisin maidir le spriocanna agus cuspóirí chlár beartais 2030 don deacáid dhigiteach.
Cruinniú rathúil a bhí ann: d’fhormheasamar dhá thacar conclúidí chun gníomhaireacht cibearshlándála an Aontais a neartú a thuilleadh agus chun treoir shoiléir a thabhairt maidir le riachtanais an Aontais amach anseo maidir le bonneagar digiteach. Bhí plé fónta againn freisin maidir le conas na spriocanna uailmhianacha atá leagtha síos againn le haghaidh na deacáide seo a bhaint amach agus tiocfaidh uachtaránacht na Polainne i gceannas anois chun leanúint den obair sa réimse digiteach.
Zoltán Kovács. Aire Stáit na hUngáire don Chumarsáid Idirnáisiúnta agus don Chaidreamh Idirnáisiúnta
Conclúidí ón gComhairle maidir le ENISA
D’fhormheas an Chomhairle na conclúidí maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA). D’aithin na hairí ról lárnach ENISA in éiceachóras cibearshlándála na hEorpa i ndiaidh tionscnaimh reachtacha a rinneadh le déanaí, mar shampla an Gníomh um Chibear-Athléimneacht (CRA) nó an Treoir athbhreithnithe maidir le córais ghréasáin agus faisnéise (NIS 2), lenar cuireadh cúraimí breise ar an ngníomhaireacht. D’aithin na hairí freisin tacaíocht ENISA do na Ballstáit a mhéid a bhaineann le beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme. D’iarr siad, áfach, go ndéanfaí tuilleadh feabhsuithe agus tuilleadh gníomhaíochta, go háirithe maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a fhorbairt, chomh maith le hardán tuairiscithe aonair a bhunú. Leag na hairí béim freisin ar rannchuidiú tábhachtach ENISA maidir le feasacht staide choiteann a fheabhsú, chomh maith le freagairt choiteann a fhorbairt ar chibirtheagmhais nó ar chibirghéarchéimeanna mórscála. Ar deireadh, leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá comhar na gníomhaireachta le gníomhaithe eile sa chibear-éiceachóras, agus le heagraíochtaí agus comhpháirtithe idirnáisiúnta agus leis an earnáil phríobháideach freisin.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Conclúidí ón gComhairle i ndáil le riachtanais an Aontais amach anseo maidir le bonneagar digiteach
Formheasfaidh an Chomhairle conclúidí maidir leis an bPáipéar Bán ón gCoimisiún dar teideal ‘Conas is féidir máistreacht a fháil ar riachtanais na hEorpa maidir le bonneagar digiteach?’. Chuir na hairí in iúl tacar cuimsitheach teachtaireachtaí maidir leis an nuálaíocht a chothú, an tslándáil agus an athléimneacht a chinntiú, iomaíocht chóir a chur chun cinn, agus infheistíochtaí i mbonneagair dhigiteacha a spreagadh d’fhonn spriocanna iomaíochais agus claochlaithe dhigitigh an Aontais a bhrú chun cinn. Baineann téacs na gconclúidí le ceisteanna tábhachtacha, mar shampla an gá atá le measúnú críochnúil a dhéanamh ar chóineasú féideartha na néalríomhaireachta agus na teileachumarsáide san éiceachóras digiteach agus comhdhlúthú an mhargaidh, inar leag líon suntasach airí béim ar an ngá atá le hiomaíocht éifeachtach sa mhargadh ábhartha. Pléadh ábhair rialála freisin le linn na díospóireachta inar leag roinnt airí béim ar a thábhachtaí atá sé an fhéidearthacht a choinneáil rialú ex-ante a dhéanamh ar mhargaí rochtana áirithe, chomh maith le sainiúlachtaí, iomaíocht agus leas tomhaltóirí na mBallstát a mheas i gcomhthéacs an ascnaimh ón gcopar go snáithín.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Díospóireacht bheartais maidir le clár beartais 2030 don deacáid dhigiteach
Ar thionscnamh ón uachtaránacht, bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle dar teideal ‘Cuspóirí agus spriocanna na deacáide digití do 2030 i bhfianaise na n-athruithe teicneolaíochta a tharla le déanaí’. Tabharfaidh an díospóireacht sin deis do na hairí plé a dhéanamh ar spriocanna agus cuspóirí an chláir faoi lionsa na bhforbairtí is déanaí a tharla sna réimsí teicniúla, eacnamaíocha agus sochaíocha, i bhfianaise an athbhreithnithe a dhéanfar air in 2026.
Agus na gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun spriocanna agus cuspóirí a bhaint amach faoi spriocdháta 2030 á bhfiosrú acu, phléigh na hairí ar cheart don Aontas a spriocanna don deacáid dhigiteach a oiriúnú in 2026 chun luas tapa na bhforbairtí teicneolaíochta is déanaí, mar shampla 6G, IS agus leathadh na néalríomhaireachta mar theicneolaíocht chumasúcháin, a léiriú. Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí faoi cé mar is féidir a áirithiú go bhfanfaidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht theicneolaíoch agus spriocanna réalaíocha insroichte á gcoinneáil aici ag an am céanna. Chuige sin, d’aontaigh na hairí gur cheart don Aontas an nasc idir taighde, nuálaíocht agus caighdeánú i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a neartú. Ina theannta sin, rinne na hairí a marana ar cé mar is féidir leis an Eoraip í féin a shocrú ar bhealach níos fearr vis-à-vis iomaitheoirí domhanda chun na teorainneacha teicneolaíochta a stiúradh, a nglacadh a éascú agus a seasamh san éiceachóras digiteach domhanda a dhearbhú. Ar deireadh, d’fhéach airí ar bhealaí ina bhféadfaidh an tAontas a áirithiú go bhfuil a spriocanna bonneagair dhigitigh ag teacht le cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil.
Aon ghnó eile
Chuir Leas-Ardrúnaí an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU) an Chomhairle ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí san eagraíocht agus chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi Thionól Domhanda ITU um Chaighdeánú Teileachumarsáide (WTSA), a bhí ar siúl an 15-24 Deireadh Fómhair 2024 i nDeilí Nua, an India.
Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil le Creat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga, cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta agus thug sí forléargasar ghníomhaíochtaí agus ar imeachtaí maidir le gnóthaí digiteacha a eagraíodh sa dara leath de 2024.
Thíolaic an Coimisiún an staidéar a foilsíodh le déanaí maidir lena bhfuil i ndán don earnáil phoist agus thug sé achoimre ar thionscnaimh idirnáisiúnta a rinneadh le déanaí sa réimse digiteach ina ndírítear ar chomhairlí trádála agus teicneolaíochta agus ar chomhpháirtíochtaí digiteacha. Rinne sí mionléiriú freisin ar fhánaíocht leis na tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, agus béim ar leith á leagan ar an Úcráin, ar an Moldóiv, ar an tSeoirsia agus ar réigiún na mBalcán Thiar.
Chuir toscaireacht na Fraince na hairí ar an eolas faoi na hullmhúcháin don chruinniú mullaigh gníomhaíochta maidir leis an Intleacht Shaorga (IS) a bheidh ar siúl i bPáras an 10-11 Feabhra 2025. Chuir toscaireacht na hOstaire an Chomhairle ar an eolas faoi chreat tagartha na tíre maidir le hinniúlacht dhigiteach, agus chuir toscaireacht na Gréige a straitéis náisiúnta maidir le mionaoisigh a chosaint ar líne i láthair.
Tharraing toscaireachtaí na hÍsiltíre, na Beilge, na hEastóine, na Fionlainne, na Gearmáine, na Gréige, na hÉireann, na Slóvaice agus na Sualainne anuas an gá atá le rialáil dhigiteach níos fearr do FBManna san Eoraip.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Ar deireadh, chuir Uachtaránacht inteachta na Polainne a tosaíochtaí agus a clár oibre don dara leath de 2025 i láthair.
Lón neamhfhoirmiúil
Le linn lón neamhfhoirmiúil agus i láthair Leas-Ardrúnaí ITU, Tomas Lamanauskas, phléigh na hairí bealaí chun feabhas a chur ar an gcomhar le ITU agus tionchar an Aontais laistigh den eagraíocht a neartú. D’aithin na hairí go bhfuil caidreamh an Aontais le ITU tábhachtach, go háirithe ós rud é go mbainistíonn ITU speictream raidió ar an leibhéal domhanda, go gcuireann sé caighdeáin dhomhanda teileachumarsáide chun cinn, agus go dtacaíonn sé le nascacht inacmhainne sna tíortha i mbéal forbartha. Chuir cuid acu i bhfios go láidir freisin go bhfuil ról tábhachtach ag ITU maidir le caighdeáin dhigiteacha a éascú atá cuimsitheach, inbhuanaithe agus a urramaíonn cearta an duine. D’aontaigh na hairí nach mór measúnú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na mBallstát agus an Aontais i ngníomhaíochtaí ITU i bhfianaise na dteicneolaíochtaí digiteacha nua atá ag teacht chun cinn agus na dinimice geopholaitiúla lena múnlaítear an bonneagar digiteach agus an rialachas digiteach a bheidh ann amach anseo. Sa chomhthéacs sin, rinne na hairí a machnamh ar conas comhordú na mBallstát a fheabhsú a thuilleadh i ndáil le ITU, cé na réimsí ar leith ba cheart a mheas don chomhar sin agus cén cineál acmhainní agus sásraí is gá chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.