- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar), 5 Nollaig 2024
Na príomhthorthaí
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta (cur chuige ginearálta) i ndáil le treoir nua maidir le héifeacht uile-Aontais a bheith ag dícháiliúcháin tiomána áirithe, mar chuid den phacáiste ‘sábháilteacht ar bhóithre’, rialachán maidir le cearta paisinéirí a fhorfheidhmiú san Aontas agus rialachán maidir le cearta paisinéirí i gcomhthéacs turais ilmhódacha.
Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an togra ón gCoimisiún chun an Treoir maidir le hIompar Comhcheangailte a leasú, mar chuid den phacáiste ‘an t-iompar lasta a ghlasú’, agus bhí díospóireacht bheartais aici darb ábhar cearta aerphaisinéirí.
Cruinniú tairbheach a bhí ann: thángamar ar seasaimh caibidlíochta na Comhairle maidir le príomhphíosaí reachtaíochta don tsábháilteacht ar bhóithre agus d’fhorfheidhmiú cearta paisinéirí san Eoraip. Tiocfaidh Uachtaránacht na Polainne i gceannas anois chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na comhaid sin i gcainteanna a bheidh ann amach anseo leis an bParlaimint.
Bálint Nagy, Aire Stáit Iompair na hUngáire
An tsábháilteacht ar bhóithre
Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir le dícháiliúcháin tiomána, mar chuid den ‘phacáiste um shábháilteacht ar bhóithre’, mar a thugtar air, lena gcuirtear ar chumas na huachtaránachta dul i mbun caibidlíocht idirinstitiúideach le Parlaimint na hEorpa maidir leis an gcomhad sin. Is obair leantach í an dréacht-treoir ar dhearbhú aireachta Vaileite ó mhí an Mhárta 2017, inar iarradh go ndéanfaí gníomhaíocht chun deireadh a chur leis an tsaoirse choibhneasta ó phionós i gcás ciontóirí tromchúiseacha neamhchónaitheacha tráchta ar bhóithre. A luaithe a bheidh sí i bhfeidhm, cuirfidh an reachtaíocht nua feabhas ar an tsábháilteacht ar bhóithre na hEorpa, rud a chinnteoidh inter alia nach gceadófaí do thiománaithe a dtarraingítear siar a gceadúnas tiomána i mBallstát amháin de dheasca sháruithe tromchúiseacha ar rialacha tráchta tiomáint ar bhóithre de na bóithre san Aontas.
Cearta paisinéirí
Ghlac an Chomhairle a cur chuige ginearálta i ndáil le dhá rialachán maidir le cearta paisinéirí a fhorfheidhmiú san Aontas, agus maidir le cearta paisinéirí i gcomhthéacs turais ilmhódacha, mar chuid den ‘phacáiste um shoghluaisteacht paisinéirí’, mar a thugtar air, lena gcuirtear ar chumas na hUachtaránachta dul i mbun cainteanna idirinstitiúideacha le Parlaimint na hEorpa maidir leis na comhaid sin. Is é is aidhm don dá thogra aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a ghabhann leis an gcreat reatha ó thaobh cearta paisinéirí a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, go háirithe trí rochtain ar fhaisnéis a fheabhsú. Thairis sin,is é is aidhm don dara thogra bearnaí rialála a líonadh ó thaobh cheanglais agus dhliteanais faoi seachna soláthraithe seirbhíse taistil éagsúla atá páirteachi dturais ilmhódacha ina n-úsáideann paisinéirí modhanna eile iompair le dul ó áit go háit.
Thairis sin, bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le cearta aerphaisinéirí. D’aontaigh na hairí gur gá an creat dlíthiúil do chearta aerphaisinéirí a shimpliú chun cosaint aonfhoirmeach na n-aerphaisinéirí a áirithiú trí reachtaíocht shoiléir ina leagtar béim ar na saincheisteanna is tábhachtaí. Ba cheart go mbainfí an chothromaíocht cheart amach sa chreat nua idir ardleibhéal cosanta do phaisinéirí a áirithiú agus costais réasúnta a choinneáil ar aerlínte. Bhí comhaontú mór ann freisin maidir leis an ngá atá le feabhas a chur ar chearta paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Thairis sin, chomhaontaigh na hairí gur gá feabhas a chur ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil do phaisinéirí agus a áirithiú go gcuirfear a gcearta i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go mbeadh na sainmhínithe agus spriocdhátaí soiléir. D’aontaigh siad freisin gur cheart go laghdódh an t-athbhreithniú an t-ualach riaracháin agus go bhfeabhsódh sé cothrom iomaíochta idir na haerlínte. I bhfianaise an mhéid sin, chomhaontaigh na hairí go n-atosóidh siad ar an obair ar an gcomhad sin laistigh den Chomhairle a luaithe ab fhéidir.
- Rialachán maidir le forfheidhmiú cearta paisinéirí san Aontas, cur chuige ginearálta na Comhairle, an 5 Nollaig 2024
- Rialachán maidir le cearta paisinéirí i gcomhthéacs turas ilmhódach, cur chuige ginearálta na Comhairle, an 5 Nollaig 2024
- Cearta aerphaisinéirí, Díospóireacht bheartais, Páipéar cúlra, an 22 Samhain 2024
Iompar idirmhódúil
Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an togra ón gCoimisiún chun treoir 1992 maidir leis an iompar comhcheangailte a leasú.
Aon ghnó eile
Tograí reachtacha reatha
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis na comhaid reachtacha seo a leanas a bhfuil caibidlíocht neamhfhoirmiúil le Parlaimint na hEorpa fós ar siúl ina leith:
- an treoir nua maidir le ceadúnais tiomána, mar chuid den phacáiste ‘sábháilteacht ar bhóithre’
- an rialachán nua maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), mar chuid den phacáiste ‘sábháilteacht mhuirí’
- an rialachán nua maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, mar chuid den phacáiste reachtach ‘iompar lasta a ghlasú’
Ábhair eile
Talamh
Chuir toscaireachtaí na Bulgáire, na Seice, na hIodáile, na Polainne, na Rómáine agus na Slóvaice an Chomhairle ar an eolas faoina dtionscnamh comhpháirteach maidir le beartas athnuaite Eorpach mótarfheithiclí lena gcothromaítear an t-iomaíochas agus an uaillmhian aeráide.
Loingseoireacht
Tharraing toscaireachtaí na Bulgáire, na Cróite, na Cipire, na Gréige, na hIodáile, Mhálta, na Portaingéile, na Rómáine agus na Spáinne aird na Comhairle ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ann dá leathnófaí córas trádála astaíochtaí (CTA) an Aontais ar mhuiriompar agus ar iomaíochas chalafoirt an Aontais.
Eitlíocht
Chuir an Fhrainc, le tacaíocht ó na toscaireachtaí uile, an Chomhairle ar an eolas faoin iarraidh ón gCoimisiún ar thuairim ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an gcomhaontú maidir le haeriompar le sultanáit Óman. Chuir toscaireacht na Liotuáine an Chomhairle ar an eolas freisin faoi ionraí ar réada neamhúdaraithe isteach i mBallstáit an Aontais ó thríú tíortha.
Idirmhódúil
Thíolaic toscaireachtaí na hEastóine, na Laitvia agus na Liotuáine a bpáipéar leathoifigiúil comhpháirteach maidir le clár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa III atá ar na bacáin. Dhírigh toscaireacht na Spáinne ar an tsaincheist maidir le hathléimneacht bhonneagar iompair an Aontais i leith teagmhais adhaimsire a bhaineann leis an aeráid agus teagmhais gheoifisiceacha. Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas freisin faoi ról na bpleananna aeráide sóisialta maidir leis an mbochtaineacht iompair a chosc agus aghaidh a thabhairt uirthi.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Clár oibre na huachtaránachta
Thíolaic toscaireacht na Polainne a tosaíochtaí agus a clár oibre don chéad leath de 2025.
Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna ar liosta na míreanna neamhreachtacha ‘A’.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Liosta sealadach na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Cúlra faisnéise
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 22 Bealtaine 2025