Timeline - Adequate minimum wages
The EU wants to improve people's working and living conditions by establishing a framework for adequate minimum wages in Europe.
-
2022
4 Deireadh FómhairDlí an Aontais maidir le pá íosta leordhóthanach glactha ag an gComhairle
Cead tugtha ar deireadh ag an gComhairle do rialacha nua AE lena gcuirfear leordhóthanacht an phá íosta reachtúil chun cinn. Treoir a chuideoidh le dálaí maithe oibre agus maireachtála a bhaint amach d’fhostaithe san Eoraip atá i gceist.
Le dlí nua an Aontais maidir le pá íosta leordhóthanach:
- bunaítear nósanna imeachta maidir le leordhóthanacht an phá íosta reachtúil
- cuirtear cómhargáil maidir le pá a shocrú chun cinn
- cuirtear feabhas ar an rochtain éifeachtach ar chosaint pá íosta do na hoibrithe sin atá i dteideal pá íosta faoin dlí náisiúnta
-
2022
7 MeitheamhAn Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú sealadach maidir le dlí de chuid an Aontais
Ghlac an Chomhairle treoir maidir le híosphá ina leagtar síos creat nós imeachta le híosphá leordhóthanach a chur chun cinn ar fud an Aontais agus go háirithe leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
- cómhargáil sa socrú pá a chur chun cinn
- leibhéil leordhóthanacha pá íosta reachtúil a chur chun cinn
- feabhas a chur ar rochtain éifeachtach ar chosaint pá íosta do gach oibrí
-
2021
6 NollaigDréachtdlí de chuid an Aontais maidir le pá íosta: cur chuige ginearálta
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta i ndáil le dréachtdlí de chuid an Aontais maidir le pá íosta.
Chun dálaí oibre agus maireachtála daoine a fheabhsú, bunaítear leis an dréachtdlí sin creat chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- leibhéil leordhóthanacha pá íosta reachtúil a chur chun cinn
- cómhargáil i socrú pá a chur chun cinn
- feabhas a chur ar rochtain éifeachtach ar chosaint pá íosta na n-oibrithe sin atá i dteideal pá íosta
-
2021
14 MeitheamhDréachtdlí de chuid an Aontais maidir le pá íosta: tuarascáil ar dhul chun cinn ó Uachtaránacht na Portaingéile
Chuir Uachtaránacht na Portaingéile na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir leis an treoir maidir le pá íosta leordhóthanach. Bhí deis ag na hairí freisin tuairimí a mhalartú maidir leis na nithe seo a leanas:
- na feabhsuithe a cheap siad a chuirfí ar fáil leis an treoir
- gnéithe criticiúla an togra
-
2020
3 NollaigDlí an Aontais maidir le pá íosta: togra
Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún eolas ar fáil i ndáil leis an togra le haghaidh treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach. Féachtar leis an togra ceithre phríomhoibleagáid a chur ar na Ballstáit:
- cómhargáil a chur chun cinn, go háirithe maidir le socrú pá
- roinnt oibleagáidí nós imeachta a urramú, má dhéanann agus nuair a dhéanann na Ballstáit pá íosta reachtúil a shocrú/a nuashonrú, lena n-áirítear chun a leordhóthanacht a mheas
- bearta a ghlacadh chun feabhas a chur ar rochtain éifeachtach ar chosaint pá íosta oibrithe atá i dteideal pá íosta faoin dlí náisiúnta
- sonraí a bhailiú agus iad a thuairisciú don Choimisiún ionas go bhféadfaidh an Coimisiún faireachán a dhéanamh ar chumhdach agus ar leordhóthanacht na cosanta pá íosta
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025