Skip to content

Pá íosta leordhóthanach san Aontas

Is mian leis an Aontas feabhas a chur ar dhálaí oibre agus maireachtála daoine trí chreat a bhunú le haghaidh pá íosta leordhóthanach san Eoraip.

An scéala is déanaí

Tá rialacha nua bunaithe ag an Aontas a chuireann pá íosta reachtúil leordhóthanach chun cinn san Eoraip agus a fhéachann le dálaí oibre agus maireachtála níos fearr a bhaint amach d’fhostaithe san Eoraip.

Ghlac an Chomhairle téacs deiridh na treorach maidir le pá íosta leordhóthanach an 4 Deireadh Fómhair 2022.

Conas is féidir le rialacha an Aontais maidir le pá íosta a bheith tairbheach?

Ar fud an Aontais, tá difríochtaí móra idir na Ballstáit ó thaobh oibrithe a chumhdach le comhaontuithe comhchoiteanna agus leibhéal an phá íosta de. Tá sé sin amhlaidh, i bpáirt, mar gheall ar na samhlacha an-éagsúil de mhargadh an tsaothair agus leibhéil éagsúla ioncaim sna Ballstáit.

Is é is aidhm don treoir nua maidir le pá íosta leordhóthanach cuidiú le dálaí oibre agus maireachtála cuibhiúla a bhaint amach d’fhostaithe san Eoraip.

Dálaí córa oibre

Tá sé de cheart ag oibrithe pá cothrom a fháil a fhágann gur féidir leo caighdeán cuibhiúil maireachtála a bheith acu. Leagtar amach sin faoi phrionsabal 6 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, i gCaibidil 2, lena gcumhdaítear dálaí córa oibre.

Is é atá i gceist le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta forógra comhpháirteach ó cheannairí institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus iad tiomanta do 20 prionsabal a chur chun feidhme i réimse an bheartais shóisialta.

Idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht oibrithe

Tá sé de cheart ag oibrithe – nó ag a n-ionadaithe – go gcuirfí ar an eolas iad agus go rachfaí i gcomhairle leo in am trátha faoi ábhair a bhaineann leo. Is é sin prionsabal 8 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, faoi Chaibidil 2 freisin.

An chaoi a gcinntíonn rialacha nua an Aontais cosaint níos fearr agus níos éifeachtaí ar phá íosta

Bhunaigh an treoir rialacha nua ar leibhéal an Aontais maidir leis an méid seo a leanas:

  • nósanna imeachta chun leordhóthanacht pá íosta reachtúil a shocrú agus a thabhairt cothrom le dáta
  • cómhargáil maidir le pá a shocrú a chur chun cinn
  • an rochtain éifeachtach ar chosaint pá íosta do na oibrithe sin atá i dteideal pá íosta faoin dlí náisiúnta

Leordhóthanacht an phá íosta reachtúil

Iarrtar ar na Ballstáit ina bhfuil pá íosta reachtúil creat a chur i bhfeidhm chun an pá íosta sin a shocrú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir sraith critéar soiléir.

Déanfar an pá íosta reachtúil a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain ar a laghad (nó gach 4 bliana ar a mhéad i gcás na dtíortha sin a úsáideann sásra um innéacsú uathoibríoch).

Mar sin féin, leis an treoir, ní leagtar síos leibhéal pá íosta sonrach nach mór do na Ballstáit a bhaint amach.

Cómhargáil i socrú pá a chur chun cinn

Is bealach é an chómhargáil a neartú chun bochtaineacht lucht oibre a chomhrac agus dálaí oibre a fheabhsú. Tugadh faoi deara gur gnách go mbíonn sciar níos lú d’oibrithe ar phá íseal agus pá íosta níos airde ag tíortha ag a bhfuil cumhdach ard cómhargála ná na tíortha sin ag a bhfuil cumhdach íseal cómhargála.

Ceann de spriocanna na treorach is ea líon na n-oibrithe a chumhdaítear le cómhargáil maidir le socrú pá a mhéadú. Chun an cuspóir sin a shroicheadh, ba cheart do na Ballstáit acmhainneacht na gcomhpháirtithe sóisialta dul i mbun cómhargála a chur chun cinn.

Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil cumhdach cómhargála faoi bhun 80% acu plean gníomhaíochta a bhunú chun an chómhargáil a chur chun cinn. Ba cheart amlíne shoiléir agus bearta sonracha a leagan amach sa phlean gníomhaíochta chun ráta cumhdaigh na cómhargála a mhéadú de réir a chéile.

Cad is cómhargáil ann?

Is éard atá i gceist le cómhargáil an próiseas trína ndéanann daoine atá ag obair, trína n-ionadaithe, conarthaí a chaibidil lena bhfostóirí nó lena n-eagraíochtaí fostóirí chun a dtéarmaí fostaíochta a chinneadh, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

  • pá agus sochair
  • uaireanta agus saoire
  • beartais sláinte agus sábháilteachta i ndáil leis an bpost

Rochtain éifeachtach ar chosaint pá íosta

Sonraítear sa téacs go ndéanfaidh na Ballstáit bearta chun feabhas a chur ar rochtain éifeachtach na n-oibrithe ar chosaint pá íosta reachtúil. Áirítear an méid seo a leanas ar na bearta chun na críche sin:

  • rialuithe ó chigireachtaí saothair
  • eolas a bhfuil teacht air go héasca maidir le cosaint pá íosta
  • Forbairt a dhéanamh ar chumas na n-údar gníomhú i gcoinne fostóirí neamhchomhlíontacha

Sonraí a bhailiú agus a thuairisciú

Ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chumhdach agus leordhóthanacht an phá íosta. Ina theannta sin, iarrfar orthu tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach dara bliain maidir leis na nithe seo a leanas:

  • an ráta cumhdaigh cómhargála
  • leibhéal an phá íosta reachtúil
  • sciar na n-oibrithe atá cumhdaithe ag an phá íosta reachtúil

Déanfaidh na Ballstáit ina bhfuil an chosaint pá íosta á soláthar go heisiach le comhaontuithe comhchoiteanna tuairisciú ar na rátaí pá is ísle a socraíodh leis na comhaontuithe comhchoiteanna sin agus ar na tuarastail nach gcumhdaítear leo. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar na sonraí sin agus tuairisceoidh sé don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa ina leith.

Sa Chomhairle

Chuir an Coimisiún Eorpach a thogra i ndáil le treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas ar aghaidh chuig an dá chomhreachtóir, an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, i mí Dheireadh Fómhair 2020.

Sa Chomhairle, rinne an Mheitheal um Cheisteanna Sóisialta, a dhéileálann leis an obair reachtach uile a bhaineann le cúrsaí fostaíochta agus beartas sóisialta, scrúdú ar an gcomhad.

Togra le haghaidh treoir maidir le pá íosta leordhóthanach

Le linn Uachtaránacht na Gearmáine, chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún faisnéis ar fáil faoin togra le haghaidh treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach. Rinneadh plé gairid ar an treoir le linn chruinniú na Comhairle um Fhostaíocht agus um Beartas Sóisialta i mí na Nollag 2020.

Tuarascáil ar dhul chun cinn ar an treoir maidir le pá íosta leordhóthanach

Chuir Uachtaránacht na Portaingéile na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta ar an treoir maidir le pá íosta leordhóthanach. Thairis sin, bhí deis ag na hairí tuairimí a mhalartú maidir le feabhsuithe ar an togra agus gnéithe criticiúla de.

Sa phlé a rinneadh, díríodh ar na pointí seo a leanas:

  • an téarma ‘cur chun cinn’ a thabhairt isteach agus a chur in ionad an fhocail ‘socrú’
  • ábhair imní na mBallstát go gcruthófaí cearta duine aonair d’oibrithe leis an treoir seo
  • rialacha sonracha maidir le maraithe (a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún Oibreachais Mhuirí)
  • cosaint pá íosta trí chómhargáil in áit cosaint trí phá íosta reachtúil

Leagadh síos sa phlé sin bealach chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh tuilleadh caibidlíochta d’fhonn teacht ar chomhaontú.

A seasamh glactha ag an gComhairle (cur chuige ginearálta)

Chuir obair Uachtaránacht na Slóivéine leis an dul chun cinn maith a rinne a Comhpháirtithe ar an bhfoireann trí Uachtaránacht, an Ghearmáin agus an Phortaingéil, mar a leagtar amach sa tuarascáil ar dhul chun cinn ó Uachtaránacht na Portaingéile.

Chuir Uachtaránacht na Slóivéine ceithre thogra comhréitigh i ndiaidh a chéile faoi bhráid na Meithle um Cheisteanna Sóisialta, a pléadh le linn sé lá cruinnithe iomlána de chuid na meithle agus le linn cuid mhór plé déthaobhaigh ar gach leibhéal.

Sa phlé a rinneadh, díríodh ar na pointí seo a leanas:

  • inniúlacht na mBallstát a chosaint maidir le pá íosta a shocrú
  • ábhair imní na dtoscaireachtaí i dtaobh na n-éagsúlachtaí atá ann maidir le samhlacha saothair agus córais socraithe pá ó náisiún go náisiún
  • cineálacha éagsúla cur chuige chun leordhóthanacht a bhaint amach
  • an bhéim a chur ar chur chun cinn na leordhóthanachta agus na cómhargála
  • an cuspóir a shaothrú, ní hamháin go mbeadh pá íosta cothrom ann ach íosphá cuibhiúil freisin
  • tosaíocht a thabhairt do na Ballstáit a bheith in ann na luachanna tagartha táscacha a roghnú gan bhac
  • oibleagáid a d’fhéadfaí a bheith ann tuairisc a thabhairt, ní ar bhonn bliantúil, ach gach dara bliain
  • eolas don oibrí

Díríodh san obair ar réitigh chomhréitigh a aimsiú chun freastal ar na hábhair imní agus ar chothromaíocht a bhaint amach sa téacs, agus tacaíocht na mBallstát á coimeád agus an téacs á choinneáil i riocht cuíchóirithe i rith an ama.

Le linn Coreper an 24 Samhain 2021, thacaigh tromlach mór na dtoscaireachtaí leis an obair a rinne an Uachtaránacht.

Le linn an chruinnithe a bhí ag an gComhairle um Fhostaíocht agus um Beartas Sóisialta i mí na Nollag, tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta i ndáil le dlí de chuid an Aontais maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas. Cé gur léiríodh cothromaíocht leochaileach idir seasaimh na mBallstát sa téacs, chuir na hairí i dtreis go raibh bunábhar na seasamh difriúil sin le sonrú ann freisin.

An Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú sealadach maidir le dlí nua de chuid an Aontais

I mí an Mheithimh 2022, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú sealadach i ndáil leis an treoir maidir le pá íosta lena leagtar amach creat nós imeachta chun pá íosta leordhóthanach a chur chun cinn ar fud an Aontais agus, go sonrach, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cómhargáil i socrú pá a chur chun cinn
  • leibhéil leordhóthanacha pá íosta reachtúil a chur chun cinn
  • feabhas a chur ar rochtain éifeachtach ar chosaint pá íosta gach oibrí

Dhearbhaigh Coreper an comhaontú ar thángthas air agus bhí vóta foirmiúil sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa ina dhiaidh sin.

Téacs deiridh na treorach glactha ag an gComhairle

Ghlac an Chomhairle an treoir maidir le pá íosta leordhóthanach an 4 Deireadh Fómhair 2022.

Tá 2 bhliain ag na Ballstáit chun an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Gné shóisialta an Aontais

Is cuid í an treoir maidir le pá íosta leordhóthanach de thiomantas an Aontais feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre daoine san Aontas.

I mí na Bealtaine 2021, chomhaontaigh ceannairí an Aontais leanúint de chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a dhoimhniú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

Tá an obair ar reachtaíocht an Aontais maidir le hobair ardáin nó cothromaíocht inscne ar bhoird chorparáideacha mar chuid de thiomantas an Aontais i dtreo Eoraip shóisialta níos láidre freisin.

Léaráid: Eoraip Shóisialta níos láidre a chur chun cinn.
Eoraip Shóisialta níos láidre a chur chun cinn (Grafaic faisnéise)

Eoraip Shóisialta níos láidre a chur chun cinn (Grafaic faisnéise)

An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025