Creat aeráide agus fuinnimh 2030
Sracfhéachaint
Tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú maidir le creat aeráide agus fuinnimh 2030 an 23 Deireadh Fómhair 2014.
Chuir an Coimisiún creat aeráide agus fuinnimh 2030 i láthair an 22 Eanáir 2014. Teachtaireacht atá ann ina leagtar amach creat do bheartais aeráide agus fuinnimh an Aontais sa tréimhse 2020-2030. Leis an gcreat féachtar le hidirphlé a thionscnamh maidir leis an gcaoi a dtabharfar na beartais sin chun cinn ag deireadh thréimhse chreat reatha 2020.
Le creat 2030, dírítear ar chuidiú leis an Aontas aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail:
- an chéad chéim eile a ghlacadh i dtreo an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 80-95% faoi leibhéal 1990 faoi 2050
- praghsanna arda fuinnimh agus leochaileacht gheilleagar an Aontais d'ardú praghsanna amach anseo, go háirithe maidir le hola agus le gás
- spleáchas an Aontais ar allmhairí fuinnimh, go minic ó áiteanna atá éagobhsaí ó thaobh na polaitíochta de
- an gá atá ann an bonneagar fuinnimh a ionadú agus a uasghrádú agus creat cobhsaí rialála a sholáthar d'infheisteoirí féideartha
- sprioc maidir le gás ceaptha teasa a laghdú don bhliain 2030 a chomhaontú
Mionsonraí
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le creat beartais don athrú aeráide agus do chúrsaí fuinnimh ó 2020 go 2030 - COM(2014) 0015
Moltar spriocanna agus bearta nua i gcreat 2030 chun go mbeidh geilleagar agus córas fuinnimh an Aontais níos iomaíche, níos sláine agus níos inbhuanaithe. Cuimsítear ann spriocanna chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun úsáid fuinnimh inathnuaite a mhéadú, agus moltar ann córas nua rialachais agus táscairí feidhmíochta.
Moltar ann go háirithe na gníomhaíochtaí a leanas:
- tiomantas go leanfar d'astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ina leagtar síos sprioc 40% faoi 2030 i gcoibhneas le leibhéil 1990
- sprioc go mbeadh fuinneamh inathnuaite ionann is 27% ar a laghad den tomhaltas iomlán fuinnimh, agus na Ballstáit in ann a spriocanna náisiúnta féin a leagan síos
- éifeachtúlacht fheabhsaithe fuinnimh trí leasuithe féideartha ar an treoir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh
- athchóiriú ar scéim an Aontais maidir le trádáil astaíochtaí chun go gcuirfí cúltaca cobhsaíochta margaidh san áireamh
- príomhtháscairí maidir le praghsanna fuinnimh, éagsúlú soláthair, idirnaisc idir na Ballstáit agus forbairtí teicneolaíocha chun an dul chun cinn a mheas i dtreo córas fuinnimh níos iomaíche, níos sláine agus níos inbhuanaithe
- creat nua rialachais le haghaidh tuairiscithe ó na Ballstáit, bunaithe ar phleananna náisiúnta a chomhordófar agus a mheasfar ar leibhéal an Aontais
Sa Chomhairle
Ghlac Parlaimint na hEorpa rún neamhreachtach maidir le creat 2030 an 5 Feabhra 2014.
Pléadh creat 2030 ar leibhéal na Comhairle Eorpaí agus ar leibhéal na Comhairle araon.
Bhí díospóireachtaí poiblí beartais sa Chomhairle maidir le creat 2030 an 3 Márta, an 4 Márta, an 12 Meitheamh agus an 13 Meitheamh 2014. Chabhraigh na díospóireachtaí sin go mór leis an bplé a bhí ag an gComhairle Eorpach faoin gcreat.
Reáchtáladh díospóireacht bheartais eile maidir leis an gcreat an 9 Nollaig 2014, le linn cruinniú a bhí ag an gComhairle ITF. Díríodh an plé ar an bpróiseas nua rialachais. Chuir na hairí béim go háirithe ar a riachtanaí agus atá sé go mbeidh an próiseas rialachais chomh solúbtha agus is féidir, mar go mbeidh sé i bhfeidhm le linn tréimhse fada agus nár cheart go gcuirfeadh sé leis an ualach riaracháin atá ar na Ballstáit. Breathnaíodh ar tháscairí lárnacha fuinnimh lena ndéantar faireachán ar bheartais aeráide agus fuinnimh le linn na díospóireachta freisin. Pléadh roinnt saincheisteanna eile freisin lena n-áirítear:
- an comhar réigiúnach agus comhordúchán sna próisis phleanála
- an tábhacht a bhaineann le dícharbónú
- sceitheadh carbóin
- praghsanna fuinnimh inacmhainne do thomhaltóirí agus don tionscal araon
- tabhairt chun críche na n-idirnasc gáis agus leictreachais agus forbairt 'eangach cliste'
- acmhainneacht na hearnála fuinnimh agus aeráide le hinfheistíochtaí a mhealladh faoi chuimsiú an phlean infheistíochta a bheartaítear don Eoraip.
Chuir an Coimisiún barúlacha na nAirí san áireamh agus an próiseas rialachais á fhorbairt i gcomhar leis na Ballstáit.
Sa Chomhairle Eorpach
Ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir le creat 2030 i mí an Mhárta 2014 agus thug sí an dul chun cinn dá haire ag an gcruinniú a bhí aici i mí Mheithimh 2014. Phléigh ceannairí an Aontais straitéis an Choimisiúin maidir le slándáil fuinnimh, a bhfuil dlúthbhaint aici le creat 2030, ag an gcruinniú a bhí acu i mí an Mheithimh freisin.
Ag an gcruinniú a bhí acu an 23-24 Deireadh Fómhair 2014, tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú maidir le creat aeráide agus fuinnimh 2030 don Aontas Eorpach. Ghlac sí conclúidí freisin agus d'fhormhuinigh sí na ceithre sprioc thábhachtacha seo go háirithe:
- sprioc cheangailteach an Aontais maidir le laghdú 40% a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, le hais 1990
- sprioc, a bheidh ceangailteach ar leibhéal an Aontais, go mbeadh fuinneamh inathnuaite ionann is 27% ar a laghad den tomhaltas iomlán fuinnimh in 2030
- sprioc tháscach ar leibhéal an Aontais, maidir le feabhas 27% ar a laghad a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh in 2030
- tacú leis an margadh fuinnimh inmheánach a chomhlánú tríd an sprioc 10% maidir le hidirnasc leictreachais a bhaint amach mar ábhar práinne tráth nach déanaí ná 2020, go háirithe i gcás na Stát Baltach agus Leithinis na hIbéire agus an cuspóir atá ann maidir leis an sprioc 15% a bhaint amach faoi 2030
Ó thaobh na slándála fuinnimh de, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach bearta breise le spleáchas an Aontais ar fhuinneamh a laghdú agus le slándáil a sholáthar leictreachais agus gáis a ardú.
Bhí an comhaontú maidir le creat 2030, go háirithe maidir le sprioc an Aontais laghdú 40% a dhéanamh ar ghás ceaptha teasa náisiúnta, mar bhonn don mhéid a chuireann an tAontas leis an gcomhaontú nua domhanda maidir leis an athrú aeráide. Rinneadh an ranníocaíocht seo, ar a dtugtar an Méid, arna Chinneadh go Náisiúnta, a bhfuil sé Beartaithe cur leis (INDC) a fhormheas go foirmiúil ag cruinniú na Comhairle Comhshaoil an 6 Márta 2015. Bhí an tAontas gona Bhallstáit ar an gcéad gheilleagar mór chun a chuid INDCanna a chur in iúl don chaibidlíocht a dhéanfar amach anseo.
Leanfaidh an Chomhairle Eorpach de threoir straitéiseach a thabhairt do chreat 2030 mar is gá, go háirithe i gcás an chórais maidir le trádáil astaíochta, le hidirnaisc agus le héifeachtúlacht fuinnimh.
Rinne an Coimisiún a chéad tograí reachtacha chun creat aeráide agus fuinnimh 2030 a chur chun feidhme ag deireadh mhí Feabhra 2015. Is é is aidhm leis na tograí, a leagtar amach sa phacáiste don aontas fuinnimh, cur chuige comhtháite a sholáthar maidir leis an athrú aeráide, maidir le slándáil fuinnimh agus maidir leis an iomaíochas, agus cuidiú leis roinnt de na spriocanna a comhaontaíodh faoi chreat 2030 a bhaint amach.