Machnamh polaitiúil maidir le todhchaí an Aontais Eorpaigh
-
1 Eanáir Tháinig cinn stáit nó rialtais an Aontais le chéile sa Róimh, san Iodáil, ar an 25 Márta 2017, chun comóradh 60 bliain a dhéanamh ar Chonarthaí na Róimhe. Ócáid a bhí ann chun machnamh a dhéanamh ar staid an Aontais Eorpaigh agus marana a dhéanamh ar a bhfuil i ndán do phróiseas na lánpháirtíochta.
I nDearbhú na Róimhe, a glacadh ag deireadh an cheiliúrtha, leag na ceannairí fís chomhpháirteach amach do na blianta atá amach romhainn. Gheall siad obair a dhéanamh i dtreo:
- Eoraip a bheidh slán sábháilte: áit ar féidir le saoránaigh gluaiseacht gan bhac; le teorainneacha seachtracha slána agus beartas imirce éifeachtúil
- Eoraip a bheidh rathúil agus inbhuanaithe: áit a gcuirtear fás marthanach agus inbhuanaithe chun cinn, le margadh aonair láidir
- Eoraip a bheidh sóisialta: áit a ndéantar an dífhostaíocht, an t-idirdhealú, an t-eisiamh sóisialta agus an bochtanas a chomhrac
- Eoraip a bheidh níos tréine ar an ardán domhanda: áit a ndéantar comhpháirtíochtaí atá ann cheana a fhorbairt agus cinn nua a chruthú, agus atá tiomanta dá slándáil agus cosaint choiteann a threisiú
Is le Dearbhú na Róimhe a cuireadh bailchríoch ar an marana polaitiúil a tosaíodh sa Bhratasláiv ar an 16 Meán Fómhair 2016 i ndiaidh thorthaí an reifrinn sa Ríocht Aontaithe i mí an Mheithimh.
-
2017
-
25 Márta Comóradh 60 bliain Chonarthaí na Róimhe
Tháinig cinn stáit nó rialtais an Aontais le chéile sa Róimh, san Iodáil, ar an 25 Márta 2017, chun comóradh 60 bliain a dhéanamh ar Chonarthaí na Róimhe. Ócáid a bhí ann chun machnamh a dhéanamh ar staid an Aontais Eorpaigh agus marana a dhéanamh ar a bhfuil i ndán do phróiseas na lánpháirtíochta.
I ndeireadh an cheiliúrtha, ghlac na ceannairí Dearbhú na Róimhe ina leagtar amach fís chomhpháirteach do na blianta atá romhainn. "Táimid aontaithe anois agus is mór is fiú an méid sin. Is í an Eoraip an todhchaí choiteann atá againn," a dúirt siad sa Dearbhú.
Dúirt na ceannairí, agus fios acu go bhfuil ábhair imní ag saoránaigh an Aontais, go dtiomnaíonn siad iad féin do Chlár Oibre na Róimhe agus gheall siad go n-oibreoidís chun an méid seo a leanas a chur i gcrích:- Eoraip a bheidh slán sábháilte
- Eoraip a bheidh rathúil inbhuanaithe
- Eoraip shóisialta
- Eoraip a bheidh níos tréine os comhair an tsaoil
-
1 Márta An Páipéar Bán ar thodhchaí na hEorpa
D'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an doiciméad roimh chomóradh 60 bliain Chonarthaí na Róimhe. Leis an doiciméad seo, leagtar amach cúig cinn de chásanna, i ngach cás tugtar spléachadh ar an staid a d'fhéadfadh an tAontas a bheith ann faoi 2025 ag brath ar na roghanna a dhéanfaidh an Eoraip.
Féachann na cásanna sin ar an athrú a thiocfaidh ar an Eoraip sna deich mbliana amach romhainn, ón tionchar a bheidh ag teicneolaíochtaí nua ar an tsochaí agus ar phoist, go hamhras faoin domhandú, imní faoin tslándáil agus teacht chun cinn an phobalachais.
-
31 Eanáir Cruinniú mullaigh neamhfhoirmiúil chinn stáit nó rialtais de chuid an Aontais i Málta
Deis a bhí sa chruinniú mullaigh neamhfhoirmiúil, arna óstáil ag Príomh-Aire Mhálta Joseph Muscat agus faoi chathaoirleacht Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk, do na 27 gceannaire ullmhú do chomóradh 60 bliain Chonarthaí na Róimhe, a bhí ann ar an 25 Márta 2017.
Bunaíodh an t-idirphlé seo ar an machnamh polaitiúil ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh le 27 mBallstát ann, plé ar cuireadh tús leis go díreach tar éis vótáil na Ríochta Aontaithe i bhfabhar an tAontas Eorpach a fhágáil ar an 23 Meitheamh 2016 agus ar leanadh leis sa Bhratasláiv ar an 16 Meán Fómhair 2016.
-
31 Eanáir Litir maidir le todhchaí na hEorpa
"Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine", a dúirt Donald Tusk roimh an gcruinniú mullaigh i Málta.
Sa litir uaidh, a seoladh chuig na 27 gceann stáit nó rialtais, chuir Uachtarán na Comhairle Eorpaí trí phríomhbhagairt in iúl, lena gcuirtear cobhsaíocht na hEorpa i mbaol. Áirítear orthu sin:
- an staid nua gheopholaitiúil: An tSín atá ag éirí níos teanntásaí, beartas trodach na Rúise i leith na hÚcráine agus a cuid comharsan, cogaí, sceimhle agus ainrialtacht sa Mheánoirthear agus san Afraic (agus ról suntasach ag an Ioslamachas radacach ann) agus “dearbhuithe, ar ábhar imní iad”, riarachán nua Mheiriceá, is rudaí iad sin uile a chuireann cor na neamhchinnteachta inár dtodhchaí
- an staid inmheánach: an méadú atá tagtha ar dhearcadh atá náisiúnach agus seineafóbach, anois seachas mar a bhí riamh, laistigh den Aontas féin
- staid intinne na scothaicme atá fabhrach don Eoraip: meath ag teacht ar an gcreideamh sa lánpháirtiú polaitiúil, an géilleadh d’argóintí na bpobalóirí agus an t-amhras maidir le bunluachanna an daonlathais liobrálaigh
Ina litir, d’iarr an tUachtarán Donald Tusk ar na ceannairí seasamh lena chéile.
"Caithfear a rá go neamhbhalbh nach láncheannasacht mhiotasach de chineál éigin ag na Ballstát a thiocfadh as titim an Aontais Eorpaigh; a mhalairt ar fad, ní thiocfadh as ach go mbeidís spleách go huile agus go hiomlán ar na sárchumhachtaí: na Stáit Aontaithe, an Rúis agus an tSín. Is i dteannta a chéile amháin is féidir linn a bheith iomlán neamhspleách", a dúirt Tusk.
-
2016
-
13 Nollaig Comhaontaíonn an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir le hionstraimí cosanta trádála
Tháinig Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) ar chomhaontú i ndáil le seasamh caibidlíochta na Comhairle maidir le togra le haghaidh ionstraimí cosanta trádála an Aontais a nuachóiriú.
Leis an rialachán a bheartaítear, leasaítear rialacháin fhrithdhumpála agus fhrith-fhóirdheontais chun go bhféadfaí freagairt do chleachtais thrádála éagóracha ar bhealach níos fearr. Is é is aidhm don rialachán táirgeoirí an Aontais a chosaint ar an damáiste a dhéantar le hiomaíocht éagórach, agus cinntítear leis sin go mbeidh saorthrádáil chóir ann.
-
7 Nollaig Comhaontú maidir le seiceálacha córasacha ag teorainneacha seachtracha
D'fhormheas Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) téacs comhréitigh a bhíothas tar éis a chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le leasú ar Chód Teorainneacha Schengen chun seiceálacha sna bunachair sonraí ábhartha a athneartú ag na teorainneacha seachtracha.
-
7 Nollaig Cuireann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta díorma mearfhreagartha ar bun
Is é atá sa díorma mearfhreagartha, 1 500 oifigeach ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus ó thíortha atá comhlachaithe le Schengen. I gcás géarchéime, beidh na hoifigigh sin ar fáil láithreach do Frontex, a mbeidh ar a chumas iad a chur i mbun gnímh laistigh de chúig lá oibre.
-
6 Nollaig Thoiligh an Chomhairle síneadh a chur leis an gciste Eorpach le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh maidir le togra chun síneadh a chur le saolré an chiste Eorpaigh le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha (CEIS), arb é tionscnamh suaitheanta an Aontais Eorpaigh é faoina 'phlean infheistíochta don Eoraip'.
Sa chomhréiteach a comhaontaíodh, cuirfear síneadh le CEIS ó thaobh saolré agus acmhainn maoiniúcháin de agus bainfear leas as leaththrilliún euro ar a laghad d'infheistíochtaí faoi 2020. Tugtar roinnt feabhsuithe oibríochtúla isteach leis an gcomhréiteach freisin d’fhonn ceachtanna a thógáil ar bord a foghlaimíodh ón gcéad bhliain den chur chun feidhme.
-
6 Nollaig Sraith chomhchoiteann tograí chun dearbhú comhpháirteach AE-ECAT a chur chun feidhme
Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le Dearbhú Comhpháirteach AE-ECAT a chur chun feidhme, lena bhformhuinítear 40 togra sa 7 réimse. Na tograí sin formhuinithe ag Comhairle an Atlantaigh Thuaidh an lá céanna.
-
14 Samhain An plean cur chun feidhme maidir le slándáil agus cosaint
An plean cur chun feidhme maidir le slándáil agus cosaint faoi straitéis dhomhanda an Aontais Eorpaigh pléite ag na hairí gnóthaí eachtracha agus ag na hairí cosanta. Leag siad amach an leibhéal uaillmhéine agus an bealach chun cinn maidir le forbairt a dhéanamh feasta ar bheartas slándála agus cosanta an Aontais.
-
30 Deireadh Fómhair Síniú CETA
Tháinig Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Justin Trudeau, Príomh-Aire Cheanada le chéile sa Bhruiséil le haghaidh an 16ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus Ceanada. Shínigh siad an Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir an tAontas Eorpach agus Ceanada agus an Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí (SPA) agus d’eisigh siad dearbhú comhpháirteach maidir leis an gcomhpháirtíocht idir an tAontas agus Ceanada.
-
20 Deireadh Fómhair An Chomhairle Eorpach, 20-21 Deireadh Fómhair 2016
Thug na ceannairí dá n-aire an staid mar atá maidir le Treochlár na Bratasláive. Chuir an Príomh-Aire Fico ar an eolas iad faoi na torthaí go dtí seo, daingniú Chomhaontú Pháras agus seoladh an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh san áireamh.
-
6 Deireadh Fómhair Seoladh na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta
Seoladh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta go hoifigiúil ar an 6 Deireadh Fómhair 2016. Tionóladh an seoladh ag Seicphointe Teorann Kapitan Andreevo ag teorainn sheachtrach na Bulgáire leis an Tuirc.
Tá staid nua á cruthú againn ag ár dteorainneacha seachtracha. Is toradh inláimhsithe é seo ar an ngealltanas comhpháirteach a comhaontaíodh i dTreochlár na Bratasláive, mar aon le léiriú praiticiúil ar an aontacht i measc na mBallstát, a dúirt Robert Fico, Príomh-Aire na Slóvaice agus sealbhóir Uachtaránacht rothlach na Comhairle. "Cuideoidh sé linn filleadh ar Schengen," a dúirt sé freisin.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta dlúthfhaireachán ar theorainneacha seachtracha an Aontais agus oibreoidh sí i gcomhar leis na Ballstáit chun aon bhagairtí slándála a d’fhéadfadh a bheith ann ar theorainneacha seachtracha an Aontais a aithint go gasta agus dul i ngleic leo.
-
5 Deireadh Fómhair Dhaingnigh an tAontas Eorpach Comhaontú Pháras
Dhaingnigh an tAontas Eorpach Comhaontú Pháras go hoifigiúil, rud a ghníomhachtaigh a theacht i bhfeidhm chomh maith. Rinne ionadaithe ó uachtaránacht na Comhairle agus ón gCoimisiún Eorpach na doiciméid oifigiúla a thaisceadh le haghaidh daingniúcháin le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.
Tiocfaidh an comhaontú i bhfeidhm 30 lá tar éis do 55 thír, a chuimsíonn ar a laghad 55% d'astaíochtaí gás ceaptha teasa, é a dhaingniú. Baineadh amach an tairseach seo tar éis don Aontas agus do 7 gcinn dá Bhallstáit é a dhaingniú.
Tiocfaidh an comhaontú i bhfeidhm roimh thús na comhdhála faoin athrú aeráide i Marrakech, ón 7-18 Samhain 2016.
-
16 Meán Fómhair Cruinniú Mullaigh na Bratasláive, 16 Meán Fómhair
Bhí cruinniú ag cinn stáit nó rialtais na 27 mBallstát sa Bhratasláiv chun machnamh polaitiúil a dhéanamh faoin gcaoi a bhféadfaí an tAontas Eorpach a fhorbairt tuilleadh agus 27 gcinn de thíortha mar bhaill de.
Tháinig na ceannairí ar chomhaontú maidir le Dearbhú agus Treochlár na Bratasláive, inar leagadh amach na cuspóirí do na míonna atá amach romhainn:
- smacht iomlán ar na teorainneacha seachtracha a athbhunú
- slándáil inmheánach a áirithiú agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac
- comhar an Aontais Eorpaigh a neartú i ndáil le slándáil sheachtrach agus cosaint
- borradh a chur faoin margadh aonair agus deiseanna níos fearr a chur ar fáil d’aos óg na hEorpa
-
18 Lúnasa Comhairliúcháin roimh chruinniú mullaigh na Bratasláive
I mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair 2016, chuaigh an tUachtarán Tusk i gcomhairle le ceannairí uile an Aontais Eorpaigh roimh an gcruinniú sa Bhratasláiv.
"Níl aon amhras orm ach gurb iad seo na trí dhúshlán is mó atá ann: an imirce neamhrialta neamhrialaithe, an sceimhlitheoireacht agus eagla roimh an domhandú,” a dúirt an tUachtarán Tusk roimh a chruinniú le Príomh-Aire na Sualainne, Stefan Löfven, i Stócólm. "Ba mhór dom dá mbeimis in ann teacht ar chomhaontú sa Bhratasláiv faoi na príomhthosaíochtaí agus faoin mbealach a rachaimid i ngleic leo sna míonna beaga atá romhainn."
Ar an 8 Meán Fómhair, thug an tUachtarán Tusk cuairt ar Londain freisin chun cúrsaí a phlé le Príomh-Aire na Breataine, Theresa May.
-
29 Meitheamh Cruinniú neamhfhoirmiúil na 27 gceann stáit nó rialtais de chuid an Aontais, 29 Meitheamh 2016
Tháinig na 27 gceannairí le chéile go neamhfhoirmiúil le plé a dhéanamh ar an mbealach ar aghaidh tar éis an reifrinn sa Ríocht Aontaithe ar an 23 Meitheamh 2016.
"Tá rún daingean againn seasamh le chéile agus oibriú laistigh de chreat an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an 21ú haois agus teacht ar réitigh a thairbheoidh dár náisiúin agus dár ndaoine uile," a dúirt siad i ráiteas comhpháirteach.
Tháinig na ceannairí ar chomhaontú faoi na prionsabail seo a leanas:
- ní fhéadfar aon chaibidlíocht a chur ar bun leis an Ríocht Aontaithe roimh fhógra a thabhairt faoi Airteagal 50
- amach anseo, ba cheart go mbeadh an Ríocht Aontaithe fós ina dlúthpháirtí ag an Aontas
- ní mór na comhaontuithe a bhunú ar an gcothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí
- éilítear go nglactar leis na ceithre shaoirse ar fad chun rochtain a fháil ar an margadh aonair
Tháinig na 27 gceannaire ar chomhaontú chun teacht le chéile arís i mí Mheán Fómhair 2016 chun leanúint leis an bplé faoi thodhchaí an Aontais.