Skip to content

Bunachar sonraí méarlorg an Aontais a nuashonrú

Trí bhunachar sonraí Eurodac a leathnú chun tuilleadh sonraí a bhailiú agus tuilleadh catagóirí imirceach a chur san áireamh, is féidir leis an Aontas gluaiseachtaí neamhrialta a rianú ar bhealach níos fearr agus faireachán a dhéanamh ar chonairí na n-iarrthóirí tearmainn.

Bunachar sonraí Eurodac

méarloirg na n-iarrthóirí tearmainn agus na n-imirceach neamhrialta go léir a cláraíodh i mBallstáit an Aontais agus i dtíortha comhlachaithe i mbunachar sonraí méarlorg an Aontais, Eurodac, faoi láthair.

Éascaíonn an bunachar sonraí cur chun feidhme Rialachán Bhaile Átha Cliath, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a fhíorú an ndearna iarrthóir nó duine atá ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát iarratas ar thearmann roimhe sin i mBallstát eile
  • a sheiceáil ar gabhadh iarrthóir roimhe sin agus é ag dul isteach, go neamhrialta, ar chríoch Bhallstáit
  • na critéir ábhartha a chur chun feidhme chun cinneadh cén Ballstát is freagrach as iarratas ar thearmann a scrúdú

Gnéithe nua an bhunachair sonraí

Tar éis an nuashonraithe, beidh go leor gnéithe nua i mbunachar sonraí Eurodac, a bhaileoidh níos mó sonraí go mbeidh an tAontas in ann gluaiseachtaí neamhrialta a rianú ar bhealach níos fearr.

Pearsantú:

Scáileán ríomhaire agus méar ag dul i dtreo cnaipe lena bhrú, deilbhín.

iarrthóirí tearmainn aonair a chlárú, in ionad iarratas a dhéanamh

Cárta aitheantais a bhfuil deilbhín de thic air, deilbhín.

sonraí bithmhéadracha breise, ar nós íomhánna den aghaidh agus sonraí pearsanta, mar shampla ainm, dáta breithe, náisiúntacht, cóip de dhoiciméid chéannachta agus dáta an iarratais, a bhailiú

Grianghraf, méarlorg agus comhartha +6, deilbhín.

beidh bailiú sonraí bithmhéadracha éigeantach i gcás daoine atá 6 bliana d’aois ar a laghad

An raon feidhmiú a leathnú chuig catagóirí nua:

Fear a bhfuil cás aige os comhair cruinneoige agus comhartha suímh, deilbhín.

daoine a athlonnaítear faoi scéimeanna athlonnaithe de chuid an Aontais nó scéimeanna athlonnaithe náisiúnta

Lámh ag iompar duine leochaileach, deilbhín.

tairbhithe cosanta sealadaí (cé nach ndéanfaí a gcuid sonraí a stóráil ach ar feadh thréimhse an stádais sin)

Bád a bhfuil ceathrar ar bord agus réaltaí an Aontais os a gcionn, deilbhín.

daoine a gabhadh i dtaca le trasnú mírialta teorann seachtraí de chuid an Aontais, chomh maith le daoine a díbhordáladh tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála

Pas a bhfuil x os a chomhair, deilbhín

daoine a bhfuarthas amach go raibh siad ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch Ballstáit

Gnéithe slándála:

Duine agus clog aláraim a léiríonn foláireamh, deilbhín.

in imthosca atá sainithe go soiléir, beidh na Ballstáit in ann a thaifeadadh go bhféadfadh náisiúnach tríú tír a bheith ina bhagairt slándála, agus ní fhéadfaí an bhratach slándála sin a bhaint ach amháin i gcomhairle leis na Ballstáit eile

Pas agus casúr agus deilbhín de chasúr breithimh.

déanfar an rochtain a shimpliú do na húdaráis forfheidhmithe dlí

Sonraí a stóráil:

Deilbhíní fillteáin chun stóráil a léiriú.

tréimhsí stórála éagsúla le haghaidh catagóirí éagsúla daoine aonair

Fillteán a bhfuil cruinneog mar chúlra aige agus an uimhir 10.

déanfar sonraí a bhaineann le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a stóráil ar feadh 10 mbliana

Fillteán ar a bhfuil deilbhín de bhád le ceathrar ar bord agus an uimhir 5.

déanfar sonraí a bhaineann le daoine a ligtear isteach faoi scéimeanna athlonnaithe agus le daoine a fuarthas ag teacht isteach go neamhrialta nó ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas a stóráil ar feadh 5 bliana

Ról na gcóras TF agus teorainneacha an Aontais á ndaingniú

Ó cheann ceann an Aontais, tá faisnéis á roinnt le chéile ag na húdaráis ar chórais mhórscála TF ar mhaithe le cosaint na saoránach agus comhrac na coiriúlachta, agus teorainneacha slána a bheith againn. Seachas bunachar sonraí Eurodac, tá córais TF eile ann freisin a chuidíonn le teorainneacha an Aontais a dhaingniú.

Córas Faisnéise Schengen

Úsáideann na húdaráis forfheidhmithe dlí ar fud an Aontais córas faisnéise Schengen (CFS) chun foláirimh, maidir le daoine nó rudaí a bhfuiltear sa tóir orthu nó atá ar iarraidh, a chur isteach nó a cheadú.

An córas dul isteach/imeachta

An 5 Márta 2025, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta chun an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) a thabhairt isteach de réir a chéile thar thréimhse 6 mhí. Leis sin, cuirtear ar chumas na mBallstát tairbhe a bhaint as an gcóras agus am á thabhairt do na húdaráis teorann agus don tionscal iompair, ag an am céanna, iad féin a chur in oiriúint dó.

Cuirtear riachtanais éagsúla na mBallstát san áireamh sa rialachán.

Ó cheann ceann an Aontais, tá eolas á roinnt ag na húdaráis ar chórais mhórscála TF ar mhaithe le saoránaigh a chosaint, coireacht a chomhrac, teorainneacha a choinneáil slán agus an imirce a bhainistiú.
Córais TF uile-Aontais don tslándáil agus don imirce (Grafaic faisnéise)

Córais TF uile-Aontais don tslándáil agus don imirce (Grafaic faisnéise)

Obair ar an gcomhshocrú imirce agus tearmainn

An 20 Nollaig 2023, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar mhargadh maidir leis an leasú sin ar reachtaíocht Eurodac, chomh maith le go leor comhad eile sa chomhshocrú imirce agus tearmainn.

An 8 Feabhra 2024, d’fhormhuinigh ionadaithe Bhallstáit an Aontais an margadh ar thángthas air maidir leis na gníomhartha reachtacha sin i mí na Nollag, mar aon le trí dhlí ar tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú ina leith in 2022.

Comhshocrú an Aontais maidir le himirce agus tearmann glactha ag an gComhairle an 14 Bealtaine 2024.

An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Aibreán 2024