Skip to content

Smachtbhannaí i gcoinne Mhaenmar

Tar éis coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus an chos ar bolg mhíleata agus phóilíneachta a rinneadh ina dhiaidh sin i gcoinne léirsitheoirí síochánta, mhéadaigh an tAontas na smachtbhannaí i gcoinne Mhaenmar go mór.

Tacaíocht do mhuintir Mhaenmar

Cháin an tAontas sáruithe ar chearta an duine i Maenmar arís agus arís eile, go háirithe tar éis na mí-úsáidí a rinne arm Mhaenmar i gcoinne mhionlach Rohingya in 2018 agus tar éis coup míleata an 1 Feabhra 2021.

Tá an tAontas tiomanta do thacaíocht a thabhairt do mhuintir Mhaenmar agus iad ag iarraidh todhchaí nach bhfuil srianta, shíochánta agus dhaonlathach a bhaint amach.

Is sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha an duine iad gníomhaíochtaí diansmachta arm Mhaenmar, a bhfuil foréigean neamh-idirdhealaitheach á úsáid aige i gcoinne a phobail féin agus léiríonn na gníomhaíochtaí sin neamhaird gan náire ar phrionsabail an cheartais agus na daonnachta.

Léirítear sna tuairiscí uile ar ainghníomhartha forleathana, lena gcuirtear san áireamh maruithe seachbhreithiúnacha, gabhálacha treallacha, foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, mí-úsáid fhisiciúil, céasadh, géarleanúint ar chosantóirí chearta an duine agus iriseoirí, aerthuairgneáil agus tuairgneáil ar limistéir ina bhfuil daoine, ina ndírítear ar leanaí agus campaí do dhaoine easáitithe ina dtír féin freisin, feachtas córasach foréigin an airm i gcoinne na ndaoine atá sé in ainm a chosaint.

In éagmais dul chun cinn i Maenmar, tá an tAontas réidh chun bearta sriantacha breise a ghlacadh i gcoinne na ndaoine sin atá freagrach as na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine atá ag tarlú sa tír agus as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta.

Fear agus bean in agóid agus roinnt páipéar ina lámh acu. Tá roinnt balún aeir the sa chúlra a léiríonn saoirse.

Smachtbhannaí mar fhreagairt ar sháruithe ar chearta an duine i Maenmar

Thug an tAontas na chéad smachtbhannaí isteach mar fhreagairt ar sháruithe ar chearta an duine i Maenmar in 1996. I measc na mbeart, bhí trádbhac arm, srianta taistil agus cuairteanna déthaobhacha ardleibhéil rialtais a chur ar fionraí.

Chun an t-aistriú i dtreo tuilleadh daonlathais a spreagadh, chuir an tAontas deireadh leis na bearta sriantacha uile i gcoinne Mhaenmar an 22 Aibreán 2013. D’fhan an trádbhac arm agus an trádbhac ar threalamh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh cos ar bolg inmheánach i bhfeidhm.

Mar sin féin, agus í ag freagairt do na sáruithe córasacha ar chearta an duine a rinne arm Mhaenmar i gcoinne mhionlach Rohingya, neartaigh an Chomhairle an trádbhac arm i mí Aibreáin 2018 agus ghlac sí smachtbhannaí nua i gcoinne na n-oifigeach atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

Tar éis an coup míleata an 1 Feabhra 2021, agus an chos ar bolg mhíleata agus phóilíneachta a rinneadh ina dhiaidh sin i gcoinne léirsitheoirí síochánta, mhéadaigh an tAontas na bearta sriantacha go mór.

Go dtí seo, ghlac an Chomhairle ocht bpacáiste smachtbhannaí lena ndírítear ar réimeas míleata Mhaenmar, atá freagrach as an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Cuirtear na smachtbhannaí i bhfeidhm ar bhealach nach ndéanfadh dochar do mhuintir Mhaenmar.

I measc na mbeart sriantach a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine in Maenmar tá:

  • toirmisc taistil ar dhaoine aonair
  • reo sócmhainní i gcás daoine aonair agus eintiteas
  • toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta
  • trádbhac arm
  • toirmeasc onnmhairiúcháin ar threalamh a d’fhéadfaí a úsáid ar mhaithe le cos ar bolg inmheánach
  • toirmeasc onnmhairiúcháin ar earraí dé-úsáide
  • toirmeasc ar chúnamh teicniúil a sholáthar nó ar ghníomhaíochtaí míleata a mhaoiniú
  • toirmeasc ar oiliúint mhíleata agus ar chomhar le fórsaí armtha Mhaenmar (Tatmadaw)
  • toirmeasc ar threalamh, ar theicneolaíocht agus ar bhogearraí chun faireachán a dhéanamh ar chumarsáid idirlín nó ghutháin nó chun í a idircheapadh

Díríonn smachtbhannaí an Aontais ar dhaoine nó ar eintitis a mbaineann a ngníomhartha, a mbeartais nó a ngníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta, nó a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhaenmar i mbaol.

Tá siad seo a leanas i measc na ndaoine aonair ar cuireadh smachtbhannaí orthu:

  • Min Aung Hlaing, Ardcheannasaí ar fhórsaí armtha Mhaenmar
  • comhaltaí den Chomhairle Riaracháin Stáit
  • airí agus leas-airí
  • comhaltaí de na breithiúna
  • comhaltaí ardchéime de chabhlach, d’fhórsaí armtha agus d’aerfhórsa Mhaenmar
  • fir ghnó iomráiteacha atá ag tacú leis an réimeas
  • comhaltaí de Choimisiún Toghcháin an Aontais
  • polaiteoirí agus riarthóirí de chuid réigiún Yangon
  • daoine atá freagrach as oibríochtaí camscéime

Tá siad seo a leanas i measc na n-eintiteas ar cuireadh smachtbhannaí orthu:

  • An Chomhairle Riaracháin Stáit
  • cuideachtaí faoi rialú míleata
  • cuideachtaí faoi úinéireacht stáit nó cuideachtaí príobháideacha atá faoi rialú na bhfórsaí armtha
  • ranna na hAireachta Cosanta

Tá smachtbhannaí an Aontais dírithe freisin ar chomhaltaí d’fhórsaí armtha Mhaenmar, ar fhórsa póilíneachta Mhaenmar agus ar phóilíní an gharda teorann atá freagrach as an méid seo a leanas:

  • sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine
  • bac a chur ar chúnamh daonnúil a sholáthar do shibhialtaigh atá i ngátar
  • cur isteach ar na himscrúduithe neamhspleácha maidir le sáruithe tromchúiseacha agus mí-úsáidí líomhnaithe tromchúiseacha ar chearta an duine

Déantar na bearta sriantacha a athnuachan gach bliain agus cuireadh síneadh leo go deireanach go dtí an 30 Aibreán 2027.

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Aibreán 2026