- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 29 Meitheamh 2015 22:15
Slándáil líonra agus faisnéise: dul chun cinn sna cainteanna le Parlaimint na hEorpa
An 29 Meitheamh 2015, tháinig Uachtaránacht Laitviach Chomhairle na hEorpa ar chomhthuiscint le Parlaimint na hEorpa ar na príomhphrionsabail a áireofar sa dréacht-Treoir maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise (NIS). Ansin, beidh gá leis na prionsabail sin a iompú ina bhforálacha dlí le go bhféadfar teacht ar chomhaontú críochnaitheach faoin Treoir níos faide anonn. Tíolacfaidh an Uachtaránacht an toradh a bhí ar an gceathrú cruinniú trípháirteach chuig ambasadóirí na mBallstát ag cruinniú Choiste na mBuanionadaithe an 30 Meitheamh.
"Ar cheann de na bagairtí is mó atá os ár gcomhair amach tá an t-ardú ar chibearionsaithe agus is mórchéim chun cinn é comhaontú an lae inniu faoin bpacáiste foriomlán chun bearta tosaigh uile-Eorpacha a thabhairt chun críche chun an bhagairt sin a chomhrac", arsa Raimonds Vējonis, Aire Cosanta na Laitvia. “Léirítear leis sin freisin an tosaíocht a thugann na ceannairí Eorpacha don tsaincheist seo, ceannairí a d'iarr, Dé hAoine, go nglacfaí an Treoir sin go pras."
Bainistiú cibear-riosca agus tuairisciú teagmhas neartaithe ar fud an Aontais
Leis na rialacha nua, éileofar ar oibreoirí ainmnithe a chuireann seirbhísí riachtanacha ar fáil (i réimsí amhail fuinneamh agus iompar) bearta a ghlacadh chun rioscaí a bhainistiú ar a gcuid líonraí agus teagmhais a thuairisciú do na húdaráis. Sainaithneoidh na Ballstáit oibreoirí bunriachtanacha den sórt sin a chumhdófar leis an Treoir, bunaithe ar chritéir shoiléire atá leagtha síos sa téacs. Tabharfar isteach forálacha áirithe chun ilroinnt a sheachaint maidir le hoibreoirí a shainaithint ar fud na mBallstát. Mar sin féin, ní chuige na forálacha an bonn a bhaint de shainphribhléidí na mBallstát nó dá n-ábhair imní maidir leis an tslándáil.Comhaontaíodh nach bpléifear le hardáin na seirbhíse digití sa gcaoi chéanna ina bpléitear leis na seirbhísí riachtanacha. Pléifear na mionsonraí ar leibhéal teicniúil.
Beidh sé de cheangal ar na Ballstáit plean slándála líonra agus faisnéise a bhunú agus údaráis inniúla a ainmniú. Bunófar grúpa comhair ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ábhair a bhaineann le Slándáil Líonra agus Faisnéise ar leibhéal straitéiseach agus treoir a thabhairt i leith gníomhaíochtaí oibríochtúla. Chun comhar oibriúcháin den sórt sin a eagrú, bunófar líonra náisiúnta d'Fhoirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRT). Cuideoidh sé le muinín agus iontaoibh a fhorbairt idir na Ballstáit.
Cad iad na sochair a leanfaidh de Threoir NIS, mar a mheastar?
Tá mar aidhm le togra NIStimpeallacht dhigiteach a bheidh slán agus iontaofa a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh. Beidh níos mó muiníne ag na saoránaigh agus ag na tomhaltóirí sna teicneolaíochtaí, sna seirbhísí agus sna córais a mbíonn siad ag brath orthu ó lá go lá. Mar thoradh ar an muinín mhéadaithe sin, tiocfaidh cibearspás níos cuimsithí agus geilleagar digiteach chun cinn a mbeidh borradh níos rábaí fós faoi, rud a thacóidh le téarnamh eacnamaíoch. Beidh rialtais agus gnólachtaí in ann brath níos mó ar líonraí digiteacha agus ar bhonneagar digiteach chun a seirbhísí bunriachtanacha a sholáthar sa bhaile agus ar bhonn trasteorann. Le hardáin ríomhthráchtála níos sláine d'fhéadfaí níos mó custaiméirí a mhealladh ar líne agus deiseanna a chruthú as an nua. Thairbheodh siaddo sholáthraithetáirgí agus seirbhísí slándála i dTeicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC) freisin, toisc go dtiocfadh breis éilimh ar a dtáirgí agus ar a seirbhísí gan aon agó agus thiocfadh táirgí nuálacha agus barainneachtaí scála chun cinn mar thoradh air. Tairbheoidh siad do gheilleagar an Aontais toisc go dtabharfar níos mó tacaíochta d'earnálacha a bhraitheann go mór ar NIS sa chaoi go bhféadfaidh siad seirbhís níos iontaofa a sholáthar.
Conas a dhéanfar dlí de?
Téann an Uachtaránacht i mbun caibidlíochta maidir le téarmaí na Treorach le Parlaimint na hEorpa thar ceann na Comhairle. Ní mór don dá institiúid an gníomh dlíthiúil a fhormheas chun go nglacfar é. Leanfar de na cainteanna faoi Uachtaránacht nua Lucsamburg.
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
- @timmermansniels
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024