Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • Preaseisiúint
  • 17 Nollaig 2015 23:00

Conclúidí maidir leis an imirce — an Chomhairle Eorpach (17 Nollaig 2015)

I. An imirce

1. Tá straitéis forbartha ag an gComhairle Eorpach le roinnt míonna anuas arb é an aidhm atá aici srian a chur leis an sreabhadh imirce atá mar dhúshlán roimh an Eoraip agus nach bhfacthas a iontamhail riamh. Níl cur chun feidhme na straitéise sin maith go leor, áfach, agus ní mór dlús a chur leis. Ní mór rialú na dteorainneacha seachtracha a athghabháil chun a chinntiú go mairfidh Schengen slán. Ní mór aghaidh a thabhairt go pras ar na heasnaimh atá ann, go mór mór maidir le teophointí, maidir le hathlonnú agus maidir le daoine a chur ar ais. Ní mór d'institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh mar ábhar práinne:

a) aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh ag teorainneacha seachtracha Schengen, go háirithe trí sheiceálacha córasacha slándála leis na bunachair sonraí is ábhartha a áirithiú, agus calaois doiciméad a chosc;

b) friotháil ar na heasnaimh i bhfeidhmiú na dteophointí, lena n-áirítear tríd an gcumas glactha is gá a chur i bhfearas le go bhféadfaidh siad a gcuspóirí a chur i gcrích; teacht ar chomhaontú gan mhoill le go bhféadfar féilire cruinn a leagan amach; a áirithiú go mbeidh an saineolas agus an trealamh is gá ar fáil do Frontex agus do EASO; 

c) a áirithiú go ndéanfar sainaithint, clárú agus méarlorgaireacht ar bhonn córasach, críochnúil, agus go ndéanfar bearta chun dul i ngleic leis an gcás go ndiúltaíonn daoine clárú agus chun na sreabha tánaisteacha neamhrialta a shrianadh;

d) cinntí maidir le hathlonnú a chur chun feidhme agus féachaint an bhféadfadh Ballstáit eile atá go mór faoi bhrú tairbhiú freisin de na cinntí a glacadh go dtí seo, sa chás go n iarrfaidís sin;

e) bearta nithiúla a dhéanamh le cur ar ais agus athligean isteach iarbhír na ndaoine sin nach n-údaraítear dóibh fanacht a áirithiú agus tacú leis na Ballstáit i ndáil le hoibríochtaí cur ar ais;

f) bearta a threisiú chun dul i ngleic leis an smuigleáil agus leis an ngáinneáil ar dhaoine;

g) a áirithiú go gcuirfear na nithe seo a leanas chun feidhme agus go ndéanfar an obair leantach oibríochtúil a bhaineann leo:

• an Chomhdháil Ardleibhéil maidir le bealach na Meánmhara Thoir agus na mBalcán Thiar; sa chomhthéacs seo, tá sé tábhachtach go dtabharfaí tacaíocht do Stáit ar bhealach na mBalcán Thiar, nach Ballstáit de chuid an Aontais iad, chun go mbeidh siad in ann an clárú a dhéanamh de réir chaighdeáin an Aontais Eorpaigh; 
• Cruinniú Mullaigh Vaileite, go mór mór maidir le filleadh agus cur ar ais, agus maidir le hathligean isteach, agus
• an Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc an 29 Samhain 2015 agus an Plean Gníomhaíochta idir an tAontas agus an Tuirc; sa chomhthéacs sin, iarrtar ar COREPER a chuid oibre maidir leis an mbealach ina gcuirfear EUR 3 billiún ar fáil do Shaoráid na Tuirce do Dhídeanaithe a thabhairt chun críche go gasta;

h) leanúint den scéim athshocraithe a comhaontaíodh a chur chun feidhme;

i) súil ghéar a choinneáil ar na sreabha ar feadh na mbealaí imirce ionas go mbeifear in ann gníomhú go gasta má thagann athrú ar chúrsaí.

2. Ba cheart don Chomhairle leanúint leis an obair ar an sásra don athlonnaíocht éigeandála, agus an taithí a fuarthas á cur san áireamh, agus cinneadh a dhéanamh go gasta faoina seasamh maidir leis an liosta de thíortha sábháilte tionscnaimh. Iarrtar ar an gComhairle an cás maidir leis an Afganastáin a scrúdú go mear. Ba cheart do Chomhairle scrúdú gasta a dhéanamh ar na tograí ón gCoimisiún dar dáta an 15 Nollaig maidir le Garda Cósta agus Teorann Eorpach, Cód Teorainneacha Schengen, scéim dheonach dhaonnúil don ligean isteach, agus doiciméid taistil do dhaoine a bheidh ag filleadh nó a chuirfear ar ais. Ba cheart don Chomhairle a seasamh maidir leis an nGarda Cósta agus Teorann Eorpach a ghlacadh faoi Uachtaránacht na hÍsiltíre. Cuirfidh an Coimisiún an t athbhreithniú ar chóras Bhaile Átha Cliath i láthair go pras; idir an dá linn ní mór na rialacha atá ann faoi láthair a chur chun feidhme. Tíolacfaidh sé togra athbhreithnithe maidir le teorainneacha cliste go luath freisin.

3. Tabharfaidh an Uachtaránacht, an Coimisiún agus an tArdionadaí tuarascáil ar an dul chun cinn sula mbeidh an cruinniú den Chomhairle Eorpach ann i mí Feabhra.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Eanáir 2025