- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 7 Meitheamh 2016 11:50
Loingseoireacht intíre: Comhaontaíonn an Chomhairle a seasamh maidir le córas aonfhoirmeach do cháilíochtaí gairmiúla
Ar an 7 Meitheamh 2016, ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir le dréacht-treoir i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint. Tá sé mar chuspóir ag an togra ionchais nua ghairme a chur ar fáil agus soghluaisteacht na ndaoine atá ag obair san earnáil a chur chun cinn. Leagtar amach ann comhchóras deimhnithe lena gcumhdófaí an criú trí chéile, idir phrintísigh agus mháistrí bád. Bheadh sealbhóirí deimhnithe den chineál sin in ann a ngairm a chleachtadh ar uiscebhealaí intíre ar fud na hEorpa.
Dúirt Melanie Schultz van Haegen-Maas Geesteranus, Aire Bonneagair agus Comhshaoil na hÍsiltíre agus cathaoirleach an chruinnithe: “Leis an deimhniú nua seo ón Aontas beidh criú soithí uiscebhealaí intíre in ann dul ag obair ar fud na hEorpa gan srian. Féadfaidh oibrithe nua san earnáil an deimhniú a thuilleamh trí léiriú a thabhairt go bhfuil eolas fairsing agus scileanna a comhaontaíodh ar leibhéal na hEorpa acu. Ar an gcaoi sin, méadaítear soghluaisteacht na n-oibrithe san earnáil agus cabhraíonn sé le ganntanais foireann cháilithe a laghdú.”
Córas aonair bunaithe ar inniúlacht do gach uile bhall den chriú
Ní chumhdaítear leis an reachtaíocht ón Aontas atá ann faoi láthair maidir le haitheantas frithpháirteach san earnáil ach na máistrí bád - agus is é sin nuair a oibríonn siad ar aibhneacha agus ar chanálacha eile seachas an Réine. Cumhdaítear an chuid eile den chriú deice leis an treoir chothrománach maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint.
Bunófar leis an dréacht-treoir córas aonair a mbeidh feidhm aige maidir leis an gcriú deice uile a oibríonn ar aon uiscebhealach intíre san Aontas a thagann faoi raon feidhme na treorach, lena n-áirítear an Réin.
Leis an gcóras nua, tabharfar isteach, tar éis iarrataí ón earnáil agus ó na Ballstáit, creat bunaithe ar inniúlacht a bheidh cosúil leis na creataí sin a mbaintear úsáid astú i gcás modhanna eile iompair.
Gairmeacha níos fearr sa loingseoireacht intíre
Táthar ag súil go laghdófar na baic ar iontráil ar ghairmeacha sa loingseoireacht intíre leis an gcóras nua. Feabhsóidh sé ionchais ghairme san earnáil agus beidh an ghairm ar fad níos mealltaí dá réir sin. Le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch, beidh sé níos fusa do dhaoine post a ghlacadh áit ar bith a bhfuil sé ar fáil. Cabhraíonn sé le cuideachtaí freisin foireann a earcú ó gach cearn den Eoraip. Ós rud é gur cuideachtaí réasúnta beaga iad mórchuid na gcuideachtaí atá gníomhach san earnáil, d’fhéadfadh an méadú suime sa ghairm cabhrú leo a gcuid gnólachtaí a mhéadú, lena gcuirfí dlús faoin earnáil trí chéile. Le cáilíochtaí bunaithe ar inniúlacht, ba cheart go gcuirfí feabhas ar shábháilteacht freisin agus ba cheart go laghdófaí costais tionóisce.
Ról an Choiste Eorpaigh maidir le Caighdeáin a dhréachtú i Loingseoireacht Intíre (CESNI) a neartú
Mar atá fíor i gcás na treorach maidir le ceanglais theicniúla do shoithí uiscebhealaí intíre, tá dlúthbhaint ag an dréacht-treoir leis an gCoiste Eorpach maidir le Caighdeáin a dhréachtú i Loingseoireacht Intíre (CESNI), comhlacht idirnáisiúnta a bunaíodh faoi choimirce an Choimisiúin Lárnaigh um Loingseoireacht na Réine (CCNR). Forbróidh CESNI caighdeáin éagsúla i réimse na gcáilíochtaí gairmiúla don Aontas agus do CCNR. A thúisce a bheidh caighdeán ar fáil, cuirfear tagairt dó isteach sa treoir.
Imthosca éagsúla sna Ballstáit a chur san áireamh
Tugtar méid áirithe comhréireachta isteach sa treoir leis an gcur chuige ginearálta, chun cás na mBallstát sin a chur san áireamh nach bhfuil mórán gníomhaíocht loingseoireachta intíre ar siúl iontu nó gníomhaíocht ar bith den chineál sin. I gcásanna den chineál sin, nuair a chomhlíonfar critéir oibiachtúla, ní cheanglófar ar na Ballstáit an treoir nó codanna áirithe di a thrasuí.
Conas a dhéanfar dlí di?
Is é an cur chuige ginearálta a glacadh inniu seasamh na Comhairle do na cainteanna le Parlaimint na hEorpa. Níor ghlac an Pharlaimint a seasamh go fóill. Ní mór don dá institiúid teacht ar chomhaontú maidir leis an téacs sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
Borradh a chur faoi úsáid uiscebhealaí intíre
Is modh iompair í an loingseoireacht intíre atá éifeachtach go háirithe ó thaobh costais de agus atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tá an dréacht-treoir i measc roinnt beart lena ndírítear ar fheabhas a chur ar cháilíocht an mhodha iompair sin agus ar úsáid uiscebhealaí intíre a chur chun cinn, go háirithe le haghaidh loingseoireacht lastais (pacáiste NAIADES II)..
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
- @timmermansniels
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024