Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • CONCLÚIDÍ
  • 16 Deireadh Fómhair 2020 14:25

Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 15-16 Deireadh Fómhair 2020

An 15-16 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir le COVID-19, maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, maidir leis an athrú aeráide agus maidir leis an gcaidreamh seachtrach.

I. COVID-19

1. Mheas an Chomhairle Eorpach an staid eipidéimeolaíoch reatha, staid is siocair le himní mhór agus nach bhfacthas a leithéid cheana.

2. Is díol sásaimh di an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo maidir leis an gcomhordú foriomlán ar leibhéal an Aontais in aghaidh COVID‑19, lena n-áirítear an moladh maidir le cur chuige comhordaithe i leith shrianadh na saorghluaiseachta. Iarrann sí ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint dá n-iarracht fhoriomlán chomhordúcháin, bunaithe ar an eolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe maidir le rialacháin choraintín, rianú teagmhála trasteorann, straitéisí tástála, measúnú comhpháirteach ar mhodhanna tástála, aitheantas frithpháirteach ar thástálacha, agus srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas. Fillfidh an Chomhairle Eorpach ar an ábhar seo go rialta.

3. Á chur in iúl di gur díol sásaimh di an obair atá déanta ar leibhéal an Aontais maidir le vacsaíní a fhorbairt agus a dháileadh, athdhearbhaíonn an Chomhairle Eorpach an gá atá le próiseas láidir údarúcháin agus faireacháin, le hacmhainneacht i ndáil le vacsaíniú a fhorbairt san Aontas, agus le rochtain chóir agus inacmhainne a thabhairt ar na vacsaíní sin. Molann an Chomhairle Eorpach freisin go ndéanfaí tuilleadh comhair ar an leibhéal domhanda.

Léaráid: Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19.
Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19 san Aontas (go dtí an 13 Meitheamh 2021) (Grafaic faisnéise)

Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19 san Aontas (go dtí an 13 Meitheamh 2021) (Grafaic faisnéise)

II. An caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe

4. Meabhraíonn an Chomhairle Eorpach go dtiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse an 31 Nollaig 2020 agus tugann sí dá haire agus is cúis imní di nach leor fós an dul chun cinn atá déanta maidir leis na saincheisteanna lárnacha sin is suim leis an Aontas chun go dtiocfaí ar chomhaontú.

5. Athdhearbhaíonn an Chomhairle Eorpach a dhiongbháilte atá an tAontas comhpháirtíocht leis an Ríocht Aontaithe a bheith chomh dlúth agus is féidir ar bhonn threoracha caibidlíochta an 25 Feabhra 2020, agus na treoirlínte ón gComhairle Eorpach a comhaontaíodh roimhe seo á n-urramú, chomh maith leis na ráitis agus na dearbhuithe, go háirithe na cinn ón 25 Samhain 2018, go háirithe maidir le cothrom na Féinne, rialachas agus iascach.

6. I bhfianaise an mhéid sin, iarrann an Chomhairle Eorpach ar phríomh-idirbheartaí an Aontais leanúint leis an gcaibidlíocht sna seachtainí amach romhainn, agus iarrann sí ar an Ríocht Aontaithe an méid is gá a dhéanamh chun go bhféadfar teacht ar chomhaontú.

7. Maidir leis an mBille um an Margadh Inmheánach a chuir rialtas na Ríochta Aontaithe síos, meabhraíonn an Chomhairle Eorpach nach mór an Comhaontú um Tharraingt Siar agus na Prótacail a ghabhann leis a chur chun feidhme go hiomlán agus go tráthúil.

8. Iarrann an Chomhairle Eorpach ar na Ballstáit, ar institiúidí an Aontais agus ar gach geallsealbhóir dlús a chur lena gcuid oibre maidir le hullmhacht agus réidhe ar gach leibhéal agus maidir le gach toradh, lena n-áirítear torthaí gan chomhaontú, agus iarrann sí ar an gCoimisiún, go háirithe, machnamh tráthúil a dhéanamh ar bhearta teagmhasachta aontaobhacha a bhfuil teorainn ama leo agus atá chun leas an Aontais.

9. Coinneoidh an Chomhairle Eorpach an t-ábhar seo faoi bhreithniú.

III. An t-athrú aeráide

10. An cuspóir seo Aontas aeráidneodrach a bheith ann faoi 2050, má tá i ndán go gcomhlíonfar é i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras, beidh ar an Aontas a uaillmhian don deacáid atá romhainn, mar aon lena chreat beartais don aeráid agus don fhuinneamh, a mhéadú. Sa chomhthéacs sin, phléigh an Chomhairle Eorpach an Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa 2030’, lena n-áirítear an sprioc atá beartaithe astaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, agus na gníomhaíochtaí sin is gá chun an uaillmhian sin a bhaint amach.

11. Ag meabhrú di na conclúidí a ghlac sí roimhe seo, measann an Chomhairle Eorpach gur i dteannta a chéile, ar an mbealach is costéifeachtaí dár féidir, is ceart don Aontas an sprioc nuashonraithe a shaothrú. Beidh lámh ag gach Ballstát san iarracht sin, agus cuirfear imthosca náisiúnta, mar aon leis an gcothroime agus an dlúthpháirtíocht, san áireamh san obair sin. Ní mór go rannchuideodh reachtaíocht agus beartais ábhartha uile an Aontais leis an sprioc nua atá ann do 2030 agus le comhlíonadh chuspóir na haeráidneodrachta, agus cothrom na Féinne do chách á urramú agus sceitheadh carbóin á chosc san am céanna.

12. Iarrann an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle leanúint den obair a bhaineann leis an gclár oibre sin. Iarrann sí ar an gCoimisiún dul i mbun comhairliúcháin chuimsitheacha leis na Ballstáit chun measúnú a dhéanamh ar na cásanna sonracha agus tuilleadh faisnéise a chur ar fáil maidir leis an tionchar atá á imirt ar leibhéal na mBallstát. Fillfidh an Chomhairle Eorpach ar an tsaincheist sin ag an gcruinniú a bheidh aici i mí na Nollag d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le sprioc nua do 2030 i ndáil le laghdú ar astaíochtaí agus rannchuidiú nuashonraithe an Aontais arna chinneadh go náisiúnta a chur faoi bhráid UNFCCC roimh dheireadh na bliana.

13. Iarrann an Chomhairle Eorpach ar gach Páirtí eile rannchuidiú nuashonraithe arna chinneadh go náisiúnta a thíolacadh freisin. Cuireann sí i dtreis a thábhachtaí atá sé go mbeadh gníomhaíocht láidir chomhordaithe ann a dhéanfar trí bhíthin taidhleoireacht aeráide Eorpach ghníomhach, ar mhaithe le teacht le chéile ar an leibhéal domhanda chun comhrac an athraithe aeráide a chur chun cinn a thuilleadh.

IV. An caidreamh seachtrach

An caidreamh leis an Afraic

14. Is ábhar ardtosaíochta ag an Aontas a chaidreamh straitéiseach leis an Afraic agus an chomhpháirtíocht atá aige leis an Aontas Afracach a neartú, caidreamh agus comhpháirtíocht atá bunaithe ar leasanna coiteann agus ar fhreagracht chomhroinnte i gcónaí. Is dual go mbeadh an Afraic ina comhpháirtí ag an Aontas Eorpach i ngeall ar ár gcóngaracht gheografach, stairiúil, agus chultúrtha, agus ar na luachanna agus gealltanais atá againn araon. Is soiléiride an tírdhreach domhanda athraitheach agus na dúshláin ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha atá roimh an dá ilchríoch a thábhachtaí atá sé ár gcaidreamh polaitiúil agus ár gcomhar a dhoimhniú agus a athnuachan i ngach réimse.

15. Sa chomhthéacs reatha, tá ríthábhacht leis an dlúthpháirtíocht agus leis an dlúthchomhar sa chomhrac le paindéim COVID-19, lena n-áirítear vacsaíní a fhorbairt agus a dháileadh. Tá an Chomhairle Eorpach tiomanta an tacaíocht a thugann an tAontas do chórais sláinte agus cumas ullmhachta agus freagartha na gcomhpháirtithe a athneartú.

16. Chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19, is é tiomantas na Comhairle Eorpaí iarrachtaí comhordaithe idirnáisiúnta a chur chun cinn maidir le faoiseamh fiachais do thíortha na hAfraice ar bhealach comhordaithe laistigh de na creataí iltaobhacha ábhartha, agus iarrann sí ar an gComhairle cur chuige comhchoiteann a ullmhú i ndáil leis sin roimh dheireadh mhí na Samhna 2020.

17. San áit a mbíonn dúshláin, bíonn deiseanna dá réir. Is é an tAontas Eorpach an comhpháirtí trádála, infheistíochta agus forbartha is mó dá bhfuil ag an Afraic. Ach cur leis an méid sin, beimid in ann tuilleadh a dhéanamh chun leas a bhaint as acmhainneacht ollmhór an chaidrimh eadrainn. I gcomhthráth lena chlaochlú glas agus digiteach féin, is mian leis an Aontas – ar mhaithe le claochlú eacnamaíoch na hAfraice – deis comhpháirtíochta a thairiscint don Afraic. Ós amhlaidh atá, phléigh an Chomhairle Eorpach an rún atá aici oibriú le comhpháirtithe san Afraic agus borradh a chur faoin infheistíocht trí oibriú le chéile ar chlár cuimsitheach infheistíochta ilearnála, il-leibhéil agus il-gheallsealbhóra. Feictear don Chomhairle Eorpach go bhfuil na hearnálacha seo a leanas lárnach má táthar le tuilleadh comhair agus infheistíochta a dhéanamh: an geilleagar digiteach agus an geilleagar eolasbhunaithe, an fuinneamh inathnuaite, earnáil an iompair, earnáil na sláinte, agus na córais agraibhia. Thairis sin, ag meabhrú di an Clár Oibre Straitéiseach agus na conclúidí ón gComhairle an 30 Meitheamh 2020, bheadh luachanna uilíocha, an neamh-idirdhealú, chomh maith le cearta agus comhionannas deiseanna do chách, cumhachtú na mban, cuimsiú na n-óg, oideachas agus scileanna, an inbhuaine shóisialta, chomhshaoil, agus eacnamaíoch, mar aon leis an dea-rialachas agus an smacht reachta ina dtéamaí lárnacha trasearnála chun go mbeadh rannpháirt ag an Aontas sa chomhar agus san infheistíocht. Ina theannta sin, baineann tábhacht ar leith leis an tacaíocht a thugtar don lánpháirtiú eacnamaíoch ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal na hilchríche agus do chothú an lánpháirtithe eacnamaíoch ar bhonn idir-ilchríochach.

18. I dtaca leis an bhforbairt inbhuanaithe, is cuspóir comhroinnte agus eochairchoinníoll againn go mbeadh síocháin, slándáil, agus cobhsaíocht go fadmharthanach san Afraic. Tá an tAontas réidh chun leanúint de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na hAfraice ar son na síochána agus na slándála, ar son an dea-rialachais agus chur chun cinn chearta an duine. Ina theannta sin, is mian leis an Aontas caidreamh a bhunú le comhpháirtithe san Afraic ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar an tsoghluaisteacht agus ar gach gné den imirce, lena n-áirítear an imirce dhleathach, dul i ngleic leis an imirce neamhdhleathach, athligean isteach agus an comhrac i gcoinne líonraí smuigleála imirceach, ní hamháin laistigh den dá ilchríoch ach eatarthu freisin. Ní mór cur chuige cothrom comhleanúnach cuimsitheach a bheith ann, treoraithe ag prionsabail na dlúthpháirtíochta, na comhpháirtíochta agus na freagrachta comhroinnte.

19. Iarrann an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí comhar feabhsaithe leis an Afraic chun réitigh iltaobhacha a chur chun cinn go ginearálta ar an leibhéal domhanda. Is den riachtanas na comhairliúcháin a dhéantar lenár gcomhpháirtithe san Afraic chun gur féidir tosaíochtaí coiteanna a shainiú i gcomhpháirt. Ach dul i bpáirt le chéile, beimid in ann cosaint níos fearr a thabhairt dár gcomhleasanna tráth a bhfuil an saol ag éirí níos casta agus níos éiginnte lá i ndiaidh lae. Fágann sin nach mór dúinn a bheith níos aontaithe maidir leis na seasaimh a ghlacaimid ar bhonn domhanda, agus a bheith níos ceanndóchasaí agus níos éifeachtaí agus ár gcomhthionchar á imirt againn, lena n-áirítear ag fóraim iltaobhacha. Tá an Chomhairle ag tnúth leis na cruinnithe polaitiúla atá beartaithe go gairid le hAontas na hAfraice ar mhaithe le bonn níos uaillmhianaí a chur faoin gcomhpháirtíocht.

Comharsanacht an Deiscirt

20. Agus comóradh 25 bliana á dhéanamh ar Phróiseas Barcelona i mbliana, beidh plé straitéiseach ag an gComhairle Eorpach maidir le Comharsanacht an Deiscirt i mí na Nollag.

An Bhealarúis

21. Formhuiníonn an Chomhairle Eorpach na conclúidí ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 agus cuireann sí in iúl a dlúthpháirtíocht leis an Liotuáin agus leis an bPolainn i bhfianaise na mbeart díoltais atá déanta ag an mBealarúis. Cáineann sí an foréigean leanúnach atá á imirt ar agóideoirí síochánta.

An Tuirc

22. Athdhearbhaíonn an Chomhairle Eorpach na conclúidí uaithi an 1-2 Deireadh Fómhair 2020 agus is cúis díomá di na gníomhaíochtaí aontaobhacha agus gríosaitheacha leanúnacha atá á ndéanamh ag an Tuirc sa Mheánmhuir Thoir, lena n-áirítear gníomhaíochta taiscéalaíocha a rinneadh le déanaí. Iarann an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí Rúin 550 agus 789 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a urramú, cuireann sí i dtreis a thábhachtaí atá stádas Varosha agus athdhearbhaíonn sí a dlúthpháirtíocht iomlán leis an nGréig agus leis an gCipir.

23. Tathantaíonn sí ar an Tuirc na gníomhaíochtaí sin a chealú agus obair a dhéanamh chun an teannas a laghdú ar bhealach comhsheasmhach marthanach. Coinneoidh an Chomhairle Eorpach an t-ábhar seo faoi bhreithniú chun obair leantach a dhéanamh ar na conclúidí uaithi an 1-2 Deireadh Fómhair 2020.

MH17

23. Iarrann an Chomhairle Eorpach ar Chónaidhm na Rúise leanúint de na caibidlíochtaí tríthaobhacha idir an Astráil, an Ísiltír agus Cónaidhm na Rúise maidir le turnamh eitilt MH17. Tá ceartas tuilte ag na 298 n-íospartach agus a neasghaolta, sé bliana tar éis na tragóide seo. Tacaíonn an Chomhairle Eorpach le gach iarracht atá ar siúl chun an fhírinne, an ceartas agus an chuntasacht a bhunú i gcomhréir le Rún 2166 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Eanáir 2025