"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Rialachán Aarhus – a seasamh glactha ag an gComhairle ar an gcéad léamh
Ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh maidir le leasú ar Rialachán Aarhus maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil. Leagtar amach sa Rialachán an chaoi a gcuireann an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit Coinbhinsiún idirnáisiúnta Aarhus chun feidhme. Glacadh an seasamh ón gComhairle tar éis teacht ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa i mí Iúil 2021 agus is é céim dheiridh nós imeachta an ghlactha é.
Thug an Chomhairle an cead deiridh chun leasú ar Rialachán Aarhus a ghlacadh. Is céim dhearfach í sin a neartaíonn tiomantas an Aontais cloí go hiomlán le Coinbhinsiún Aarhus. Neartóidh an leasú an ceart atá ag daoine den phobal athbhreithniú ar ghníomhartha riaracháin a iarraidh, agus ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar a rochtain ar fhaisnéis, ar an gceartas agus ar a rannpháirtíocht sna próisis chinnteoireachta.
Andrej Vizjak, Aire Comhshaoil agus Pleanála Spáis na Slóivéine
Is é cuspóir an leasaithe a chinntiú go gcomhlíonfaidh an tAontas Coinbhinsiún Aarhus ina iomláine maidir leis an gceart atá ag daoine den phobal athbhreithniú a iarraidh ar ghníomhartha riaracháin neamhreachtacha arna nglacadh ag institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais, má tá éifeachtaí dlíthiúla agus seachtracha ag na gníomhartha sin, agus go bhféadfadh forálacha a bheith iontu a sháródh an dlí comhshaoil.
Chomhaontaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an méid seo a leanas a dhéanamh:
an seasamh dlíthiúil a leathnú níos faide ná eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), agus chuirfí, leis sin, ar chumas daoine eile den phobal athbhreithnithe inmheánacha ar ghníomhartha riaracháin a iarraidh de réir coinníollacha áirithe. Léireoidh na baill den phobal lagú ar a gcearta de dheasca an tsáraithe líomhnaithe ar an dlí comhshaoil agus go ndéanann an sárú sin difear go díreach dóibh siúd i gcomparáid leis an bpobal i gcoitinne; nó léireoidh siad go bhfuil leas leordhóthanach poiblí ann agus go bhfaigheann an iarraidh tacaíocht ó ar a laghad 4 000 ball den phobal a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe in ar a laghad 5 Bhallstát, ina bhfuil ar a laghad 250 ball den phobal ina gcónaí nó bunaithe i ngach ceann de na Ballstáit sin. Sa dá chás, déanfaidh ENR nó dlíodóir ionadaíocht thar ceann na mball den phobal;
forálacha gníomhartha riaracháin lena gceanglaítear bearta cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais a áireamh i raon feidhme gníomhartha riaracháin;
gan an díolúine ó ghníomhartha riaracháin a bhaineann le státchabhair a scriosadh ón rialachán (saincheist chomhlíonta a chumhdaítear le cás eile de chuid an Choiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus);
é a dhéanamh éigeantach d’institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais iarrataí ar athbhreithniú agus cinntí a bhaineann leo a fhoilsiú.
Cúlra
Coinbhinsiún Aarhus curtha chun feidhme ag an Aontas le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006. Leis an rialachán sin, cuirtear ar chumas daoine aonair agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) imeachtaí a thionscnamh os comhair Chúirteanna na hEorpa i gcoinne chinntí institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais.
Mar thoradh ar ghearán ó ENR in 2008, lenar cuireadh i leith an Aontais nár chloígh sé le Coinbhinsiún Aarhus maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, tháinig an Coiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus ar an gconclúid, i gcás C-32 2017, nár chomhlíon an tAontas míreanna 3 agus 4 d'Airteagal 9, den Choinbhinsiún a bhaineann le rochtain a bheith ag an bpobal ar cheartas.
Mar obair leantach, ghlac an Chomhairle cinneadh in 2018 lena n-iarrtar ar an gCoimisiún staidéar a thíolacadh ar roghanna an Aontais i dtaobh aghaidh a thabhairt ar thorthaí an Choiste um Chomhlíonadh agus, más iomchuí i bhfianaise thorthaí an staidéir, togra chun Rialachán Aarhus a leasú.
An 14 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún Eorpach togra reachtach lena leasaítear Rialachán Aarhus Uimh. 1367/2006 le gur féidir grinnscrúdú poiblí níos fearr a dhéanamh ar ghníomhartha an Aontais lena ndéantar difear don chomhshaol. Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe é a dhéanamh níos éasca a iarraidh ar institiúidí an Aontais na gníomhartha sin a athbhreithniú chun cosaint comhshaoil níos fearr a chinntiú.
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta i ndáil leis an togra an 17 Nollaig 2020, lena gcuirtear ar chumas Uachtaránacht na Comhairle tús a chur le caibidlíocht thríthaobhach le Parlaimint na hEorpa.
An 12 Iúil 2021, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa maidir leis an togra. Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 5 Deireadh Fómhair.
Na chéad chéimeanna eile
Foilseofar an téacs anois in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe.