"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Tháinig airí comhshaoil an Aontais le chéile i Lucsamburg chun tuairimí a mhalartú faoin bpacáiste um oiriúnú don sprioc 55%, chun cruinniú mullaigh COP26 maidir leis an aeráid a ullmhú, agus chun straitéis nua foraoise an Aontais do 2030 a phlé. Ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh maidir le modhnuithe ar Rialachán Aarhus. Ina theannta sin, phléigh na hairí an borradh atá faoi phraghsanna fuinnimh i láthair na huaire.
Cruinniú mullaigh COP26 maidir leis an aeráid
Chuir na hairí tús leis an gcruinniú le plé ar na hullmhúcháin do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a thionólfar ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 12 Samhain i nGlaschú (COP26). Ghlac an Chomhairle conclúidí lena leagtar síos seasamh an Aontais ag an gcruinniú.
Faoi láthair, níl an domhan ar an mbóthar ceart chun an téamh domhanda a choinneáil faoi bhun 1.5°C. Tá gá le go leor iarrachtaí comhchoiteanna eile chun teocht an phláinéid a choinneáil laistigh de theorainneacha sábháilte. Ag COP26, iarrfaidh an tAontas ar na páirtithe uile i gComhaontú Pháras spriocanna uaillmhianacha náisiúnta a chur chun tosaigh maidir le laghdú astaíochtaí, agus iarrfaidh sé ar thíortha forbartha an maoiniú idirnáisiúnta don aeráid a threisiú. Leis na conclúidí a glacadh, ní hamháin go bhfuil an toil ag an Aontas, ach tá sainordú láidir aige freisin an plé a stiúradh sa treo ceart – eadhon an pláinéad a chosaint ar mhaithe le cách agus seasamh leo siúd is leochailí i leith an athraithe aeráide.
Andrej Vizjak, Aire Comhshaoil agus Pleanála Spáis na Slóivéine
Iarrtar ar na páirtithe uile sna conclúidí, teacht chun tosaigh le Rannchuidithe uaillmhianacha arna gCinneadh go Náisiúnta (NDCanna) agus a aithint gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí oiriúnúcháin i dteannta a chéile.
Meabhraítear don Chomhairle gurb iad an tAontas agus a Bhallstáit an dream is mó ar domhan a chuireann maoiniú aeráide ar fáil. Athdhearbhaítear sna conclúidí a thiomanta atá siad dlús a chur leis an maoiniú idirnáisiúnta aeráide, agus iarrtar iontu ar thíortha forbartha eile a gcuid ranníocaíochtaí a mhéadú.
Leagann an Chomhairle síos freisin seasamh an Aontais maidir le tabhairt chun críche Leabhar Rialacha Pháras, go háirithe an comhar deonach faoi Airteagal 6 agus tráthchlár coiteann do NDCanna.
Bhí an chéad díospóireacht fhoirmiúil ag airí comhshaoil an Aontais faoin bpacáiste um oiriúnú don sprioc 55%, agus béim ar leith á leagan acu ar thionscnaimh a thagann faoi shainchúram na Comhairle Comhshaoil. Is é is aidhm do na tograí sin an méid seo a leanas a leasú:
Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais
Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill
Rialachán maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht
Rialachán maidir le caighdeáin astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus veaineanna
agus chun Ciste Aeráide Sóisialta nua a bhunú
Mar gheall ar chineál trasghearrtha an phacáiste, is féidir linn a bheith ag súil go mbeidh an plé casta agus – go réalaíoch – go nglacfaidh sé roinnt ama. Go ginearálta, is díol sásaimh do na Ballstáit an pacáiste um oiriúnú don sprioc 55% toisc gurb é is aidhm dó an modh nithiúil a chur ar fáil don Aontas chun a uaillmhian mhéadaithe i ndáil leis an aeráid a bhaint amach. Tá ról ríthábhachtach ag an tuiscint ar na hidirnaisc idir na comhaid maidir le measúnú a dhéanamh ar cé acu a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn gach cuid den phacáiste le cothromaíocht fhoriomlán, agus conas a rannchuidíonn siad leis sin.
Andrej Vizjak, Aire Comhshaoil agus Pleanála Spáis na Slóivéine
Is é is aidhm don phacáiste um oiriúnú don sprioc 55% beartais aeráide an Aontais a chur i gcomhréir le cuspóir an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, agus leis an sprioc atá aige glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 le hais leibhéil 1990.
Is éard atá sa phacáiste sraith tograí a bhfuil dlúthnasc eatarthu lena leasaítear píosaí reachtaíochta atá ann cheana nó lena mbunaítear tionscnaimh nua ar fud raon réimsí beartais agus earnálacha eacnamaíocha.
Díríodh sa díospóireacht ar an gcothromaíocht agus ar na hidirnaisc idir na tograí éagsúla, agus ar an méid a chuireann siad le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais. Chuir na hairí a dtuairimí in iúl faoi dháileadh na n-iarrachtaí idir na Ballstáit agus earnálacha eacnamaíocha éagsúla agus laistigh díobh araon, agus faoi thionchar na dtograí ar shaoránaigh. Tugadh aghaidh go háirithe sa díospóireacht ar an trádáil astaíochtaí a leathnú go foirgnimh agus iompar de bhóthar.
Mhalartaigh na hairí tuairimí faoi straitéis nua foraoise an Aontais do 2030. Tá an straitéis ar cheann de thionscnaimh shuaitheanta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus cuireann sí le straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030. Tá sé mar aidhm leis rannchuidiú le cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach.
Díríodh sa díospóireacht go príomha ar cé acu a léirítear nó nach léirítear i straitéis nua foraoiseachta an Aontais na conclúidí ón gComhairle maidir leis an Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030, agus an bunús maith í don Aontas Eorpach chun dea-shampla a thabhairt ar fud an domhain maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí. Glacfaidh an Chomhairle conclúidí maidir leis an straitéis nua foraoise ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh i mí na Samhna.
Ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh maidir le leasú ar Rialachán Aarhus i ndáil le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil. Glacadh an seasamh ón gComhairle tar éis teacht ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa i mí Iúil 2021 agus is é céim dheiridh nós imeachta an ghlactha é.
Arna iarraidh sin don Ghréig, don Spáinn agus don Pholainn, phléigh na hairí an méadú atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh le déanaí.
Cuireadh an tsaincheist sin ar chlár oibre na Comhairle Eorpaí an 21-22 Deireadh Fómhair. Cuirfidh an Coimisiún Teachtaireacht i láthair maidir leis an méadú ar phraghsanna fuinnimh roimh an bplé sa Chomhairle Eorpach.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi thuarascáil ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a bhaineann le táirgí bithicídeacha. Chuir an Bheilg eolas ar fáil faoin ngá atá le gníomhaíocht chomhordaithe i gcoinne substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile, agus chuir an Ghearmáin na hairí ar an eolas faoi chomhdháil aireachta maidir le bruscar muirí agus truailliú plaisteach a tionóladh sa Ghinéiv, agus ar chomóir Eacuadór, an Ghearmáin, Gána agus Vítneam í, le tacaíocht ó Rúnaíocht Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.