Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 26 Márta 2024 09:35

Tacaíocht d'fheirmeoirí: athbhreithniú spriocdhírithe ar an gcomhbheartas talmhaíochta formhuinithe ag an gComhairle

D’fhormhuinigh ionadaithe na mBallstát sa Choiste Speisialta um Thalmhaíocht athbhreithniú spriocdhírithe ar bhunghníomhartha áirithe den chomhbheartas talmhaíochta (CBT) a mhol an Coimisiún Eorpach mar fhreagairt ar na hábhair imní a chuir feirmeoirí in iúl.

Leis an athbhreithniú sin, tugtar aghaidh ar shaincheisteanna a tháinig chun cinn maidir le cur chun feidhme phleananna straitéiseacha CBT, mar shampla, agus tá sé d’aidhm aige simpliú a bhaint amach, an t-ualach riaracháin a laghdú, agus níos mó solúbthachta a sholáthar chun coinníollachtaí comhshaoil áirithe a chomhlíonadh.

D’éisteamar lenár bhfeirmeoirí agus rinneamar beart go pras chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní atá acu tráth a bhfuil dúshláin iomadúla rompu. Leis an athbhreithniú spriocdhírithe ar na rialacha, baintear an chothromaíocht cheart amach idir níos mó solúbthachta a chinntiú d’fheirmeoirí agus do na Ballstáit agus an t-ualach riaracháin a mhaolú, agus ardleibhéal uaillmhéine comhshaoil á choinneáil sa chomhbheartas talmhaíochta ag an am céanna.

David Clarinval, Leas-Phríomh-Aire na Beilge agus an tAire do Dhaoine Féinfhostaithe, FBManna agus Talmhaíocht, Athchóirithe Institiúideacha agus Athnuachan Dhaonlathach

Freagairt spriocdhírithe a chinntiú

Tugtar aghaidh san athbhreithniú ar ghnéithe áirithe de Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT agus den Rialachán maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air (an ‘Rialachán Cothrománach’ mar a thugtar air).

Baintear cothromaíocht chúramach amach sa téacs idir an gá atá le hardleibhéal d’uaillmhian maidir leis an timpeallacht agus an aeráid in CBT reatha a choinneáil agus a chinntiú go dtabharfar aghaidh ar ábhair imní na bhfeirmeoirí.

Coinníollachtaí a oiriúnú

D’fhormhuinigh an Coiste Speisialta um Thalmhaíocht na hathruithe ar na caighdeáin maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún (GAEC) a mhol an Coimisiún Eorpach.

Is sraith de naoi gcaighdeán atá i gcaighdeáin GAEC a théann chun tairbhe don chomhshaol agus don aeráid a bhfuil feidhm acu maidir le feirmeoirí a fhaigheann tacaíocht faoi CBT. Tugtar coinníollachtaí ar na caighdeáin sin freisin, i bhfianaise an naisc idir na ceanglais sin a urramú agus an tacaíocht a thugtar d’fheirmeoirí.

Ceann de na príomhathruithe is ea go dtugtar isteach foráil ghinearálta lena gceadaítear do na Ballstáit maoluithe sealadacha agus spriocdhírithe ar cheanglais coinníollachta áirithe a dheonú i gcás dálaí aeráide gan choinne a chuireann cosc ar fheirmeoirí iad a chomhlíonadh. Uair sa bhliain, beidh ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi mhaoluithe mar sin.

Anuas air sin, tugtar isteach díolúintí sonracha ó chaighdeáin áirithe GAEC, mar shampla:

  • maidir le caighdeán GAEC 6 i ndáil le cumhdach ithreach le linn tréimhsí íogaire: beidh níos mó solúbthachta ag na Ballstáit chun a chinneadh cé na hithreacha is ceart a chosaint agus cén séasúr inar cheart iad a chosaint, bunaithe ar shainiúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha
  • maidir le caighdeán GAEC 7 i ndáil le huainíocht barr: is í uainíocht barr an príomhchleachtas i gcónaí, ach beidh na Ballstáit in ann éagsúlú barr a úsáid mar mhalairt air sin; níl éagsúlú barr chomh dian céanna ar fheirmeoirí, go háirithe i gceantair atá faoi réir triomaigh nó báisteach ard
  • maidir le caighdeán GAEC 8: ní bheidh sé d’oibleagáid ar fheirmeoirí ach gnéithe tírdhreacha atá ann cheana a choinneáil agus as seo amach spreagfar iad, ar bhonn deonach, chun talamh a choinneáil bán nó chun gnéithe nua tírdhreacha a chruthú trí éiciscéimeanna.

Leis an athbhreithniú a formhuiníodh, díolmhaítear feirmeacha beaga faoi bhun 10 heicteár ó rialuithe agus pionóis a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas coinníollachta faoi CBT.

Ós rud é go mbaineann sé sin le 65% de thairbhithe CBT ach nach bhfuil ann ach thart ar 10% den talamh talmhaíochta, laghdóidh sé go suntasach an t-ualach riaracháin a bhaineann le rialuithe d’fheirmeoirí agus do riaracháin náisiúnta araon, agus na spriocanna comhshaoil á gcoinneáil ag an am céanna.

Tuilleadh solúbthachta do na Ballstáit agus d’fheirmeoirí

I gcomhréir leis na héilimh a rinne na Ballstáit roimhe seo, áiritheofar leis an athbhreithniú gur féidir le tíortha an Aontais a bpleananna straitéiseacha CBT a leasú faoi dhó sa bhliain ar bhonn buan, seachas uair amháin, mar atá faoi láthair.

Tabharfaidh sé sin níos mó solúbthachta do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar dhálaí athraitheacha. Anuas air sin, beifear in ann trí iarraidh bhreise a bheith ann fós ar athruithe le linn na clárthréimhse ar fad.

Na chéad chéimeanna eile

Seolfaidh cathaoirleach an Choiste Speisialta um Thalmhaíocht an litir tairisceana chuig Parlaimint na hEorpa anois.

Chinn Coiste Talmhaíochta Pharlaimint na hEorpa leas a bhaint as an nós imeachta práinne don togra seo. Táthar ag súil go nglacfar an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh ag an seisiún iomlánach a bheidh aici an 22-25 Aibreán 2024.

Ansin, glacfaidh an Chomhairle an rialachán go foirmiúil, síneoidh ionadaithe na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa é agus foilseofar san Iris Oifigiúil é. Má théann gach rud ar aghaidh mar atá beartaithe, tiocfaidh an rialachán i bhfeidhm faoi dheireadh an earraigh seo.

Léiríonn an tréimhse fíorghairid idir glacadh an togra ag an gCoimisiún (15 Márta 2024) agus a theacht i bhfeidhm beartaithe tiomantas na dtrí institiúid aghaidh a thabhairt go mear ar staid reatha fheirmeoirí na hEorpa.

Cúlra

Le linn an chruinnithe a bhí aici an 26 Feabhra 2024, dhearbhaigh an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh a toil pholaitiúil freagairt go héifeachtach do na hábhair imní a chuir feirmeoirí in iúl agus d’áitigh sí ar an gCoimisiún togra a chur le chéile chun rialacháin CBT a leasú ar bhealach spriocdhírithe.

An 15 Márta 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún (an Coimisinéir Talmhaíochta, Janusz Wojciechowski) an togra uaidh.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025