Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 13 Meitheamh 2024 12:45

An gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T): cead deiridh tugtha ag an gComhairle do rialachán nua lena gcinnteofar nascacht níos fearr agus níos inbhuanaithe san Eoraip

Ghlac an Chomhairle rialachán athbhreithnithe maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) a fhorbairt. Is é is aidhm don dlí nua gréasán iompair iontaofa, saoráideach agus ar ardchaighdeán a thógáil a chinnteoidh go mbeidh nascacht inbhuanaithe ann ar fud na hEorpa gan briseadh fisiciúil, scrogaill tráchta, ná naisc in easnamh.

Is príomhionstraim de bheartas iompair an Aontais é gréasán TEN-T agus cuireann sé go mór lenár gcuspóirí soghluaisteachta inbhuanaithe, chomh maith le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Is cinnte gur cloch mhíle é glacadh an rialacháin athbhreithnithe i dtreo líonra inbhuanaithe athléimneach san Eoraip, lenar cheart aghaidh a thabhairt ar ábhair imní ár saoránach agus ár ngnólachtaí maidir le soghluaisteacht sna blianta amach romhainn.

Georges Gilkinet, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Soghluaisteachta na Beilge

Déanfar gréasán TEN-T a fhorbairt nó a uasghrádú céim ar chéim leis an rialachán nua lena leagtar síos spriocdhátaí soiléire chun é a thabhairt chun críche i dtrí chéim: go dtí 2030 don chroíghréasán, 2040 don chroíghréasán leathnaithe agus 2050 don ghréasán cuimsitheach. Tugadh isteach spriocdháta nua inmheánach, is é sin 2040, chun cur i gcrích tionscadal mórscála, tionscadail trasteorann den chuid is mó, mar shampla naisc iarnróid atá in easnamh, a chur chun cinn roimh spriocdháta 2050 a bhfuil feidhm aige maidir leis an ngréasán cuimsitheach níos leithne. Mar shampla, ní mór naisc iarnróid ardluais nua idir Porto agus Vigo, agus idir Búdaipeist agus Búcairist, a thabhairt chun críche faoi 2040. Mar shampla eile, nuair a bheidh an gréasán críochnaithe, beidh paisinéirí in ann taisteal idir Cóbanhávan agus Hamburg laistigh de 2.5 uair an chloig ar an traein, in ionad 4.5 uair an chloig atá ag teastáil.

Chun a áirithiú go bhfreastalóidh pleanáil bonneagair ar fhíor-riachtanais oibríochtúla agus trí iarnróid, bóithre agus uiscebhealaí a chomhtháthú, leis an rialachán nua déantar conairí an chroíghréasáin leis na conairí lasta iarnróid a chumasc leis na ‘Conairí Iompair Eorpacha’, mar a thugtar orthu. Tá na conairí sin ríthábhachtach ó thaobh straitéise de chun sreafaí iompair lasta agus paisinéirí inbhuanaithe agus ilmhódacha a fhorbairt san Eoraip.

Ar deireadh, mar fhreagairt ar thionchar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus chun nascacht níos fearr a chinntiú leis na príomhthíortha comharsanacha, déantar ceithre Chonair Iompair Eorpacha de ghréasán TEN-T a leathnú leis an rialachán chuig an Úcráin agus chuig an Moldóiv agus ag an am céanna déantar íosghrádú ar na naisc trasteorann leis an Rúis agus leis an mBealarúis.

Na chéad chéimeanna eile

Tar éis é a ghlacadh, síneoidh uachtaráin na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa an gníomh reachtach sula bhfoilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh sna seachtainí amach romhainn. Tiocfaidh an rialachán athbhreithnithe i bhfeidhm fiche lá tar éis a fhoilsithe.

Eolas cúlra

Ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh rialachán athbhreithnithe an 13 Nollaig 2021 mar chuid den phacáiste reachtach le haghaidh soghluaisteacht éifeachtúil ghlas. Mar fhreagairt ar thionchar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ghlac an Coimisiún togra leasaithe an 27 Iúil 2022, lena dtugtar isteach roinnt athruithe ar an téacs tosaigh. Iarrtar sa togra athbhreithnithe go n-aontófaí gréasán TEN-T trí úsáid a bhaint as leithead rianta iarnróid caighdeánach na hEorpa. Féachann sé freisin le nascacht níos fearr a bhaint amach idir an Úcráin agus Poblacht na Moldóive agus an tAontas trí na Conairí Iompair Eorpacha ábhartha a leathnú. Ba iad Barbara Thaler (EPP/AT) agus Dominique Riquet (Renew Europe/FR) comhrapóirtéirí Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcomhad sin agus tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú sealadach an 18 Nollaig 2023.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Eanáir 2025