Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Gnóthaí Baile), 13 Meitheamh 2024

Na príomhthorthaí

An gháinneáil ar dhrugaí agus an choireacht eagraithe a chomhrac

Rinne Uachtaránacht na Beilge a marana ar na gníomhaíochtaí a rinne sí le linn a téarma chun an gháinneáil ar drugaí agus an choireacht eagraithe a chomhrac.

Ar cheann de na príomhéachtaí bhí tuarascáil a d’eisigh Europol i mí Aibreáin 2024 ina ndéantar mapáil ar na líonraí coiriúla is bagraí. Déantar cur síos sa tuarascáil, arb í an chéad tuarascáil dá leithéid í, ar an gcaoi a n-eagraítear na líonraí coiriúla is bagraí, ar na gníomhaíochtaí coiriúla a mbíonn siad ag gabháil dóibh agus ar an gcaoi agus an áit a n-oibríonn siad.

Tá na conclúidí maidir leis an tuarascáil formheasta ag an gComhairle. Sna conclúidí sin, leag an Chomhairle béim ar an ngá an pictiúr faisnéise maidir le líonraí coiriúla ardriosca a fhorbairt a thuilleadh mar chéim bhunúsach chun tuilleadh feabhais a chur ar an gcur chuige maidir lena ndíchóimeáil. Iarrtar sna conclúidí freisin ar na Ballstáit a áirithiú go rachaidh a seirbhísí forfheidhmithe dlí i dteagmháil le Europol chun na sonraí ábhartha maidir le líonraí coiriúla a shaothrú agus a anailísiú a thuilleadh. Is mian leis na Ballstáit freisin go ndéanfaí an próiseas mapála sin ar na líonraí coiriúla is bagraí ar bhonn débhliantúil.

<p>Annelies Verlinden, Aire Gnóthaí Baile na Beilge</p>

Ar fud an Aontais, teastaíonn ó na saoránaigh go ngníomhódh a rialtais i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí agus na coireachta eagraithe agus go ndéanfaidís an tslándáil a chinntiú. Ós rud é gur dúshlán coiteann an méid sin, thugamar tús áite dó sin le linn Uachtaránacht na Beilge ar an gComhairle, agus is cúis bhróid dom na torthaí a bhaineamar amach.

<p>Annelies Verlinden, Aire Gnóthaí Baile na Beilge</p>

Annelies Verlinden, Aire Gnóthaí Baile na Beilge

EMPACT – an choireacht a chomhrac le chéile

Cosaint do dhídeanaithe ón Úcráin

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an togra chun síneadh a chur leis an gcosaint shealadach do bhreis agus 4 mhilliún Úcránach a theith ó chogadh foghach na Rúise go dtí an 4 Márta 2026. Glacfaidh an Chomhairle an comhaontú go foirmiúil sna seachtainí amach romhainn. Ina theannta sin, leag na hairí béim ar an ngá atá le bearta inbhuanaithe a lorg chun tacú leo siúd atá ag teitheadh ó chogadh na Rúise.

Cuireadh an sásra cosanta sealadach i ngníomh an 4 Márta 2022 – cúpla lá tar éis d’fhórsaí armtha na Rúise ionradh mórscála ar an Úcráin a dhéanamh – agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 4 Márta 2025.

An imirce

An 14 Bealtaine, ghlac an Chomhairle an chomhshocrú maidir le tearmann agus imirce. Tá dhá bhliain ag na Ballstáit anois chun an tacar rialacha a chur i bhfeidhm.

Chuir an Coimisiún Eorpach an Plean Cur Chun Feidhme Coiteann a glacadh faoi bhráid na n-airí. Tá an plean bunaithe ar 10 mbloc tógála lena ndírítear, i measc nithe eile, ar an gcomhchóras faisnéise a ullmhú, ar fheidhmiú éifeachtach na dlúthpháirtíochta agus ar a chinntiú go mbeidh nósanna imeachta um fhilleadh cothrom agus éifeachtúil. Chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil freisin maidir leis an tacaíocht airgeadais agus oibríochtúil a fhéadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint aisti.

Agus an plean cur chun feidhme á chur i láthair acu, chuir a lán airí in iúl go láidir gur cheart don Chomhairle leanúint de ról láidir a bheith aici maidir le treoir pholaitiúil a chur ar fáil le linn chéim an chur chun feidhme.

<p>Nicole de Moor, Státrúnaí Beartais Imirce agus Tearmainn</p>

Leis an gcomhshocrú maidir le tearmann agus imirce a glacadh le déanaí, léirítear go bhfuil rún daingean ag an Aontas aghaidh a thabhairt le chéile ar dhúshlán na himirce neamhrialta. Táimid ag díriú anois ar a chinntiú go ndéanfadh an comhshocrú seo difear ar an láthair.

<p>Nicole de Moor, Státrúnaí Beartais Imirce agus Tearmainn</p>

Nicole de Moor, Státrúnaí Beartais Imirce agus Tearmainn

Léirítear sna grafaicí faisnéise an líon daoine a tháinig chuig an Aontas go neamhrialta gach bliain agus gach mí idir 2015 agus 2026 (bealach na Meánmhara Thoir, na Meánmhara Láir agus na Meánmhara Thiar san áireamh). Léirítear iontu freisin na náisiúntachtaí is mó ar gach bealach in 2026.
Sreabha imirce: bealaí an Oirthir, an Láir agus an Iarthair (Grafaic faisnéise)

Sreabha imirce: bealaí an Oirthir, an Láir agus an Iarthair (Grafaic faisnéise)

An Víosa

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir lena bhfuil i ndán do chomhbheartas víosaí an Aontais. Is cuid lárnach den chóras bainistithe imirce é an beartas víosaí. Chomhaontaigh na hairí go bhfuil gá le freagra Eorpach níos láidre chun dul i ngleic le húsáid mhíchuí rialacha agus coinníollacha maidir le víosaí, chomh maith leis an ngá atá le staidreamh níos fearr.

Níl sa chomhshocrú ach gné amháin den fhreagra. Is gnách linn neamhshuim a dhéanamh den fhíoras nach gcuirtear isteach ach thart ar aon trian de na hiarratais ar thearmann tar éis trasnú teorann neamhrialta.

Nicole de Moor, Státrúnaí Beartais Imirce agus Tearmainn

Rochtain ag póilíní ar shonraí

Tá ‘ag gníomhú faoi cheilt’ ina dhúshlán suntasach d’údaráis forfheidhmithe dlí na hEorpa. De réir mar a éiríonn an domhan níos digití, bíonn ar na póilíní agus ar na breithiúna aghaidh a thabhairt ar go leor bacainní maidir le rochtain a fháil ar fhianaise leictreonach. Ba cheart na hinniúlachtaí atá ag ár n-údaráis forfheidhmithe dlí san fhíorshaol a léiriú sa saol digiteach freisin.

Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil um Rochtain ar Shonraí i ndáil le Forfheidhmiú Éifeachtach an Dlí, a bunaíodh i mí an Mheithimh 2023 chun gníomhaíochtaí a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol a bhaineann le húdaráis forfheidhmithe dlí na hEorpa a bheith ‘ag gníomhú faoi cheilt’.

I mí na Bealtaine 2024 chuir an grúpa tuarascáil i láthair ina raibh 42 mholadh agus iad grúpáilte ina dtrí bhloc tógála: bearta fothaithe acmhainneachta; comhar leis an tionscal agus caighdeánú; agus bearta reachtacha.

Ba dhíol sásaimh don Chomhairle na moltaí agus shainaithin sí réimsí tosaíochta oibre ar cheart aghaidh a thabhairt orthu le linn an chéad téarma reachtaigh eile.

Mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil le dlí de chuid an Aontais atá beartaithe lena gcuirfear de cheangal ar chuideachtaí idirlín, a bhuí le dlí beartaithe seo an Aontais, na húdaráis a chur ar an eolas faoi mhí-úsáid gnéasach leanaí a tharlaíonn ar a gcuid ardán.

Chuir an Uachtaránacht na toscaireachtaí ar an eolas faoi na comhaid reachtacha eile a thagann faoi shainchúram na n-airí gnóthaí baile.

Limistéar Schengen

Phléigh na hairí staid limistéar Schengen agus tháinig siad ar chomhaontú maidir leis na príomhthosaíochtaí do Schengen sa 12 mhí amach romhainn.

Idir-inoibritheacht

Agus gan ach cúpla mí fágtha roimh sheoladh an Chórais Dul Isteach/Imeachta (EES) – córas uathoibrithe TF chun náisiúnaigh tríú tír atá ag taisteal le haghaidh gearrfhanachta a chlárú – rinne na hairí a marana ar an bpróiseas chun ollstruchtúr idir-inoibritheachta de chórais TF um chomhrac na coireachta agus um shlándáil teorann a chur chun feidhme. Áirítear san ollstruchtúr sin freisin córas ETIAS um údarú taistil atá beartaithe a bheith oibríochtúil sa chéad leath de 2025.

Gnó eile

Chuir aire na Sualainne an Chomhairle ar an eolas faoi phacáiste nua slándála agus chuir an Phortaingéil na hairí ar an eolas faoina cuid gníomhaíochtaí chun an comhar idir an tAontas agus comhpháirtithe ó thíortha an Mheánoirthir agus na hAfraice Thuaidh a neartú.

Chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas faoin gcruinniú aireachta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe maidir le ceartas agus gnóthaí baile a bheidh ar siúl an 20 agus an 21 Meitheamh sa Bhruiséil. Ar deireadh, thíolaic an Ungáir an clár oibre dá huachtaránacht a thosóidh an 1 Iúil.

Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha gan aon phlé a dhéanamh orthu.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025