Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 26 Bealtaine 2026 12:17

Rialacha nua glactha ag an gComhairle lena neartaítear ceart shaoránaigh an Aontais chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin áitiúla

Ghlac an Chomhairle treoir nuashonraithe arb é is aidhm di an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a neartú do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (‘saoránaigh shoghluaiste de chuid an Aontais’).

<p>Marilena Raouna, Leas-Aire Gnóthaí Eorpacha Phoblacht na Cipire</p>

Ní mór an tsaoirse gluaiseachta a bheith fite fuaite leis an gcumas iomlán comhionann páirt a ghlacadh sa saol daonlathach. Trína dhéanamh níos éasca vótáil agus seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin áitiúla, táimid ag neartú na rannpháirtíochta, ag neartú na muiníne as ár n-institiúidí daonlathacha, agus ag cumhachtú na 13.5 milliún saoránach den Aontas atá ina gcónaí i mBallstát eile a gcearta daonlathacha a fheidhmiú go hiomlán.

<p>Marilena Raouna, Leas-Aire Gnóthaí Eorpacha Phoblacht na Cipire</p>

Marilena Raouna, Leas-Aire Gnóthaí Eorpacha Phoblacht na Cipire

Rialacha nua chun cearta toghchánacha i dtoghcháin áitiúla a neartú

Is é príomhaidhm na treorach athbhreithnithe soláthar faisnéise do shaoránaigh a éascú agus forálacha sa reachtaíocht roimhe seo atá as dáta agus imithe i léig ó 1994 a thabhairt cothrom le dáta.

Leis na rialacha nua, éascófar soláthar faisnéise agus neartófar cearta toghchánacha na saoránach, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • faisnéis réamhghníomhach a chur ar fáil do shaoránaigh lena mbaineann faoina gcearta toghchánacha agus faoi na coinníollacha maidir le clárú, lena n-áirítear aistriúcháin fhaisnéiseacha i dteangacha an Aontais a bhfuil tuiscint fhorleathan orthu
  • ceanglais chlárúcháinshimplithe chun próisis chlárúcháin a dhéanamh níos inrochtana agus níos comhsheasmhaí ar fud na mBallstát
  • cosaintí chun cosc a chur ar shaoránaigh a bhaint go huathoibríoch de rollaí toghthóirí a dtíre tionscnaimh nuair a chláraíonn siad thar lear

D’ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair, tá deacrachtaí fós ag saoránaigh shoghluaiste den Aontas a gcearta toghchánacha a fheidhmiú i dtoghcháin do bhardasacha. I measc na bhfadhbanna atá ag saoránaigh shoghluaiste den Aontas, tá deacrachtaí maidir le faisnéis cheart a fháil faoin mbealach a gcearta toghchánacha a fheidhmiú, próisis troma clárúcháin, agus an éifeacht a bhaineann le díchlárú ó thoghcháin sa Bhallstát tionscnaimh.

Na chéad céimeanna eile

Foilseofar an gníomh reachtach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm fiche lá tar éis a fhoilsithe. Beidh dhá bhliain ag na Ballstáit tar éis theacht i bhfeidhm na treorach chun formhór a forálacha a thrasuí ina reachtaíocht náisiúnta.

Cúlra

Foráiltear le Conradh AE agus le Cairt um Chearta Bunúsacha AE go bhfuil an ceart ag saoránaigh an Aontais vótáil agus seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin bhardasacha ina mBallstát cónaithe, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an stáit sin. Tá feidhmiú an chirt sin faoi réir socruithe mionsonraithe arna nglacadh ag an gComhairle, ag gníomhú di d’aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

An 25 Samhain 2021, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh treoir lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad. Tá an togra seo ar cheann de na gnéithe den phacáiste ‘Daonlathas agus Sláine thoghcháin an Aontais’, dá ngairtear an ‘Pacáiste Daonlathais’ freisin.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Bealtaine 2026