Bia agus feirmeoireacht
An chaoi a gcinntíonn an tAontas bia sábháilte ar ardchaighdeán agus an chaoi a gcuireann sé talmhaíocht inbhuanaithe chun cinn.
Tacaíonn an tAontas leis na feirmeoirí le go bhféadfaidh siad bia sláintiúil inacmhainne a chur ar fáil don 450 milliún duine atá ina gcónaí san Aontas agus freisin do dhaoine eile ar fud an domhain.
Spreagann beartas talmhaíochta an Aontais cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe agus cinntíonn sé go bhfuil na táirgí talmhaíochta ar an gcaighdeán is airde.
An tslándáil bia
Is é príomhsprioc chomhbheartas talmhaíochta (CBT) an Aontais go mbeadh bia infhaighte agus inacmhainne. Ós é an beartas is faide ar an bhfód é, cuirtear aon trian de bhuiséad an Aontais i leataobh chuige.
Tháinig fás agus forbairt air i gcaitheamh na mblianta chun freagairt do riachtanais nua an mhargaidh agus do riachtanais nua na dtomhaltóirí, agus tacaíonn sé anois le margadh aonair oscailte do tháirgí talmhaíochta.
Tacaíocht d’fheirmeoirí
Tá dúshláin ar leith roimh earnáil na feirmeoireachta. Cabhraíonn an tAontas leis na feirmeoirí, trí íocaíochtaí díreacha faoi CBT, ionas go mbeidh ioncam seasmhach acu.
A bhuí le cistí an Aontais, bhíomar in ann an fheirm s'againne a fhorbairt. Spreag na cistí sinn freisin leanúint de bheith ag cur fúinn faoin tuath.
Milena Chodnicka, úinéir feirme, an Pholainn
Córais bhia níos inbhuanaithe
Téann earnáil na feirmeoireachta i bhfeidhm go mór ar an gcomhshaol. Ach is air freisin is mó a bhíonn sé ag brath.
Cuireann an tAontas cleachtais inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol chun cinn sa talmhaíocht, faoi chuimsiú an CBT freisin, chun astaíochtaí gás ceaptha teasa na hearnála a laghdú agus chun gur fearr an chosaint a thabharfaí don chomhshaol.
Spreagann sé tomhaltas bia níos inbhuanaithe freisin.
Beartais eile agraibhia
Tá an bia san Aontas sábháilte le hithe a bhuí leis na hardchaighdeáin éifeachtacha rialaithe agus faireacháin. Le rialacha an Aontais, déantar sláinte plandaí agus ainmhithe a chosaint freisin.
Féachann an tAontas chuige go ndéantar oidhreacht talmhaíochta na hEorpa a chosaint. Le scéimeanna cáilíochta, mar shampla na tásca geografacha, déantar táirgí traidisiúnta agus táirgí ardcháilíochta a chosaint.
Leis an maoiniú don fhorbairt tuaithe, tugtar tacaíocht do phobail i gceantair faoi mhíbhuntáiste, rud a chuireann borradh faoi na ceantair sin agus a thugann ugach do dhaoine leanúint orthu ag cur fúthu iontu.
Is iad an tAontas agus na Ballstáit is mó a chuireann chabhair um fhorbairt ar fáil, as measc réigiúin uile an domhain, agus áiríonn sin chun cur i gcoinne an ocrais. Tacaíonn siad le honnmhairí agraibhia na hÚcráine, a bhfuil bac orthu de dheasca chogadh na Rúise.
Na blaisíní breise is déanaí
Rialacha an Aontais a shimpliú
Oiriúnach do 55
Athléimneacht agus cosaint foraoisí
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2026