Cogadh na Rúise ar an Úcráin
Faigh amach faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag tacú leis an Úcráin agus faoi na bearta atá déanta ag an Aontas i gcoinne na Rúise.
Tá an tAontas Eorpach ag seasamh leis an Úcráin ón gcéad lá, agus a ceart bunúsach féinchosanta á fheidhmiú ag an tír ar mhórchogadh foghach na Rúise.
Tá smachtbhannaí nach bhfacthas a leithéid riamh cheana glactha ag an Aontas i gcoinne na Rúise, agus é ag tacú le geilleagar, fórsaí armtha agus sochaí na hÚcráine ag an am céanna.
Síocháin chuimsitheach chóir bhuan
Dhearbhaigh an tAontas go dtacaíonn sé, go leanúnach buanseasmhach, le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá cuid teorainneacha, atá lán-aitheanta go hidirnáisiúnta.
Tacaíonn an tAontas Eorpach le síocháin chuimsitheach chóir mharthanach san Úcráin bunaithe ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus an dlí idirnáisiúnta agus ráthaíochtaí láidre inchreidte slándála don Úcráin mar bhonn taca léi. Níor cheart teorainneacha a athrú le forneart.
Tacaíonn an tAontas leis na hiarrachtaí taidhleoireachta chun deireadh a chur leis an gcogadh agus tá sé réidh chun dlús a chur lena rannpháirtíocht sa chomhthéacs sin. D’iarr sé freisin ar an Rúis aontú do shos cogaidh iomlán neamhchoinníollach láithreach agus dul i mbun caibidlíocht fhóinteach.
An dlúthpháirtíocht leis an Úcráin
Is é an tAontas, in éineacht lena Bhallstáit, an soláthraí is mó tacaíochta airgeadais, eacnamaíche, míleata agus daonnúla atá ag an Úcráin. Cuireadh €220.3 billiún ar fáil go dtí seo, lena n-áirítear:
- €107 mbilliún curtha ar fáil ó bhuiséad an Aontais nó ráthaithe aige
- €77 mbilliún de bhearta cúnaimh mhíleata
- €17 mbilliún de thacaíocht do dhídeanaithe laistigh den Aontas
- €15.5 billiún de thacaíocht ó Bhallstáit an Aontais
- €3.8billiún d'fháltais ó shócmhainní blocáilte na Rúise
Bearta an Aontais chun tacú leis an Úcráin
Smachtbhannaí i gcoinne na Rúise
Tá smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha forchurtha ag an Aontas ar an Rúis, chomh maith le bearta taidhleoireachta agus srianta ar víosaí.
Tá na bearta ceaptha chun bonn eacnamaíoch na Rúise a lagú, teicneolaíochtaí agus margaí criticiúla a bhaint di, agus srian suntasach a chur lena cumas cogadh a fhearadh.
Na smachtbhannaí is déanaí a glacadh
-
2026
23 IúilAn 21ú pacáiste
Toirmeasc ar rochtain ar chalafoirt do 41 shoitheach eile i scáthchabhlach na Rúise, toirmeasc ar idirbhearta le 33 institiúid chreidmheasa agus airgeadais bhreise de chuid na Rúise agus 4 bhanc i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Smachtbhannaí curtha ar 218 nduine aonair agus eintiteas.
-
2026
23 AibreánAn 20ú pacáiste
Toirmeasc ar rochtain ar chalafoirt ag níos mó soithí i scáthchabhlach na Rúise, toirmeasc ar idirbhearta le 20 banc de chuid na Rúise agus ar idirbhearta i gcriptea-airgeadra RUBx. Smachtbhannaí curtha ar 120 duine aonair agus eintiteas.
-
2025
23 Deireadh FómhairAn 19ú pacáiste
Toirmeasc ar allmhairiú gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) ón Rúis, toirmeasc rochtana calafort ar a thuilleadh soithí i scáthchabhlach Putin agus toirmeasc ar idirbhearta le bainc bhreise. Toirmeasc ar 69 nduine aonair.
Tíortha atá ag tacú le cogadh na Rúise
Tá smachtbhannaí glactha ag an Aontas freisin i gcoinne na Bealarúise, na hIaráine agus na Cóiré Thuaidh mar fhreagairt ar a dtacaíocht mhíleata don Rúis.
Tionchar chogadh na Rúise ar mhargaí domhanda
Bhí éifeacht shuaiteach ag cogadh na Rúise ar mhargaí domhanda. Tháinig ardú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh agus bia in 2022 rud a chruthaigh éiginnteacht do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí.
Bhí tíortha an Aontais tapa agus aontaithe maidir le tionchar an chogaidh a mhaolú, agus saoránaigh agus an geilleagar á gcosaint acu.
An scéala is déanaí
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua
- Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin: cúigear breise a thacaíonn le coimpléasc tionsclaíoch míleata na Rúise liostaithe ag an Aontas
- Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
Na blaisíní breise is déanaí
An Úcráin: infheistíocht i dtodhchaí na hEorpa
Tacaíocht mhíleata an Aontais don Úcráin
Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Lúnasa 2026