Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 12 Meitheamh 2026

Na príomhthorthaí

<p>Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire<em></em></p>

Agus ár n-uachtaránacht á tabhairt chun críche againn, is cúis bhróid dom machnamh a dhéanamh ar rannchuidiú na Cipire i réimse na ngnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais. I measc éachtaí eile, d’éirigh linn an pacáiste iasachta suntasach €90 billiún don Úcráin a bhaint amach, chuireamar tús le comhaontú maidir le creat custaim an Aontais a nuachóiriú, agus rinneamar dul chun cinn maidir leis an bpacáiste comhtháthaithe agus maoirseachta margaidh - príomhsprioc insoláthartha do cheannairí an Aontais. D’éirigh leis na hiarrachtaí sin ar fad ár sprioc dheiridh a bhaint amach mar uachtaránacht - Aontas níos uathrialaithí, oscailte don domhan mór.

<p>Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire<em></em></p>

Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire

An sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

Tháinig an Chomhairle, in oirchill na caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa, ar sheasamh maidir leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) a neartú. Is uirlis de chuid an Aontais é an sásra seo chun sceitheadh carbóin a chomhrac agus an dícharbónú a chur chun cinn.

Leis an gcreat nua, leathnófaí raon feidhme SCCT chuig táirgí nua agus dhúnfaí an lúb ar lár a d’fhéadfaí a úsáid chun teacht timpeall ar an gcóras.

Tá an tAontas tiomanta i gcónaí d’astaíochtaí aeráide a laghdú san Aontas agus ar fud an domhain araon. Chun an sprioc sin a bhaint amach, ní mór SCCT a neartú agus deireadh a chur le lúb ar lár a d’fhéadfaí a úsáid chun teacht timpeall ar rialacha sin againne. Déanfaidh seasamh an lae inniu an córas níos stóinsí.

Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire

Cuireann SCCT, atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026, praghas cothrom ar an gcarbón a astaítear le linn táirgeadh earraí allmhairithe sna hearnálacha is déine ar charbón: iarann agus cruach, stroighin, leasacháin, alúmanam, leictreachas agus hidrigin, agus spreagann sé táirgeadh tionsclaíoch níos glaine i dtíortha nach bhfuil san Aontas.

I measc feabhsuithe eile ar an togra bunaidh ón gCoimisiún chun SCCT a neartú, tá beachtú déanta ag an gComhairle ar liosta na dtáirgí nua a gcuirfí an sásra i bhfeidhm maidir leo agus tugann sí sainordú don Choimisiún athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar tháirgí iartheachtacha a d’fhéadfaí a áireamh amach anseo. Sainítear ar bhealach níos beaichte ann freisin an próiseas atá le leanúint agus cinneadh á dhéanamh earra ar leith a dhíolmhú ó chreat SCCT nuair a bhíonn imthosca tromchúiseacha gan choinne os comhair an mhargaidh inmheánaigh.

An t-aontas coigiltis agus infheistíochta

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hAirí faoin bpacáiste um an gcomhtháthú margaidh agus maoirseacht, ar príomhghné den aontas coigiltis agus infheistíochta é. Tá comhaontú maidir leis an bpacáiste sin i measc na gcuspóirí atá sa treochlár ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’.

Is é is aidhm don dréachtreachtaíocht comhtháthú mhargaí caipitil an Aontais a dhoimhniú trí dheireadh a chur le bacainní ar sholáthar trasteorann gníomhaíochtaí infheistíochta agus trí éifeachtúlacht mhaoirseachta a neartú. Ba cheart go gcuideodh sin, dá réir sin, le borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais trí choigilteas príobháideach a shlógadh.

Go háirithe, cuimsítear sna dréachtrialacha bearta atá dírithe ar ról an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) a neartú, lena n-áirítear trína ról i maoirseacht ar leibhéal an Aontais a threisiú i réimsí comhaontaithe - mar atá contrapháirtithe lárnacha suntasacha, taisclanna lárnacha urrús, agus ionaid trádála - agus a rialachas a athchóiriú.

Le linn an phlé, thacaigh go leor airí le maoirseacht ESMA ar rannpháirtithe suntasacha trasteorann sa mhargadh san Aontas, agus chuir siad i bhfios go láidir gur cheart an mhaoirseacht sin a dhíriú ar eintitis a bhfuil fíorthábhacht trasteorann agus/nó shistéamach ag baint leo.

Leag roinnt airí béim ar an ngá atá le critéir chomhréireacha, oibiachtúla agus thrédhearcacha a shainiú chun tábhacht a chinneadh, lena n-áiritheofar cóir chomhionann ar fud na n-eintiteas, lena n-áirítear do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. Ag an am céanna, d’iarr Ballstáit eile go ndéanfaí tuilleadh machnaimh ar chritéar an ghrúpa atá beartaithe. Leag go leor airí béim ar a thábhachtaí atá sé ualaí agus costais riaracháin mhéadaithe do ghnólachtaí a sheachaint.

Maidir le rialachas, phléigh na hairí roinnt na bhfreagrachtaí idir an bord feidhmiúcháin atá beartaithe don ESMA agus an bord maoirseoirí atá ann cheana. Faoin togra ón gCoimisiún, bheadh cúigear comhaltaí ar an mbord feidhmiúcháin nua agus dhíreodh sé ar chúraimí maoirseachta. Choinneodh an bord maoirseoirí atá ann cheana, ar a bhfuil ionadaí ó gach Ballstát de chuid an Aontais, ról straitéiseach níos leithne agus bheadh sé in ann agóid a dhéanamh i gcoinne cuid de na cinntí is tábhachtaí ón mbord feidhmiúcháin.

Cé gur thacaigh roinnt Ballstát leis an togra ón gCoimisiún maidir le ról láidir a bheith ag an mbord feidhmiúcháin chun cinnteoireacht láidir éifeachtach mhaoirseachta ar leibhéal an Aontais a áirithiú, chuir go leor airí i bhfios go láidir gur gá ról fóinteach a chaomhnú do na húdaráis inniúla náisiúnta agus don bhord maoirseoirí, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht iomchuí sa chinnteoireacht mhaoirseachta.

An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis

Rinne na hairí dhá chinneadh faoin gcomhshocrú cobhsaíochta agus fáis, rialacha an Aontais atá ceaptha chun a chinntiú go saothróidh Ballstáit an Aontais airgeadas poiblí fónta agus go gcomhordóidh siad a mbeartais fhioscacha.

Ar an gcéad dul síos, chinn an Chomhairle deireadh a chur leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a bhaineann le Málta, a osclaíodh den chéad uair in 2024, nó é a aisghairm.

Bhí údar leis an gcinneadh aisghairm a dhéanamh ós rud é go bhfuil easnamh ginearálta rialtas Mhálta laghdaithe go rathúil agus go marthanach go dtí faoi bhun 3 % de OTI.

Ar an dara dul síos, ghníomhachtaigh an Chomhairle an clásal éalaithe náisiúnta faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis don Spáinn. Cuideoidh an beart leis an Spáinn a aistriú chuig caiteachas cosanta níos airde ar an leibhéal náisiúnta gan a hinbhuanaitheacht fiachais a chur i mbaol.

Leis an gclásal éalaithe náisiúnta, ceadaítear do Bhallstát imeacht go sealadach ó cheanglais bhuiséadacha mar fhreagairt ar imthosca eisceachtúla nach bhfuil neart acu orthu, agus inbhuanaitheacht fiachais á cinntiú ag an am céanna.

D’fhormheas 17 mBallstát eile a n-iarrataí roimhe seo chun an clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú.

Seimeastar Eorpach 2026: pacáiste an earraigh

Thíolaic an Coimisiún pacáiste Earraigh Sheimeastar Eorpach 2026 a glacadh an 3 Meitheamh.

moltaí tírshonracha sa phacáiste do na Ballstáit uile maidir lena mbeartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha. Meastar go nglacfaidh an Chomhairle na moltaí tírshonracha sin i mí Iúil.

Fogha na Rúise faoin Úcráin

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí faoi staid na himeartha maidir le tionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin, bunaithe ar uasdátú ón gCoimisiún. Is mír rialta í seo ar an gclár oibre ag cruinnithe na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais.

An téarnamh eacnamaíoch san Eoraip

Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar leasuithe spriocdhírithe a thíolaic an Bheilg, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus an Spáinn ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.

Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachtaclár tacaíochta airgeadais mórscála an Aontais, darb aidhm freagairt ar na dúshláin a bhain agus a bhaineann le paindéim COVID-19 i dtaobh gheilleagar na hEorpa. Tá sí ar an gcuid is tábhachtaí de NextGenerationEU, arb ionstraim théarnaimh shealadach é a chuireann ar chumas an Choimisiúin cistí a thiomsú chun an damáiste tobann, idir eacnamaíoch agus shóisialta, a tharla mar gheall ar an bpaindéim a chur ina cheart.

Chun tairbhe a bhaint as an tsaoráid, ní mór do na Ballstáit pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ina leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe acu a chur chun feidhme faoi dheireadh mhí Lúnasa 2026.

Go dtí seo, eisíocadh thart ar €426 bhilliún ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

Cánachas

Mar mhír gan phlé, d’fhormheas an Chomhairle an tuarascáil leathbhliantúil ó ECOFIN chuig an gComhairle Eorpach maidir le saincheisteanna cánach. Thug an tuarascáil forléargas ar an dul chun cinn a rinneadh sa Chomhairle le linn thréimhse Uachtaránacht na Cipire (mí Eanáir go dtí mí an Mheithimh 2026), chomh maith le forléargas ar staid na himeartha i ndáil leis na míreanna is tábhachtaí atá faoi chaibidil i réimse an chánachais.

Ina theannta sin, ghlac na hairí conclúidí maidir leis an dul chun cinn a rinne Meitheal an Aontais um an gCód Iompair maidir le cánachas gnó sa tréimhse ama chéanna.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Meitheamh 2026