Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 5 Bealtaine 2026

Na príomhthorthaí

An chalaois chánach a chomhrac

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le rialacha nua chun comhrac na calaoise cánach breisluacha (CBL) san Aontas a neartú trí dhlús a chur leis an gcomhar idir na Ballstáit, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Leis an gcreat nua, tabharfar rochtain níos dírí do OIPE agus do OLAF ar phríomhshonraí CBL maidir le hidirbhearta gnó trasteorann san Aontas, lena n-áirítear faisnéis atá i seilbh Eurofisc – líonra frith-chalaoise CBL an Aontais.

<p>Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire</p>

Tá dul chun cinn ollmhór déanta againn le blianta beaga anuas maidir le calaois CBL a ghleic. Ach bíonn ár mbuiséid thíos luach na billiúin euro gach bliain agus teastaíonn na huirlisí cearta ó na húdaráis chun dul i ngleic níos tapúla leis na gníomhaíochtaí coiriúla sin. Le comhaontú an lae inniu, beidh rochtain ag comhlachtaí imscrúdaitheacha an Aontais ar an eolas spriocdhírithe a theastaíonn uathu chun dul sa tóir ar choirpigh go tapa agus chun ioncam náisiúnta agus ioncam an Aontais a théann chun tairbhe dúinn go léir a chosaint.

<p>Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire</p>

Makis Keravnos, Aire Airgeadais Phoblacht na Cipire

An t-aontas coigiltis agus infheistíochta

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hAirí faoin bpacáiste um an gcomhtháthú margaidh agus maoirseacht, ar príomhghné den aontas coigiltis agus infheistíochta é, agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeidh treoir pholaitiúil bhreise ina leith freisin. Is cuid den treochlár ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’ freisin é an pacáiste, agus iarrtar go nglacfaí go críochnaitheach é faoi dheireadh 2026.

Is é is aidhm don dréachtreachtaíocht comhtháthú mhargaí caipitil an Aontais a dhoimhniú trí dheireadh a chur le bacainní ar sholáthar trasteorann gníomhaíochtaí infheistíochta agus trí éifeachtúlacht mhaoirseachta a neartú. Ba cheart go gcuideodh sin, dá réir sin, le borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais trí choigilteas príobháideach a shlógadh

Go háirithe, cuimsítear sna dréachtrialacha bearta darb aidhm ról an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí a neartú, agus a ról sa mhaoirseacht ar leibhéal an Aontais a threisiú i réimsí comhaontaithe agus a rialachas a athchóiriú.

Ar an iomlán, d’aithin na hairí gur gá spriocanna an phacáiste maidir le comhtháthú agus maoirseacht an mhargaidh a bhaint amach. Leag go leor acu béim ar a thábhachtaí atá sé an dúbailt agus costais mhéadaithe a sheachaint, chomh maith leis an ngá atá leis an gcothromaíocht cheart a bhaint amach idir uaillmhian agus luas.

Bhí na Ballstáit uile ar aon fhocal maidir le cuspóirí uileghabhálacha na reachtaíochta atá beartaithe, agus chuir siad tuairimí an-éagsúil in iúl maidir le leibhéal iomchuí láraithe, raon feidhme agus maoirseachta an Aontais. Leag roinnt Ballstát béim freisin ar an ngá atá le teacht ar chomhaontú maidir leis an bpacáiste deiridh faoi dheireadh 2026.

Fogha na Rúise faoin Úcráin

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí faoi staid na himeartha maidir le tionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin, bunaithe ar uasdátú ón gCoimisiún. Is mír rialta í seo ar an gclár oibre ag cruinnithe na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais.

Díríodh sa phlé ar chur chun feidhme oibríochtúil na hiasachta €90 billiún ón Aontas don Úcráin, a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach i mí na Nollag 2025 agus ar cuireadh bailchríoch ar an gcreat reachtach lena ngabhann an 23 Aibreán 2026.

Maoineofar an iasacht trí iasachtaíocht an Aontais ar na margaí caipitil, agus tacófar léi le lamháil bhuiséad an Aontais. Tá an iasacht le haisíoc trí chúiteamh atá dlite ag an Rúis don Úcráin.

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar na leasuithe spriocdhírithe a chuir an Danmhairg faoina bráid le haghaidh a plean téarnaimh agus athléimneachta.

Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta clár tacaíochta airgeadais mórscála an Aontais, darb aidhm freagairt ar na dúshláin a bhain agus a bhaineann le paindéim COVID-19 i dtaobh gheilleagar na hEorpa. Tá sí ar an gcuid is tábhachtaí de NextGenerationEU, arb ionstraim théarnaimh shealadach é a chuireann ar chumas an Choimisiúin cistí a thiomsú chun an damáiste tobann, idir eacnamaíoch agus shóisialta, a tharla mar gheall ar an bpaindéim a chur ina cheart.

Chun tairbhe a bhaint as an tsaoráid, ní mór do na Ballstáit pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ina leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe acu a chur chun feidhme faoi dheireadh mhí Lúnasa 2026.

Go dtí seo, eisíocadh thart ar €398 bhilliún ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

Na cruinnithe idirnáisiúnta

Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi phríomhthorthaí chruinniú airí airgeadais agus ghobharnóirí bainc ceannais G20, a bhí ar siúl an 16 Aibreán ar imeall chruinnithe earraigh CAI agus an Bhainc Dhomhanda in Washington DC.

An t-idirphlé le comhpháirtithe réigiúnacha

Rinneadh an t-idirphlé bliantúil eacnamaíoch agus airgeadais le comhpháirtithe réigiúnacha ar imeall chruinniú na Comhairle.

Phléigh an Uachtaránacht reatha agus an dá uachtaránacht inteachta (an Chipir, Éire agus an Liotuáin) chomh maith leis an gCoimisiún, an Banc Ceannais Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta, comhpháirtithe na mBalcán Thiar, an Mholdóiv agus an Úcráin mar bhreathnóir forbairtí eacnamaíocha, dúshláin agus pleananna beartais.

Ghlac rannpháirtithe an idirphlé conclúidí comhpháirteacha le treoir beartais spriocdhírithe do gach comhpháirtí rannpháirteach.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Bealtaine 2026