Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 10 Iúil 2026

Na príomhthorthaí

Aontas coigiltis agus infheistíochta

<p>Simon Harris, an Tánaiste, Aire Airgeadais na hÉireann<em></em></p>

Léiríonn an tiomantas a chuir na hairí in iúl d’aon toil an mhian láidir pholaitiúil atá ann teacht ar chomhaontú maidir leis an bpacáiste um an gcomhtháthú margaidh agus maoirseacht i mbliana, agus aithnítear nach mór comhréiteach ó na Ballstáit chun é sin a bhaint amach. Tá muinín agam gur féidir linn teacht ar chomhaontú a rachaidh chun tairbhe do na Ballstáit uile, agus a chuirfidh margaí caipitil níos doimhne agus níos éifeachtúla ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais.

<p>Simon Harris, an Tánaiste, Aire Airgeadais na hÉireann<em></em></p>

Simon Harris, an Tánaiste, Aire Airgeadais na hÉireann

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí faoin bpacáiste um an gcomhtháthú margaidh agus maoirseacht, ar príomhghné den aontas coigiltis agus infheistíochta é. Tá comhaontú maidir leis an bpacáiste sin ar cheann de na cuspóirí atá sa treochlár ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’.

Ar bhonn nóta stiúrtha ón Uachtaránacht, chuir na hairí a tiomantas soiléir polaitiúil in iúl seasamh caibidlíochta láidir uaillmhianach ón gComhairle a bhaint amach maidir leis an bpacáiste faoi mhí Dheireadh Fómhair agus tháinig siad ar chomhaontú i gcoitinne maidir leis na saincheisteanna lárnacha beartais a bheidh le réiteach chun an sprioc sin a bhaint amach.

Leag na Ballstáit amach a dtosaíochtaí don chaibidlíocht atá ar na bacáin. Thug Ecofin an seisiún tuairimíochta dá aire, agus déanfaidh an Uachtaránacht a marana ar na hábhair a tarraingíodh anuas agus an amlíne a d’fhormhuinigh na hairí fós á hurramú aici.

Shainordaigh an Chomhairle a foirne teicniúla dlús a chur lena gcuid oibre chun go gcomhlíonfaí an uaillmhian a leag airí airgeadais an Aontais amach.

Is é is aidhm don dréachtreachtaíocht maidir le comhtháthú margaidh agus maoirseacht comhtháthú mhargaí caipitil an Aontais a dhoimhniú trí dheireadh a chur le bacainní ar sholáthar trasteorann gníomhaíochtaí infheistíochta agus trí éifeachtúlacht mhaoirseachta a neartú. Ba cheart go gcuideofaí, leis sin, le borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais trí choigilteas príobháideach a shlógadh.

Go háirithe, cuimsítear sna dréachtrialacha bearta atá dírithe ar ról an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) a neartú, lena n‑áirítear trína ról i maoirseacht ar leibhéal an Aontais a threisiú i réimsí comhaontaithe do ghníomhaithe lárnacha sa mhargadh, cuir i gcás contrapháirtithe lárnacha suntasacha, taisclanna lárnacha urrús, agus ionaid trádála agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, agus a rialachas a athchóiriú.

Tosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann

Chuir Uachtaránacht na hÉireann an clár oibre don dara leath den bhliain i réimse na ngnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais i láthair.

Go háirithe, d’fhógair Uachtaránacht na hÉireann go mbeidh a cuid oibre á treorú ag trí thosaíocht uileghabhálacha: an t‑iomaíochas, luachanna agus an tslándáil, i gcomhréir le Clár Oibre Straitéiseach 2024-2029 an Aontais.

Sa réimse eacnamaíoch agus airgeadais, leagfaidh Éire béim ar iomaíochas, athléimneacht agus acmhainneacht an Aontais a neartú chun go mbeifear in ann freagairt do thimpeallacht gheopholaitiúil agus eacnamaíoch atá ag éirí níos dúshlánaí.

Léiríonn na tosaíochtaí atá ag ár n‑uachtaránacht na dúshláin mhóra atá os comhair an Aontais, ach léiríonn siad freisin na deiseanna atá ann nuair a ghníomhaíonn an Eoraip as lámha a chéile. Tá clár oibre uaillmhianach leagtha amach agam don chuid eile den bhliain seo, i gcomhréir leis na spriocanna atá sa treochlár ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’. Chun go n-éireoidh leis sin, beidh ar na Ballstáit uile, agus ar gach institiúid, teacht le chéile de mheon an chomhréitigh agus dul i mbun oibre go dian dícheallach. Ó thaobh na hÉireann de, táimid faoi réir sár-iarracht a dhéanamh chun an obair atá ar bun a bhrú ar aghaidh ar mhaithe le hAontas slán iomaíoch, a mbeidh luachanna Eorpacha ina chroílár.

Simon Harris, an Tánaiste, Aire Airgeadais na hÉireann

An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis

Chinn na hairí tús a chur le nós imeachta um easnamh iomarcach maidir leis an mBulgáir. Ghlac siad moladh freisin don Bhulgáir ina leagtar amach an chonair ghlanchaiteachais agus an amlíne ba cheart a leanúint chun deireadh a chur lena heasnamh iomarcach faoi 2029.

Tá sásra an nós imeachta um easnamh iomarcach ceaptha chun a chinntiú go bhfillfidh Ballstáit an Aontais ar bhuiséid a rialtas nó go gcoinneoidh siad smacht orthu. Seoltar nósanna imeachta nuair a bhíonn easnamh rialtais ag Ballstát ar mó é ná luach tagartha de 3% de OTI, i gcomhréir le hAirteagal 126(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Is é is cúis leis an gcinneadh ón gComhairle tús a chur le nós imeachta um easnamh iomarcach go meastar go mbeidh easnamh rialtais na Bulgáire in 2026 dar méid 4.1% de OTI, agus go leanfaidh sé de bheith os cionn 3% de OTI in 2027. Ní hé an úsáid a bhaineann an Bhulgáir as an gclásal éalaithe náisiúnta le haghaidh caiteachas cosanta faoin gcomhshocrú cobhsaíochta agus fáis is cúis go hiomlán leis an mbarrachas a bheith os cionn na tairsí 3%.

Sa mholadh uaithi, sonraíonn an Chomhairle gur cheart don Bhulgáir, dá bhrí sin, gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh agus na bearta is gá a thíolacadh faoin 15 Deireadh Fómhair 2026 chun a heasnamh a laghdú. Ba cheart don Bhulgáir a chinntiú freisin nach mó a ráta fáis glanchaiteachais ainmniúil ná 4.2% in 2026, 7.7% in 2027 ná 11.4% in 2028 ná 15% in 2029.

Seimeastar Eorpach 2026

Ghlac an Chomhairle a moltaí maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha gach Ballstáit, mar chuid de phróiseas Sheimeastar Eorpach 2026.

I mbliana, leagtar béim ar leith sna moltaí tírshonracha ar an iomaíochas, ar an tslándáil fuinnimh, ar an tslándáil eacnamaíoch, ar an ullmhacht cosanta agus ar an gcothroime shóisialta.

Ar an gcaoi sin, moltar do na Ballstáit príomhthosaíochtaí a chur chun cinn chun tacú leis an iomaíochas, cur chun feidhme tapa chistí an bheartais comhtháthaithe a chinntiú agus leanúint d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí a dtacaítear leo faoin tsaoráid téarnaimh agus athléimneachta.

Dírítear i moltaí fioscacha eile ar chonairí na mBallstát i dtreo airgeadas poiblí sláintiúil a bhaint amach nó a choinneáil ar bun, agus ar bhearta a bhaineann le fuinneamh a chur chun feidhme go stuama laistigh de theorainneacha rialacha rialachais eacnamaíoch an Aontais.

D’fhormheas an Chomhairle freisin na conclúidí maidir le grinn-athbhreithnithe 2026 faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Is é is aidhm don nós imeachta sin míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a thagann chun cinn agus a d’fhéadfadh a bheith díobhálach a shainaithint, a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu, ós rud é go bhféadfadh tionchar a bheith ag na míchothromaíochtaí sin ar an gcobhsaíocht eacnamaíoch i mBallstát ar leith, sa limistéar euro, nó san Aontas ina iomláine.

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

D’fhormheas an Chomhairle plean nua téarnaimh agus athléimneachta don Ungáir.Leis an bplean nua, ba cheart go bhféadfaí €10 mbilliún a eisíoc leis an Ungáir, comhdhéanta de thart ar €6.5 billiún i ndeontais agus thart ar €3.5 billiún in iasachtaí.

Tugtar an formheas sin tar éis don Ungáir a plean nua a thíolacadh le déanaí nuair ba léir, de bharr na moilleanna a bhí ann i dtaca leis na sár-gharspriocanna a bhí sa phlean a bhí ag an Ungáire roimhe seo a chomhlíonadh, nárbh fhéidir cloí leis an bplean a thuilleadh mar gheall ar chostais níos airde mar thoradh ar luaineacht praghsanna fuinnimh, athruithe gan choinne ar imthosca geopholaitiúla, dúshláin cur chun feidhme gan choinne, moilleanna mar thoradh ar shrianta ama nó ar bhrúnna sceidealaithe, chomh maith le hábhair eile.

Ag an am céanna, d’fhormheas na hairí leasuithe spriocdhírithe ar phleananna náisiúnta na Cipire, na Fionlainne, na Gearmáine, na Laitvia, na Liotuáine, Lucsamburg, na hÍsiltíre agus na Slóivéine.

Leagtar amach sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta cláir oibre náisiúnta athchóirithe agus infheistíochta i gcomhthéacs na saoráide téarnaimh agus athléimneachta – croílár NextGenerationEU, ionstraim shealadach an Aontais chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a éascú agus a luathú sna Ballstáit, agus an athléimneacht, an comhtháthú agus an fás inbhuanaithe á méadú ag an am céanna.

Chun tairbhe a bhaint as an tsaoráid, ní mór do na Ballstáit pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ina leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe acu a chur chun feidhme faoi dheireadh mhí Lúnasa 2026.

Go dtí seo, eisíocadh thart ar €429 mbilliún ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

Rialachas eacnamaíoch

Leag an Chomhairle síos conair ghlanchaiteachais uasta na hÍsiltíre, ar gné lárnach dá plean struchtúrach fioscach meántéarmach í.

Faoi chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, atá i bhfeidhm ó dheireadh mhí Aibreáin 2024, iarrtar ar na Ballstáit pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a thíolacadh a chumhdaíonn idir 4 bliana agus 5 bliana, ag brath ar a dtimthriall toghchánach.

Is bunchloch de chreat nua rialachais eacnamaíoch an Aontais iad na pleananna, ina bhfuil conair fhioscach na mBallstát, mar aon leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe.

Is iad na conairí glanchaiteachais, mar atá leagtha síos ag an gComhairle, an táscaire oibríochtúil is tábhachtaí le haghaidh faireachas fioscach ar leibhéal an Aontais. Leis an srian buiséadach sin, leagfar amach beartais fhioscacha náisiúnta na hÍsiltíre go dtí 2030, agus cuideofar lena chinneadh an bhfuil airgeadas sláintiúil á choinneáil ar bun aici.

Fogha na Rúise faoin Úcráin

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí faoi staid na himeartha maidir le tionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin, bunaithe ar uasdátú ón gCoimisiún. Is mír rialta í seo ar an gclár oibre ag cruinnithe na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Iúil 2026