An sásra Aontais um chosaint shibhialta i bhfigiúirí
Tá an sásra Aontais um chosaint shibhialta ina chúnamh ag tíortha an Aontais agus ag tíortha nach bhfuil san Aontas freagairt ar éigeandálaí amhail tubaistí nádúrtha, géarchéimeanna sláinte nó coinbhleachtaí. Is féidir le tíortha cúnamh a iarraidh tríd an sásra nuair a threascraíonn éigeandáil a gcumas freagartha.
Rinneadh an sásra a ghníomhachtú 114 uair in 2021 agus 102 uair in 2020, i gcomparáid le 20 uair in 2019. Ba é líon na ngníomhachtuithe in 2020 agus in 2021 an líon ba mhó i stair an tsásra. Ba í paindéim COVID-19 is mó ba chúis leis an méadú suntasach sin.
Gníomhachtuithe an tsásra ar fud an domhain in 2021
Léirítear sa léarscáil seo na 84 thír a fuair cúnamh in 2021 trí tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Rinne formhór na dtíortha iarratas amháin ar chúnamh nó dhá cheann ach rinne roinnt acu suas le ceithre hiarratas.
Roinntear na tíortha ina dtrí chatagóir:
- Gníomhachtuithe a bhaineann le COVID-19
- Gníomhachtuithe a bhaineann le COVID-19 agus gníomhachtuithe eile
- Cineálacha eile gníomhachtuithe
Tar éis do thír iarratas a dhéanamh ar chúnamh, cuireann an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha cúnamh nó saineolas ar fáil. Déanann lárionad faireachán ar imeachtaí ar fud an domhain 24/7 agus cinntítear go gcuirfear tacaíocht éigeandála ar fáil go tapa trí nasc díreach leis na húdaráis náisiúnta cosanta sibhialta.
Tacaítear le hoibríochtaí cosanta sibhialta trí learscáileanna satailíte a chuireann an tSeirbhís Bainistithe Éigeandála Copernicus le chéile.
In 2021, rinne 84 thír agus eagraíocht idirnáisiúnta (UNICEF) iarratas ar chúnamh. As 114 ghníomhachtú san iomlán, bhí 36 díobh laistigh den Aontas agus bhí 78 díobh lasmuigh den Aontas.
Gníomhachtuithe an tsásra 2007-2021
Gníomhachtuithe idir 2007 agus 2021:
- 18 in 2007
- 20 in 2008
- 28 in 2009
- 28 in 2010
- 18 in 2011
- 21 in 2012
- 16 in 2013
- 18 in 2014
- 19 in 2015
- 26 in 2016
- 32 in 2017
- 20 in 2018
- 20 in 2019
- 102 in 2020
- 114 in 2021
In 2020 agus in 2021, úsáideadh an sásra Aontais um chosaint shibhialta chun COVID-19 a chomhrac den chuid is mó agus áiríodh ann:
- 127 ghníomhachtú le haghaidh trealamh cosanta pearsanta nó leighis, tástálacha diagnóiseacha, foirne leighis, cógais leighis agus vacsaíní
- 31 ghníomhachtú chun saoránaigh an Aontais atá sáinnithe thar lear a aisdúichiú
Rinneadh an sásra sin a ghníomhachtú freisin chun cabhrú le tíortha déileáil le tubaistí nádúrtha amhail dóiteáin foraoise, tuilte, truailliú mara, brúchtaí bolcánacha, dálaí adhaimsire agus stoirmeacha.
Gníomhachtú an tsásra de réir chineál na guaise 2007-2021
Gníomhachtaíodh an sásra idir 2007 agus 2019 gach bliain ar an meán:
- 6.5 uair mar gheall ar dhóiteán foraoise
- 3.6 uair mar gheall ar thuilte
- 2.1 uair mar gheall ar chorraíl shibhialta, coinbhleachtaí, daoine easáitithe ina dtír féin, dídeanaithe
- 1.8 uair mar gheall ar adhaimsir nó stoirmeacha
- 1.6 uair mar gheall ar chreathanna talún
- 1.1 uair ar chúiseanna bitheolaíocha/leighis
- 0.6 uair le haghaidh tacaíocht chonsalach
- 0.4 uair le haghaidh truailliú muirí
- 0.2 uair le haghaidh brúchtaí bolcánacha
- 4 huaire ar chúiseanna eile
In 2020 gníomhachtaíodh an sásra:
- 58 n-uaire ar chúiseanna bitheolaíocha/leighis
- 27 uair le haghaidh tacaíocht chonsalach
- 7 uair mar gheall ar adhaimsir nó stoirmeacha
- 3 uair mar gheall ar thuilte
- 3 uair mar gheall ar chorraíl shibhialta, coinbhleachtaí, daoine easáitithe ina dtír féin, dídeanaithe
- 2 uair mar gheall ar chreathanna talún
- uair amháin mar gheall ar dhóiteán foraoise
- uair amháin mar gheall ar chúis eile
In 2021 gníomhachtaíodh an sásra:
- 71 uair ar chúiseanna leighis/bitheolaíocha
- 15 uair le haghaidh tacaíocht chonsalach
- 9 n-uaire mar gheall ar dhóiteán foraoise
- 4 huaire le haghaidh brúchtaí bolcánacha
- 4 uair le haghaidh truailliú muirí
- 3 uair mar gheall ar thuilte
- 2 uair mar gheall ar chorraíl shibhialta, coinbhleachtaí, daoine easáitithe ina dtír féin, dídeanaithe
- uair amháin mar gheall ar chreathanna talún
- 5 huaire ar chúiseanna eile
Rinneadh an sásra um chosaint shibhialta a ghníomhachtú níos mó ná 500 uair idir 2007 agus 2021. In 2020 agus in 2021, bhí cúig oiread níos mó iarratas ar chúnamh i gcomparáid le meánlíon na n-iarratas idir 2007 agus 2019. Tháinig méadú suntasach ar ghníomhachtuithe bitheolaíocha agus leighis agus ar thacaíocht chonsalach i gcomparáid leis na blianta roimhe sin.
Is é paindéim COVID-19 is mó is cúis leis an méadú sin. In 2021, chuir an tacaíocht chonsalach chun saoránaigh an Aontais a aslonnú de bharr coinbhleachtaí leis an méadú freisin.
Tuilleadh eolais:
- Cosaint shibhialta an Aontais (eolas cúlra)
- Mar a fhreagraíonn an tAontas ar ghéarchéimeanna agus a chuireann sé leis an athléimneacht (eolas cúlra)
- Comhordú géarchéime sa Chomhairle (eolas cúlra)
- An sásra Aontais um chosaint shibhialta (An Coimisiún Eorpach)
- Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (an Coimisiún Eorpach)
- Seirbhís Bainistithe Práinne Copernicus (an Coimisiún Eorpach)