Skip to content

Oiriúnach do 55

Fágfaidh an dlí aeráide Eorpach gur oibleagáid dhlíthiúil a bheidh ann sprioc aeráide an Aontais a bhaint amach, is é sin laghdú 55%, ar a laghad, a dhéanamh ar astaíochtaí an Aontais faoi 2030. Ghlac tíortha an Aontais reachtaíocht nua chun an sprioc sin a bhaint amach agus chun go mbeidh an tAontas aeráidneodrach faoi 2050.

Cad é an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’?

Is tacar é an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ arb é is aidhm dó astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 55%, ar a laghad, faoi 2030 agus an tAontas a chur ar an mbealach chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Leis an bpacáiste, déantar an méid seo a leanas:

  • aistriú atá cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de a chinntiú
  • nuálaíocht agus iomaíochas thionsclaíocht an Aontais a choinneáil agus a neartú agus cothrom iomaíochta i leith oibreoirí eacnamaíocha tríú tíortha a chinntiú ag an am céanna
  • taca a chur faoi sheasamh an Aontais mar cheannródaí sa chomhrac domhanda i gcoinne an athraithe aeráide

An Chomhairle mar chomhreachtóir

Chuir an Coimisiún Eorpach tograí an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ i láthair agus pléadh ansin iad ar an leibhéal teicniúil laistigh de mheithleacha na Comhairle atá freagrach as na réimsí beartais lena mbaineann.

Ina dhiaidh sin, phléigh ambasadóirí Bhallstáit an Aontais iad in Coreper chun an bealach a réiteach do chomhaontuithe idir na 27 mBallstát. Phléigh airí an Aontais a gcuid tuairimí, i bhfoirmíochtaí éagsúla den Chomhairle, chun teacht ar chomhaontú maidir le comhsheasamh i ndáil le gach togra atá beartaithe.

Ag eascairt as an ngnáthnós imeachta reachtach, chuaigh an Chomhairle i mbun caibidlíochta ansin le Parlaimint na hEorpa chun comhaontú comhchoiteann a aimsiú i bhfianaise ghlacadh chríochnaithigh na ngníomhartha reachtacha.

Mínítear sa ghrafaic eolais an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, príomhréimsí gníomhaíochta an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an próiseas cinnteoireachta chun dlí an Aontais a dhéanamh de na tograí.
Oiriúnach do 55: an chaoi a ndéanfaidh an tAontas dlí de spriocanna aeráide (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: an chaoi a ndéanfaidh an tAontas dlí de spriocanna aeráide (Grafaic faisnéise)

Cad atá san áireamh sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’?

Leagan téacs

Íomhánna déthreo ina bhfuil deilbhíní nasctha le grafaicí faisnéise. Tá gach deilbhín nasctha le grafaic faisnéise amháin ina mínítear togra nó dhó atá sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’.

Córas trádála astaíochtaí an Aontais

Is margadh carbóin é Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) atá bunaithe ar chóras teorannaithe agus trádála lamháltas astaíochtaí do thionscail dianfhuinnimh agus don earnáil giniúna cumhachta. Is é príomhuirlis an Aontais é chun aghaidh a thabhairt ar laghduithe astaíochtaí.

Is é ab aidhm don phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ CTA AE a athchóiriú trína dhéanamh níos uaillmhianaí. Ar na forálacha nua tá:

  • astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar muirí a leathnú
  • lamháltais astaíochtaí a laghdú níos tapúla sa chóras agus deireadh a chur de réir a chéile le lamháltais saor in aisce do roinnt earnálacha
  • an scéim dhomhanda fritháirimh agus laghdaithe carbóin don eitlíocht idirnáisiúnta (CORSIA) a chur chun feidhme trí CTA AE
  • an cistiú atá ar fáil ón gciste don nuachóiriú agus ón gciste don nuálaíocht a mhéadú
  • athbhreithniú ar an gcúlchiste cobhsaíochta margaidh

Ina theannta sin, cruthaítear córas trádála astaíochtaí neamhspleách nua d’fhoirgnimh, d’iompar de bhóthar agus do bhreoslaí le haghaidh earnálacha breise.

Ghlac an Chomhairle Comhshaoil cur chuige ginearálta maidir leis an athbhreithniú ar CTA AE i mí an Mheithimh 2022. I mí na Nollaig 2022, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa. Áiríodh leis sin méadú go 62% ar uaillmhian fhoriomlán na laghduithe ar astaíochtaí faoi 2030 sna hearnálacha a chumhdaítear le CTA AE, i gcomparáid leis an sprioc 61% a mhol an Coimisiún.

I mí na Nollag 2022, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach freisin maidir leis an athbhreithniú ar rialacha chóras trádála astaíochtaí an Aontais (CTA AE) a bhfuil feidhm acu maidir le hearnáil na heitlíochta. Leis an gcomhaontú seo, cinntíodh go rannchuidíonn an eitlíocht le cuspóirí an Aontais maidir le hastaíochtaí a laghdú faoi Chomhaontú Pháras.

Ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh, mar chuid de CTA AE, i mí an Mhárta 2023. Ghlac sí an t-athbhreithniú ar CTA AE go foirmiúil i mí Aibreáin 2023.

Mínítear sa ghrafaic faisnéise an t-athchóiriú ar chóras an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí, na hearnálacha a chumhdaítear leis, na hathruithe a thiocfaidh as an athchóiriú agus an chaoi a gcuirfidh sé leis an aeráidneodracht.
Oiriúnach do 55: athchóiriú ar chóras an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: athchóiriú ar chóras an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí (Grafaic faisnéise)

I i mí na Nollag 2022, ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le fógra a thabhairt faoi cheanglais fritháirithe CORSIA. Is scéim dhomhanda é CORSIA (Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta) chun astaíochtaí CO2 ón eitlíocht idirnáisiúnta a fhritháireamh, ar scéim í ina bhfuil Ballstáit an Aontais rannpháirteach.

Ciste aeráide sóisialta

Is é is aidhm don chiste aeráide sóisialta aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta agus dáileacháin an chórais nua trádála astaíochtaí atá beartaithe d’fhoirgnimh agus iompar de bhóthar.

Bunaithe ar phleananna aeráide sóisialta atá le forbairt ag na Ballstáit, is é is aidhm don chiste bearta tacaíochta agus infheistíochtaí a chur ar fáil ar mhaithe leis na grúpaí leochaileacha seo a leanas:

  • líonta tí
  • micrifhiontair
  • úsáideoirí iompair

Is féidir leis an gciste tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach a chumhdach chomh maith. Cuid de bhuiséad an Aontais atá sa chiste agus cuirtear ioncam sannta seachtrach suas go huasmhéid €65 bhilliún leis.

Tháinig airí comhshaoil an Aontais ar chomhaontú maidir leis an seasamh caibidlíochta ón gComhairle i ndáil leis an gciste aeráide sóisialta a chruthú i mí an Mheithimh 2022. I mí na Nollag 2022, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis an togra le haghaidh an chiste. Ghlac an Chomhairle na rialacha nua i mí Aibreáin 2023.

Sa ghrafaic faisnéise léirítear príomhghnéithe an chiste aeráide shóisialta atá beartaithe, ciste darb aidhm tacú leis na saoránaigh agus na gnólachtaí is mó a ndéanann rialacha nua CTA maidir le foirgnimh, iompar de bhóthar agus breoslaí difear dóibh.
Oiriúnach do 55: ciste chun tacú leis na saoránaigh agus na gnólachtaí is mó a ndéantar difear dóibh (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: ciste chun tacú leis na saoránaigh agus na gnólachtaí is mó a ndéantar difear dóibh (Grafaic faisnéise)

Sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

Is é an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) uirlis an Aontais chun sceitheadh carbóin a chomhrac. Cuireann an córas seo praghas cóir ar an gcarbón a astaítear le linn táirgeadh earraí allmhairithe sna hearnálacha is déine ar charbón ­– iarann agus cruach, stroighin, leasacháin, alúmanam, leictreachas agus hidrigin, agus spreagann sé táirgeadh tionsclaíoch níos glaine i dtíortha nach bhfuil san Aontas.

Ghlac an Chomhairle an Rialachán maidir le SCCT go foirmiúil i mí Aibreáin 2023 agus tháinig sé i bhfeidhm go hiomlán an 1 Eanáir 2026.

I mí Mheán Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle tacar athruithe chun SCCT a shimpliú agus chun an rómhaorlathas a laghdú, mar chuid de phacáiste reachtach Omnibus I. Tháinig an rialachán i bhfeidhm an 20 Deireadh Fómhair 2025.

I mí na Nollag 2025, mhol an Coimisiún Eorpach bearta breise chun an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a neartú agus a leathnú.

An 12 Meitheamh 2026, chomhaontaigh an Chomhairle an seasamh uaithi maidir leis an togra. Tacaíonn an Chomhairle le leathnú SCCT chuig táirgí iartheachtacha roghnaithe agus liosta na dtáirgí a chumhdaítear á bheachtú ag an am céanna. Tacaíonn sé freisin le bearta nua frith-imchéimniúcháin a thabhairt isteach agus soiléiríonn sé na coinníollacha faoina bhféadfar díolúintí sealadacha a dheonú in imthosca eisceachtúla.

Léaráid de shimléir monarchan a astaíonn deatach in aice le carn ard bonn, arna bhforleagan le ciorcal réaltaí ar nós an Aontais.
Míniú ar an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

Míniú ar an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

Spriocanna na mBallstát maidir le hastaíochtaí a laghdú

Leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, leagtar síos spriocanna ceangailteacha bliantúla maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa do na Ballstáit in earnálacha nach gcumhdaítear faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) ná faoin Rialachán maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF). Áirítear ar na hearnálacha sin:

  • iompar de bhóthar agus iompar muirí intíre
  • foirgnimh
  • talmhaíocht
  • dramhaíl
  • tionscail bheaga

Leis na rialacha nua, mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, méadófar an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa ar leibhéal an Aontais do 2030 ó 29% go 40%, i gcomparáid le 2005, sna hearnálacha lena mbaineann. Tabharfaidh siad na spriocanna náisiúnta cothrom le dáta dá réir sin.

Tháinig airí comhshaoil an Aontais ar chomhaontú maidir le seasamh caibidlíochta ón gComhairle maidir leis na rialacha athbhreithnithe an 29 Meitheamh 2022. I mí na Samhna 2022, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa. Ghlac an Chomhairle an rialachán i mí an Mhárta 2023.

Sa ghrafaic faisnéise, feictear figiúirí agus sonraí a bhaineann le rialacha nua atá beartaithe darb aidhm astaíochtaí gás ceaptha teasa i bpríomhearnálacha eacnamaíocha a laghdú.
Oiriúnach do 55: astaíochtaí ó iompar, foirgnimh, talmhaíocht agus dramhaíl (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: astaíochtaí ó iompar, foirgnimh, talmhaíocht agus dramhaíl (Grafaic faisnéise)

Astaíochtaí agus aistrithe a eascraíonn as gníomhaíochtaí a bhaineann le húsáid talún, le hathrú ar úsáid talún agus leis an bhforaoiseacht

Leis an rialachán maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF), leagtar amach gealltanas ceangailteach don Aontas astaíochtaí a laghdú agus aistrithe a mhéadú in earnálacha na húsáide talún agus na foraoiseachta. Leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, tá na forálacha níos uaillmhianaí.

Leagtar síos leis na rialacha nua sprioc mhéadaithe ar leibhéal an Aontais de 310 milliún tona, ar a laghad, de choibhéis CO2 glan-aistrithe gás ceaptha teasa do 2030. Sainítear spriocanna ceangailteacha náisiúnta do gach Ballstát.

Ghlac an Chomhairle Comhshaoil cur chuige ginearálta maidir le rialachán athbhreithnithe LULUCF an 29 Meitheamh 2022. Thángthas ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa i mí na Samhna 2022. Ghlac an Chomhairle an rialachán i mí an Mhárta 2023.

Mínítear sa ghrafaic faisnéise cén chaoi, le hathbhreithniú ar rialachán LULUCF, a leagtar síos rialacha maidir le laghduithe astaíochtaí agus aistrithe carbóin in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta.
Oiriúnach do 55: spriocanna aeráide in earnáil na húsáide talún agus na foraoiseachta (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: spriocanna aeráide in earnáil na húsáide talún agus na foraoiseachta (Grafaic faisnéise)

Caighdeáin CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna

Is ó ghluaisteáin agus veaineanna a thagann 15% d’astaíochtaí iomlána dé-ocsaíde carbóin san Aontais. Mar chuid den phacáiste 55, ghlac an tAontas rialacha nua lena rialaítear astaíochtaí CO2 ó na feithiclí sin.

Tugtar isteach leis an rialachán spriocanna forchéimnitheacha laghdaithe astaíochtaí ar fud an Aontais do ghluaisteáin agus veaineanna do 2030 agus ina dhiaidh sin, lena n-áirítear sprioc laghdaithe 100% do ghluaisteáin agus veaineanna nua do 2035.

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir leis an togra i mí an Mheithimh 2022. Thángthas ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa i mí Dheireadh Fómhair 2022. Ghlac an Chomhairle an rialachán i mí an Mhárta 2023.

Mínítear sa ghrafaic faisnéise sprioc nua an Aontais maidir le hastaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna, an fáth a bhfuil tábhacht léi agus na tairbhí a bhfuil coinne leo le haghaidh na saoránach, tomhaltóirí agus earnáil mótarfheithiclí an Aontais.
Oiriúnach do 55: an chúis a bhfuil dianú á dhéanamh ag an Aontas ar chaighdeáin astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: an chúis a bhfuil dianú á dhéanamh ag an Aontas ar chaighdeáin astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna (Grafaic faisnéise)

Astaíochtaí meatáin san earnáil fuinnimh a laghdú

Chuir an Coimisiún i láthair an togra le haghaidh rialacha nua de chuid an Aontais maidir le laghdú astaíochtaí meatáin san earnáil fuinnimh i mí na Nollag 2021, mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’.

I mí na Nollag 2022, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú (‘cur chuige ginearálta’) maidir leis an togra. I mí na Samhna 2023, tháinig anChomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an rialachán. Ghlac an Chomhairle na rialacha nua i mí Bealtaine 2024.

Is é is aidhm don rialachán astaíochtaí meatáin a rianú agus a laghdú in earnáil an fhuinnimh. Is é an rialachán seo an chéad reachtaíocht dá leithéid agus is rannchuidiú ríthábhachtach é leis an ngníomhú ar son na haeráide, ós rud é gurb é meatán an dara gás ceaptha teasa is tábhachtaí tar éis dé-ocsaíd charbóin.

Eascraíonn sé as an bhfís straitéiseach a leagtar amach i Straitéis an Aontais um Meatán in 2020. Ag Comhdháil Aeráide COP26 na Náisiún Aontaithe in 2021, sheol an tAontas an Gealltanas Domhanda maidir le Meatán i gcomhpháirtíocht leis na Stáit Aontaithe, gealltanas inar gheall os cionn 100 tír a n-astaíochtaí meatáin a laghdú 30% faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 2020.

Mínítear sa ghrafaic faisnéise na rialacha atá beartaithe chun astaíochtaí meatáin san Aontas a laghdú.
Oiriúnach do 55: astaíochtaí meatáin i mbreoslaí iontaise a laghdú (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: astaíochtaí meatáin i mbreoslaí iontaise a laghdú (Grafaic faisnéise)

Breoslaí eitlíochta inbhuanaithe

Tá sé d’acmhainneacht ag breoslaí eitlíochta inbhuanaithe (bithbhreoslaí ardfhorbartha agus leictreabhreoslaí) astaíochtaí ó aerárthaí a laghdú go suntasach. Ní bhaintear leas as an acmhainneacht sin den chuid is mó, áfach, ós rud é nach bhfuil sna breoslaí sin ach 0.05% den ídiú breosla iomlán in earnáil na heitlíochta.

Is é is aidhm don Rialachán maidir le ReFuelEU Aviation lorg comhshaoil na hearnála eitlíochta a laghdú agus a chur ar a cumas cabhrú leis an Aontas a spriocanna aeráide a bhaint amach.

I mí an Mheithimh 2022, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta don togra. Thángthas ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa i mí Aibreáin 2023. Ghlac an Chomhairle an rialachán nua i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Cuirtear i láthair sa ghrafaic faisnéise spriocanna agus tairbhí rialacháin ReFuelEU aviation agus FuelEU maritime atá beartaithe, arb é is aidhm dóibh glacadh breoslaí níos inbhuanaithe a mhéadú sa dá earnáil iompair.
Oiriúnach do 55: glacadh breoslaí níos glaise a mhéadú sna hearnálacha eitlíochta agus muirí (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: glacadh breoslaí níos glaise a mhéadú sna hearnálacha eitlíochta agus muirí (Grafaic faisnéise)

Breoslaí dícharbónaithe sa loingseoireacht

In ainneoin an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas, braitheann an earnáil mhuirí go hiomlán beagnach ar bhreoslaí iontaise agus is foinse shuntasach gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán díobhálacha eile í. Is é is aidhm don tionscnamh ‘FuelEU Maritime’ déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long a laghdú suas le 80% faoi 2050. Leis na rialacha nua, cuirtear úsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin chun cinn sa loingseoireacht.

I mí an Mheithimh 2022, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta don togra. I mí an Mhárta 2023, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach.

Ghlac an Chomhairle na rialacha nua i mí Iúil 2023, agus an nós imeachta reachtach á chur i gcrích aici.

Bonneagar breoslaí malartacha

Is é príomhchuspóir an rialacháin maidir le bonneagar breoslaí malartacha (AFIR) a chinntiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh agus ag gnólachtaí ar líonra bonneagair leordhóthanach chun feithiclí bóthair agus longa a athluchtú nó a athbhreoslú le breoslaí malartacha.

Cuirfidh na rialacha nua ar chumas na hearnála iompair a lorg carbóin a laghdú go suntasach. Leagtar síos roinnt spriocanna iontu do 2025 nó 2030, lena n-áirítear:

  • stáisiúin athluchtaithe le haghaidh carranna agus veaineanna a shuiteáil gach 60 km
  • stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine a fhreastalaíonn ar charranna agus leoraithe a imscaradh ó 2030 ar aghaidh i ngach nód uirbeach
  • go mbeidh úsáideoirí feithiclí leictreacha nó hidrigine in ann íoc go héasca ag pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe

I mí an Mheithimh 2022, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoi chomhsheasamh (cur chuige ginearálta) maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh an rialacháin seo. I mí an Mhárta 2023, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach.

Ghlac an Chomhairle na rialacha nua i mí Iúil 2023.

Sa ghrafaic faisnéise, tá sonraí agus figiúirí faoin Rialachán maidir le bonneagar breoslaí malartacha lena gcinntítear go mbeidh go leor stáisiún athbhreoslaithe agus athluchtaithe le haghaidh breoslaí malartacha ar fud an Aontais faoi 2030.
Oiriúnach do 55: i dtreo iompair níos inbhuanaithe (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: i dtreo iompair níos inbhuanaithe (Grafaic faisnéise)

Fuinneamh in-athnuaite

Rinneadh athbhreithniú ar Threoir an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Bhí sé d’aidhm ag an athbhreithniú sciar na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite i dtomhaltas fuinnimh foriomlán an Aontais a mhéadú go 42.5% faoi 2030, le breisiú táscach 2.5% breise a d’fhágfadh go mbeadh an sciar foriomlán in ann 45% a bhaint amach.

Áirítear sa Treoir fospriocanna earnálacha agus bearta ar fud na n-earnálacha, agus béim ar leith á leagan ar earnálacha ina raibh an dul chun cinn le comhtháthú na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite níos moille, go háirithe i réimsí an iompair, na bhfoirgneamh agus an tionscail.

Chomhaontaigh airí fuinnimh an Aontais a seasamh comhpháirteach i ndáil le Treoir athbhreithnithe an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite an 27 Meitheamh 2022. I mí an Mhárta 2023, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach. Ghlac an Chomhairle na rialacha nua i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Cuirtear i láthair sa ghrafaic faisnéise príomhghnéithe na rialacha nua atá beartaithe ag an Aontas maidir le fuinneamh inathnuaite.
Oiriúnach do 55: an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an Aontas borradh a chur faoin bhfuinneamh in-athnuaite (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an Aontas borradh a chur faoin bhfuinneamh in-athnuaite (Grafaic faisnéise)

Éifeachtúlacht fuinnimh

Le treoir athbhreithnithe an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, laghdófar ídiú fuinnimh deiridh ar leibhéal an Aontais de 11.7% in 2030 i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin a rinneadh in 2020.

Leis na rialacha nua, cuirfear dlús le hiarrachtaí na mBallstát i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh trí oibleagáidí bliantúla maidir le coigiltis fuinnimh a mhéadú agus ídiú fuinnimh na bhfoirgneamh san earnáil phoiblí a laghdú.

An 27 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle cur ‘chuige ginearálta’ maidir leis na rialacha nua atá beartaithe. I mí an Mhárta 2023, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir le hathbhreithniú ar an treoir.

Ghlac an Chomhairle an treoir nua i mí Iúil 2023.

Cuirtear i láthair sa ghrafaic faisnéise príomhghnéithe an athbhreithnithe ar threoir an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh
Oiriúnach do 55: an chaoi a n-éireoidh an tAontas níos fuinneamhéifeachtúla (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: an chaoi a n-éireoidh an tAontas níos fuinneamhéifeachtúla (Grafaic faisnéise)

Feidhmíocht fuinnimh foirgneamh

Is i bhfoirgnimh a chaitear 40% den fhuinneamh a thomhlaítear san Aontas agus is de bharr foirgneamh a scaoiltear 36% de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa, díreacha agus indíreacha, a bhaineann le fuinneamh san Aontas. Is é is aidhm don treoir maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, arna athbhreithniú in 2024, foirgnimh san Aontas a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh faoi 2030 agus ina dhiaidh sin.

Is iad príomhspriocanna na treorach nua:

  • go mbeidh gach foirgneamh nua saor ó astaíochtaí faoi 2030
  • go ndéanfar gach foirgneamh atá ann cheana a chlaochlú ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha faoi 2050

I mí Dheireadh Fómhair 2022, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, tháinig Ballstáit an Aontais ar chomhaontú faoi chomhsheasamh ('cur chuige ginearálta') maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú ar an treoir. An 7 Nollaig 2023, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis an togra. Ghlac an Chomhairle na rialacha nua i mí Aibreáin 2024.

Cuirtear in iúl sa ghrafaic faisnéise na rialacha nua atá beartaithe chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh nua agus foirgneamh atá ann cheana san Aontas faoi 2030 agus níos faide i gcéin.
Oiriúnach do 55: foirgnimh san Aontas a dhéanamh níos glaise (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: foirgnimh san Aontas a dhéanamh níos glaise (Grafaic faisnéise)

Pacáiste maidir leis an margadh hidrigine agus gáis dhícharbónaithe

Is é is aidhm don phacáiste maidir leis an margadh hidrigine agus gáis dhícharbónaithe lorg carbóin an mhargaidh gáis a laghdú. Is é an sprioc atá ann aistriú ó ghás nádúrtha go gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin agus borradh a chur faoina nglacadh san Aontas faoi 2030 agus ina dhiaidh sin.

Is éard atá sa phacáiste rialachán agus treoir. Leagtar síos leis an bpacáiste rialacha comhchoiteanna an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh gáis in-athnuaite agus nádúrtha agus hidrigine. Is é is aidhm dóibh creat rialála a chruthú le haghaidh bonneagar agus margaí hidrigine tiomnaithe agus le haghaidh pleanáil chomhtháite gréasáin. Ina theannta sin, socraíonn siad rialacha le haghaidh cosaint tomhaltóirí agus neartaíonn siad slándáil an tsoláthair.

Shocraigh an Chomhairle an seasamh caibidlíochta uaithi (cur chuige ginearálta) le Parlaimint na hEorpa maidir leis an dá thogra i mí an Mhárta 2023. I mí na Nollag 2023, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú polaitiúil sealadach ar an rialachán maidir le comhrialacha an mhargaidh inmheánaigh do gháis in-athnuaite agus nádúrtha agus don hidrigin. Thángthas ar chomhaontú sealadach maidir leis an treoir an 28 Samhain 2023.

Ghlacan Chomhairle an pacáiste i mí na Bealtaine 2024.

Cuirtear i láthair sa ghrafaic faisnéise cuid de phríomhfhorálacha phacáiste an mhargaidh hidrigine agus gáis dhícharbónaithe.
Oiriúnach do 55: an t-aistriú ó ghás iontaise go gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: an t-aistriú ó ghás iontaise go gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin (Grafaic faisnéise)

Cánachas fuinnimh

Is é is aidhm don togra le haghaidh athbhreithniú ar an treoir ón gComhairle le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas a ailíniú le beartais fuinnimh, chomhshaoil agus aeráide an Aontais
  • margadh inmheánach an Aontais a chaomhnú agus a fheabhsú trí raon feidhme na dtáirgí fuinnimh agus struchtúr na rátaí a thabhairt cothrom le dáta agus trí chuíchóiriú a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann na Ballstáit as díolúintí agus laghduithe cánach
  • an acmhainneacht giniúna ioncaim a chaomhnú do bhuiséid na mBallstát

Tá an togra á phlé faoi láthair i dtionól na Comhairle. I mí na Nollag 2022, bhí díospóireacht bheartais ag airí airgeadais an Aontais maidir leis an athbhreithniú ar an treoir maidir le cánachas fuinnimh. I mí na Nollag 2024, bhí díospóireacht bheartais eile acu maidir leis an athbhreithniú agus ba dhíol sásaimh dóibh an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo.

Mínítear sa ghrafaic faisnéise obair an Aontais i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh chun aistriú chuig fuinneamh níos glaine agus tionscal níos glaise a spreagadh
Oiriúnach do 55: an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an Aontas athbhreithniú a dhéanamh ar chánachas fuinnimh (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an Aontas athbhreithniú a dhéanamh ar chánachas fuinnimh (Grafaic faisnéise)

8 slí a bhfuil an saol san Aontas ag éirí níos glaise

Tá sé ríthábhachtach aistriú chuig modh maireachtála níos glaise chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil aeráide agus chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, go háirithe breoslaí iontaise ón Rúis. Tá an tAontas agus a 27 dtír ag obair ar rialacha comhchoiteanna nua faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ chun lorg carbóin an Aontais a laghdú. Cén tionchar a bheidh ag na rialacha nua ar an tslí a mairimid, a n-oibrímid agus a dtaistealaímid? Léigh ár scéal le haghaidh roinnt samplaí den chuma a bheidh ar an saol san Aontas in 2030.

Foirgneamh, tuirbín gaoithe, crainn, carr leictreach agus an ghrian.

Féach freisin

Léaráid stílithe de chiorcal réaltaí an Aontais agus siombailí den aistriú glas timpeall air, lena n-áirítear tuirbín gaoithe, painéil ghréine, crainn, fiadhúlra, barra agus tarracóir.
Comhaontú Glas don Eoraip

Comhaontú Glas don Eoraip

Léaráid de dhá lámh ag stopadh gás atá ag éalú ó shimléir mhonarchan.
An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas

An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas

Illustration showing a hand stacking coins in front of the Earth beside a partially filled green progress bar.
An t-aistriú aeráide a mhaoiniú

An t-aistriú aeráide a mhaoiniú

An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Meitheamh 2026