"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Comhshaoil, 24 Deireadh Fómhair 2022
Na príomhthorthaí
Cruinniú Mullaigh Aeráide COP 27
D’fhormheas airí comhshaoil an Aontais conclúidí ón gComhairle a bheidh mar sheasamh caibidlíochta ginearálta an Aontais don 27ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 27).
Beidh súil ghéar á coinneáil orainn in Sharm El-Sheikh. Bhí an tAontas i gcónaí ar thús cadhnaíochta sa ghníomhú ar son na haeráide agus leanfaimid de bheart a dhéanamh de réir briathair. Tá gá le comhghníomhaíocht láidir dhomhanda chun ár bpláinéad a chosaint do na glúine atá le teacht. Tá áthas orm go bhfuil sé cruthaithe ag an Aontas go bhfuil sé dáiríre ó thaobh a chuid uaillmhianta de.
Anna Hubáčková, Aire Comhshaoil na Seicia.
Sna conclúidí uaithi, chuir an Chomhairle chun suntais nach mór an uaillmhian dhomhanda a mhéadú go suntasach chun an sprioc 1.5 C a choinneáil faoi lámh, i gcomhréir le Comhaontú Pháras, agus iarrann sí ar gach tír spriocanna agus beartais uaillmhianacha a chur chun cinn, go háirithe mórgheilleagair, chun a NDCanna a athbhreithniú agus a neartú in am do COP 27.
D’athnuaigh an Chomhairle an gealltanas láidir a thug an tAontas agus a Bhallstáit leanúint dá maoiniú idirnáisiúnta aeráide a mhéadú agus iarrann sí ar na tíortha uile dlús a chur lena n-iarrachtaí maoiniú a shlógadh ó gach foinse chun tacú leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun an aeráid a phríomhshruthú i ngach sreabhadh airgeadais.
Cruinniú Mullaigh maidir leis an mBithéagsúlacht COP 15
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí a bheidh mar sheasamh caibidlíochta ginearálta an Aontais don 15ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht (COP 15).
Is comhdháil cheannródaíoch a bheidh ann. Tiocfaidh ceannairí domhanda le chéile chun teacht ar chomhaontú maidir le cosaint dhomhanda na bithéagsúlachta. Feicimid cheana féin meath tromchúiseach ag teacht ar speicis éagsúla agus tá sé thar am againn beart a dhéanamh. Is cúis áthais dom gur chomhaontaigh an tAontas seasamh láidir don chruinniú mullaigh maidir leis an mbithéagsúlacht. Is é ár n-oibleagáid uile é mar dhaoine daonna ár n-éiceachórais a chosaint.
Anna Hubáčková, Aire Comhshaoil na Seicia
Tá rún ann creat bithéagsúlachta don domhain iar-2020 a ghlacadh ag an gcomhdháil, ina leagfar amach spriocanna chun gníomhaíochtaí domhanda a threorú chun an dúlra a chosaint agus a athbhunú sna 10 mbliana amach romhainn.
Sna conclúidí uaithi, d;iarr an Chomhairle go nglacfaí creat domhanda bithéagsúlachta iar-2020 a bheidh uaillmhianach, cuimsitheach agus claochlaitheach, ina leagfar síos spriocanna fadtéarmacha 2050, torthaí idirmheánacha 2030 agus spriocanna 2030 atá dírithe ar ghníomhaíocht lena dtugtar aghaidh go héifeachtach agus go comhuaineach ar na cúiseanna díreacha agus indíreacha le cailliúint na bithéagsúlachta.
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha. Tá sé d’aidhm ag an togra na hinfheistíochtaí i suiteálacha tionsclaíocha ar mhórscála a threorú chun an sprioc maidir le geilleagar atá saor ó thruailliú, iomaíoch agus aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050. Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le raon feidhme na Treorach a leathnú chun cineálacha breise feirmeacha beostoic a chur san áireamh chomh maith leis an sásra le haghaidh pionós agus cúiteamh i leith damáistí sláinte ar leibhéal an Aontais.
Chuir na hairí i dtreis a thábhachtaí atá an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha agus an ról tábhachtach a bhí aici i ndáil le hastaíochtaí tionsclaíocha agus truailliú aeir a laghdú i gcoitinne. I ndáil leis na gnéithe talmhaíochta den togra, léiríodh sa díospóireacht go n-aithnítear go forleathan go gcuireann na gnéithe nua sin le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir le truailliú a bhaint amach. Ag an am céanna, chuir roinnt Ballstát a n-imní in iúl maidir le feirmeacha beaga agus meánmhéide beostoic a thabhairt faoi raon feidhme na treorach. A méid a bhaineann le pionóis agus cúitimh, thacaigh roinnt mhaith Ballstát le rialáil a dhéanamh ar na gnéithe a bhaineann le cúiteamh ar leibhéal na mBallstát.
Ghlac an Chomhairle go foirmiúil rialachán maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha, ar substaintí iad atá thar a bheith díobhálach. Leis an rialachán nua sin, déantar athbhreithniú ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis an rialachán maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha, trí cheimiceáin nua a thabhairt isteach ar liosta na substaintí sin agus trí shrian a chur orthu a bheith i ndramhaíl trí na teorainnluachanna tiúchana a neartú i gcás substaintí áirithe. Cinnteoidh na teorainnluachanna tiúchana nua go dtabharfar cosaint níos fearr do shláinte an duine agus don chomhshaol.
Ghlac an Chomhairle cinneadh lena údaraítear don Choimisiún comhaontú idirnáisiúnta maidir le deireadh a chur leis an truailliú plaisteach a chaibidil thar ceann an Aontais.
Thug an Chomhairle a formheas deiridh don treoir maidir le luchtaire uilíoch. Ciallaíonn sé sin go mbeidh port USB-C éigeantach in 2024 i gcás réimse iomlán gléasanna leictreonacha amhail fóin phóca, táibléid agus cluasáin. Ní bheidh sé riachtanach luchtaire difriúil a cheannach a thuilleadh agus fón póca nua nó gléas comhchosúil á cheannach: beifear in ann gach gléas a athluchtú leis an luchtaire céanna.
Ghlac na hairí dlí nua de chuid an Aontais lena n-éascaítear ceannach tráthúil cógas, vacsaíní agus amhábhar agus rochtain orthu sin, lena ngníomhachtaítear cistiú éigeandála agus lenar féidir faireachán a dhéanamh ar shaoráidí táirgthe nuair a bheidh géarchéim sláinte eile ann. Tá an rialachán seo ón gComhairle maidir le frithbhearta leighis a sholáthar ar cheann de bhunchlocha Aontas Sláinte na hEorpa.
Tá dhá rialachán eile - a glacadh ag an gcruinniú freisin - mar chuid den Aontas Sláinte sin: dlí athbhreithnithe maidir le ‘bagairtí trasteorann ar an tsláinte’ agus Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) atá neartaithe. Cuireann siad feabhas ar chumais an Aontais freagairt do phaindéimí a bheidh ann amach anseo agus do ghéarchéimeanna sláinte trasteorann eile.
Ghlac an Chomhairle rialachán lena mbunófar ionad ilfhreastail maidir le custam. Leis na rialacha nua, leagfar síos na coinníollacha iomchuí le haghaidh comhar digiteach idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla chomhpháirtíochta ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Meastar go ndéanfaidh sé sin an trádáil idirnáisiúnta níos fusa, go ngiorróidh sé an t-am imréitithe custam agus go laghdóidh sé an riosca calaoise.
Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna eile a bhí ar liostaí na míreanna ‘A’.
Gnó eile
Faoi aon ghnó eile, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis an Treoir maidir le Coireacht Chomhshaoil. Pléitear an togra faoin gComhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile. Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi na príomhchruinnithe idirnáisiúnta a tionóladh le déanaí. Tharraing an Bheilg, le tacaíocht ón Spáinn, aird na n-airí ar an Treoir maidir le Dícheall Cuí. Chuir an Bheilg faisnéis ar fáil do na hairí maidir le truailliú ó shubstaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFASanna). Chuir an tSlóivéin, le tacaíocht ón mBulgáir, ón nGréig, ón Spáinn, ón gCipir, ón Ostair agus ón bPortaingéil, na hairí ar an eolas faoi bhainistiú triomaigh ar leibhéal an Aontais. Chuir an Spáinn faisnéis ar fáil maidir le seoladh na Comhghuaillíochta Idirnáisiúnta um Athléimneacht Triomaigh. Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi Chomhdháil maidir le Tírdhreacha atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a dhearadh.
Le linn an lóin, bhí plé neamhfhoirmiúil ag na hairí maidir le dearcthaí ECFE i ndáil le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus maidir leis an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair san Eoraip, agus Jo Tyndall, Stiúrthóir Comhshaoil ECFE, i láthair.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.