Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 20 Nollaig 2021

Na príomhthorthaí

An pacáiste ‘Oiriúnach do 55’

Thug na hairí dá n-aire tuarascáil ar dhul chun cinn agus bhí díospóireacht bheartais acu maidir leis na comhaid sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a thagann faoi shainchúram na Comhairle Comhshaoil.

Andrej Vizjak, Aire Comhshaoil agus Pleanála Spáis na Slóivéine
Tá an cuspóir leagtha síos ag an Aontas dó féin glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% faoi 2030 agus caithfimid cuspóir sin a léiriú i reachtaíocht an Aontais. Bhí na tograí maidir leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ ar cheann de phríomhthosaíochtaí Uachtaránacht na Slóivéine. Tá ár seacht ndícheall déanta againn an oiread dul chun cinn agus is féidir a dhéanamh ar an bpacáiste fad a bhí a chomhleanúnachas á chinntiú.
Andrej Vizjak, Aire Comhshaoil agus Pleanála Spáis na Slóivéine
Andrej Vizjak, Aire Comhshaoil agus Pleanála Spáis na Slóivéine

Phléigh na hairí na comhaid seo a leanas den phacáiste:

  • athbhreithniú ar an scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa
  • athbhreithniú ar an rialachán maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit (an rialachán maidir le comhroinnt díchill)
  • athbhreithniú ar an rialachán maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF)
  • athbhreithniú ar na rialacha i ndáil le caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua
  • rialachán lena mbunaítear ciste aeráide sóisialta

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an leibhéal uaillmhéine is gá le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na cúig chomhad a bhaineann leis an aeráid sna míonna amach romhainn, á dtabhairt dá n-aire na hidirnaisc éagsúla idir na tograí sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Ina theannta sin, chuir na hairí a dtuairimí in iúl maidir lena measann siad a bheith ar na saincheisteanna is íogaire sna cúig chomhad.

Mínítear sa ghrafaic eolais an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, príomhréimsí gníomhaíochta an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an próiseas cinnteoireachta chun dlí an Aontais a dhéanamh de na tograí.
Oiriúnach do 55: an chaoi a ndéanfaidh an tAontas dlí de spriocanna aeráide (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: an chaoi a ndéanfaidh an tAontas dlí de spriocanna aeráide (Grafaic faisnéise)

Ceallraí agus ceallraí dramhaíola

Chuir an uachtaránacht tuarascáil ar dhul chun cinn faoi bhráid na n-airí maidir le staid na himeartha sa phlé ar an reachtaíocht maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola. Cuirtear achoimre ar an bplé a rinneadh faoi Uachtaránacht na Slóivéine i láthair sa tuarascáil agus sainaithnítear inti na gnéithe eile agus na saincheisteanna teicniúla nach mór tuilleadh plé a dhéanamh orthu. Thug na hairí treoir sa phlé seo acu maidir le hobair a dhéanfar amach anseo ar an togra sin.

Is príomheilimint den aistriú chuig fuinneamh glan iad ceallraí. Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún, a cuireadh i láthair bliain ó shin, tionchar comhshaoil agus sóisialta na gceallraí a laghdú ag gach céim dá saolré – idir ábhair foinsithe agus táirgeadh, úsáid, athchúrsáil agus diúscairt.

Straitéis ithreach AE 2030

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le straitéis ithreach AE do 2030, a chuir an Coimisiún i láthair an 17 Samhain 2021.

Moltar sa straitéis creat a leagan síos ina mbeidh bearta nithiúla chun ithreacha a chosaint, a athshlánú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe agus moltar sraith beart deonach a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí. Is é is aidhm dicarbón na hithreach i dtalamh talmhaíochta a mhéadú, fású a chomhrac, talamh agus ithir dhíghrádaithe a athshlánú, agus a chinntiú go mbeidh gach éiceachóras ithreach i riocht sláintiúil faoi 2050. Anuas air sin, mar chuid den straitéis tá sé i gceist go mbeidh togra reachtach ann le haghaidh dlí nua maidir le sláinte ithreach faoi 2023.

Athléimneacht eintiteas criticiúil

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta i ndáil leis an dréacht-treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil. Is é is aidhm don dréachtionstraim sin leochaileachtaí a laghdú agus cosaint na mbonneagar is bunriachtanach don tsochaí, d’fheidhmiú an gheilleagair agus do leas na saoránach a neartú.

Nithe eile

Chuir an Coimisiún i láthair a thogra maidir le riosca an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise a bhaineann le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a íoslaghdú agus a thogra maidir le loingsiú dramhaíola. Chuir an Coimisiún eolas ar fáil do na hairí maidir le cur chun feidhme straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030.

Chomhroinn an uachtaránacht faisnéis maidir le cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí atá freagrach as cúrsaí uirbeacha – ról chathracha na hEorpa san aistriú glas agus i saothrú chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais (a tionóladh i Liúibleána, an 26 Samhain 2021). Ina theannta sin, chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin athchóiriú ar údarú agus srianadh REACH (a reáchtáladh in Brdo an 9 Samhain 2021).

Thug an uachtaránacht agus an Coimisiún tuairisc do na hairí maidir leis na cruinnithe idirnáisiúnta a bhí ann ar na mallaibh, lena n-áirítear cruinniú mullaigh COP26, an chéad chuid de chruinniú mullaigh COP15 maidir leis an mbithéagsúlacht, an seachtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil agus COP22 de Choinbhinsiún Barcelona maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara.

Thug an Ostair, le tacaíocht ón Ungáir, an Chipir agus Lucsamburg eolas do na hairí faoi ghníomhaíocht chomhordaithe maidir le rialáil plandaí a fhaightear trí theicnící nua géanómaíocha.

Chuir an Spáinn na hairí ar an eolas faoin tríú fóram Eorpach um aer glan (a tionóladh i Maidrid an 18-19 Samhain 2021).

Chomhroinn an Liotuáin, le tacaíocht ón mBulgáir, an Chipir, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, Málta, an Pholainn, an Rómáin, faisnéis faoin bpacáiste soghluaisteachta i gcomhthéacs uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

Chuir an Fhrainc i láthair clár oibre a huachtaránachta inteachta.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025