Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach

Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach, 17-21 Iúil 2020

Na príomhthorthaí

Chomhaontaigh ceannairí an Aontais pacáiste téarnaimh agus an buiséad le haghaidh 2021-2027 a chuideoidh leis an Aontas bonn a chur faoi féin an athuair tar éis na paindéime agus a thacóidh le hinfheistíocht sna haistrithe glasa agus digiteacha.

An tUachtarán Michel ag preasagallamh na Comhairle Eorpaí
Thángamar ar mhargadh maidir leis an bpacáiste téarnaimh agus le buiséad an Aontais. Bhí an chaibidlíocht fíordheacair, ar ndóigh, sa tréimhse fhíorchorrach seo i saol mhuintir na hEorpa. Ba mharatón é, agus rinneadh gaisce sa deireadh thiar thall, a rachaidh chun tairbhe do na 27 mBallstát agus, go háirithe, do mhuintir na hEorpa. Is margadh maith é. Is margadh láidir é. Ach seachas aon ní eile, is é seo an margadh ceart don Eoraip, ag an bpointe áirithe ama seo.
An tUachtarán Michel ag preasagallamh na Comhairle Eorpaí
An tUachtarán Michel ag preasagallamh na Comhairle Eorpaí

Éilíonn iarmhairtí socheacnamaíocha ghéarchéim COVID-19 iarracht chomhpháirteach nuálach ar leibhéal an Aontais chun tacú le téarnamh agus athléimneacht gheilleagair na mBallstát.

Leis an méid sin a bhaint amach agus chun go mbeidh sé inbhuanaithe, ba cheart don iarracht téarnaimh a bheith nasctha le CAI traidisiúnta, lenár múnlaíodh beartais bhuiséadacha an Aontais ó 1988 i leith agus lena dtugtar léargas fadtéarmach.

Chomhaontaigh ceannairí an Aontais pacáiste cuimsitheach € 1 824.3 billiún ina dtugtar le chéile an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) agus iarracht urghnách téarnaimh faoin ionstraim Next Generation EU (NGEU).

Buiséad fadtéarmach an Aontais

Leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) nua, cumhdófar seacht mbliana idir 2021 agus 2027. Beidh CAI, arna threisiú ag Next Generation EU, ar an bpríomhionstraim, freisin, chun an pacáiste téarnaimh a chur chun feidhme chun dul i ngleic le hiarmhairtí socheacnamaíocha phaindéim COVID-19.

Le méid CAI – € 1 074.3 billiún – beidh an tAontas in ann a chuspóirí fadtéarmacha a chomhlíonadh agus acmhainneacht iomlán an phlean téarnaimh a chaomhnú. Bunaítear an moladh sin den chuid is mó ar thogra ón Uachtarán Michel i mí Feabhra, a bhí mar thoradh ar dhá bhliain de phléití idir na Ballstáit.

Cumhdófar na réimsí caiteachais seo a leanas le CAI:

  • an margadh aonair, nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha
  • comhtháthú, athléimneacht agus luachanna
  • acmhainní nádúrtha agus an comhshaol
  • imirce agus bainistiú teorainneacha
  • slándáil agus cosaint
  • an chomharsanacht agus an domhan
  • an riarachán poiblí Eorpach

An ciste téarnaimh

Le Next Generation EU, tabharfar na hacmhainní is gá don Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le paindéim COVID-19. Faoin gcomhaontú, beidh an Coimisiún in ann suas le € 750 billiún a fháil ar iasacht ar na margaí. Is féidir na cistí sin a úsáid le haghaidh iasachtaí droim le droim agus le haghaidh caiteachas a dhéantar trí chláir CAI. Aisíocfar an caipiteal a chruinneofar ar na margaí airgeadais faoi 2058.

Leithdháilfear na méideanna a bheidh ar fáil faoi NGEU ar sheacht gclár aonair:

  • An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: € 672.5 billiún (iasachtaí: € 360 billiún, deontais: € 312.5 billiún)
  • REACT-EU: € 47.5 billiún
  • Fís Eorpach: € 5 bhilliún
  • InvestEU: € 5.6 billiún
  • Forbairt Tuaithe: € 7.5 billiún
  • An Ciste um Aistriú Cóir: € 10 mbilliún
  • rescEU: € 1.9 billiún

Leithdháileadh ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Cinntíonn an plean seo go rachaidh an t-airgead chuig na tíortha agus na hearnálacha is mó atá thíos leis an ngéarchéim: Geallfar 70% faoi dheontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2021 agus 2022 agus geallfar 30% in 2023.

Bunófar na leithdháiltí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2021-2022 de réir chritéir leithdháilte an Choimisiúin agus cuirfear san áireamh caighdeáin mhaireachtála agus leibhéil dífhostaíochta sna Ballstáit, chomh maith le méid na mBallstát.

Solúbthacht

Tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú maidir le hIonstraim Corrlaigh Aonair (SMI) lena gceadófar caiteachas sonrach gan choinne i ngealltanais agus in íocaíochtaí comhfhreagracha a mhaoiniú, ar caiteachas é nach bhféadfaí a mhaoiniú ar shlí eile. Socrófar uasteorainn bhliantúil SMI ag € 772 mhilliún (praghsanna 2018).

Tháinig siad ar chomhaontú freisin maidir le trí ionstraim théamacha speisialta chun acmhainní airgeadais breise a chur ar fáil chun freagairt ar theagmhais shonracha gan choinne:

  • Cúlchiste Coigeartaithe Brexit a bhunófar chun tacú leis na Ballstáit agus na hearnálacha eacnamaíocha is mó a bheidh buailte le Brexit (€ 5 bhilliún)
  • An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun tacú le hoibrithe a chailleann a bpost i dteagmhais athstruchtúraithe atá nasctha leis an domhandú (€ 1.3 billiún)
  • An Cúlchiste nua um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála (SEAR) chun freagairt ar chásanna éigeandála a eascraíonn as tubaistí móra sna Ballstáit agus sna tíortha aontachais, agus chun freagairt thapa a thabhairt ar riachtanais éigeandála shonracha laistigh den Aontas nó i dtríú tíortha (€ 1.2 billiún)

Rialachas agus coinníollacht

I gcomhréir le prionsabal an dea-rialachais, ullmhóidh na Ballstáit pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta do 2021-2023. Ní mór do na pleananna sin a bheith comhsheasmhach leis na moltaí tírshonracha agus rannchuidiú le haistrithe glasa agus digiteacha. Go sonrach, tá gá leis na pleananna chun borradh a chur faoin bhfás agus poist agus chun “athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta” thíortha an Aontais a atreisiú. Déanfar na pleananna a athbhreithniú in 2022. Formheasfaidh an Chomhairle an measúnú a dhéanfar ar na pleananna sin le vótáil trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún.

Ní eisíocfar na deontais ach amháin má chomhlíontar na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta.

Más rud é, i gcásanna eisceachtúla, go measann Ballstát amháin nó níos mó gurb ann do dhiallta tromchúiseacha ó chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha, féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí an t-ábhar a tharchur chuig an gcéad Chomhairle Eorpach eile.

Gníomhú ar son na haeráide

Díreoidh 30% de chaiteachas iomlán CAI agus Next Generation EU ar thionscadail a bhaineann leis an aeráid. Beidh na costais faoi CAI agus Next Generation EU ag teacht leis an gcuspóir atá ag an Aontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050, le spriocanna aeráide 2030 an Aontais agus le Comhaontú Pháras.

An smacht reachta

Déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta atá leabaithe i gConarthaí an Aontais, go háirithe na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE. Cuireann an Chomhairle Eorpach i dtreis go láidir freisin a thábhachtaí atá sé an smacht reachta a urramú. Bunaithe ar an gcúlra sin, tabharfar córas coinníollachta isteach chun an buiséad agus Next Generation EU a chosaint.

Molfaidh an Coimisiún Eorpach bearta i gcás sáruithe, lena nglacadh ag an gComhairle trí thromlach cáilithe.

Fillfidh an Chomhairle Eorpach ar an ábhar go gasta.

Ioncam an Aontais: acmhainní dílse

Chomhaontaigh ceannairí an Aontais acmhainní dílse nua a thabhairt don Aontas chun na cistí a bhailítear faoi Next Generation EU a aisíoc. Tháinig siad ar chomhaontú maidir le tobhach plaisteach nua a thabharfar isteach in 2021. Sa bhliain chéanna sin, meastar go gcuirfidh an Coimisiún ar aghaidh togra le haghaidh beart coigeartaithe carbóin agus togra eile le haghaidh tobhach digiteach agus go dtabharfaí isteach an dá cheann acu faoin 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí.

Thiocfadh an Coimisiún ar ais, ina dhiaidh sin, le togra athbhreithnithe maidir le scéim trádála astaíochtaí an Aontais (ETS), a d’fhéadfaí a leathnú chun an eitlíocht agus an earnáil mhuirí a chumhdach. D’fhéadfadh sé go mbeadh acmhainní nua eile ann freisin, amhail cáin ar idirbhearta airgeadais. Úsáidfear na fáltais ó na hacmhainní dílse nua a thabharfar isteach tar éis 2021 chun iasachtaíocht NGEU a aisíoc go luath.

Tagann na foinsí nua airgeadais sa bhreis ar na hacmhainní dílse atá ann cheana:

  • acmhainní dílse traidisiúnta: go príomha dleachtanna custaim agus tobhaigh siúcra (coimeádfaidh na Ballstáit, mar chostais bhailiúcháin, 25% de na méideanna a bhaileoidh siad, i gcomparáid le 20% sa tréimhse 2014-2020)
  • acmhainn dhílis CBL-bhunaithe: cuirtear ráta aonfhoirmeach 0.3% i bhfeidhm maidir le bonn inchánach breisluacha gach Ballstáit, agus déanfar bonn CBL inchánach a uasteorannú ag 50% de OIN i gcás gach tír (déanfar an mhodheolaíocht a shimpliú)
  • acmhainn dhílis OIN-bhunaithe: ag teacht as ráta aonfhoirmeach arna chur i bhfeidhm maidir le hollioncam náisiúnta na mBallstát, déantar an ráta seo a choigeartú gach bliain chun an t-ioncam agus an caiteachas a chomhardú (gan athrú)

Faoi CAI, socraítear an uasteorainn a leithdháiltear ar an Aontas Eorpach chun leithreasuithe bliantúla a chumhdach ag:

  • i gcomhair íocaíochtaí: 1.40% OIN na mBallstát uile
  • i gcomhair gealltanas: 1.46 % OIN na mBallstát uile

Lacáistí

Coinneofar lacáistí chnapshuime ar ranníocaíocht bhliantúil bunaithe ar ollioncam náisiúnta i gcás na Danmhairge, na Gearmáine, na hÍsiltíre, na hOstaire agus na Sualainne.

Chuir an tUachtarán Michel a thogra i láthair an 10 Iúil 2020

Cúlra

An 10 Iúil, chuir Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, i láthair a thogra le haghaidh CAI agus an phacáiste téarnaimh.

“Is féidir cur síos a dhéanamh ar na spriocanna atá againn ó thaobh téarnaimh de i dtrí fhocal: cóineasú, athléimneacht agus claochlú. Go nithiúil, is ionann sin is a rá: an dochar a rinne COVID-19 a chur ina cheart, ár ngeilleagair a athchóiriú agus ár sochaithe a athmhúnlú”, a dúirt sé.

Tar éis na bpléití déthaobhacha le ceannairí an Aontais, shainaithin an tUachtarán Michel sé ʻbhloc tógála’ do chomhaontú a d’fhéadfadh a bheith ann.

An 19 Meitheamh, mhalartaigh ceannairí an Aontais tuairimí, trí fhíschomhdháil, maidir leis an togra le haghaidh plean nua téarnaimh agus le haghaidh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027, a chuir an Coimisiún Eorpach i láthair an 27 Bealtaine 2020.

Tar éis an chruinnithe, chuir Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, tús leis an gcaibidlíocht pholaitiúil le ceannairí an Aontais.

An 23 Aibreán 2020, chinn an Chomhairle Eorpach oibriú i dtreo ciste téarnaimh a bhunú chun freagairt ar ghéarchéim COVID-19. Chuir na ceannairí de chúram ar an gCoimisiún Eorpach togra a chur ar aghaidh mar ábhar práinne, chomh maith leis an nasc idir an ciste téarnaimh agus buiséad fadtéarmach an Aontais a shoiléiriú.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Eorpach

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Deireadh Fómhair 2025