Skip to content

Veiniséala

Is cúis imní don Aontas an staid i Veiniséala agus iarrann sé go n-urramófaí cearta an duine ina n-iomláine. Tá cabhair dhaonnúil á cur ar fáil aige chun cabhrú le muintir Veiniséala atá i ngátar agus tá smachtbhannaí glactha aige chun réitigh dhaonlathacha a spreagadh.

An ghéarchéim i Veiniséala

Tá Veiniséala thíos le géarchéim mhór eacnamaíoch, shóisialta agus pholaitiúil atá ag cur isteach go mór ar shaoránaigh na tíre. Tá ag teip ar sheirbhísí, ina measc an cúram sláinte, an t-uisce, an tsláintíocht, agus an t-oideachas agus tá bunearraí tearc.

De réir na Náisiún Aontaithe, tá 7.9 milliún duine i ngátar daonnúil i Veiniséala (i.e. 27.7% den daonra). Tá tuairim is 56% den daonra ag maireachtáil faoi fhíorbhochtaineacht.

Tá staid na slándála bia i Veiniséala ríthábhachtach i gcónaí, agus tá cúnamh bia ag teastáil go práinneach ó 15% den daonra iomlán (thart ar 4 mhilliún duine) agus tá neamhshlándáil an tsoláthair bia measartha nó tromchúiseach ag 40% díobh. Ní bhíonn rochtain rialta ag thart ar 62% den daonra ar uisce.

Ó 2015 i leith, tá beagnach 7.9 milliún Veiniséalach easáitithe ar fud an domhain, agus formhór acu (níos mó ná 6.9 milliún duine) á n-óstáil i dtíortha i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib. Faoi láthair, tá Veiniséalaigh ar an dara grúpa is mó d’iarrthóirí tearmainn san Aontas, i ndiaidh na nAfganastánach.

Ní fhreastalaíonn suas le 30% de leanaí atá in aois scoile ar scoil go rialta agus tá 13% díobh lasmuigh den chóras oideachais. Tá rochtain ar sheirbhísí córais sláinte caillte ag 70% den daonra. Is minic a bhíonn tionchar ag ráigeanna galar, cuir i gcás maláire agus deinge, orthu siúd is leochailí den daonra.

Tá an staid dhaonnúil, atá tubaisteach cheana féin, ag dul in olcas mar gheall ar an staid eacnamaíoch atá ag éirí níos measa; shroich an ráta boilscithe 270% in 2025 de réir an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.

Ina theannta sin, cuirtear dlús leis an mbrú ar acmhainní daonnúla trí nochtadh do ghuaiseacha nádúrtha agus do ghuaiseacha arb é an duine is cúis leo, ar nós tuilte, sciorrthaí talún, doirteadh ola agus foréigean armtha.

Thacaigh an tAontas Eorpach i gcónaí, in éineacht lena chomhpháirtithe i Veiniséala agus go hidirnáisiúnta, le réiteach síochánta, daonlathach, cuimsitheach faoi stiúir Veiniséala chun deireadh a chur leis an ngéarchéim.

Bratach Veiniséala.
©AFP

Idirghabháil na Stát Aontaithe i Veiniséala

D’iarr an tArdionadaí ar na gníomhaithe uile a bheith socair agus guaim a choinneáil orthu féin, chun géarú a sheachaint agus chun réiteach síochánta ar an ngéarchéim a chinntiú.

Mheabhraigh an tArdionadaí nach mór, i ngach uile chás, cloí le prionsabail an dlí idirnáisiúnta agus Chairt na Náisiún Aontaithe. Tá freagracht ar leith ar chomhaltaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe seasamh leis na prionsabail sin, mar cholún den ollstruchtúr slándála idirnáisiúnta.

Tá sé ráite arís agus arís eile ag an Aontas go bhfuil dlisteanacht uachtaráin a toghadh go daonlathach in easnamh i gcás Nicolás Maduro agus mhol sé aistriú síochánta faoi stiúir Veiniséala chuig an daonlathas sa tír, agus ceannasacht Veiniséala á hurramú aige. Ní mór urraim a thabhairt don cheart atá ag muintir Veiniséala a dtodhchaí féin a chinneadh.

Tá sé mar thosaíocht ag an Aontas freisin an choireacht eagraithe thrasnáisiúnta agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac, ar bagairtí suntasacha slándála iad ar fud an domhain. Ag an am céanna, chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir nach mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí chomhar marthanach, agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta agus do phrionsabail na hiomláine críochaí agus na ceannasachta.

Tá an tAontas i ndlúth-theagmháil leis na Stáit Aontaithe, chomh maith le comhpháirtithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta chun tacú leis an idirphlé leis na páirtithe uile lena mbaineann agus chun an t-idirphlé sin a éascú, as a dtiocfaidh réiteach caibidlithe, daonlathach, cuimsitheach agus síochánta ar an ngéarchéim, faoi stiúir mhuintir Veiniséala.

Toil mhuintir Veiniséala a urramú, is é sin an t-aon bhealach amháin chun an daonlathas a athbhunú sa tír agus chun an ghéarchéim atá ann faoi láthair a réiteach.

Ag an tráth cinniúnach seo, tá sé ríthábhachtach go n-urramóidh na gníomhaithe uile cearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta go hiomlán. Ní mór na príosúnaigh pholaitiúla uile atá á gcoinneáil i Veiniséala faoi láthair a scaoileadh saor gan choinníoll.

Tá údaráis chonsalacha Bhallstáit an Aontais ag obair i ndlúthchomhar le chéile chun sábháilteacht shaoránaigh an Aontais a chosaint, lena n-áirítear iad siúd atá á gcoinneáil go neamhdhleathach i Veiniséala.

Toghcháin uachtaránachta 2024

Is cúis mhór imní don Aontas i gcónaí iad na sáruithe ar chearta an duine a tharla tar éis na dtoghchán uachtaránachta i Veiniséala an 28 Iúil 2024.

Ag na cruinnithe a bhí ag an gComhairle Eorpach ina dhiaidh sin i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Nollag 2024, d’iarr ceannairí an Aontais ar údaráis Veiniséala an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • toil dhaonlathach mhuintir Veiniséala a urramú
  • deireadh a chur leis an bhforéigean, leis an gcos ar bolg, agus le ciapadh an fhreasúra agus na sochaí sibhialta
  • príosúnaigh pholaitiúla a scaoileadh saor
  • deireadh a chur leis na cúisimh i gcoinne thíortha an Aontais, cúisimh nach bhfuil bunús ar bith leo, agus rochtain iomlán ar sheirbhísí consalacha a thabhairt do shaoránaigh na hEorpa atá á gcoinneáil i Veiniséala
  • gealltanais Veiniséala faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh

Leag siad béim arís ar an bhfíric nach nglacfaí le haon torthaí ná nach n-aithneofaí aon torthaí nach torthaí iomlána iad atá infhíoraithe go neamhspleách. Bainfidh an tAontas leas as na huirlisí uile atá ar fáil dó chun tacú leis an daonlathas agus le haistriú síochánta cuimsitheach i Veiniséala.

Conclúidí ón gComhairle Eorpach:

Ráitis thar ceann an Aontais Eorpaigh:

Tacaíocht dhaonnúil do mhuintir Veiniséala

Ó 2016 i leith, tá €572 mhilliún de chabhair dhaonnúil éigeandála leithdháilte ag an Aontas ar Veiniséala. In 2026, eisíocadh thart ar €52 mhilliún chun freagairt ar na riachtanais is práinní atá ag muintir Veiniséala.

Cabhraíonn an cistiú le cúnamh a thabhairt do na Veiniséalaigh atá i ngátar laistigh den tír agus dóibh siúd atá á n-óstáil i dtíortha comharsanacha araon. Cuirtear cabhair dhaonnúil ón Aontas ar fáil trí ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, trí eagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta (ENRanna), agus trí ghluaiseacht na Croise Deirge.

Is ar ghrúpaí leochaileacha, mar shampla leanaí, daoine óga, mná torracha agus máithreacha atá ag cothú linbh ar an gcíoch, daoine scothaosta, agus grúpaí dúchasacha, is mó a dhírítear an chabhair.

Is é is aidhm don mhaoiniú a leithdháiltear laistigh den tír freastal ar an gcúram sláinte, an cúnamh cosanta, an t-uisce, an tsláintíocht agus an sláinteachas, an t-oideachas i gcásanna éigeandála, agus tacaíocht chothaithe agus bhia, chomh maith le tacaíocht d’ullmhacht do thubaistí agus d’acmhainneahctaí práinnfhreagartha.

An cúnamh do dhídeanaithe agus do dhaoine easáitithe ina dtír féin, is ar sheirbhísí éigeandála leighis, ar chúnamh bia, ar fhaisnéis agus tacaíocht dhlíthiúil a sholáthar, ar thionscnaimh chosanta (go sonrach ar fhoréigean inscnebhunaithe agus ar gháinneáil ar dhaoine), ar oideachas i gcásanna éigeandála agus ar dhídean a dhíríonn sé.

Creathanna talún an 24 Meitheamh 2026

Tar éis na gcreathanna talún tubaisteacha a tharla i Veiniséala an 24 Meitheamh, tá foirne tarrthála agus cúnamh éigeandála eile imscartha ag an Aontas chuig Veiniséala trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

Ina theannta sin, gníomhachtaíodh seirbhís satailíte Copernicus an Aontais i modh mapála éigeandála chun íomhánna satailíte tráthúla agus cruinne agus sonraí geospásúla eile a sholáthar saor in aisce.

Tá an tAontas réidh chun tuilleadh cúnaimh a chur ar fáil de réir mar a thiocfaidh athrú ar na riachtanais ar an láthair.

Smachtbhannaí a bhaineann le Veiniséala

Thug an Chomhairle smachtbhannaí isteach an 13 Samhain 2017 i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala. Orthu sin tá:

  • trádbhac ar airm agus ar threalamh a úsáidtear le haghaidh brú faoi chois inmheánach
  • toirmeasc taistil ar dhaoine aonair agus reo sócmhainní a fhorchur ar dhaoine aonair agus eintitis atá freagrach as cearta an duine a shárú agus as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala

Is é is aidhm do na smachtbhannaí seo comhréitigh dhaonlathacha a spreagadh d’fhonn cobhsaíocht pholaitiúil a chur ar bun sa tír agus freastal ar riachtanais phráinneacha mhuintir Veiniséala. Tá siad ceaptha gan dochar a dhéanamh do mhuintir Veiniséala. Beidh aisiompú na smachtbhannaí seo ag brath ar dhul chun cinn nithiúil maidir le cearta an duine agus an smacht reachta i Veiniséala, mar aon le céimeanna fóinteacha i dtreo fíor-idirphlé agus aistriú daonlathach.

Tá feidhm ag na smachtbhannaí faoi láthair maidir le 69 nduine aonair agus cuireadh síneadh leo go deireanach go dtí an 10 Eanáir 2027.

Féach freisin

Héileacaptar comhraicthe dóiteáin agus roinnt gnéithe teibí a léiríonn freagairt ar ghéarchéimeanna.
Freagairt ar ghéarchéimeanna

Freagairt ar ghéarchéimeanna

Cabhair dhaonnúil

Cabhair dhaonnúil

An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí

An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí

An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Meitheamh 2026