"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 14 Deireadh Fómhair 2024
Na príomhthorthaí
Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an fogha atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, tar éis d’Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Andrii Sybiha, a chomhghleacaithe san Aontas a chur ar an eolas trí fhíschomhdháil faoi na forbairtí is déanaí ar an láthair agus faoi riachtanais is tábhachtaí na hÚcráine, go háirithe ó thaobh chórais aerchosanta agus bonneagair fuinnimh de.
Sa phlé a rinneadh ina dhiaidh sin, phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha tacaíocht an Aontais d’Fhoirmle Síochána an Uachtaráin Zelensky agus tacaíocht mhíleata an Aontais don Úcráin. Shoiléirigh an tArdionadaí go bhfuil loighic straitéiseach ann maidir leis an Úcráin a neartú go polaitiúil agus go míleata chun tús áite a thabhairt don chaibidlíocht síochána, agus nárbh ionann an tsíocháin agus an géilleadh.
Phléigh an tArdionadaí na hionsaithe a rinne an Rúis le déanaí ar bhonneagar fuinnimh agus calafoirt, agus ar onnmhairí gráin chomh maith, agus leag sé béim ar an ngá gan ligean do Putin an tslándáil domhanda bia a chur i mbaol ná gan ligean dó an geimhreadh a úsáid mar uirlis troda.
Cuirfimid síneadh le sainordú Mhisean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh (mar thaca leis an Úcráin) go ceann dhá bhliain. Tá súil agam go dtiocfaimid ar chomhaontú maidir leis an sainordú a mhéadú.
Ní mór dúinn freisin teacht ar chomhthoil maidir le mo chuid tograí chun an tSaoráid Eorpach Síochána/Ciste Cúnaimh don Úcráin a dhíbhlocáil. Táimid beagnach ann.
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle freisin le Toscaire Speisialta an Aontais, David O’Sullivan, maidir le smachtbhannaí an Aontais a chur chun feidhme agus maidir le hiarrachtaí chun an t-imchéimniú a chomhrac. Dúirt an tArdionadaí gur rinneadh dul chun cinn chun dul i ngleic leis an teacht timpeall, ach gur gá tuilleadh a dhéanamh chun leanúint den fheiniméan sin a chomhrac, atá le feiceáil i mBallstáit an Aontais chomh maith.
Maidir le smachtbhannaí, ghlac an Chomhairle córas nua le déanaí lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí hibrideacha na Rúise i gcoinne an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, agus ar bhearta sriantacha a fhorchur ar sheachtar daoine aonair agus seacht n-eintiteas tar éis don Iaráin diúracáin agus ladrainn a aistriú chun na Rúise.
Seisiún neamhfhoirmiúil tuairimíochta le Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha, Comhlathais agus Forbartha na Ríochta Aontaithe
Bhí seisiún neamhfhoirmiúil tuairimíochta ag na hairí, den chéad uair ó tháinig Brexit i bhfeidhm, le Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha, Comhlathais agus Forbartha na Ríochta Aontaithe, David Lammy, chun meastóireacht chomhpháirteach a dhéanamh ar roinnt saincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le cúrsaí eachtracha, slándála agus cosanta sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair.
Bhí cóineasú mór le brath sa seisiún. Tá an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta sa fhreagairt idirnáisiúnta ar fhogha na Rúise faoin Úcráin, agus tá siad aontaithe agus sos comhraic á iarraidh acu in Gaza agus an géarú tromchúiseach sa Mheánoirthear á aisiompú acu.
Ag deireadh an tseisiúin, dúirt an tArdionadaí go smaoineoidh na páirtithe ar chomhairliúcháin rialta a dhéanamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair shonracha, cuir i gcás fogha na Rúise faoin Úcráin, an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach nó na Balcáin Thiar.
An staid sa Mheánoirthear
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha cúrsaí sa Mheánoirthear, ag díriú ar an staid mar atá ar an láthair, ag díriú ar an staid ar an láthair sa réigiún go léir. Phléigh na hairí an staid sa Liobáin, ionsaithe na hIaráine ar Iosrael, an staid dhaonnúil in Gaza agus a bhfuil ag titim amach sa Bhruach Thiar.
Maidir leis an Liobáin, d’eisigh an tAontas ráiteas inar cháin sé na hionsaithe uile a rinne Fórsaí Cosanta Iosrael (IDF) ar mhisin na Náisiún Aontaithe, agus inar chuir sé in iúl gur chúis mhór imní dó iad na hionsaithe a rinneadh ar Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL), rud a d’fhág gur gortaíodh roinnt coimeádaithe síochána. Dhearbhaigh an Chomhairle gur sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta iad na hionsaithe úd a rinneadh ar choimeádaithe síochána na Náisiún Aontaithe, nach nglacfar leo ar chor ar bith, agus nach mór deireadh a chur leo láithreach.
D'athdhearbhaigh na hairí go dtacaíonn siad go hiomlán le UNIFIL. Níl aon duine ag iarraidh go dtarraingeoidh UNIFIL siar. Agus dála an scéil, ba cheart go dtuigfidh sibh nach faoi Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe atá sé cinneadh a dhéanamh an bhfanfaidh nó an bhfágfaidh UNIFIL. Is amhlaidh is faoi Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an cinneadh sin a dhéanamh.
[…] Sa chruinniú seo, ní raibh aon Bhallstát i bhfabhar UNIFIL a tharraingt siar. Mar sin, mura dtarraingeoidh sé siar, ní mór dó fanacht. Agus más amhlaidh a fhanann sé, ní mór go mbeidh sé slán.
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Phléigh an tArdionadaí freisin tacaíocht an Aontais do UNRWA, (Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear) agus ar an iarraidh a rinneadh ar an gCoimisiún an chéad tráinse eile de thacaíocht an Aontais a chur ar fáil do UNRWA láithreach sna laethanta amach romhainn.
Ar deireadh, d’iarr an Chomhairle an méid seo a leanas le linn an phlé: go mbeadh sos cogaidh in Gaza, go scaoilfí saor na gialla gan choinníoll, agus go gcomhlíonfaí go hiomlán an dlí daonnúil. Phléigh na hairí freisin na hullmhúcháin don Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus Iosrael, a d’iarr roinnt Ballstát roimhe seo.
Cúrsaí reatha
Faoi chúrsaí reatha, bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir leis an méid seo a leanas:
− Próiseas normalaithe na hAirméine-na hAsarbaiseáine
− An tSeoirsia roimh na toghcháin pharlaiminteacha a bheidh ar siúl an 26 Deireadh Fómhair
− Poblacht na Moldóive roimh na toghcháin uachtaránachta agus an reifreann maidir le haontachas leis an Aontas an 20 Deireadh Fómhair. Ghlac an Chomhairle bearta sriantacha freisin lena ndírítear ar chúigear daoine aonair agus ar eintiteas amháin atá freagrach as gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú
− Corn na hAfraice, ag díriú ar an tSúdáin agus ar an tSomáil, agus
− Veiniséala i ndiaidh thoghcháin a bhí ar siúl an 28 Iúil.
Conclúidí ón gComhairle agus cinntí eile
Chuir an Chomhairle síneadh bliana breise, go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2025, le cur i bhfeidhm bhearta sriantacha an Aontais i gcoinne leathadh agus úsáid na n-arm ceimiceach arna bhforchur ar 25 daoine agus ar 3 eintiteas.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.