Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 21 Aibreán 2026

Na príomhthorthaí

Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin

Phléigh an Chomhairle cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tar éis d’Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Andrii Sybiha, idirghabháil a dhéanamh trí fhíschomhdháil, a thug forléargas ar an staid ar an láthair agus ar na riachtanais is práinní atá ag an Úcráin.

Díríodh sa phlé a rinne na hairí ina dhiaidh sin ar thacaíocht bhreise don Úcráin, lena n-áirítear tríd an Iasacht Tacaíochta don Úcráin dar luach €90 billiún do na blianta 2026 agus 2027, agus ar bhealaí chun an brú ar an Rúis a mhéadú a thuilleadh ar bhealach cuimsitheach, lena n-áirítear tríd an 20ú pacáiste smachtbhannaí agus trí bhearta sriantacha breise.

Ag deireadh an chruinnithe, d’fhógair an tArdionadaí tacaíocht leathan chun bogadh ar aghaidh leis an gceathrú colún de ráthaíochtaí slándála Eorpacha, atá dírithe ar earnáil na cosanta a athchóiriú, ar thacaíocht chibearshlándála/hibrideach fheabhsaithe, agus ar iarrachtaí dímhianaithe, chomh maith le tacaíocht d’iarshaighdiúirí cogaidh.

Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne dhá eintiteas bhreise atá freagrach as gníomhaíochtaí hibrideacha leanúnacha na Rúise, go háirithe bolscaireacht agus bréagaisnéis, agus chinn sí freisin síneadh a chur le bearta sriantacha an Aontais ina gcoinne siúd atá freagrach as gníomhaíochtaí darb aidhm ceannasacht agus neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive a dhíchobhsú, an bonn a bhaint díobh nó iad a chur i mbaol, go dtí an 29 Aibreán 2027.

An staid sa Mheánoirthear

Phléigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais an staid sa Mheánoirthear i bhfianaise a bhfuil tite amach le déanaí ar fud an réigiúin.

An Liobáin

Seisiún neamhfhoirmiúil a bhí ann ar dtús, le hUachtarán Chomhairle Airí Phoblacht na Liobáine, Nawaf Salam, inar díríodh ar an staid ar an láthair agus ar an gcomhaontú maidir le deireadh a chur leis an gcogaíocht le hIosrael.

Leag na hairí béim ar iarmhairtí daonnúla na coinbhleachta agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé tacaíocht bhreise a thabhairt don Liobáin.

An Iaráin

Ina dhiaidh sin, dhírigh airí an Aontais ar an staid san Iaráin agus sa Mhurascaill. Chuir an tArdionadaí na hairí gnóthaí eachtracha ar an eolas faoin gcuairt a thug sí ar an réigiún le déanaí agus leag sí béim ar a thábhachtaí atá sé oibriú go dlúth le comhpháirtithe réigiúnacha chun an tslándáil agus an díghéarú a chinntiú.

Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé leanúint de na hiarrachtaí taidhleoireachta chun an teannas a laghdú agus chun réiteach marthanach a fháil ar an gcoinbhleacht.

I ndeireadh an chruinnithe, d’fhógair an tArdionadaí go raibh comhaontú polaitiúil ann chun córas smachtbhannaí an Aontais a leathnú le díriú orthu siúd atá freagrach as na sáruithe ar shaoirse loingseoireachta.

Iosrael agus an Phalaistín

Phléigh an Chomhairle Iosrael agus an Phalaistín.

Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas faoi thoradh na gcruinnithe den chomhaontas domhanda chun an réiteach dhá stát a chur chun feidhme agus den Choiste Idirchaidrimh Ad Hoc, a ndearna sí comhchathaoirleacht air an lá roimhe sin, agus d’athdhearbhaigh sí a thábhachtaí atá sé an plean síochána a chur chun feidhme go héifeachtach i gcomhréir le Rún 2803 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Maidir leis an gcaidreamh le hIosrael, d’fhógair an tArdionadaí nach rabhthas d’aon toil maidir leis an togra a chuir roinnt Ballstát síos chun an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus Iosrael a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach.

Pléadh an staid sa Bhruach Thiar agus rannpháirtíocht an Aontais trí mhisin CBSC freisin.

An tSiria

Mar ullmhúchán don chéad idirphlé polaitiúil idir an tAontas agus an tSiria atá beartaithe don 11 Bealtaine, phléigh an Chomhairle na bealaí is fearr chun tacú leis an aistriú sa tír.

Cugas Theas

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le caidreamh an Aontais le Cugas Theas, agus béim á leagan ar a bhfuil ag titim amach i bpróiseas síochána na hAirméine agus na hAsarbaiseáine. Sa chomhthéacs sin, chuir airí éagsúla in iúl gur deis cheart don réigiún é dul chun cinn a dhéanamh sa phróiseas sin, agus go bhfuil dlús suntasach á chur ag an Aontas lena chuid tacaíochta dó.

Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha freisin an caidreamh idir an tAontas agus an Airméin roimh an gcéad chruinniú mullaigh a bheidh ar siúl an 4 agus an 5 Bealtaine in Eireaván, agus d’fhormhuinigh sí spriocanna insoláthartha an chruinnithe mullaigh. Chinn an Chomhairle Misean Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUPM Armenia) a bhunú faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC), i dteannta Mhisean an Aontais san Airméin (EUMA), atá ar bun cheana, ar rannchuidiú breise é sna hiarrachtaí chun feabhas a chur ar athléimneacht dhaonlathach na hAirméine agus ar a cumas géarchéimeanna a bhainistiú.

Agus toradh chuairt Uachtarán na Comhairle Eorpaí ar Baki an 11 Márta á chur san áireamh, phléigh na hairí caidreamh an Aontais leis an Asarbaiseáin agus na paraiméadair le haghaidh caidreamh féideartha idir í agus an tAontas amach anseo.

Ar deireadh, d’fhéach an Chomhairle ar an staid sa tSeoirsia agus phléigh sí brú ón Aontas mar fhreagairt ar an gcúlú daonlathach leanúnach. I ndeireadh an chruinnithe, chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir nach raibh aon chomharthaí feabhais ann, agus go raibh teachtaireacht shainráite ag na hairí nach mór do rialtas na Seoirsia a chur chuige a athrú.

An tSúdáin

Agus 3 bliana ann ó thosaigh an choinbhleacht an 15 Aibreán 2023, phléigh an Chomhairle an cogadh sa tSúdáin, mar a bhfuil troid fós ar siúl idir Fórsaí Armtha na Súdáine agus na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus a mílístí cleamhnaithe faoi seach agus sáruithe nach bhfacthas riamh cheanaar cheart an duine ar siúl chomh maith le staid dhaonnúil thubaisteach, agus an ghéarchéim easáitithe is mó ar fud an domhain.

Bhí plé ag an gComhairle maidir leis an tSúdáin tar éis an 3ú Comhdháil Idirnáisiúnta don tSúdáin i mBeirlín an 15 Aibreán 2026. Rinne an tAontas Eorpach an t-imeacht a chomhóstáil in éineacht leis an bhFrainc, an Ghearmáin, an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe agus an tAontas Afracach.

D’eisigh an tAontas ráiteas ar an ábhar, inar athdhearbhaigh sé a thiomantas d’aontacht, do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na Súdáine, agus inar dhiúltaigh sé go láidir d’aon iarracht aontaobhach rialachas comhthreomhar a bhunú a d’fhéadfadh an tír a dheighilt.

Míreanna agus cinntí eile

Le linn an chruinnithe, thraraing an Laitvia anuas ceist rannpháirtíocht na Rúise i mBiennale na Veinéise 2026.

Chuir an Liotuáin in iúl don Chomhairle go ndearna Cúirt Uachtarach na Bealarúise cinneadh le déanaí Ollscoil na nDaonnachtaí Eorpacha (EHU) a ainmniú mar ‘eagraíocht antoisceach’.

Ar deireadh, chuir aire na Beilge an Chomhairle ar an eolas faoina mhisean chuig na Balcáin Thiar.

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le ‘Taidhleoireacht fuinnimh agus aeráide an Aontais – an cheannasacht a neartú agus an t-aistriú glan domhanda a chur chun cinn’.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Aibreán 2026