"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Comhtháthú), 18 Samhain 2021
Tá an beartas comhtháthaithe ar cheann de na beartais is éifeachtaí agus is tábhachtaí atá an an Aontas. Nuair a bhris paindéim COVID-19 amach, b'éifeachtach an sásra a bhí sa bheartas comhtháthaithe le freagairt don ghéarchéim, agus cinnteoidh sé go mbeidh téarnamh cothrom ann, go háirithe sa tsineirgíocht leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, gan aon duine a fhágáil ar lár. Is ag caint ar chistí a chuireann saoránaigh ar fáil do bhuiséad an Aontais atáimid, agus mar sin ní mór na cistí sin a thabhairt ar ais do na daoine trí roinnt clár agus tionscadal.
Zvonko Černač, Aire na Slóivéine um Fhorbairt agus um an mBeartas Eorpach Comhtháthaithe, Uachtaránacht na Comhairle
Is cúis mhór áthais dom Poblacht San Mairíne a chur san áireamh i Straitéis an Aontais Eorpaigh don Réigiún Aidriadach agus Iónach. Ní féidir leasanna agus ionchais an réigiúin a bhaint amach ina n-iomláine ach amháin má bhíonn níos mó den chur san áireamh agus den chomhar ann. As seo amach, beidh 10 dtír rannpháirteach sa Straitéis. Is follasach an fhianaise seo ar tharraingteacht agus spriocanna insoláthartha an chomhair réigiúnaigh.
Zvonko Černač, Aire Forbartha na Slóivéine agus Beartas Eorpach Comhtháthaithe
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.