Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Comhtháthú), 30 Samhain 2023

Na príomhthorthaí

A bhfuil i ndán don bheartas comhtháthaithe

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir lena bhfuil i ndán don bheartais comhtháthaithe.

Leagtar amach sna conclúidí seasamh na Comhairle maidir le hionchas an bheartais comhtháthaithe nuair a thiocfaidh deireadh leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil atá i bhfeidhm faoi láthairin 2027, lena n-áirítear na príomhghnéithe a bhaineann leis atá le coinneáil agus le forbairtamach anseo.

Bonn a bheidh iontu don phlé maidir lena bhfuil i ndán don bheartas comhtháthaithe sna blianta amach romhainn agus don obair a dhéanfaidh an Coimisiún ar an gcreat reachtach don bheartas comhtháthaithe tar éis 2027.

color: inherit; font-size: 14px; Beartas comhtháthaithe agus uathriail straitéiseach

Phléigh na hairí an chaoi a bhféadfadh an beartas comhtháthaithe rannchuidiú le huathriail straitéiseach na hEorpa a shaothrú.

Leis na dúshláin nua gheopholaitiúla, theicneolaíocha agus comhshaoil éagsúla, leagadh béim ar an ngá atá le spleáchais an Aontais a laghdú sna réimsí fuinnimh, soláthairtí sláinte, teicneolaíochtaí digiteacha nó bia, chun tacú le hiomaíochas chuideachtaí móra an Aontais in earnálacha straitéiseacha, agus chun gníomhú i gcoinne athlonnú na gcuideachtaí sin lasmuigh den Aontas.

Le linn na díospóireachta, leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, lena n-áirítear trí thacú le cuideachtaí móra de chuid an Aontais in earnálacha straitéiseacha, agus tuairimí éagsúla á gcur in iúl acu maidir le ról an bheartais comhtháthaithe i ndáil leis sin.

Tharraing roinnt cainteoirí aird ar na bealaí éagsúla a bhfuil an beartas comhtháthaithe ag tacú cheana féin le hiomaíochas an Aontais trína infheistíochtaí atá dírithe ar an todhchaí agus trína straitéisí um speisialtóireacht chliste. Chuir roinnt airí i bhfáth a thábhachtaí atá sé gan an tacaíocht do FBManna a ligean le sruth agus tacú leis an slabhra luacha ina iomláine, chun gur iomaíche a bheidh an t-éiceachóras gnó. Ardaíodh arís agus arís eile a thábhachtaí atá sé cothrom iomaíochtaa chinntiú sa mhargadh aonair.

Bhí comhaontú ginearálta ann gur cheart go leanfadh tacaíocht an bheartais comhtháthaithe do chuspóirí neamhspleáchais straitéisigh an Aontais de bheith comhoiriúnach le príomhchuspóir an bheartaistacú le forbairt chomhchuí réigiúnach ar fud an Aontais, agus go leagfaí béim ar riachtanais shonracha na réigiún aonair.

Tréimhse chlárúcháin 2014-2020

Phléigh na hairí freisin na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun cabhrú le hionsú chistí an bheartais comhtháthaithe a mhéadú sa tréimhse 2014-2020, arbh é 84 % a luach ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023.

Bhí tionchar mór ag paindéim COVID-19, ag an gcogadh san Úcráin agus ag praghsanna fuinnimh méadaithe ar luas chur chun feidhme Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa sa tréimhse sin. Tugadh isteach roinnt leasuithe reachtacha chun freagairt do na géarchéimeanna sin, ina measc athruithe ar rialacha incháilitheachta agus cur chun feidhme.

D’ardaigh na hairí, le linn an phlé, bearta éagsúla , a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an ráta ionsúcháin a mhéadú agus chun an t-ualach riaracháin ar na húdaráis bainistíochta a laghdú, cosúil le níos mó ama a thabhairt chun deireadh a chur leis an gclárthréimhse sin, agus béim á leagan acu ag an am céanna ar a phráinní atá sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an ábhar sin i bhfianaise na spriocdhátaí dúnta atá ar na bacáin.

Gnó eile

Faoi ‘aon ghnó eile’, leag an Uachtaránacht béim freisin ar ábharthacht chomhtháthú na gconclúidí ón gComhairle maidir le fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais, a formheasadh an 20 Samhain.

Is treoir pholaitiúil iad na conclúidí don Choimisiún agus do na Ballstát maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad amach anseo chun tacú leis na ceantair sin a chumhdaíonn os cionn 80% de chríoch an Aontais.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025