- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 24 Deireadh Fómhair 2023
Na príomhthorthaí
Leasú Rialacháin Uimh 1/1958
Bhreathnaigh na hairí ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an iarraidh ón Spáinn an Chatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis a chur san áireamh i Rialachán Uimh 1/1958, a rialaíonn teangacha údaraithe an Aontais.
Cuireadh an iarraidh in iúl d’Uachtaránacht na Comhairle an 17 Lúnasa 2023, i litir ó Aire Gnóthaí Eachtracha, an Aontais Eorpaigh agus Comhair na Spáinne. Bhí plé cuiditheach ag na hairí ag cruinniú den Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta an 19 Meán Fómhair 2023 agus chinn siad leanúint de bheith ag obair ar an iarraidh ón Spáinn Rialachán Uimh. 1 a leasú.
Idir an dá linn, iarradh ar an gCoimisiún anailís theicniúil a ullmhú ar na himpleachtaí costais a bheadh i gceist leis an iarratas sin ón Spáinn. Thug an Coimisiún le fios go bhfuil sé réidh, agus í ag obair i gcomhar le hinstitiúidí eile an Aontais, an anailís sin a chur i láthair.
Déanfar togra oiriúnaithe a chur síos.
Chinn an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta súil ghéar a choinneáil ar an ábhar sin.
Idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta
Beidh plé tírshonrach ag na hairí mar chuid den idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta. Is ar na príomhfhorbairtí sa Danmhairg, sa Ghearmáin, san Eastóin, in Éirinn agus sa Ghréig a díríodh sa seisiún tuairimíochta.
Is cuid de thiomantas na Comhairle an t-idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta a dhéanamh níos láidre agus níos struchtúrtha é an plé tírshonrach, agus prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne de chuid na mBallstát ar fad á n-urramú ag an am céanna. Is é an cuspóir atá ann tuairimí agus dea-chleachtais a phlé ar bhealach cuiditheach oscailte.
Bosca uirlisí déimeagrafaíochta
Thíolaic an Coimisiún a theachtaireacht dar teideal ‘An t-athrú déimeagrafach san Eoraip: bosca uirlisí le haghaidh gníomhaíochta’, ina leagtar amach na huirlisí beartais atá ar fáil do na Ballstáit chun an t-aistriú déimeagrafach san Eoraip agus an tionchar atá aige ar shochaí agus ar gheilleagar (agus ar iomaíochas) an Aontais a bhainistiú.
D’fhoilsigh an Coimisiún an teachtaireacht an 11 Deireadh Fómhair 2023 mar fhreagairt ar iarraidh a rinne an Chomhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2023 bosca uirlisí a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a bhíonn ag dúshláin dhéimeagrafacha ar bhuntáiste iomaíoch na hEorpa.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis na dúshláin dhéimeagrafacha atá le réiteach ag an Eoraip, agus béim sa phlé sin ar na huirlisí beartais agus ar na chéad chéimeanna eile lenarbh fhéidir aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin dhéimeagrafacha agus ar an tionchar a bhíonn acu ar an iomaíochas. Ba dhíol sásaimh dóibh an teachtaireacht ón gCoimisiún agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an athrú déimeagrafach ón tús.
Cruinniú na Comhairle Eorpaí i mí Dheireadh Fómhair
Lean an Chomhairle de na hullmhúcháin a rinneadh don chruinniú den Chomhairle Eorpach an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair 2023 agus phléigh siad na dréachtchonclúidí.
Is ar an méid a leanas a dhíreoidh ceannairí an Aontais ag an gcruinniú a bheidh acu amach anseo:
- Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus freagairt an Aontais
- an staid sa Mheánoirthir
- an t-athbhreithniú atá beartaithe ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027
- dul chun cinn maidir le borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa
- gné sheachtrach na himirce
- ullmhúcháin do Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide in Dubai (COP28)
- saincheisteanna i ndáil leis an mbeartas eachtrach
An tslándáil mhuirí
D’fhormheas an Chomhairle straitéis athbhreithnithe agus plean gníomhaíochta an Aontais maidir leis an tslándáil mhuirí gan phlé a dhéanamh air.
Ghlac an Chomhairle an straitéis, agus an plean gníomhaíochta a ghabhann léi, den chéad uair in 2014, agus rinneadh nuashonrú ar an bplean gníomhaíochta in 2018. Is é is aidhm don athbhreithniú a chinntiú go mbeidh réimse leathan uirlisí éifeachtacha ar fáil don Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí agus na deacrachtaí slándála atá ag teacht chun cinn, mar shampla méadú ar an iomaíocht straitéiseach le haghaidh cumhachta agus acmhainní sna himchuacha farraige ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin, díghrádú comhshaoil agus ionsaithe hibrideacha agus cibirionsaithe a dhíríonn ar bhonneagar muirí.
Todhchaí na hEorpa
Tar éis chruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí maidir le gnóthaí ginearálta in Murcia an 28 Meán Fómhair agus tar éis sheisiún tuairimíochta na gceannairí in Granada an 6 Deireadh Fómhair, bhí lón oibre ag na hairí ina ndearna siad plé ar thodhchaí na hEorpa agus ar an ullmhúchán don mhéadú.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025