- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 15 Samhain 2023
Na príomhthorthaí
Comhairle Eorpach mhí na Nollag
Chuir na hairí tús leis an ullmhúchán don chruinniú den Chomhairle Eorpach an 14-15 Nollaig 2023 trí phlé a dhéanamh ar dhréachtchlár oibre anótáilte.
Ag an gcruinniú a bheidh acu i mí na Nollag, tabharfaidh ceannairí an Aontais aghaidh ar an méid seo a leanas:
- Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
- an staid sa Mheánoirthir
- na chéad chéimeanna eile maidir le méadú agus maidir leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais
- an t-athbhreithniú atá beartaithe ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027
- ceisteanna slándála agus cosanta
An smacht reachta sa Pholainn
Mar chuid de nós imeachta Airteagal 7(1), phléigh an Chomhairle staid an smachta reachta sa Pholainn.
Sheol an Coimisiún an nós imeachta maidir leis an bPolainn in 2017 agus clúdaíonn sé raon saincheisteanna a bhaineann le neamhspleáchas bhreithiúna na Polainne. Tionóladh an éisteacht is déanaí ón bPolainn i mí na Bealtaine 2023.
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi fhorbairtí ó bhí an éisteacht ann, agus leag sé amach na hábhair imní atá fós ann maidir leis an gCúirt Uachtarach, le Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna agus le ról agus cásdlí an Bhinse Bhunreachtúil. Mheabhraigh sí freisin nár tháinig an t-athchóiriú ar an gcóras araíonachta is infheidhme maidir le breithiúna na Polainne arna dhéanamh ag údaráis na Polainne i bhfeidhm go fóill.
Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna uile a bhaineann le neamhspleáchas na mbreithiúna agus an smacht reachta sa Pholainn agus chuir siad in iúl go dtacaíonn siad leis an gCoimisiún maidir leis na hábhair imní a tarraingíodh aníos, agus chuir siad in iúl go raibh súil acu go dtabharfaidh an Pholainn aghaidh orthu go luath. Bhí deis ag an bPolainn a barúlacha a chur in iúl.
Chinn an Uachtaránacht go gcoinneoidh an Chomhairle an t-ábhar faoi bhreithniú.
Luachanna an Aontais Eorpaigh a urramú san Ungáir
Pléigh an Chomhairle freisin, mar chuid de nós imeachta Airteagal 7(1) CAE, an méid atá tite amach maidir le hurraim do luachanna an Aontais san Ungáir.
Sheol Parlaimint na hEorpa an nós imeachta maidir leis an Ungáir in 2018 agus cumhdaíonn sé roinnt saincheisteanna ó neamhspleáchas breithiúnach agus éilliú go saoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse acadúil agus cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Tionóladh an éisteacht is déanaí ón Ungáir i mí na Bealtaine 2023.
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta i réimsí an neamhspleáchais bhreithiúnaigh agus na troda i gcoinne an éillithe ó éisteacht dheireanach na hUngáire, agus chuir sé in iúl ag an am céanna na céimeanna atá fós le glacadh ar an mbonn sin. Leagadh amach freisin na hábhair thromchúiseacha imní atá fós ann a bhaineann le réimsí eile, mar shampla, neamhspleáchas agus iolrachas na meán, cearta imirceach agus daoine ar de mhionlaigh iad, lena gcuirtear san áireamh daoine LADTI, brú ar an tsochaí shibhialta agus úsáid fhorleathan cumhachtaí éigeandála ag an rialtas.
D’athdhearbhaigh na hairí ábhair imní an Choimisiúin agus thathantaigh siad ar an Ungáir leanúint d’aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna uile a tarraingíodh aníos. Chuir an Ungáir a barúlacha i láthair.
Chinn an Uachtaránacht go gcoinneoidh an Chomhairle an t-ábhar faoi bhreithniú.
Dlí toghcháin na hEorpa
Bhí díospóireacht ag an gComhairle, i seisiún poiblí, faoin togra ó Pharlaimint na hEorpa i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar rialacha an Aontais lena rialaítear toghcháin na Parlaiminte. Ba í sin an tríú díospóireacht sa Chomhairle maidir leis an togra sin.
Iarradh ar na hairí a chur in iúl an bhféadfaidís teacht ar chomhaontú maidir le bunsmaoineamh na liostaí trasnáisiúnta agus an toghlaigh Eorpaigh, agus conas a d’fhéadfaidís tuilleadh oibre a bheartú ar thogra na Parlaiminte.
Deimhníodh sa díospóireacht go raibh roinnt Ballstát in amhras soiléir maidir le coincheap na liostaí trasnáisiúnta, agus maidir le próiseas príomhiarrthóiríagus toghlach uile-Aontais bunaithe ar na liostaí sin. Mar sin féin, bhí tromlach mór na mBallstát sásta leanúint den obair ar an gcomhad seo ar an leibhéal teicniúil, ag tosú leis na gnéithe sin den togra ón bParlaimint a raibh an méid is mó tacaíochta acu de réir an tsuirbhé a rinne Uachtaránacht na Sualainne.
Chinn an Uachtaránacht go leanfar den obair ar an gcomhad seo ar an leibhéal teicniúil.
An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe
Mheas an Chomhairle an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi na forbairtí sa chaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe le míonna beaga anuas agus faoin obair atá beartaithe amach anseo i ndáil leis sin.
Ba dhíol sásaimh do na hairí gurbh fhéidir leis an Aontas agus an Ríocht Aontaithe bogadh ar aghaidh lena gcaidreamh, a bhuí le Creat Windsor, chun díriú ar chomhpháirtíocht dhearfadh chobhsaí a fhorbairt atá bunaithe ar comhluachanna, ag cinntiú san am ceanna go n-urramófar leasanna an Aontais.
Leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé na comhaontuithe uile idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a chur chun feidhme ina n-iomláine, lena gcuirtear san áireamh a mhéid a bhaineann le cearta na saoránach, agus leag siad béim ar aontacht leanúnach an Aontais. Chuir na hairí in iúl freisin go dtacaíonn siad le leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair chun tairbhe fhrithpháirteach an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, agus aird á tabhairt ar na teorainneacha a eascraíonn as na comhaontuithe atá ann faoi láthair.
Gan phlé, cheadaigh an Chomhairle freisin rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir an Aontais, Fís Eorpach agus Copernicus, agus d’fhormheas sí an comhaontú i bprionsabal ar tháinig an Coimisiún agus rialtas na Ríochta Aontaithe air an 7 Meán Fómhair 2023.
Todhchaí na hEorpa
Phléigh na hairí freisin ullmhúcháin inmheánacha an Aontais don mhéadú, i.e. conas is féidir leis an Aontas Ballstáit nua a chomhtháthú agus a fhorbairt féin a choinneáil agus a dhoimhniú maidir lena bheartais, lena bhuiséad agus lena chumas gníomhú. Dhírigh an díospóireacht ar an bpróiseas machnaimh agus athchóirithe lena mbaineann a eagrú.
Phléigh na hairí gnóthaí Eorpacha ullmhúcháin inmheánacha an Aontais don mhéadú cúpla babhta i mbliana, lena gcuirtear san áireamh ag na cruinnithe neamhfhoirmiúla a bhí acu i Stócólm an 21-22 Meitheamh agus in Murcia an 28-29 Meán Fómhair, agus le linn lón aireachta ar imeall chruinnithe na Comhairle Gnóthaí Ginearálta an 19 Meán Fómhair agus an 24 Deireadh Fómhair.
Thug ceannairí an Aontais aghaidh freisin ar an tsaincheist ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí acu in Granada an 6 Deireadh Fómhair. I ndearbhú Granada, dhearbhaigh siad gur infheistíocht gheostraitéiseach é an méadú sa tsíocháin, an tslándáil, an chobhsaíocht agus an rathúnas, agus dúirt siad, i gcomhthráth le hiarrachtaí athchóirithe na mBallstát ar mian leo teacht isteach ann, nach mór don Aontas an réamhobair inmheánach agus na hathchóirithe is gá a leagan síos.
Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Uimh. 1/1958
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid imeartha an iarraidh ón Spáinn Rialachán Uimh. 1/1958 a leasú chun an Chatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis a chur san áireamh ann.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas gur chuir an Spáinn togra oiriúnaithe síos an 13 Samhain, ar bhonn an phlé a rinneadh ag cruinnithe den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta roimhe seo.
Mheabhraigh an Uachtaránacht freisin go bhfuil measúnú costais á ullmhú ag an gCoimisiún Eorpach maidir le Rialachán Uimh. 1/1958 a leasú.
Obair reachtach
Thíolaic an Coimisiún a chlár oibre do 2024, ina sainaithnítear 15 thionscnamh nua agus 154 chomhad tosaíochta leanúnacha, agus lena gcuirtear béim láidir ar an ualach riaracháin a laghdú do ghnólachtaí, riaracháin agus saoránaigh araon.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025