Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 21/04/2016, 21 Aibreán 2016

Na príomhthorthaí

Gnóthaí Baile

An tSlándáil

Tá sé ríthábhachtach go roinnfimis an fhaisnéis atá againn ionas go bhféadfar anailís fhíor-ama agus oibríochtaí trasteorann a dhéanamh d’fhonn sceimhlitheoireacht, imirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann a chosc” Sin a dúirt Ard Van Der Steur, Aire Slándála agus Dlí agus Cirt na hÍsiltíre

Phléigh an Chomhairle iarmhairtí na n-ionsaithe sa Bhruiséil, ag leanúint ón gcruinniú a bhí ann ar an 24 Márta 2016. Dhírigh na hAirí ar úsáid agus idir-inoibritheacht bunachar sonraí agus ar na tograí is déanaí ón gCoimisiún maidir leis an bpacáiste teorainneacha cliste.

Phléigh na hAirí gníomhaíochtaí i ndáil le feabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus chomhaontaigh siad go ndéanfaidís iarracht teacht ar chomhaontú faoi na ceanglais a bhaineann le struchtúr comhtháite faisnéise na hEorpa, lena n-áirítear idir-inoibritheacht i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile, lena gcumhdaítear an imirce, an tslándáil/an fhrithsceimhlitheoireacht agus teorainneacha. Áireofar sa chomhaontú sin treochlár ina mbeidh gníomhaíochtaí don ghearrthéarma agus don mheántéarma mar aon leis an bhfadtéarma, agus cuirfear i láthair é ag an gComhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile i mí an Mheithimh 2016.

Dúirt Ard Van Der Steur, Aire Slándála agus Ceartais na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle an méid seo a leanas: “Tá sé ríthábhachtach go roinnfimis an fhaisnéis atá againn ionas go bhféadfar anailís fhíor-ama agus oibríochtaí trasteorann a dhéanamh d’fhonn sceimhlitheoireacht, imirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann a chosc”

An imirce

Scrúdaigh na hAirí Gnóthaí Baile an dul chun cinn atá déanta maidir leis na bearta is gá a chur chun feidhme d’fhonn na hiarmhairtí diúltacha daonnúla a bhaineann le staid reatha na himirce a laghdú go pras, d’fhonn teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint, srian a chur leis an sreabhadh imirce, an imirce neamhdhlíthiúil a laghdú agus d’fhonn sláine limistéar Schengen a choimirciú.

Chuireamar tús inniu freisin le plé taighdeach faoin méid atá i ndán don chóras Eorpach tearmainn. Táimid go léir ar comhaigne nach bhfeidhmíonn an córas atá ann faoi láthair agus go bhfuil córas níos fearr de dhíth orainn. Ní féidir cur suas leis an status quo. In ionad ‘córas na soininne’ atá againn i láthair na huaire, tá gá le córas a bheidh in ann dul i ngleic le hinsreabhadh mór tobann. Mar thoradh ar an gcóras sin, ba cheart go dtiocfadh laghdú suntasach ar an insreabhadh a chonacthas le déanaí” Sin a dúirt Klaas Dijkhoff, Aire Imirce na hÍsiltíre

D’athdhearbhaigh siad go bhfuil gá le dlús a chur faoi chur chun feidhme an ráitis ón Aontas agus ón Tuirc ar an 18 Márta agus go háirithe athshocrú dídeanaithe na Siria ón Tuirc i gcreat chóras 1:1. Iarradh ar na Ballstáit freisin borradh a chur faoi athlonnú iarrthóirí tearmainn ón nGréig agus ón Iodáil, i gcomhréir leis na cinntí ón gComhairle i mí Mheán Fómhair 2015.

Thairis sin, chomhaontaigh siad go leanfaidís orthu de shúil ghéar a choinneáil ar roghanna lena bhféadfaí féachaint faoi bhealaí nua imirce a oscailt, go háirithe an Mheánmhuir Láir, d’fhonn géarchéim thromchúiseach a sheachaint.

Dúirt Klaas Dijkhoff, Aire Imirce na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle an méid seo a leanas: “Chuireamar tús inniu freisin le plé taighdeach faoin méid atá i ndán don chóras Eorpach tearmainn. Táimid go léir ar comhaigne nach bhfeidhmíonn an córas atá ann faoi láthair agus go bhfuil córas níos fearr de dhíth orainn. Ní féidir cur suas leis an status quo. In ionad ‘córas na soininne’ atá againn i láthair na huaire, tá gá le córas a bheidh in ann dul i ngleic le hinsreabhadh mór tobann. Mar thoradh ar an gcóras sin, ba cheart go dtiocfadh laghdú suntasach ar an insreabhadh a chonacthas le déanaí.”

Cuireadh na hAirí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an dréachtrialachán maidir le Garda Teorann Eorpach agus chuir siad i dtreis gur gá tús a chur leis na hullmhúcháin d’fhonn roinnt gnéithe tosaíochta a chur chun feidhme, gan dochar don chaibidlíocht a dhéanfar go luath le Parlaimint na hEorpa.

Saincheisteanna eile

Ghlac an Chomhairle treoir maidir le Taifead an Aontais ar Ainmneacha Paisinéirí (PNR) agus treoir lena neartaítear cearta leanaí in imeachtaí coiriúla, gan ceachtar acu a phlé.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025