Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 20/05/2016, 20 Bealtaine 2016

Na príomhthorthaí

An beartas víosaí

Bhí díospóireacht ghinearálta ag na hairí maidir leis an mbeartas víosaí i bhfianaise na moltaí a tháinig le déanaí ón gCoimisiún i ndáil le léirscaoileadh víosaí.

Tá buntáistí iontacha ag roinnt leis an léirscaoileadh víosaí don Aontas Eorpach agus do thríú tíortha araon. Fós féin is gá coscán éigeandála a bheith againn do na tíortha sin ar fad nach dteastaíonn víosa le dul iontu le cinntiú nach mbainfear mí-úsáid as an léirscaoileadh víosaí. Is díol sásaimh dom inniu gur éirigh linn comhaontú maidir le sásra lenar fusa a bheidh sé gníomhú i gcoinne na mí-úsáide sin. Tá mé ag súil go mór le tús a chur go luath leis an obair le Parlaimint na hEorpa chun é seo a bhaint amach” arsa Klaas Dijkhoff, Aire Imirce na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle

Dhearbhaigh an Chomhairle nach féidir fáil réidh leis an gceanglas le haghaidh víosa ach amháin nuair a bheidh na tagarmharcanna réamhaontaithe ar fad á gcomhlíonadh. Dúirt na hairí go ndéanfar an cinneadh maidir leis na tagarmharcanna sin a bheith comhlíonta ar bhealach beacht cóir, ar bhonn measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún.

Chomhaontaigh an Chomhairle freisin i ndáil lena seasamh caibidlíochta don rialachán lena ndéanfar athbhreithniú ar an sásra fionraíochta, seasamh a mbeidh feidhm aige maidir leis na comhaontuithe léirscaoilte víosaí ar fad atá ann faoi láthair. Ar bhonn an tseasaimh sin, rachaidh Uachtaránacht na hÍsiltíre i gceann caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh a seasamh sin glactha aici.

Arsa Klaas Dijkhoff, Aire Imirce na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle: “Tá buntáistí iontacha ag roinnt leis an léirscaoileadh víosaí don Aontas Eorpach agus do thríú tíortha araon. Fós féin is gá coscán éigeandála a bheith againn do na tíortha sin ar fad nach dteastaíonn víosa le dul iontu le cinntiú nach mbainfear mí-úsáid as an léirscaoileadh víosaí. Is díol sásaimh dom inniu gur éirigh linn comhaontú maidir le sásra lenar fusa a bheidh sé gníomhú i gcoinne na mí-úsáide sin. Tá mé ag súil go mór le tús a chur go luath leis an obair le Parlaimint na hEorpa chun é seo a bhaint amach”.

Imirce

Bhí malartú tuairimí ag na hairí gnóthaí baile maidir le cás reatha na himirce, go háirithe cur chun feidhme Dhearbhú an Aontais Eorpaigh agus na Tuirce ón 18 Márta agus na sreafaí imirce sa Mheánmhuir Láir.

Go háirithe, iarradh ar na stáit rannpháirteacha luas a chur faoi athshocrú na ndídeanaithe Siriacha ón Tuirc i gcreat na scéime 1:1 agus freisin luas a chur freisin faoi athlonnú lucht iarrtha tearmainn ón nGréig agus ón Iodáil, i gcomhréir leis na cinntí ón gComhairle i mí Mheán Fómhair 2015.

D’aontaigh na Ballstáit leis an anailís a rinne an Coimisiún ar na bearta a rinne an Tuirc ón 20 Márta ar aghaidh, lena n-áirítear an measúnú go raibh na céimeanna riachtanacha ar fad a leagadh amach sa Teachtaireacht ar an 16 Márta déanta ag an Tuirc. Chuir na Ballstáit in iúl go bhfuil siad suite de gur féidir agus gur cheart imircigh a chur ais chuig an Tuirc i gcomhréir le Dearbhú an Aontais Eorpaigh agus na Tuirce ar an 18 Márta.

Garda Teorann Eorpach

Cuireadh na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le dréachrialachán i ndáil le Garda Teorann Eorpach. Tá sé d’aidhm ag an Uachtaránacht go dtiocfaidh an dhá chomhreachtóir ar chomhaontú faoi dheireadh mhí an Mheithimh, mar a d’iarr an Chomhairle Eorpach.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025