- An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 10-11/03/2016, 10-11 Márta 2016
Na príomhthorthaí
Gnóthaí Baile
Is díol sásaimh don Chomhairle an toradh a bhí ar an gComhairle Eorpach maidir le comhar idir an tAontas agus an Tuirc. Cabhraíonn sé chun srian a chur leis an insreabhadh imirce agus chun cosc a chur ar dhaoine a saol a chur i lámha smuigléirí neamhthrócaireacha araon. Nuair a thiocfar ar chomhaontú, beidh ról tábhachtach ag na hAirí Imirce maidir leis na bearta sin a chur chun feidhme. Táimid réidh chun an obair sin a dhéanamh.” Klaas Dijkhoff, Aire Inimirce na hÍsiltíre
Imirce
Bhí malartú tuairimí ag na hAirí maidir leis an staid reatha i ndáil leis an imirce agus le cur chun feidhme an ráitis a comhaontaíodh ag an gcruinniú a bhí ag na Cinn Stáit nó Rialtais ar an 7 Márta, tar éis a gcruinnithe le Príomh-Aire na Tuirce
Scrúdaigh na hAirí, go háirithe, an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na mbeart a glacadh cheana féin chun na sreafaí a shrianadh go gasta, teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint, imirce mhídhleathach a laghdú, sláine limistéar Schengen a chosaint agus iarmhairtí daonnúla diúltacha na staide reatha i ndáil leis an imirce a laghdú.
Garda Teorann agus Cósta Eorpach
Bhreathnaigh na hAirí ar an obair atá déanta ar an togra maidir le Garda Teorann agus Cósta Eorpach freisin. Leis an ngníomhaireacht atá beartaithe, thabharfaí le chéile acmhainní ó Frontex agus ó Bhallstáit an Aontais d'fhonn faireachán a dhéanamh ar na sreafaí imirce, na spotaí laga a shainaithint agus freagairt do staideanna ina mbeadh teorainn sheachtrach de chuid an Aontais i mbaol.
Is é an sprioc atá ag an Uachtaránacht seasamh ón gComhairle a bhaint amach maidir leis an téacs iomlán roimh Chomhairle CGB i mí Aibreáin, d’fhonn comhaontú a bhaint amach le Parlaimint na hEorpa faoi mhí an Mheithimh, mar a d’iarr an Chomhairle Eorpach.
Airm
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir leis an togra le haghaidh Treoir maidir le héadáil agus seilbh arm a rialú, lena ndéanfar Treoir 91/447/CEE atá ann cheana a athbhreithniú agus a chomhlánú, agus aird á tabhairt ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla le déanaí.
Tháinig na hAirí ar chomhaontú faoi threoirlínte éagsúla i leith dul ar aghaidh leis an obair ar an leibhéal teicniúil. Tá sé d’aidhm ag an Uachtaránacht go mbeidh seasamh sa Chomhairle faoi mhí an Mheithimh.
Dúirt Ard van der Steur, Aire Slándála agus Dlí agus Cirt na hÍsiltíre an méid seo a leanas: "Bhí malartú tuairimí oscailte, ionraic ann maidir leis na cúig ábhar shonracha sa togra ón gCoimisinéir chun an Treoir maidir le hairm thine a leasú. Beidh obair bhreise á déanamh ag na saineolaithe ar an togra d’fhonn teacht ar chur chuige ginearálta faoi mhí an Mheithimh seo chugainn".
An comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta
Phléigh na hAirí agus thug siad dá n-aire an tuarascáil a d’ullmhaigh Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh ar an obair leantach a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na mbeart i ndáil leis an bhfrithsceimhlitheoireacht. Tugtar forléargas agus moltaí úsáideacha sa tuarascáil ar réimsí ina bhfuil gá fós le tuilleadh dul chun cinn, comhroinnt faisnéise agus slándáil teorann mar shampla.
Ceartas
An comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta
Ghlac Airí Dlí agus Cirt seasamh caibidlíochta na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh Treoir maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac.
Neartaítear leis an Treoir atá beartaithe creat dlí an Aontais Eorpaigh chun ionsaithe sceimhlitheoireachta a chosc trí ghníomhartha ullmhúcháin amhail oiliúint agus taisteal ar an gcoigríoch chun críocha sceimhlitheoireachta a choiriúlú, agus ar an mbealach sin, rachfar i ngleic tuilleadh le feiniméan na dtrodairí eachtracha. Neartóidh an togra na rialacha maidir le cearta íospartaigh na sceimhlitheoireachta freisin.
Rachaidh an Uachtaránacht i gceann caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh a seasamh sin glactha aici.
Tá an margadh aonair digiteach mar ábhar tosaíochta agus, dá bhrí sin, ní mór rialacha conartha nua-aimseartha a bheith againn don aois dhigiteach. Bainfidh fiontraithe agus tomhaltóirí araon tairbhe as rialacha nua Eorpacha maidir le hábhar digiteach a sholáthar.” Ard van der Steur, Aire Slándála agus Dlí agus Cirt na hÍsiltíre
An Clár Oibre Digiteach
Bhreathnaigh na hAirí ar an obair atá déanta ar an leibhéal teicniúil maidir leis na tograí maidir le dlí nua na gconarthaí le haghaidh Treoracha: ceann amháin acu dírithe ar sholáthar ábhair dhigitigh agus ceann eile dírithe ar dhíolachán ar líne agus ar chiandíolacháin earraí.
Tháinig siad ar chomhaontú maidir leis an tábhacht a bhaineann le timpeallacht nua-aimseartha atá fabhrach do ghnólachtaí a chruthú do thrádálaithe chun dlús a chur leis an ríomhthráchtáil thar theorainneacha san Aontas Eorpach, agus muinín tomhaltóirí a mhéadú agus leibhéal ard cosanta tomhaltóirí a choimeád.
Ar mholadh ón Uachtaránacht, chinn na hAirí a gcuid oibre a dhíriú ar dtús ar an togra maidir le soláthar an ábhair dhigitigh a scrúdú agus aird á tabhairt ar an ngá atá le comhleanúnachas iomlán idir na rialacha maidir le díolacháin ar líne agus as líne, agus idir díolacháin earraí agus soláthar ábhair dhigitigh.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár táscach — an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 10 agus 11 Márta 2016
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 10-11 Márta 2016
- Liosta na míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 10-11 Márta 2016
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 10-11 Márta 2016
- Aguisín 1 a ghabhann le liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 10-11 Márta 2016
- Cúlra faisnéise
- List of participants
Preaseisiúintí
- Treoir maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac: Tá an Chomhairle ullamh chun dul i gceann caibidlíochta leis an bParlaimint
- 11/03/2016
- Dréacht-Chonclúidí ón gComhairle maidir le smuigléireacht imirceach
- 10/03/2016
- Rialacha nua de chuid an Aontais maidir le taighdeoirí agus mic léinn ó thríú tíortha: Glacann an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh
- 10/03/2016
- Saorchúrsaíocht doiciméad poiblí: deireadh a chur leis an rómhaorlathas do shaoránaigh
- 10/03/2016
- Rialacha nuashonraithe maidir le Europol: Glacann an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh
- 10/03/2016
- Sláine críche na hÚcráine: Cuireann an tAontas síneadh 6 mhí leis na smachtbhannaí
- 10/03/2016
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #JHA
Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025