- An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí dlí agus cirt, 11 Márta 2021
Na príomhthorthaí
Sonraí a choinneáil
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le sonraí cumarsáide leictreonaí a bheith á gcoinneáil ag soláthraithe seirbhíse ar féidir leo iad a nochtadh d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha de réir coinníollacha dochta áirithe. Rinne na hairí a marana féachaint, go háirithe, ar cheart reachtaíocht a ghlacadh ar leibhéal an Aontais chun córas dlí comhchuibhithe a chinntiú nó ar cheart don chomhar póilíneachta agus breithiúnach a bheith ag brath ar dhlíthe náisiúnta maidir le coinneáil sonraí agus ar na dlíthe sin amháin.
D’athdhearbhaigh na hairí gur údar imní dóibh tionchar an chásdlí is déanaí ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais maidir le himscrúduithe coiriúla. Chuir siad chun suntais gur gá teacht ar chur chuige comhchoiteann i leith na saincheiste sin lena gcomhlíonfar rialuithe na cúirte agus lena n-urramófar cearta bunúsacha ina n-iomláine agus mheas tromlach mór go mbeadh gá le comhchreat dlíthiúil Eorpach chun freagairt chomhleanúnach a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh an Uachtaránacht agus an Coimisiún Eorpach machnamh anois ar na chéad chéimeanna eile.
Is uirlis ríthábhachtach dár n-údaráis forfheidhmithe dlí í coinneáil sonraí agus imscrúduithe á ndéanamh acu agus is léir go bhfuil méadú ag teacht ar na rioscaí do shlándáil ár saoránach de dheasca na héiginnteachta atá ann faoi láthair. D’athdhearbhaíomar inniu ár dtiomantas teacht ar réiteach comhchoiteann; lena gceadófar dár bpóilíní agus dár n-údaráis bhreithiúnacha a gcuid oibre a dhéanamh agus cearta ár saoránach chun príobháideachais á gcinntiú go hiomlán ag an am céanna. Francisca Van Dunem, Aire Dlí agus Cirt na Portaingéile
Cearta bunúsacha
Phléigh na hairí conas cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a neartú agus ba dhíol sásaimh dóibh straitéis an Choimisiúin a tíolacadh i mí na Nollag 2020 agus na conclúidí is déanaí ón gComhairle maidir leis an ábhar sin. Leag siad béim freisin ar an ról tábhachtach atá ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA).
Dírítear i Straitéis an Choimisiúin agus sna conclúidí ón gComhairle ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe praiticiúla amhail oiliúint, múscailt feasachta i measc an phobail, na gníomhartha ábhartha a chistiú go cuí agus faireachán a dhéanamh orthu trínar féidir cur chun feidhme na Cairte a fheabhsú go nithiúil.
Oiliúint bhreithiúnach
Cuireadh na hairí ar an eolas faoi na conclúidí maidir le borradh a chur faoin oiliúint do ghairmithe ceartais, a glacadh an 8 Márta 2021.
Sna conclúidí sin, is díol sásaimh don Chomhairle an straitéis uaillmhianach Eorpach um oiliúint bhreithiúnach don tréimhse 2021-2024 a thíolaic an Coimisiún i mí na Nollag 2020 agus leagtar béim ar an bhfíorais gur cheart, leis an oiliúint bhreithiúnach Eorpach, go rannchuideofaí leis an urraim don smacht reachta a chothú agus le cultúr an smachta reachta san Eoraip a neartú. Cuirtear chun suntais freisin sna conclúidí na dlúthnaisc idir an oiliúint bhreithiúnach agus digiteáil an cheartais san Aontas.
Sna conclúidí, iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit a mholadh go n-úsáidfear deiseanna oiliúna, go ndéanfar infheistiú i ndigiteáil na hoiliúna breithiúnaí, go bhfeabhsófar an oiliúint i ndlí an Aontais, go gcuirfear béim ar chur chuige ildisciplíneach na hoiliúna breithiúnaí agus go gcuirfear tacaíocht ar fáil do na breithiúna lasmuigh den Aontas, go hairithe dóibh siúd sna Balcáin Thiar.
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)
Chuir an Coimisiún na hairí dlí agus cirt ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil le cur chun feidhme Rialachán OIPE. Tá an obair ag dul ar aghaidh i roinnt réimsí éagsúla chun go mbeidh OIPE faoi lán seoil a luaithe is féidir.
Tá dul chun cinn déanta le roinnt míonna anuas maidir le ceapachán na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha ach tá ainmniúcháin a rinne roinnt Ballstát éagsúil fós ar feitheamh. Tá obair ag dul ar aghaidh freisin maidir le caidreamh OIPE le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Áirítear leis sin, fógra a thabhairt faoi OIPE mar údarás breithiúnach inniúil faoi choinbhinsiúin ábhartha na Náisiún Aontaithe agus i ndáil le Coinbhinsiún Eorpach 1959 maidir le cúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla. Tá sainaithint na dtríú tíortha lena bhféadfadh OIPE comhaontuithe oibríochtúla a thabhairt i gcrích mar chuid den obair sin freisin.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár Oibre
- Cúlra faisnéise
- Páipéar leathoifigiúil ó sheirbhísí an Choimisiúin agus ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) maidir le staid na himeartha i ndáil le OIPE a chur ar bun
-
Ní doiciméad poiblí é seo. Féadfaidh tú iarratas a chur isteach chun rochtain a fháil ar an doiciméad seo ach an nasc thíos a úsáid.Iarr rochtain ar dhoiciméad
- Ábhar neamhdhleathach ar líne a chomhrac i gcomhthéacs an togra le haghaidh ionstraim um sheirbhísí digiteacha – eolas ón Uachtaránacht (WK 2804/21)
-
Ní doiciméad poiblí é seo. Féadfaidh tú iarratas a chur isteach chun rochtain a fháil ar an doiciméad seo ach an nasc thíos a úsáid.Iarr rochtain ar dhoiciméad
-
Ní doiciméad poiblí é seo. Féadfaidh tú iarratas a chur isteach chun rochtain a fháil ar an doiciméad seo ach an nasc thíos a úsáid.Iarr rochtain ar dhoiciméad
-
Ní doiciméad poiblí é seo. Féadfaidh tú iarratas a chur isteach chun rochtain a fháil ar an doiciméad seo ach an nasc thíos a úsáid.Iarr rochtain ar dhoiciméad
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #JHA
Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025