Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí baile, 12 Márta 2021

Na príomhthorthaí

Athléimneacht eintiteas criticiúil

Phléigh na hairí gnóthaí baile an togra le haghaidh treoir chun feabhas a chur ar athléimneacht na n-eintiteas criticiúil a sholáthraíonn seirbhísí bunriachtanacha, amhail an tsláinte, iompar nó uisce óil, san Aontas. Roinn na hairí a réamhthuairimí maidir leis an togra ón gCoimisiún a tíolacadh i mí na Nollag 2020.

Eduardo Cabrita, Aire Gnóthaí Baile na Portaingéile
Tá idirspleáchas ár sochaithe arís chun tosaigh mar thoradh ar phaindéim reatha COVID-19. Is trí bheith ag obair le chéile amháin is féidir linn a áirithiú go mbeidh na seirbhísí criticiúla do shaol laethúil ár saoránach athléimneach agus réidh le dúshláin ar bith amach anseo a sheasamh, cibé acu paindéim amach anseo, ionsaí sceimhlitheoireachta nó éifeachtaí an athraithe aeráide. Inniu, léirigh na hairí go bhfuil siad tiomanta an toil sin a chur i ngníomh go nithiúil trí shainordú a thabhairt don uachtaránacht leanúint den obair ar an treoir thábhachtach seo.
Eduardo Cabrita, Aire Gnóthaí Baile na Portaingéile
Eduardo Cabrita, Aire Gnóthaí Baile na Portaingéile

Bhí na hairí den tuairim go ginearálta gur gá an reachtaíocht sa réimse sin a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe chun líon na n-earnálacha a chumhdaítear a mhéadú. Chuir roinnt Ballstát chun suntais freisin a thábhachtaí atá sé an raon a leathnú ó chosaint an bhonneagair go dtí coincheap níos leithne athléimneachta eintiteas, lena n-áirítear an cumas téarnaimh agus leanúnachas gnó.

Le linn an phlé, bhí comhaontú ginearálta ann maidir leis an ngá atá ann an nasc idir an chibearshlándáil agus an tslándáil fhisiciúil a neartú agus comhlántacht a áirithiú idir an togra seo agus an dréacht-treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, atá á plé faoi láthair freisin. Ina theannta sin, chuir roinnt mhaith Ballstát i dtábhacht go láidir nach mór an gá atá le rialacha íosta comhchoiteanna ar leibhéal an Aontais a chothromú le príomhfhreagracht na mBallstát as an tslándáil náisiúnta. Ar deireadh, chuir roinnt Ballstát chun suntais freisin an gá atá leis an gcothromaíocht cheart a aimsiú idir cur chuige coiteann agus solúbthacht áirithe a chuireann san áireamh na difríochtaí sna struchtúir náisiúnta.

Leanfar den obair ar an togra sin ar an leibhéal teicniúil as seo amach.

An comhaontú maidir le tearmann agus imirce

- Comhar le tríú tíortha maidir le filleadh agus athligean isteach

Phléigh na hairí gnéithe seachtracha na himirce, ar bhonn teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le feabhas a chur ar an gcomhar maidir le filleadh agus athligean isteach agus maidir leis an measúnú ar chomhar na dtríú tíortha maidir le hathligean isteach mar chuid de shásra nua an chóid víosaí.

D’athdhearbhaigh na hairí a thábhachtaí atá comhar éifeachtach maidir le filleadh agus athligean isteach mar chuid den rannpháirtíocht níos leithne le tríú tíortha maidir leis an imirce. Chomhaontaigh siad gur cheart leanúint leis an obair sa réimse sin go pras d’fhonn feabhas a chur ar an gcomhar leis na príomhthíortha a luaithe is féidir. Déanfaidh an uachtaránacht an obair a thabhairt ar aghaidh anois ar an leibhéal teicniúil ar bhonn an phlé sin.

- An comhaontú maidir le himirce agus tearmann

Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha san idirphlé i ndáil leis an gcomhshocrú maidir le himirce agus tearmann. Tá obair fós ar siúl maidir leis an réimse leathan saincheisteanna a chumhdaítear leis an gcomhaontú ar leibhéil éagsúla.

Ar an leibhéal polaitiúil, léirigh an uachtaránacht go bhfuil sé de rún aici díriú ar roinnt de na príomh-shaincheisteanna polaitiúla a sainaithníodh sa phlé a rinneadh roimhe seo, lena n-áirítear an ghné sheachtrach, bainistiú éifeachtach theorainneacha seachtracha an Aontais agus dlúthpháirtíocht agus freagracht. Ar an leibhéal teicniúil, tá an obair ar na hionstraimí a bhaineann le gné inmheánach na himirce ag dul chun cinn. I ndáil le roinnt de na hionstraimí sin, tá dul chun cinn déanta cheana féin sa phlé, go háirithe maidir le gníomhaireacht an Aontais um thearmann agus an treoir maidir leis an gcárta gorm.

Comhar idir an tAontas agus tíortha na hAfraice Thuaidh

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le feabhas a chur ar an gcomhar idir an tAontas agus tíortha na hAfraice Thuaidh ar bhonn togra ón uachtaránacht go ndéanfaí idirphlé polaitiúil a sheoladh maidir le ceartas agus gnóthaí baile le tíortha sa réigiún, ag díriú ar an gcomhar oibríochtúil a fheabhsú. Molann an uachtaránacht go gcuirfí an Éigipt, an Libia, an Túinéis, an Ailgéir agus Maracó san áireamh agus sa chéad chéim eile tíortha ar Chósta Thiar na hAfraice agus i réigiún na Saiheile.

Thug tromlach na mBallstát orthu féin tacú leis an tionscnamh, agus léirigh siad comhdhearcadh ginearálta i bhfabhar an tionscnaimh ón uachtaránacht. Luaigh roinnt Ballstát go bhfuil gá le comhleanúnachas leis an gcreat beartais agus leis na formáidí comhair atá ann cheana, amhail idirphlé earnálach. Maidir leis na hábhair sin, d’iarr tromlach na mBallstát go ndíreofaí ar an imirce, luaigh roinnt eile acu an tslándáil freisin (lena n-áirítear an fhrithsceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe). D’fhógair an uachtaránacht go bhfuil sé ar intinn aici cruinniú aireachta a thionól le tíortha na hAfraice Thuaidh i mí na Bealtaine.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025