- An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Ceartas), 6 Márta 2026
Na príomhthorthaí
Rialachán maidir le daoine fásta a chosaint
Tháinig an Chomhairle ar a seasamh i ndáil leis an rialachán maidir le daoine fásta a chosaint. Is é is aidhm do na rialacha a mholtar cearta na ndaoine fásta nach bhfuil in ann a leasanna féin a chosaint i gcásanna trasteorann a chosaint, mar shampla mar gheall ar riochtaí a bhaineann le haois, cuir i gcás galar Alzheimer.
A luaithe a ghlacfar iad, ráthófar leis na rialacha nua cearta daoine fásta a bhfuil cosaint nó tacaíocht de dhíth orthu i gcásanna trasteorann, cuir i gcás maoin a dhíol, cúram leighis thar lear nó athlonnú chuig tír eile. Cinnteofar leis an rialachán go n-urramófar cearta daoine fásta chun neamhspleáchais aonair — lena n-áirítear an tsaoirse chun cinntí a dhéanamh faoi chúrsaí pearsanta agus faoi shocruithe a dhéanfar ann amach anseo — agus iad ag gluaiseacht san Aontas.
- A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le dlí an Aontais chun aosaigh shoghonta a chosaint (preaseisiúint, an 6 Márta 2026)
- A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le dlí an Aontais lena bhfeabhsaítear an chosaint dhlíthiúil do dhaoine fásta a bhfuil cúram de dhíth orthu (preaseisiúint, an 12 Meitheamh 2025)
- Rialachán maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú beart agus comhar in ábhair a bhaineann le cosaint daoine fásta (cur chuige ginearálta páirteach), an 12 Meitheamh 2025)
Neamhspleáchas dlíodóirí san Eoraip
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí, faoi chuimsiú idirphlé na Comhairle maidir leis an smacht reachta, darbh ábhar neamhspleáchas na ndlíodóirí san Eoraip, ról an Aontais agus an coinbhinsiún Eorpach maidir le gairm an dlíodóra. Tá méadú ag teacht ar líon na ndúshlán atá roimh dhlíodóirí, ina measc bagairtí, imeaglú, ciapadh, agus an cur isteach arb í an pholaitíocht is cúis leis, maidir lena neamhspleáchas, lena sábháilteacht agus lena neamhspleáchas gairmiúil. Ní smacht reachta go neamhspleáchas na ndlíodóirí. I bhfianaise an mhéid sin, rinne na hairí machnamh ar conas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, agus ar conas is féidir leis an Aontas na huirlisí agus na cleachtais atá ann cheana a chuíchóiriú chun dlíodóirí a chosaint. Is féidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le gairm an dlíodóra a chosaint a bheith ina phointe tagartha nuair a dhéanfar machnamh ar na rioscaí a dhéanann difear do neamhspleáchas na ndlíodóirí.
Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin: saoirse ó phionós na Rúise a chomhrac
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an tsaoirse ó phionós a chomhrac i gcomhthéacs coireanna a rinneadh san Úcráin agus chuir siad i dtreis gur gá leanúint de na hiarrachtaí i ndáil leis an méid sin. Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis an mBinse Speisialta maidir le coir an fhogha a bhunú. Chuir an Coimisiún i dtábhacht freisin gur thíolaic sé, an 24 Feabhra 2026, beagán le cois 4 bliana ó cuireadh tús leis an gcogadh, togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin lena mbunaítear an Coimisiún Éileamh Idirnáisiúnta don Úcráin. Chuir Eurojust an t-eolas is déanaí ar fáil freisin maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh sa réimse sin, inar cuireadh gach ar thit amach le déanaí i láthair.
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
D’fhormheas an Chomhairle na conclúidí maidir le cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Is obair leantach iad na conclúidí ar thuarascáil bhliantúil 2025 ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na cairte agus leagtar béim iontu ar an gcomhar idir institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus páirtithe leasmhara eile (mar atá eagraíochtaí na sochaí sibhialta, cosantóirí chearta an duine) chun cur chun feidhme na cairte a neartú. Chuir na hairí chun suntais gur gá níos mó a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun feasacht, tuiscint agus cur i bhfeidhm na cairte a fheabhsú ar fud an Aontais.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí freisin le stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha, Sirpa Rautio, maidir le conas an chairt a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr chun cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Cearta bunúsacha san Aontas (eolas cúlra)
An choireacht eagraithe a chomhrac
Le linn lón oibre, phléigh na hairí an tsaincheist faoi bhaill d’eagraíochtaí coiriúla a dhéanann gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ón bpríosún, mar shampla úsáid a bhaint as uirlisí cumarsáide nua nó le cabhair ó bhaill foirne chama príosúin. Díríodh sa phlé ar an mbagairt ó ghníomhaíochtaí grúpaí coireachta eagraithe sa phríosúin agus ar cé acu is gá nó nach gá aird níos mó a thabhairt ar an tsaincheist sin ar leibhéal an Aontais, agus an gá faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú mar gheall air.
Gnó eile
- D’fhreastail beirt bhreithiúna de chuid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (an tSlóivéin agus an Fhrainc) a bhí faoi réir smachtbhannaí ó na Stáit Aontaithe, ar an gcruinniú agus thug siad léargas ar an gcaoi a ndeachaigh na smachtbhannaí i bhfeidhm ar a saol laethúil.
- Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí maidir leis an athbhreithniú ar Rialachán Eurojust, a ailíneofar go dlúth leis an athbhreithniú ar Rialachán Europol, agus ar chreat cosanta sonraí an Aontais do ghníomhaireachtaí ceartais agus gnóthaí baile.
- Thíolaic an Pholainn tionscnamh inar mhol sí go n-ainmneofaí an 11 Eanáir mar Lá na Saoirse Breithiúnaí.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Cúlra faisnéise
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #JHA
Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Márta 2026