"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Gnóthaí Baile), 5 Márta 2026
Na príomhthorthaí
An imirce
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le gné sheachtrach na himirce. Is colún lárnach de bheartas imirce an Aontais i gcónaí é an comhar le tríú tíortha tábhachtacha a neartú. Sa chomhthéacs sin, díríodh an plé ar an Liobáin agus ar an Libia, dhá phríomhthír idirthurais feadh bhealaí imirce na Meánmhara Thoir agus na Meánmhara Láir. Dhearbhaigh mórán airí an athuair go dtacaíonn siad leis an Liobáin agus go bhfuil siad i bhfabhar comhar níos struchtúrtha a dhéanamh leis an tír, ach a gcuirfear na hathchóirithe is gá i réimsí éagsúla eile chun feidhme. Maidir leis an Libia, leag roinnt airí béim ar a thábhachtaí atá sé tacú leis an gcomhar ar an leibhéal teicniúil, agus chuir siad in iúl gur tosaíochtaí i gcónaí iad bearta coisctheacha a dhéanamh, líonraí smuigléirí a chomhrac agus an filleadh deonach a fheabhsú.
Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí uaidh maidir le cur chun feidhme an chomhshocraithe tearmainn agus imirce, a thiocfaidh i bhfeidhm an 12 Meitheamh 2026. Fágfaidh an comhshocrú go mbeidh an comhchóras Eorpach tearmainn níos éifeachtaí de bharr nósanna imeachta níos tapúla agus rialacha níos soiléire maidir le freagrachtaí comhroinnte agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit. Beidh sé ina chúnamh freisin agus an brú imirce ar na Ballstáit uile á laghdú.
Ina theannta sin, chuir an Coimisiún straitéis an Aontais um imirce agus tearmann i láthair, agus dearcadh straitéiseach an Choimisiúin maidir leis an mbeartas imirce agus tearmainn sna cúig bliana amach romhainn leagtha amach inti. Thug na hairí dá n-aire freisin an dul chun cinn a rinneadh maidir le córas athbhreithnithe Eurodac, a mheastar a bheidh go hiomlán réidh lena sheoladh an 12 Meitheamh.
Mar chomóradh ar sheoladh an chomhshocraithe, d’fhógair Uachtaránacht na Cipire go dtionólfaidh sí comhdháil aireachta an 12 Meitheamh sa Niocóis.
Ní fada go dtiocfaidh an comhshocrú tearmainn agus imirce i bhfeidhm an 12 Meitheamh. Ceann de na tosaíochtaí is mó atá againn is ea a chinntiú go seolfar an comhshocrú go rianúil, ionas go bhféadfar torthaí nithiúla a bhaint amach leis: teorainneacha seachtracha níos láidre agus níos sláine, nósanna imeachta níos tapúla agus dlúthpháirtíocht threisithe idir na Ballstáit.
Nicholas A. Ioannides, Leas-Aire Imirce agus Cosanta Idirnáisiúnta Phoblacht na Cipire
Phléigh na hairí gnóthaí baile staid limistéar Schengen i gcoitinne. Chuir an Coimisiún Baraiméadar Schengen i láthair agus rinne sé trácht gairid ar straitéis víosaí an Aontais a foilsíodh le déanaí.
Mar chuid de chur chun feidhme thosaíochtaí thimthriall Chomhairle Schengen le haghaidh 2025-2026, phléigh na hairí conas an filleadh deonach a spreagadh, go háirithe ag céim luath den phróiseas. Cé go raibh na Ballstáit ar aon fhocal gurb é sin an rogha is fearr i gcónaí, chuir siad ibhfios go láidir freisin gur fearr a fheidhmíonn fillteacha deonacha nuair a bhíonn bearta láidre um fhilleadh éigeantach ag gabháil leo. Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí freisin maidir le conas úsáid níos straitéisí a bhaint as dreasachtaí um fhilleadh agus tacaíocht um ath-imeascadh.
Ina theannta sin, d’fhaomh na hairí an treochlár athbhreithnithe maidir le hidir-inoibritheacht chórais mhórscála TF an Aontais tar éis 2026 i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile, lena n-áirítear garspriocanna maidir le seoladh an Chórais Faisnéise Víosaí athbhreithnithe agus Ardán an Aontais um Iarratais ar Víosaí. Leis na córais idir-inoibritheacha TF, cuirfear feabhas ar bhainistiú na dteorainneacha seachtracha agus cinnteofar slándáil inmheánach níos fearr i limistéar Schengen.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le todhchaí Europol agus thug siad treoir pholaitiúil don Choimisiún lena cur san áireamh sa togra reachtach, a bhfuiltear ag dréim leis i mí an Mheithimh 2026, maidir le hathchóiriú ar shainordú Europol chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do na Ballstáit.
Dhearbhaigh an Chomhairle gur cheart go mbeadh sé d’aidhm leis an togra reachtach atá ar na bacáin ról Europol a mhéadú mar mhol lárnach chun faisnéis a mhalartú agus a anailísiú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua. Dhearbhaigh na hairí gur cheart é a bheith mar aidhm leis an togra freisin comhar Europol le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú tríd an idir-inoibritheacht a neartú. Phléigh an Chomhairle freisin an ról ba cheart a bheith ag Europol maidir le haghaidh a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha.
Bhí Ballstáit go leor i bhfabhar raon feidhme reatha shainordú na gníomhaireachta a choinneáil mar atá a mhéid a bhaineann le réimsí coireachta. Ar deireadh, dhearbhaigh na hairí go bhféadfaí samhail rialachais reatha Europol a neartú gan struchtúir nua a chruthú.
Le linn lón oibre, phléigh na hairí a bhfuil ag titim amach sa tSiria agus san Iaráin, go háirithe an tionchar ar shlándáil inmheánach an Aontais. Díríodh an plé ar na bagairtí reatha agus ar an staid atá ag athrú go tapa sa dá thír. Rinne na hairí a marana ar na príomhábhair imní slándála a eascraíonn as an staid reatha in oirthuaisceart na Siria, go háirithe sna campaí, sna príosúin agus sna saoráidí coinneála. Tugadh aird sa phlé freisin ar an staid san Iaráin atá ag dul in olcas go tapa, agus ar na freagairtí míleata a díríodh ar thíortha éagsúla sa réigiún le roinnt laethanta anuas sa chomhthéacs sin, rud a fhágann go bhfuil an chobhsaíocht sa réigiún féin agus níos faide i gcéin go mór i mbaol. Leagadh amach gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí atá ann do shlándáil inmheánach an Aontais agus a Bhallstát.
Bhí Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh, an tSeirbhís Gníomhaíochta Seachtraí, Europol agus Frontex páirteach sa phlé.
Straitéis Drugaí an Aontais
D’fhaomh an Chomhairle conclúidí maidir le creat straitéiseach an Aontais maidir le drugaí agus d’fhormhuinigh sí straitéis drugaí an Aontais, a mhol an Coimisiún an 4 Nollaig 2025.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Faoin mír ‘gnó eile’, chuir an Eastóin tionscnamh i láthair maidir le freagairt chomhordaithe ar an mbagairt a bhaineann le comhraiceoirí agus iarchomhraiceoirí Rúiseacha ó thaobh shlándáil inmheánach na hEorpa de. Leag an Liotuáin béim ar a thábhachtaí atá sé tagairt a dhéanamh do bhagairtí hibrideacha mar chuspóir san ionstraim airgeadais a dhéileálfaidh leis an tslándáil inmheánach faoin CAI nua.
Chuir an Coimisiún clár oibre i láthair maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an t‑antoisceachas a chosc agus a chomhrac, ar forbairt é ar an straitéis Eorpach um an tslándáil inmheánach (ProtectEU) a foilsíodh i mí Aibreáin 2025.
Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí uaidh freisin maidir leis an staid san Úcráin a mhéid a bhaineann leis an stádas cosanta sealadaí.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.