Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 9 Nollaig 2025

Na príomhthorthaí

An Rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí: an bealach chun cinn maidir lena chur i bhfeidhm a shimpliú

Ós rud é gur tosaíochtaí cothrománacha ag Uachtaránacht na Danmhairge iad simpliú agus laghdú an ualaigh, phléigh na hairí ceartais staid na himeartha i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a shimpliú.

I mí Iúil, ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil aireachta i gCóbanhávan, phléigh na hairí ceartais conas cothromaíocht a bhaint amach idir an t-iomaíochas agus an ceart sonraí pearsanta a chosaint. Rinneadh plé ina dhiaidh sin sna cruinnithe a bhí ag saineolaithe na Comhairle. Tugadh aghaidh sa phlé teicniúil ar conas an t-ualach riaracháin a bhaineann le RGCS a laghdú agus ardleibhéal cosanta sonraí á choinneáil san am céanna. Sa chomhthéacs sin, d’fhéach saineolaithe ar bhealaí reachtacha agus neamhreachtacha araon.

Tháinig an plé ar staid na himeartha sna sála ar an ‘Omnibus digiteach’ a foilsíodh an 19 Samhain 2025 agus arb éard atá ann pacáiste leis na dlíthe éagsúla i réimse na sonraí agus na teicneolaíochta a shimpliú.

<p>Peter Hummelgaard, Aire Dlí agus Cirt na Danmhairge</p>

Bhí sé ina thosaíocht mhór ag Uachtaránacht na Danmhairge i ngach réimse oibriú go gníomhach chun cur le hiomaíochas na Eorpa. Sin é an fáth a bhfuil áthas orm freisin gur éascaíomar an bealach leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a chur i bhfeidhm ar bhealach níos simplí agus níos cuíchóirithe ar fud na hEorpa.

<p>Peter Hummelgaard, Aire Dlí agus Cirt na Danmhairge</p>

Peter Hummelgaard, Aire Dlí agus Cirt na Danmhairge

Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin: an tsaoirse ó phionós a chomhrac

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí dlí agus cirt maidir leis an tsaoirse ó phionós a chomhrac i ndáil le coireanna a rinneadh san Úcráin. Phléigh siad, go háirithe, an comhar idir Ballstáit an Aontais leis an mBinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin atá beartaithe.

An 25 Meitheamh, shínigh an Úcráin agus Comhairle na hEorpa in Strasbourg an comhaontú maidir le Binse Speisialta um Choir an Fhogha faoin Úcráin a bhunú. Ceann de na bealaí oibre atá ar siúl faoi láthair is ea comhaontuithe comhair a ullmhú idir na Ballstáit rannpháirteacha agus an Binse Speisialta. D’inis na hairí faoin dearcadh atá acu maidir leis an gcomhar idir a n-údaráis náisiúnta agus an Binse Speisialta.

Chomh maith leis sin, pléadh an tacaíocht don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC), a bhfuil ról tábhachtach aici freisin i gcomhrac na saoirse ó phionós.

Dlí coiriúil an Aontais: samhailfhorálacha

D’fhormheas na hairí conclúidí maidir le samhailfhorálacha do dhlí coiriúil an Aontais. Is bosca uirlisí iad na samhailfhorálacha don chaibidlíocht a dhéanfar amach anseo maidir le hionstraimí dlí choiriúil an Aontais.

Leis na samhailfhorálacha sin, is éard atá ó na Ballstáit go n-éascófaí an chomhsheasmhacht, an comhleanúnachas agus an éifeachtúlacht ar fud na gníomhartha reachtacha a bhaineann leis an dlí coiriúil. Is minic a bhíonn rialacha a bhíonn infheidhme go cothrománach i gcóid náisiúnta an dlí choiriúil maidir le saincheisteanna a bhaineann le dlínse, imthosca géaraitheacha agus leibhéil na bpionós, mar shampla, agus is iondúil go mbíonn feidhm ag na rialacha sin maidir le gach cineál coireachta (mar shampla smuigleáil imirceach nó teacht timpeall ar smachtbhannaí). Ar an gcúis sin, tá leas ag na Ballstáit i ndlíthe an Aontais i réimse an dlí choiriúil a bheith comhsheasmhach a mhéid a bhaineann leis na rialacha sin is infheidhme go cothrománach.

An gháinneáil ar dhrugaí agus an choireacht eagraithe a chomhrac

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí a rinneadh leis an ngáinneáil ar dhrugaí agus an choireacht eagraithe a chomhrac ó glacadh treochlár an Aontais maidir leis na hábhair sin i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Chuir an Coimisiún i láthair straitéis nua drugaí an Aontais agus plean gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí — dhá cháipéis a foilsíodh an 4 Nollaig 2025.

An comhar breithiúnach le tríú tíortha

I gcaitheamh lón neamhfhoirmiúil, phléigh na hairí an comhar breithiúnach le tríú tíortha agus béim á leagan ar an eiseachadadh. Ag an gcruinniú a bhí aici an 13 agus an 14 Meitheamh 2024, ag eascairt as an obair a rinneadh faoi Uachtaránacht na Beilge, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an gcomhar breithiúnach le tríú tíortha a neartú i gcomhrac na coireachta eagraithe. Tá bosca uirlisí sna conclúidí ina bhfuil bearta arb é is aidhm dóibh an comhar breithiúnach le tríú tíortha a neartú, atá le húsáid go solúbtha agus ag brath ar na himthosca sonracha. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí an t-eiseachadadh ó thríú tíortha a áirithiú chun dul chun cinn a dhéanamh i gcomhrac na coireachta eagraithe. Roinn na hairí dea-chleachtais agus taithí i ndáil leis sin.

Gnó eile

Thug an Uachtaránacht an t-eolas is déanaí faoina cuid oibre maidir le rochtain ar shonraí le haghaidh imscrúduithe coiriúla éifeachtacha agus chuir sí na hairí ar an eolas faoin bhFóram Aireachta idir an tAontas agus na Balcáin Thiar maidir le Ceartas agus Gnóthaí Baile a bhí ar siúl i Sairéavó i mí Dheireadh Fómhair 2025.

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin Straitéis um Cheartas Digiteach agus faoin Straitéis um Oiliúint Bhreithiúnach, a foilsíodh an 20 Samhain 2025, agus chuir sé i láthair an tuarascáil bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha.

Chuir an Bheilg na hairí ar an eolas faoi na bearta imscrúdaitheacha (agus an easpa beart imscrúdaitheach) chun sócmhainní a fuarthas go neamhdhleathach a rianú agus a aisghabháil i staid trasteorann ag céim an fhorghníomhaithe (i.e. an chéim tar éis an chiontaithe) agus chuir Uachtaránacht inteachta na Cipire a clár oibre i láthair.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Nollaig 2025