Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar), 18 Meitheamh 2024

Na príomhthorthaí

Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta (cur chuige ginearálta) i ndáil leis an rialachán nua maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), an treoir athbhreithnithe maidir le seirbhísí comhchuibhithe faisnéise tráchta abhann (RIS) ar uiscebhealaí intíre agus an rialachán nua maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid; is cuid den phacáiste reachtach maidir le hiompar lastais é an rialachán deireanach sin.

D’fhormheas na hairí freisin conclúidí maidir leis an tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa i ndáil le hiarrachtaí an Aontais a chuspóirí sábháilteachta ar bhóithre a bhaint amach agus bhí díospóireacht neamhfhoirmiúil bheartais acu maidir leis na tosaíochtaí straitéiseacha in earnáil an iompair don chéad sainordú reachtach eile.

Thairis sin, thug an Chomhairle dá haire na tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir leis na tograí ón gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar an treoir maidir le hiompar comhcheangailte agus ar an treoir maidir le meáchain agus toisí d’fheithiclí bóthair áirithe, ar cuid den phacáiste maidir le hiompar lasta a ghlasú iad, chomh maith leis an rialachán ata beartaithe maidir le cearta paisinéirí i gcomhthéacs turais ilmhódacha agus an dréacht-treoir maidir leis an éifeacht uile-Aontais atá ag dícháiliúcháin áirithe tiomána.

<p>Georges Gilkinet, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Soghluaisteachta na Beilge</p>

D’éirigh thar cionn leis an gcruinniú: chomhaontaíomar an seasamh ar na phríomhshainchomhaid reachtacha d’earnálacha na loingseoireachta, na n-uiscebhealaí intíre agus an iarnróid, d’fhormheasamar sraith conclúidí maidir leis an tsábháilteacht ar bhóithre agus chuireamar treoir pholaitiúil ar fáil maidir leis na tosaíochtaí straitéiseacha i réimse an iomair don timthriall reachtach atá ar na bacáin. Táimid sásta an fhreagracht a thabhairt d’uachtaránacht na hUngáire chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar na comhaid uile atá ar feitheamh laistigh den Chomhairle agus sna cainteanna a bheidh ann amach anseo leis an bParlaimint nua.

<p>Georges Gilkinet, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Soghluaisteachta na Beilge</p>

Georges Gilkinet, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Soghluaisteachta na Beilge

Sábháilteacht mhuirí

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir leis an rialachán nua EMSA, arb é an t-aon chomhad ar feitheamh é den phacáiste reachtach iomlán darb aidhm rialacha Eorpacha maidir leis an tsábháilteacht mhuirí a nuachóiriú agus an truailliú muirí ó longa a laghdú, uirlisí nua a thabhairt don Aontas chun tacú leis an loingseoireacht ghlan nua-aimseartha. Leis an seasamh ón gComhairle, cuirtear creat daingean a sheasfaidh an aimsir ar fáil le haghaidh chúnamh na Gníomhaireachta do na Ballstáit agus don Choimisiún agus béim á leagan ar phríomhchúraimí EMSA, ar na himpleachtaí buiséadacha a bhaineann le cúraimí nua agus ar rialachas na Gníomhaireachta.

Uiscebhealaí intíre

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir le togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar threoir 2005 i ndáil le córais faisnéise tráchta abhann chomhchuibhithe (RIS) darb aidhm sábháilteacht, éifeachtúlacht agus neamhdhíobhálacht comhshaoil don iompar ar uiscebhealaí intíre (IWT) a mhéadú. De bharr go bhfuil imscaradh RIS mall agus ilroinnte, is é is aidhm don treoir athbhreithnithe aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh trí infhaighteacht sonraí RIS agus caighdeáin chomhchuibhithe a áirithiú, comhtháthú an iompair ar uiscebhealaí intíre sa slabhra ilmhódach a éascú, glacadh agus idir-inoibritheacht níos mó réiteach digiteach a áirithiú, agus aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le cosaint sonraí.

An t-iompar lastais a ghlasú

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta i ndáil leis an rialachán maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid, mar chuid de phacáiste an Choimisiúin maidir le hiompar lasta a ghlasú. Is é is aidhm don togra infhaighteacht an bhonneagair iarnróid a mhéadú trí phróiseas pleanála agus leithdháilte níos fearr, chomh maith le comhordú trasteorann feabhsaithe. Leis an seasamh ón gComhairle, simplítear an próiseas pleanála agus leithdháilte i gcás inar féidir, agus, ar an gcaoi sin, ualach oibre riaracháin na n-údarás inniúil agus na bpáirtithe leasmhara oibríochtúla lena mbaineann a laghdú. Cuirtear gnéithe slándála agus cosanta náisiúnta san áireamh ann freisin. Tugtar dóthain solúbthachta do na Ballstáit chun cuspóirí ginearálta agus treoshuímh bheartais a shainiú maidir le bainistiú toillte iarnróid, agus an dóthain cosanta a áirithiú chun ancomhchuibhiú is gá ar leibhéal an Aontais á chinntiú san am céanna.

Thug an Chomhairle dá haire freisin an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo i ndáil leis an athbhreithniú ar an treoir maidir le meáchain uasta agus toisí uasta d’fheithiclí tromshaothair agus ar an treoir maidir leis an iompar comhcheangailte, ar cuid den phacáiste reachtach céanna iad.

Sábháilteacht ar bhóithre

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa i ndáil leis an dul chun cinn a rinneadh maidir le beartais sábháilteachta ar bhóithre a chomhordú ar fud na hEorpa agus maidir le cuspóirí ginearálta sábháilteachta ar bhóithre a bhaint amach. Thug na hairí dá n-aire freisin tuarascáil ar dhul chun cinn i ndáil leis an dréacht-treoir maidir le héifeacht uile-Aontais a bheith ag dícháiliúcháin áirithe tiomána, mar mhír gan phlé.

Cearta paisinéirí

Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn i ndáil leis an dréachtrialachán maidir le cearta paisinéirí i gcomhthéacs turais ilmhódacha, mar mhír gan phlé.

Gnó eile

Tograí reachtacha atá á scrúdú faoi láthair

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis na comhaid reachtacha seo a leanas a comhaontaíodh go sealadach le Parlaimint na hEorpa sna míonna roimhe sin:

  • pacáiste an Aerspáis Eorpaigh Aonair 2+ (SES2+)
  • na treoracha athbhreithnithe maidir le himscrúdú tionóiscí muirí, truailliú ó longa, rialú stáit ar chalafoirt agus comhlíonadh cheanglais stát na brataí (an pacáiste sábháilteachta muirí)
  • an treoir athbhreithnithe maidir le tréimhsí scíthe agus sosanna san earnáil iompair ócáidigh paisinéirí
  • an treoir maidir le malartú trasteorann faisnéise a éascú faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre

Ábhair eile

  • Loingseoireacht

Chuir toscaireacht na Spáinne an Chomhairle ar an eolas faoin ngá atá le gníomhaíocht chun faireachán leordhóthanach a dhéanamh ar leathnú Chóras Trádála Astaíochtaí (CTA) an Aontais chuig an muiriompar.

  • Iarnród

Chuir toscaireachtaí na hÍsiltíre agus na hOstaire an ceathrú tuarascáil ar dhul chun cinn i láthair ón ardán maidir le hiompar idirnáisiúnta paisinéirí d’iarnród (IRP).

  • Clár oibre na huachtaránachta

Thíolaic toscaireacht na hUngáire a tosaíochtaí agus a clár oibre don dara leath de 2024.

Lón neamhfhoirmiúil

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí le linn lón neamhfhoirmiúil maidir leis na tosaíochtaí straitéiseacha in earnáil an iompair don chéad sainordú reachtach eile. Is iomaí dúshlán atá roimh an earnáil, cuir i gcás rannchuidiú le spriocanna uaillmhianacha aeráide an Aontais agus tacú leis an aistriú módach i dtreo na modhanna iompair inbhuanaithe. Le cois na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ní mór don earnáil iompair a bheith níos sábháilte, níos cothroime agus níos éifeachtúla freisin. Ó thaobh an bhonneagair de, beidh gá le hinfheistíochtaí suntasacha chun croíghréasáin agus gréasáin chuimsitheacha an ghréasáin thras-Eorpaigh (TEN-T) a bhaint amach faoi 2030 agus faoi 2050 agus, cé go bhfuil cuntas teiste cruthaithe ag an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), ní féidir tacú leis an aistriú glas agus gréasán fíor-chomhtháite athléimneach a bhaint amach a mhaoiniú faoi bhuiséad an Aontais amháin.

Sa chomhthéacs sin, chuir na hairí a gcuid tuairimí in iúl maidir le tosaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ag beartas iompair an Aontais faoin gcéad sainordú eile ón gCoimisiún (2024-2029) ina ndírítear ar ghníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh chun an t-iompar a dhícharbónú agus chun aistriú módach a chur chun cinn. Ar deireadh, agus i bhfianaise na n-infheistíochtaí ollmhóra is gá ar an leibhéal Eorpach, d’fhiosraigh na hairí na deiseanna chun an cistiú agus an maoiniú atá ar fáil a mhéadú chun bonneagair iompair inbhuanaithe athléimneacha a chur chun feidhme.

Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha gan aon phlé a dhéanamh orthu.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025