- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 30 Bealtaine 2024
Na príomhthorthaí
Eangacha leictreachais inbhuanaithe
D’fhormheas na hairí fuinnimh conclúidí maidir le bonneagar eangaí leictreachais inbhuanaithe. Leis na conclúidí seo, déantar obair leantach ar an bplé a rinne na hairí fuinnimh le linn an chruinnithe neamhfhoirmiúil aireachta maidir le fuinneamh a bhí ar siúl i mí Aibreáin 2024.
Cuireann na conclúidí freisin le Dearbhú Versailles an 10 agus an 11 Márta 2022 agus leis an gcuspóir atá ann deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a luaithe is féidir. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach idirnascadh na ngréasán leictreachais Eorpach a thabhairt chun críche agus a fheabhsú agus eangacha cumhachta a chomhtháthú go hiomlán ar fud an Aontais.
Thairis sin, leag an Chomhairle Eorpach i mí Aibreán 2024 béim ar a thábhachtaí atá sé Fíoraontas Fuinnimh a bhaint amach lena n-éilítear imscaradh agus infheistíocht shubstaintiúil i dtaobh eangacha, stóráil agus idirnasc.
D’aithin na hairí a thábhachtaí atá gréasán leictreachais Eorpach atá idirnasctha, comhtháite agus sioncrónaithe chun slándáil fuinnimh, athléimneacht an chórais leictreachais, agus iomaíochas agus dícharbónú an Aontais a chinntiú.
Ó 2004 i leith, tá méadú faoi dhó go beagnach 40% tagtha ar sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh i nginiúint leictreachais. Tá na conclúidí ón gComhairle ag teacht leis an bhforbairt sin agus léiríonn siad uaillmhian an Aontais Eorpaigh ó thaobh a bheith níos glaise, níos iomaíche agus níos athléimní in earnáil an fhuinnimh, agus béim á leagan ar an ngá atá le Sáreangach an Aontais a rolladh amach chun níos mó foinsí in-athnuaite fuinnimh a ionchorprú, tacú leis an leictriú, praghsanna a chobhsú agus an tslándáil fuinnimh a mhéadú.
Tinne Van der Straeten, Aire Fuinnimh na Beilge
Sna conclúidí ón gComhairle, iarrtar ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún dul chun cinn a dhéanamh le gníomhaíochtaí agus bearta chun é sin a bhaint amach, mar shampla, dlús a chur le leathadh amach na n-eangach (caighdeánú comhpháirteanna, gnéithe éagsúla den cheadú, dearadh atá cuimsitheach ó thaobh an dúlra de), na codanna ábhartha den Phlean Gníomhaíochta maidir le hEangach a chur chun feidhme go pras, an cur chuige Eorpach agus réigiúnach maidir le maoiniú pleanála eangaí a neartú agus infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail eangaí ar tír agus amach ón gcósta, chomh maith le heangacha leictreachais a chosaint ar chibearbhagairtí agus ar bhagairtí hibrideacha.
- Eangacha leictreachais inbhuanaithe: Conclúidí formheasta ag an gComhairle (preaseisiúint, an 30 Bealtaine 2024)
- An chaoi a bhfuil fuinneamh á ghlasú ag an Aontas (eolas cúlra)
REPowerEU: quo vadis?
Tar éis an fhogha mhíleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin, ghlac ceannairí an Aontais Dearbhú Versailles an 11 Márta 2022, agus é mar chuspóir aige ‘deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairí gáis, ola agus guail ón Rúis a luaithe is féidir’.
I gcomhthéacs géarchéim fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, d’iarr ceannairí an Aontais ar an gCoimisiún plean REPowerEU a mholadh chun dlús a chur le laghdú spleáchas foriomlán an Aontais ar bhreoslaí iontaise, agus imthosca náisiúnta agus roghanna na mBallstát maidir lena meascán fuinnimh á gcur san áireamh, agus chun na soláthairtí agus na bealaí atá againn a éagsúlú. Ghlac an Coimisiún an plean REPowerEU i mí na Bealtaine 2022.
A bhuí leis na bearta ábhartha a rinne na Ballstáit agus an Coimisiún agus a chomhaontaigh siad, d’éirigh leis an Aontas 125.2 billiún méadar ciúbach (bcm) gáis a shábháil, agus cúlchistí leordhóthanacha gáis a chinntiú ag an am céanna, mar aon le hallmhairí gáis a laghdú ó 45% go 15% in 2 bhliain. Thairis sin, tháinig méadú os cionn aon trian ar an acmhainneacht suiteáilte gaoithe agus gréine idir 2021 agus 2023.
Ag tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim fuinnimh, agus na héifeachtaí diúltacha agus suaiteacha a bhí ag an ngéarchéim fuinnimh ar shaoránaigh agus ar thionscail na hEorpa in amanna á gcur san áireamh, beidh gá le tuilleadh iarrachtaí sna blianta amach romhainn chun athléimneacht an Aontais agus na mBallstát a mhéadú i leith réimis eachtracha a bheith ag úsáid fuinneamh mar arm, chun slándáil fuinnimh a chaomhnú agus a neartú agus chun praghsanna a chobhsú.
Bunaithe ar nóta ón Uachtaránacht, thug na hairí tuairisc ar na bacainní a bhí ann maidir le deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí fuinnimh na Rúise. Chuir siad tionscnaimh i láthair freisin a sheolfar chun tacú leis an Aontas agus lena Bhallstáit ina n-iarrachtaí deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas.
D’aontaigh na hairí gurb í aontacht an Aontais an tsócmhainn is láidre atá aige go dtí seo. Ag cur leis an tsócmhainn sin, dúirt siad freisin go bhfuil gá le dlús a chur leis na hiarrachtaí, lena n-áirítear plean gníomhaíochta, treochlár agus amlínte atá le cruthú. D’iarr roinnt mhaith airí ar an gCoimisiún Eorpach tuilleadh treorach a chur ar fáil maidir le comhordú níos fearr agus féachaint ar na moltaí a rinneadh le linn an phlé chun deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise na Rúise.
Go háirithe, mhol dhá thoscaireacht go mbunófaí meitheal ardleibhéil chun díriú ar an tsaincheist sin, ar thacaigh go leor airí léi agus a ndéanfar tuilleadh plé uirthi laistigh de chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle.
- REPowerEU: beartas fuinnimh maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta i dtíortha an Aontais (eolas cúlra)
- An léim fuinnimh: An chaoi ar tháinig tíortha an Aontais slán ó ghéarchéim arb í an Rúis ba chúis léi agus an chaoi a bhfuil an soláthar fuinnimh á athmhúnlú acu (scéal gné)
Comhaontú Glas don Eoraip le haghaidh Aontas atá iomaíoch
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí freisin maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus an chaoi ar féidir leis cabhrú leis an Aontas a chlaochlú ina gheilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní.
Rinne na hairí fuinnimh a marana ar an méid a baineadh amach leis an reachtaíocht faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, atá anois ag dul isteach i gcéim a chur chun feidhme. I bhfianaise an chúlra sin, bhí seisiún tuairimíochta acu maidir leis an gcaoi ar féidir fanacht ar an mbóthar ceart le haghaidh spriocanna 2030 an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite, agus borradh a chur dá bhrí sin faoi iomaíochas an Aontais, agus aistriú cóir i dtreo an dícharbónaithe á chinntiú ag an am céanna.
Chomh maith le heangacha leictreachais a chur chun cinn, phléigh siad céimeanna breise i dtreo Fíoraontas Fuinnimh, mar a iarradh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 17-18 Aibreán 2024, chun ceannasacht fuinnimh agus aeráidneodracht na hEorpa a shaothrú.
- Comhaontú Glas don Eoraip (eolas cúlra)
- Cruinniú Urghnách den Chomhairle Eorpach, an 17-18 Aibreán 2024 (na príomhthorthaí)
Comhphobail Fuinnimh
Le linn an lóin, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le comhphobail fuinnimh agus rannpháirtíocht na saoránach. D’admhaigh siad go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag tionscadail fuinnimh in-athnuaite atá faoi úinéireacht an phobail chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus spleáchas na hEorpa ar allmhairí fuinnimh a laghdú.
Mar sin féin, chuir na hairí in iúl freisin, mar gheall ar bhacainní éagsúla, nach bhfuil an tóir chéanna ar fhorbairt na dtionscnamh áitiúil sin agus nach scaiptear iad mar a d’fhéadfaí a dhéanamh. Ceann de na bacainní lárnacha a luadh go han-mhinic ba ea rochtain ar eangacha a chinntiú do chomhphobail fuinnimh in-athnuaite.
Leag na hairí béim ar an ngá atá le gníomhaíocht a dhéanamh chun cothrom na Féinne a bhaint amach agus chun comhphobail fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú sna margaí fuinnimh atá ann cheana.
Cuireadh in iúl gur féidir roinnt gnéithe a ghlacadh go náisiúnta, ach d’áitigh go leor airí go bhfuil gnéithe éagsúla ann ina bhfuil níos mó oibre le déanamh ar an leibhéal Eorpach.
Dá bhrí sin, d’iarr na hairí ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta don chomhphobal fuinnimh a chur i dtoll a chéile. Ba cheart réitigh a mholadh i bplean mar sin chun bacainní nach bhfuil ag teastáil nó nach bhfuil údar leo a réiteach do chomhphobail fuinnimh.
An Conradh um Chairt Fuinnimh
Leis na cinntí a glacadh go foirmiúil, tarraingeoidh an tAontas Eorpach agus Euratom siar as an gConradh um Chairt Fuinnimh, agus beidh cead ag na Ballstáit tacú leis an nuachóiriú le linn na chéad Chomhdhála eile maidir leis an gConradh. Tá nasc idir na cinntí ós rud é gur dhá cholún iad de chomhréiteach polaitiúil ar a dtugtar treochlár na Beilge maidir leis an gConradh um Chairt Fuinnimh.
Leis an nglacadh foirmiúil seo ag ón gComhairle, tugtar cead don Aontas agus Euratom tarraingt siar as an gConradh um Chairt Fuinnimh tar éis do Pharlaimint na hEorpa é sin a fhormheas le linn an tseisiúin iomlánaigh dheireanaigh a bhí aici i mí Aibreáin 2024.
Beidh na Ballstáit ar mian leo leanúint de bheith ina bpáirtithe conarthacha tar éis tharraingt siar an Aontais agus Euratom in ann vótáil le linn na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh atá le teacht – a mheastar a bheidh ar siúl faoi dheireadh 2024 – trí ghlacadh comhaontaithe nuachóirithe a fhormheas nó gan cur i gcoinne an chomhaontaithe sin.
Ar an gcaoi sin, tríd an tsáinn laistigh den Aontas a bhriseadh, chuir treochlár na Beilge tús le próiseas nuachóirithe an Chonartha um Chairt Fuinnimh dá pháirtithe conarthacha nach tíortha de chuid an Aontais iad.
Is cloch mhíle dheiridh an méid a glacadh sa treochlár Beilgeach a chruthaíomar ar mhaithe le Chonradh um Chairt Fuinnimh. Ag tógáil ar an mbunobair a leag Uachtaránacht na Sualainne síos romhainn, d’oibrigh Uachtaránacht na Beilge gan stad gan staonadh chun an tsáinn chasta sin a bhriseadh agus tháinig sí ar chomhréiteach a bhfuil gach taobh in ann glacadh leis agus a fhónann do gach taobh.
Tinne Van der Straeten, Aire Fuinnimh na Beilge
Gnó eile
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide críochnaitheacha nuashonraithe a thíolaic na Ballstáit, ar pleananna iad atá ríthábhachtach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus spriocanna comhaontaithe uile-Aontais a bhaint amach.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas (eolas cúlra)
- Pleananna náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid (grafaic faisnéise)
Chuir an Coimisiún eolas i láthair maidir le hullmhacht do gheimhreadh 2024-2025. Cuireadh na hairí ar an eolas faoi chuíchóiriú nósanna imeachta an Choimisiúin chun sásraí acmhainneachta a ghlacadh mar obair leantach ar na forálacha a comhaontaíodh i gcomhthéacs an athchóirithe ar dhearadh an mhargaidh leictreachais.
Chuala na hairí ó thoscaireachtaí na Seicia agus na Slóvaice faoin ‘Karlovy Vary Annual Policy Dialogue Statement’ [Ráiteas maidir le hIdirphlé Bliantúil Beartais Karlovy Vary] agus faoin ngá atá leis an aistriú cóir a neartú i réigiúin a ndéanann an dícharbónú difear dóibh (seisiún poiblí).
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
D’ardaigh toscaireachtaí na hOstaire, na Seicia, na hUngáire agus na Slóvaice pointe eolais maidir le tionchair an mhuirir neodrachta i ndáil le stóráil gáis agus an gá atá le comhordú níos fearr ar an leibhéal Eorpach.
Roinn toscaireachtaí na Gearmáine, na Fraince agus na hÍsiltíre eolas – agus thacaigh toscaireacht na hOstaire leo – maidir leis an tábhacht a bhaineann le calaois bithbhreoslaí a chosc agus d’iarr siad ar an gCoimisiún na tionscnaimh riachtanacha a chur chun cinn i ndáil leis sin.
Chuala na toscaireachtaí ó thoscaireachtaí na Polainne, na hUngáire agus na Seicia maidir le téarmaí agus coinníollacha Cheant an Chiste don Nuálaíocht 2024 le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch faoi chuimsiú an Bhainc Hidrigine agus a moltaí maidir le feabhsú.
Ar deireadh, chuir toscaireacht na hUngáire a tosaíochtaí i láthair mar Uachtaránacht inteachta na Comhairle.
Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha, lena n-áirítear na cinntí maidir leis an gConradh um Chairt Fuinnimh.
Míniú ar phlean REPowerEU (Grafaic faisnéise)
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
- Bearta chun an tAontas a dhéanamh saor ó mhearcair formheasta ag an gComhairle
- 30/05/2024
- Eangacha leictreachais inbhuanaithe: conclúidí formheasta ag an gComhairle
- 30/05/2024
- An Conradh um Chairt Fuinnimh: cead tugtha ag an gComhairle don Aontas tarraingt siar
- 30/05/2024
- Feistí leighis: bearta nua glactha ag an gComhairle chun cabhrú le ganntanais a chosc
- 30/05/2024
- An geilleagar ciorclach: formheas deiridh tugtha ag an gComhairle don treoir maidir leis an gceart chun deisiúcháin
- 30/05/2024
- An sciúradh airgid a chomhrac: pacáiste rialacha glactha ag an gComhairle
- 30/05/2024
- An tSeirbia: cead tugtha ag an gComhairle comhaontú comhair Frontex a shíniú
- 30/05/2024
- Athchóirithe Basel III: rialacha nua de chuid an Aontais chun athléimneacht na mbanc i leith suaití eacnamaíocha a mhéadú
- 30/05/2024
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025