Eoraip Shóisialta níos láidre a chur chun cinn
Eoraip Shóisialta níos láidre a chur chun cinn
Ní mór gné shóisialta an Aontais a threisiú i bhfianaise thionchar sóisialta eacnamaíoch phaindéim COVID-19, agus an dlúis atá á chur leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach.
- Tá tábhacht phearsanta ag baint le hEoraip shóisialta do 9 as 10 nEorpach (88%)
- Is fadhb thromchúiseach í easpa ceart sóisialta dar le 71% de fhreagróirí
Foinse: Suirbhé Eorabharaiméadair ar shaincheisteanna sóisialta, Aibreán 2021.
Is den ríthábhacht é tiomantas na mBallstát: is orthusan atá an phríomhfhreagracht as beartais fostaíochta agus shóisialta.
Gealltanas tugtha ag ceannairí an Aontais gné shóisialta an Aontais a neartú
Cruinniú neamhfhoirmiúil na gceann stáit nó rialtais (Porto, an 7 - 8 Bealtaine 2021)
Ceannairí an Aontais:
- tá rún daingean acu leanúint de chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a dhoimhniú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta
- is díol sásaimh dóibh Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus a phríomhspriocanna maidir le poist, scileanna agus laghdú na bochtaineachta
Tabharfar tús áite don mhéid seo:
Poist
Tuilleadh post agus poist níos fearr a chruthú, agus cáilíocht poist a fheabhsú
Oideachas agus scileanna
Tuilleadh a infheistiú san oideachas, i scileanna, gairmoiliúint, foghlaim ar feadh an tsaoil, uas-sciliú agus athsciliú
Cuimsiú sóisialta, comhrac na bochtaineachta
- éagothromaíochtaí a laghdú, pá cothrom a chosaint, an t-eisiamh sóisialta a chomhrac agus an bhochtaineacht a ghleic
- comhrac na bochtaineachta leanaí
- aghaidh a thabhairt ar na rioscaí eisiaimh atá ann do ghrúpaí sóisialta fíorleochaileacha (i.e. daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas nó daoine gan dídean)
Comhrac an idirdhealaithe
- obair chun bearnaí idir na hinscní san fhostaíocht agus i gcúrsaí pá agus pinsin a dhruidim
- comhionannas agus cothroime a chur chun cinn do gach duine
Tacaíocht don aos óg
- aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 ar a rannpháirtíocht sa mhargadh saothair agus ar a bpleananna oideachais agus oiliúna
- a chinntiú gurb iadsan a thiomáinfidh téarnamh cuimsitheach glas digiteach
3 phríomhsprioc Aontais le baint amach faoi 2030
- Poist: 78% ar a laghad den daonra ó aois 20 go 64 i bhfostaíocht
- Scileanna: 60% ar a laghad de dhaoine fásta páirteach in oiliúint gach bliain
- Laghdú na bochtaineachta: laghdú 15 mhilliún, ar a laghad, ar líon na ndaoine atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta
Colún Eorpach na gCeart Sóisialta: gné bhunúsach de théarnamh an Aontais
20 prionsabal lena gcumhdaítear 3 réimse:
1. Comhionannas deiseanna agus rochtain ar an margadh saothair
- oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil
- an comhionannas inscne
- comhionannas deiseanna
- tacaíocht ghníomhach don fhostaíocht
2. Dálaí oibre cothroma
- fostaíocht shlán oiriúnach don oibrí
- tuarastail
- eolas faoi dhálaí fostaíochta agus cosaint i gcás dífhostuithe
- idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht oibrithe
- cothromaíocht oibre agus saoil
- timpeallacht oibre shláintiúil shlán dhea-oiriúnaithe agus cosaint sonraí
3. Cosaint shóisialta agus cuimsiú
- cúram leanaí agus tacaíocht do leanaí
- cosaint shóisialta
- sochair dhífhostaíochta
- íos-ioncam
- ioncam seanaoise agus pinsin
- cúram sláinte
- cuimsiú daoine faoi mhíchumas
- cúram fadtéarmach
- tithíocht agus cúnamh do dhaoine gan dídean
- rochtain ar sheirbhísí riachtanacha
Garspriocanna
- Samhain 2017: Colún Eorpach na gceart sóisialta fógartha ag Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach ag Cruinniú Mullaigh Göteborg
- 20 prionsabal leis na Ballstáit a threorú ionsar Eoraip shóisialta láidir
- Meitheamh 2019: Clár oibre straitéiseach an Aontais do 2019-2024 glactha ag an gComhairle Eorpach
- É iarrtha ag na ceannairí go gcuirfí an Colún Sóisialta chun feidhme ar leibhéil an Aontais agus na mBallstát
- Bealtaine 2021: Ugach polaitiúil tugtha ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto do chur chun feidhme an Cholúin Shóisialta ar gach leibhéal
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025