Skip to content

Amlíne – Cén fhreagairt a thug an tAontas ar an ngéarchéim fuinnimh in 2022?

  • 2026

  • 2025

    • 3 Nollaig

      An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis ón Rúis

      Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir le rialachán nua REPowerEU chun deireadh iomlán a chur le húsáid allmhairí gáis ón Rúis isteach san Aontas agus chun slándáil fuinnimh an Aontais a mhéadú.

      Tugtar isteach leis an rialachán toirmeasc céimneach ar allmhairí gáis nádúrtha leachtaithe agus allmhairí gáis píblíne araon ón Rúis, agus toirmeasc iomlán air sin ó dheireadh 2026 agus ó fhómhar 2027 faoi seach. Beidh an dá chatagóir d’allmhairí gáis faoi réir réamhúdarú chun a chinntiú go n-oibreoidh an toirmeasc sa chleachtas.

      Ina theannta sin, beidh ar na Ballstáit uile pleananna náisiúnta éagsúlaithe a thíolacadh, ina leagfar amach bearta chun a soláthairtí gáis a éagsúlú agus na dúshláin lena mbaineann. Tá clásal fionraíochta sa rialachán freisin a d’fhéadfaí a úsáid i gcás ina dtarlóidh rud gan choinne a chuirfeadh slándáil an tsoláthair fuinnimh i mbaol.

    • 20 Deireadh Fómhair

      A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le rialacha chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis ón Rúis faoi REPowerEU

      An 20 Deireadh Fómhair 2025, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh caibidlíochta i ndáil leis an dréachtrialachán chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis nádúrtha ón Rúis.

      Leis an rialachán a mholtar, tugtar isteach toirmeasc céim ar chéim atá ceangailteach ó thaobh dlí de ar na hallmhairí gáis píblíne agus gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) ón Rúis, agus tiocfaidh toirmeasc iomlán i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2028.

      Thug an Chomhairleathruithe isteach a bhaineann go príomha leis an méid seo a leanas:

      • an idirthréimhse do chonarthaí soláthair atá ann faoi láthair
      • nósanna imeachta agus údarú custaim
      • pleananna éagsúlaithe náisiúnta

      Pléifear an téacs deiridh le Parlaimint na hEorpa anois, d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le téacs deiridh an rialacháin, a luaithe a bheidh a seasamh glactha ag an bParlaimint.

      Umair stórála gáis, tuirbín gaoithe, umar stórála hidrigine, túr tarchurtha leictreachais, agus píblíne gháis, idirnasctha lena chéile.
      An plean REPowerEU: beartas fuinnimh maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta thíortha an Aontais

      An plean REPowerEU: beartas fuinnimh maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta thíortha an Aontais

    • 18 Iúil

      Síneadh 2 bhliain ceadaithe ag an gComhairle i dtaca leis na rialacha maidir le cúlchistí a líonadh chun soláthar geimhridh a chosaint

      Ghlac an Chomhairle síneadh 2 bhliain i dtaca leis na rialacha agus thug sí isteach solúbthacht bhreise, rud a chuir ar chumas na mBallstát dul in oiriúint do dhálaí margaidh atá ag síorathrú agus cúbláil mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith ann a chomhrac:

      • coinnítear an sprioc cheangailteach 90% atá ann cheana maidir le stóráil gáis, ach tá solúbthacht ann maidir lena baint amach am ar bith idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 1 Nollaig
      • tugtar lamháil solúbthachta 10% isteach chun na deacrachtaí a chumhdach maidir le hacmhainneachtaí stórála a líonadh, agus féadfaidh an Coimisiún an lamháil solúbthachta don sprioc líonta a mhéadú suas le 5% breise i gcás dálaí margaidh neamhfhabhracha leanúnacha
      • spriocanna táscacha a bheidh sna spriocanna stórála idirmheánacha, rud a fhágfaidh go mbeidh intuarthacht ann maidir le leibhéil stórála agus, ag an am céanna, go mbeidh rannpháirtithe sa mhargadh in ann gás a cheannach i rith na bliana nuair is mó an buntáiste a bheidh ag baint leis na dálaí
    • 24 Meitheamh

      Slándáil an tsoláthair gáis: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú chun a chinntiú go bhfuil dóthain cúltaiscí ar phraghsanna inacmhainne ann

      Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an togra lena leasaítear an rialachán maidir le stóráil gáis, lena gcuirtear síneadh 2 bhliain leis na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit faoi láthair maidir le dóthain gáis a bheith á stóráil acu roimh shéasúr an gheimhridh.

      Tá sé d’aidhm ag an leasú laghdú a dhéanamh ar neamhchosaint an Aontais ar phraghsanna luaineacha a bhaineann le héagobhsaíocht gheopholaitiúil tar éis chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

      Leis an gcomhaontú sealadach:

      • bunaítear sprioc líonta 90%
      • tugtar isteach solúbthacht bhreise do na Ballstáit chun iad féin a chur in oiriúint do dhálaí margaidh atá ag síorathrú agus chun aghaidh a thabhairt ar chúbláil mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith ann
    • 11 Aibreán

      Cuirfear síneadh 2 bhliain leis na rialacha maidir le stóráil gáis

      Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir le síneadh 2 bhliain a chur leis na rialacha lena n-iarrtar ar na Ballstáit a saoráidí stórála gáis a bheith 90% lán roimh an ngeimhreadh.

      Chuideodh sé sin le feabhas a chur ar shlándáil fuinnimh agus ar chobhsaíocht an mhargaidh gáis.

    • 9 Feabhra

      Estonia, Latvia and Lithuania connect to the European energy grid

      On 9 February 2025, the electricity grid of the three Baltic states became fully synchronised with the Continental Europe Network (CEN), and disconnected from Russia and Belarus. Full integration with the EU energy grid will lead to greater energy security in the region, and will speed up the uptake of renewable energy.

      The synchronisation of the grid, including the necessary grid reinforcements, was supported by EU funds from the Connecting Europe Facility and through projects of common interest under the TEN‑T regulation.

  • 2024

    • 25 Márta

      Slándáil an tsoláthair gáis: Cead deiridh tugtha ag an gComhairle do bhearta deonacha chun an t-éileamh a laghdú

      Ghlac an Chomhairle an moladh go foirmiúil inniu lena moltar do na Ballstáit leanúint dá dtomhaltas gáis a laghdú 15% ar a laghad go dtí an 31 Márta 2025, i gcomparáid lena meántomhaltas gáis sa tréimhse ón 1 Aibreán 2017 go dtí an 31 Márta 2022.

      Leis an moladh sin, cuideofar leis na Ballstáit bearta leordhóthanacha a dhéanamh maidir le slándáil an tsoláthair go dtí go ndéanfar na treoracha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí in-athnuaite fuinnimh a thrasuí in 2025. Leis an dá threoir sin, laghdófar an t-éileamh struchtúrach go luath amach anseo, agus bainfear amach spriocanna dícharbónaithe an Aontais ag an am céanna.

      Glacadh an rialachán roimhe seo maidir le bearta laghdaithe éilimh ar ghás in 2022 mar fhreagairt phráinneach ar an ngéarchéim fuinnimh arb é fogha míleata na Rúise faoin Úcráin is cúis léi agus cuireadh síneadh bliana leis in 2023. Tháinig deireadh lena fheidhm ar an 31 Márta 2024.

    • 18 Márta

      Margaí mórdhíola fuinnimh: Dlí glactha ag an gComhairle chun cosaint a thabhairt i gcoinne cúbláil margaidh

      Ghlac an Chomhairle rialachán lena dtreiseofar faireachas margaidh san Aontas Eorpach agus lena n-áiritheofar iomaíocht oscailte chothrom sna margaí mórdhíola fuinnimh.

      Leagtar síos leis an rialachán an bonn le haghaidh trédhearcacht agus sláine mhéadaithe sa mhargadh, rud a chuirfidh feabhas ar mhuinín an phobail as feidhmiú na margaí mórdhíola fuinnimh.

      Cruthaíonn sé ceanglais níos soiléire agus níos déine do rannpháirtithe sa mhargadh san Aontas a bhfuil cónaí orthu i dtríú tír. Leis an rialachán nua, tugtar an ceart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) cásanna a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo a imscrúdú, i gcás ina ndéantar difear do dhá Bhallstát ar a laghad.

    • 4 Márta

      Ballstáit tagtha ar chomhaontú maidir le moladh chun leanúint de bhearta deonacha chun an t-éileamh a laghdú

      Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le moladh chun leanúint de bhearta comhordaithe chun an t-éileamh ar ghás a laghdú ag Comhairle Fuinnimh mhí an Mhárta.

      Leis an gcomhaontú, moltar do na Ballstáit leanúint dá dtomhaltas gáis a laghdú 15% ar a laghad go dtí an 31 Márta 2025, i gcomparáid lena meántomhaltas gáis sa tréimhse ón 1 Aibreán 2017 go dtí an 31 Márta 2022.

      Leis an moladh sin, cuideofar leis na Ballstáit bearta leordhóthanacha a dhéanamh maidir le slándáil an tsoláthair go dtí go ndéanfar na treoracha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí in-athnuaite fuinnimh a thrasuí in 2025, rud a fhágfaidh go dtiocfaidh laghdú struchtúrach ar an éileamh go luath, agus spriocanna dícharbónaithe an Aontais á mbaint amach.

  • 2023

    • 22 Nollaig

      Síneadh a chur leis na rialacháin éigeandála maidir le slándáil an tsoláthair agus praghsanna fuinnimh: bearta glactha ag an gComhairle

      Ghlac an Chomhairle, trí nós imeachta i scríbhinn, trí rialachán éigeandála ón gComhairle maidir le síneadh a chur leis an tréimhse chur i bhfeidhm a ghabhann leo, faoi Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais, a ceapadh le haghaidh staideanna éigeandála.

      Glacadh na bearta éigeandála i ndiaidh chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, chun feabhas a chur ar dhlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite agus saoránaigh an Aontais a chosaint ar phraghsanna fuinnimh atá ró-ard.

    • 19 Nollaig

      Praghsanna fuinnimh agus slándáil an tsoláthair: an Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le síneadh a chur le bearta éigeandála

      Ag Comhairle Fuinnimh mhí na Nollag, tháinig airí an Aontais ar chomhaontú polaitiúil maidir le síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm trí rialachán éigeandála ón gComhairle a glacadh faoi Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a ceapadh le haghaidh cásanna éigeandála.

      Glacadh na bearta éigeandála anuraidh mar gheall ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus é mar aidhm acu:

      • dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a fheabhsú
      • dlús a chur le húsáid an fhuinnimh in-athnuaite
      • saoránaigh an Aontais a chosaint ar phraghsanna fuinnimh atá ró-ard
    • 14 Nollaig

      Athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú

      Tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach chun athchóiriú a dhéanamh ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais. Is éard a leanas is aidhm don athchóiriú: spleáchas na bpraghsanna leictreachais ar phraghsanna luaineacha breoslaí iontaise a laghdú, tomhaltóirí a chosaint ar mhéaduithe tobainne sna praghsanna agus dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite agus cosaint do thomhaltóirí a fheabhsú.

      Ní mór don dá institiúid an comhaontú sealadach ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa a fhormhuiniú agus a ghlacadh go foirmiúil.

    • 17 Deireadh Fómhair

      Athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais: an Chomhairle tagtha ar chomhaontú

      Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú (cur chuige ginearálta) maidir le togra chun dearadh mhargadh leictreachais an Aontais a leasú. Is éard a leanas is aidhm don athchóiriú: spleáchas na bpraghsanna leictreachais ar phraghsanna luaineacha breoslaí iontaise a laghdú, tomhaltóirí a chosaint ar mhéadaithe tobainne sna praghsanna agus dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite agus cosaint do thomhaltóirí a fheabhsú.

      Is cuid d’athchóiriú níos leithne ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais é an togra seo ina bhfuil rialachán freisin atá dírithe ar fhaireachán agus trédhearcacht níos fearr (Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh) chun cosaint an Aontais ar an gcúbláil margaidh a fheabhsú. Comhaontaíodh cur chuige ginearálta i ndáil le Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh ag an gComhairle Fuinnimh an 19 Meitheamh 2023.

    • 19 Meitheamh

      An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le codanna d’athchóiriú an mhargaidh leictreachais

      Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta i ndáil le rialachán maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (REMIT). Is é is aidhm don togra tacú le hiomaíocht oscailte agus chothrom i margaí mórdhíola fuinnimh na hEorpa, trí thrádáil atá bunaithe ar fhaisnéis ón taobh istigh a thoirmeasc agus cúbláil mhargaidh a dhíspreagadh.

      Tá an togra maidir le REMIT mar chuid d’athchóiriú níos leithne ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais. Ag céim níos déanaí, beidh na codanna eile den athchóiriú le comhaontú, arb é is aidhm dóibh praghsanna leictreachais a laghdú ar phraghsanna luaineacha breoslaí iontaise agus tomhaltóirí a chosaint ar spící praghsanna agus dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite agus cosaint tomhaltóirí a fheabhsú.

    • 30 Márta

      An sprioc laghdaithe 15 % ar an éileamh ar ghás glactha go foirmiúil ag an gComhairle

      Ghlac an Chomhairle an rialachán lena gcuirtear síneadh bliana le sprioc dheonach na mBallstát maidir le laghdú 15 % ar an éileamh ar ghás.

      Leis an rialachán tá an fhéidearthacht ann i gcónaí don Chomhairle ‘foláireamh ón Aontas’ maidir le cinnteacht an tsoláthair a chur ar bun, agus sa chás sin bheadh an laghdú ar an éileamh ar ghás éigeantach.

      Glacadh an rialachán tríd an nós imeachta i scríbhinn. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2023.

  • 2022

    • 19 Nollaig

      An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le sásra chun praghsanna iomarcacha gáis a theorannú

      Tháinig airí fuinnimh an Aontais ar chomhaontú maidir le bearta nua chun dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh le linn na Comhairle Fuinnimh an 19 Nollaig 2022. Tháinig siad ar chomhaontú maidir le sásra nua margaidh chun arduithe iomarcacha ar phraghsanna gáis a theorannú, chomh maith le bearta chun soláthairtí gáis a dhaingniú agus a chomhroinnt san Aontas agus nósanna imeachta ceadaithe níos tapúla do thionscadail maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh.

      Is beart éigeandála sealadach é an rialachán arb é is aidhm dó teorainn a chur le heachtraí ina mbíonn praghsanna iomarcacha gáis nach léiríonn praghsanna an mhargaidh dhomhanda, agus an méid seo a leanas á chinntiú ag an am céanna:

      • slándáil an tsoláthair fuinnimh
      • cobhsaíocht na margaí airgeadais

      Cosnóidh sé saoránaigh agus gnólachtaí ar thionchair dhochracha na bpraghsanna arda fuinnimh.

      Cuirtear i láthair ar an leathanach seo an sásra ceartúcháin margaidh a chomhaontaigh tíortha an Aontais chun babhtaí de phraghsanna iomarcacha gáis a theorannú san Aontas.
      Sásra margaidh chun arduithe iomarcacha ar phraghsanna gáis a theorannú (Grafaic faisnéise)

      Sásra margaidh chun arduithe iomarcacha ar phraghsanna gáis a theorannú (Grafaic faisnéise)

    • 15 Nollaig

      An Chomhairle Eorpach: tuilleadh comhordaithe ríthábhachtach don Aontas chun aghaidh a thabhairt ar an ngeimhreadh sna blianta amach anseo

      Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle Eorpach i mí na Nollag 2022, rinne ceannairí an Aontais athbhreithniú ar an dul chun cinn maidir le bearta chun dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh agus d’iarr siad ar an gComhairle bailchríoch a chur ar an obair ar na tograí le haghaidh rialacháin nua darb aidhm an dlúthpháirtíocht fuinnimh a fheabhsú, dlús a chur le húsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh agus sásra ceartúcháin margaidh a bhunú le haghaidh praghsanna gáis.

      Ina theannta sin, ag féachaint do na chéad séasúir fhuara eile, chuir an Chomhairle Eorpach i dtreis a thábhachtaí atá sé comhordú an Aontais a neartú. Go háirithe, ba cheart leanúint den obair ar an méid seo a leanas:

      • comhiomlánú an éilimh gáis agus an tsásra comhcheannaigh a oibríochtú go tapa, agus dlús a chur leis an bplé le comhpháirtithe iontaofa chun conarthaí fadtéarmacha soláthair a chinntiú
      • saoráidí na stórtha gáis a líonadh go héifeachtúil agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar na conairí líonta agus ar na cuspóirí maidir leis an éileamh ar ghás a laghdú
      • pleananna teagmhasachta a ullmhú go luath do gheimhreadh 2023/2024
    • 14 Nollaig

      comhaontú sealadach bainte amach maidir le REPowerEU

      Tháinig idirbheartaithe ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le togra REPower arb é is aidhm dó uathriail straitéiseach an Aontais a neartú trí sholáthairtí fuinnimh a éagsúlú agus trí bhorradh a chur faoi neamhspleáchas agus faoi shlándáil sholáthar fuinnimh an Aontais.

      I measc príomhchuspóirí REPowerEU, beidh athléimneacht, slándáil agus inbhuanaitheacht chóras fuinnimh an Aontais a mhéadú tríd an laghdú is gá a dhéanamh ar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus trí sholáthairtí fuinnimh a éagsúlú ar leibhéal an Aontais, trí úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainneacht stórála fuinnimh a mhéadú san áireamh.

      Tá an téacs comhaontaithe faoi réir a fhormheasta ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa sula rachfar tríd an nós imeachta maidir le glacadh foirmiúil.

    • 3 Nollaig

      Russian oil: EU agrees on level of price cap

      The Council decided to set an oil price cap for crude oil and petroleum oils and oils obtained from bituminous minerals which originate in or are exported from Russia, at USD 60 per barrel.

      The price cap on Russian oil will limit price surges driven by extraordinary market conditions and drastically reduce the revenues Russia has earned from oil after it unleashed its illegal war of aggression against Ukraine. It will also serve to stabilise global energy prices while mitigating adverse consequences on energy supply to third countries.

    • 24 Samhain

      An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le hábhar na mbeart nua chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh

      Phléigh airí fuinnimh an Aontais bearta éigeandála sealadacha nua chun praghsanna arda fuinnimh a shrianadh agus chun slándáil an tsoláthair a fheabhsú.

      Leis na bearta nua déanfar an méid seo a leanas:

      • cuirfear feabhas ar an dlúthpháirtíocht i gcás fíoréigeandála agus ganntanas sa soláthar gáis
      • cinnteofar gur fearr an comhordú a dhéanfar ar cheannachán gás comhpháirteacha
      • cuirfear teorainn le luaineacht praghsanna gáis agus leictreachais

      Ag eascairt as an togra ón gCoimisiún a tíolacadh i mí Dheireadh Fómhair 2022, tháinig tíortha an Aontais ar chomhaontú maidir le hábhar na mbeart ag an gcruinniú urghnách den Chomhairle Fuinnimh a tionóladh an 24 Samhain 2022.

    • 24 Samhain

      An Chomhairle ag iarraidh dlús a chur leis na nósanna imeachta chun ceadanna a dheonú do thionscadail fuinnimh inathnuaite

      Chun dlús a chur le húsáid fuinnimh inathnuaite, tá an Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le rialacha nua arb é is aidhm dóibh dlús a chur leis na nósanna imeachta chun ceadanna a dheonú do thionscadail fuinnimh inathnuaite.

      Rialacha sealadacha atá i gceist agus tá bearta i gceist leo atá dírithe ar theicneolaíochtaí sonracha agus ar chineálacha sonracha tionscadal, arb iad is mó a bhfuil poitéinseal iontu don imscaradh tapa agus arb iad is lú a dhéanann dochar don chomhshaol. Ina theannta sin, tugann siad isteach toimhde go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint le tionscadail fuinnimh inathnuaite.

    • 7 Samhain

      Ardphraghsanna fuinnimh pléite ag an nGrúpa Euro

      Phléigh airí airgeadais an Aontais na dúshláin atá rompu maidir le bearta ar an leibhéal náisiúnta chun tionchar praghsanna arda fuinnimh ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí leochaileacha a mhaolú.

      De réir mheastacháin an Choimisiúin, tá tuairim is 1.25 % de OTI an limistéir euro caite go dtí seo ag rialtais an limistéir euro ar an iomlán ar thacaíocht fuinnimh i mbliana. Is ionann sin agus thart ar EUR 200 billiún. Thug na hairí aghaidh ar na dúshláin a bhaineann leis na tacaí suntasacha chun bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar an gcomhbhabhtáil idir boilsciú a laghdú, agus ag an am céanna, tacú le teaghlaigh leochaileacha agus le hiomaíochas idirnáisiúnta an limistéir euro. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
    • 20-21 Deireadh Fómhair

      Ceannairí an Aontais tagtha ar chomhaontú maidir le fuinneamh

      Phléigh an Chomhairle Eorpach an ghéarchéim fuinnimh agus chomhaontaigh sí gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú, ciondáil a sheachaint, soláthar a chinntiú agus praghsanna a ísliú. Chuir siad i bhfios go láidir nach mór sláine an mhargaidh aonair a chaomhnú.

      D’iarr ceannairí an Aontais ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún cinntí nithiúla a thíolacadh go práinneach maidir le bearta breise, amhail:

      • ceannach deonach comhpháirteach gáis
      • tagarmharc nua comhlántach gáis
      • praghasraon dinimiciúil sealadach maidir le hidirbhearta gáis nádúrtha
      • creat sealadach ón Aontas chun teorainn a chur le praghas an gháis i nginiúint leictreachais
    • 7 Deireadh Fómhair

      Bearta chun an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú, slándáil an tsoláthair a chinntiú agus praghsanna inacmhainne a ráthú pléite ag ceannairí an Aontais

      Tháinig ceannairí an Aontais le chéile i bPrág i bPoblacht na Seice chun cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a thionchar ar an staid fuinnimh san Eoraip a phlé, na hiarmhairtí eacnamaíocha san áireamh.

      Tá diúracán fuinnimh scaoilte ag an Rúis i dtreo mhór-roinn na hEorpa agus an domhain Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, an 7 Deireadh Fómhair 2022

      Dhírigh ceannairí an Aontais ar thrí réimse a mheas siad a bheith ríthábhachtach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh: an t-éileamh ar leictreachas a laghdú, slándáil an tsoláthair a fheabhsú agus praghsanna inacmhainne a ráthú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Sa chomhthéacs sin, leag na ceannairí béim ar a thábhachtaí atá sé a chinntiú go líonfar na stoic gháis a mhéid is féidir agus phléigh siad comhardáin um cheannach acmhainní fuinnimh.

    • 6 Deireadh Fómhair

      Bearta éigeandála glactha go foirmiúil ag an gComhairle chun praghsanna fuinnimh a laghdú

      Ghlac Ballstáit an Aontais Rialachán ón gComhairle, go foirmiúil, maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh.

      Tugtar isteach, leis an rialachán, bearta coiteanna chun an t-éileamh ar leictreachas a laghdú agus chun farasbarr ioncaim na hearnála fuinnimh a bhailiú agus a athdháileadh ar theaghlaigh agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

      Thug an tAontas céim thábhachtach chun srian a chur le praghsanna arda fuinnimh do shaoránaigh agus do chuideachtaí - ach is cinnte nach sin an chéim dheireanach. Tá airí fuinnimh an Aontais tiomanta d’obair a dhéanamh ar bhearta breise a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún iad a mholadh. Is gá aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na géarchéime reatha agus cuidiú le tionscal an Aontais freisin. Tá an Uachtaránacht réidh le leanúint den obair gan stad gan staonadh ar na réitigh uile a d’fhéadfadh a bheith ann. Jozef Síkela, Aire Tionscail agus Trádála na Seicia
    • 30 Meán Fómhair

      An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le bearta éigeandála chun praghsanna fuinnimh a laghdú

      Tháinig airí fuinnimh an Aontais ar chomhaontú polaitiúil maidir le togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh. Leis an rialachán sin, tugtar isteach bearta comhchoiteanna arb é is aidhm dóibh praghsanna fuinnimh a ísliú agus ioncam barrachais na hearnála fuinnimh a athdháileadh ar chustaiméirí deiridh. Is iad sin:

      • úsáid leictreachais a laghdú
      • caidhpeáil a dhéanamh ar ioncam na dtáirgeoirí leictreachais
      • ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a fháil ó ghnólachtaí breosla iontaise
    • 9 Meán Fómhair

      Plé déanta ag na hairí ar roghanna chun praghsanna fuinnimh a mhaolú, agus athbhreithniú déanta acu ar an dul chun cinn maidir le hullmhacht don gheimhreadh

      Le linn an chruinnithe urghnách den Chomhairle Fuinnimh, bhí dhá mhalartú tuairimí ag airí fuinnimh an Aontais maidir leis an staid fuinnimh san Aontas. Phléigh siad an méid seo a leanas:

      • bearta chun praghsanna arda fuinnimh a mhaolú
      • gníomhaíochtaí an Aontais agus gníomhaíochtaí náisiúnta chun ullmhú don gheimhreadh

      Tar éis tuairimí a mhalartú maidir le bearta ullmhachta, ba é tuairim na n-airí, in ainneoin a bhfuil tite amach le déanaí agus go háirithe an laghdú atá tagtha ar shreafaí gáis ón Rúis trí Nordstream I, go bhfuil an Eoraip ullamh don gheimhreadh seo.

      Cairt ar infreastruchtúr d'allmhairiú gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) i dtíortha an Aontais.
      Infreastruchtúr gáis nádúrtha leachtaithe san Aontas Eorpach (Grafaic faisnéise)

      Infreastruchtúr gáis nádúrtha leachtaithe san Aontas Eorpach (Grafaic faisnéise)

    • 5 Lúnasa

      Rialachán glactha ag an gComhairle maidir leis an éileamh ar ghás a laghdú 15%

      Ghlac an Chomhairle an rialachán maidir leis an éileamh ar ghás a laghdú 15% trí nós imeachta i scríbhinn.

      Tagann an glacadh sin sna sála ar an gcomhaontú polaitiúil ar thángthas air i mí Iúil; foilseofar an rialachán san Iris Oifigiúil an 8 Lúnasa agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá dár gcionn.

    • 26 Iúil

      Gealltanas tugtha ag na Ballstáit an t-éileamh ar ghás a laghdú 15% an geimhreadh seo

      An 26 Iúil 2022, tháinig airí fuinnimh an Aontais ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an éileamh ar ghás nádúrtha a laghdú 15%, ar bhonn deonach, an geimhreadh seo.

      Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le staid an fhuinnimh san Eoraip i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

      Bhí malartú tuairimí acu freisin maidir lena mbearta náisiúnta agus lena bpleananna teagmhasacha, chomh maith le gníomhaíochtaí gearrthéarmacha breise chun slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas a neartú.

    • 26-28 Meitheamh

      Gealltanas tugtha ag ceannairí G7 go ngníomhóidís láithreach chun an soláthar fuinnimh a chinntiú agus praghsanna a laghdú

      Agus an tslándáil fuinnimh ag dul in olcas go mór i gcónaí de dheasca chogadh na Rúise san Úcráin, gheall ceannairí G7 go ngníomhóidís láithreach chun an soláthar fuinnimh a chinntiú agus borradh faoi phraghsanna a laghdú, lena n-áirítear féachaint ar bhearta breise amhail uasteorainneacha ar phraghsanna.

      Athdhearbhaímid go bhfuilimid tiomanta deireadh a chur lenár spleáchas ar fhuinneamh na Rúise de réir a chéile, gan ár spriocanna aeráide agus comhshaoil a chur i mbaol. Communiqué ó Cheannairí G7
    • 27 Meitheamh

      Díol sásaimh do na hairí plean REPowerEU

      Bhí malartú tuairimí ag airí fuinnimh an Aontais maidir leis an staid fuinnimh san Aontas i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin le linn an chruinnithe a bhí ag an gComhairle i mí an Mheithimh. Phléigh siad a bhfuil ag titim amach in earnáil an gháis nádúrtha agus roinn siad eolas maidir le hullmhacht a dtíortha don gheimhreadh atá le teacht.

      Ina theannta sin, phléigh na hairí gníomhaíochtaí breise atá le beartú chun ullmhacht choiteann an Aontais a neartú.

      Sa chomhthéacs sin, ba dhíol sásaimh do na hairí an plean REPowerEU, a thíolaic an Coimisiún i mí na Bealtaine 2022, agus bunú Ardán Fuinnimh an Aontais lena n-oibreofar le soláthraithe idirnáisiúnta gus lena mbainisteofar ceannacháin dheonacha gáis.

    • 27 Meitheamh

      Rialachán maidir le stóráil gáis glactha ag an gComhairle

      Ghlac an Chomhairle go cinntitheach an rialachán maidir le stóráil gáis arb é is aidhm dó a chinntiú go líonfar na hacmhainneachtaí stórála gáis san Aontas roimh shéasúr an gheimhridh agus go roinnfear iad idir na Ballstáit de mheon na dlúthpháirtíochta, in ainneoin na suaití i margadh an gháis.

      Is céim thábhachtach é an glacadh sin i dtreo shlándáil sholáthar fuinnimh an Aontais a neartú i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin.

      Déantar foráil sa Rialachán nach mór stóráil gáis faoi thalamh ar chríoch na mBallstát a líonadh go 80% ar a laghad dá n-acmhainneacht roimh gheimhreadh 2022/2023 agus go 90% roimh thréimhsí an gheimhridh ina dhiaidh sin.

      Ar an iomlán, déanfaidh an tAontas iarracht chomhpháirteach 85% den acmhainneacht stórála gáis faoi thalamh a líonadh in 2022.

      Léarscáil ar a dtaispeántar ciorcail de mhéideanna éagsúla atá lonnaithe i ngach Ballstát den Aontas ina bhfuil saoráidí stórála gáis. Freagraíonn méid gach ciorcail d’acmhainneacht stórála na tíre sin.
      Cé mhéad gáis atá stóráilte ag tíortha an Aontais? (Grafaic faisnéise)

      Cé mhéad gáis atá stóráilte ag tíortha an Aontais? (Grafaic faisnéise)

    • 23-24 Meitheamh

      Iarrachtaí chun an soláthar fuinnimh a chinntiú ar phraghsanna inacmhainne spreagtha ag an gComhairle Eorpach

      Agus iad ag tagairt do Dhearbhú Versailles agus do na conclúidí ón gComhairle Eorpach le déanaí, d’athdhearbhaigh ceannairí an Aontais gur iarr siad ar an gCoimisiún féachaint, i gcomhar leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta, ar bhealaí chun srian a chur leis an ardú ar phraghsanna fuinnimh, lena n-áirítear a indéanta a bheadh sé uasteorainneacha sealadacha ar phraghsanna a thabhairt isteach i gcás inarb iomchuí.

      I bhfianaise an gás a bheith á úsáid mar uirlis troda ag an Rúis, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún iarrachtaí a shaothrú go práinneach chun an soláthar fuinnimh a chinntiú ar phraghsanna inacmhainne.

      D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle, in éineacht leis an gCoimisiún, aon bhearta iomchuí a dhéanamh chun comhordú fuinnimh níos dlúithe a chinntiú idir na Ballstáit

    • 3 Meitheamh

      An séú pacáiste smachtbhannaí glactha ag an Aontas i gcoinne na Rúise

      I bhfianaise an chogaidh atá ar siúl i gcónaí, áit a bhfuil fogha á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, é sin agus an tacaíocht atá á tabhairt ag an mBealarúis dó, chomh maith leis na hainghníomhartha a tuairiscíodh san Úcráin a raibh lámh ag fórsaí armtha na Rúise iontu, chinn an Chomhairle an séú pacáiste de smachtbhannaí eacnamaíocha agus aonair a chur i bhfeidhm a bheidh á ndíriú ar an Rúis agus ar an mBealarúis.

      Chinn an tAontas toirmeasc a chur ar amhola agus táirgí peitriliam ar leith a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú ón Rúis isteach san Aontas. Agus deireadh á chur de réir a chéile le hola a allmhairiú ón Rúis, glacfaidh sé 6 mhí i gcás an amhola agus 8 mí i gcás na dtáirgí peitriliam scagtha eile.

      Feictear do na ballstáit siúd den Aontas atá i ngreim ag an sainspleáchas atá acu ar sholáthairtí ón Rúis, iad siúd atá gan rogha malartach inmharthana agus an staid gheografach mar a bhfuil, go mbeidh eisceacht shealadach ann i gcás an amhola a allmhairítear trí phíblínte.

      Thairis sin, beidh an Bhulgáir agus an Chróit in ann maolú sealadach a theachtadh freisin i gcás amhola muiriompartha agus ola folúsgháis a allmhairiú ón Rúis.

    • 30-31 Bealtaine

      Ceannairí an Aontais tagtha ar chomhaontú faoin toirmeasc ola agus na tosaíochtaí lena neartófar neamhspleáchas fuinnimh an Aontais

      Ag an gcruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach i mí Bhealtaine 2022, chomhaontaigh ceannairí an Aontais go gcumhdófar amhola, chomh maith le táirgí peitriliam, a sheachadtar ón Rúis isteach sna na ballstáit, leis an séú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise. Tabharfar isteach eisceacht shealadach don amhola a sheachadtar trí phíblínte.

      Agus é á chur san áireamh a éagsúla atá na meascáin fuinnimh, na coinníollacha agus na cúinsí idir bhallstáit an Aontais, rinne ceannairí an Aontais athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an deireadh atá á chur de réir a chéile le hallmhairí gáis, ola agus guail ón Rúis.

      I bhfianaise na gcinntí a rinneadh níba luaithe maidir leis an toirmeasc a cuireadh ar allmhairí ón Rúis agus phlean REPowerEU a chuir an Coimisiún Eorpach i láthair, d’éiligh ceannairí an Aontais an méid seo a leanas:

      • go ndéanfaí na foinsí agus na bealaí soláthair a éagsúlú a thuilleadh
      • go gcuirfí dlús le húsáid foinsí inathnuaite fuinnimh
      • go gcuirfí barr feabhais ar an éifeachtúlacht fuinnimh
      • go gcuirfí feabhas ar idirnasc líonraí gáis agus leictreachais na hEorpa trí infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar
      Léaráid a thaispeánann réamhamharc ar an gcairt maidir leis an ráta spleáchais fuinnimh
      Cé chomh spléach is atá ballstáit an Aontais ar allmhairí fuinnimh? (Grafaic faisnéise)

      Cé chomh spléach is atá ballstáit an Aontais ar allmhairí fuinnimh? (Grafaic faisnéise)

    • 19 Bealtaine

      Stóráil gáis: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú sealadach

      Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir le rialacha nua i ndáil le stóráil gáis. Is é is aidhm don rialachán atá beartaithe a chinntiú go líonfar na hacmhainneachtaí stórála san Aontas roimh an ngeimhreadh agus gur féidir iad a roinnt idir na Ballstáit de mheon na dlúthpháirtíochta.

      Chomhaontaigh na comhreachtóirí gur cheart stóráil gáis faoi thalamh ar chríoch na mBallstát a líonadh go 80% ar a laghad dá n-acmhainneacht roimh gheimhreadh 2022/2023 agus go 90% roimh thréimhsí an gheimhridh ina dhiaidh sin. Déanfaidh an tAontas iarracht chomhchoiteann 85% den acmhainneacht stórála gáis faoi thalamh a líonadh in 2022.

      Léarscáil ar a dtaispeántar ciorcail de mhéideanna éagsúla atá lonnaithe i ngach Ballstát den Aontas ina bhfuil saoráidí stórála gáis. Freagraíonn méid gach ciorcail d’acmhainneacht stórála na tíre sin.
      Cé mhéad gáis atá stóráilte ag tíortha an Aontais? (Grafaic faisnéise)

      Cé mhéad gáis atá stóráilte ag tíortha an Aontais? (Grafaic faisnéise)

    • 11 Bealtaine

      Na Ballstáit tagtha ar chomhaontú maidir le sainordú caibidlíochta don togra le haghaidh stóráil gáis

      Tháinig an Chomhairle ar shainordú don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa i ndáil le togra maidir le stóráil gáis. Chun slándáil an tsoláthair san Aontas a fheabhsú sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, is é is aidhm don togra a chinntiú go líonfar na hacmhainneachtaí stórála gáis san Aontas roimh theacht an gheimhridh atá romhainn agus go mbeifear in ann iad a roinnt idir na Ballstáit de mheon dlúthpháirtíochta.

      Is iad ionadaithe na mBallstát in Coreper a chomhaontaigh an sainordú. Is é an chéad chéim eile go gcuirfidh Uachtaránacht na Comhairle tús leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa chun teacht ar chomhaontú go pras maidir le leagan deiridh den téacs. Glacfaidh an dá institiúid an rialachán go foirmiúil ina dhiaidh sin.

    • 2 Bealtaine

      Cruinniú urghnách tionólta ag na hairí fuinnimh chun an soláthar gáis a phlé ó chuir Gazprom seachadtaí ar fionraí

      Le linn an chruinnithe urghnách, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an staid fuinnimh san Aontas i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin agus maidir leis a gcaoi ar chuir Gazprom ar fionraí seachadtaí gáis chuig roinnt Ballstát den Aontas ar na mallaibh. Phléigh siad leibhéal ullmhachta an Aontais i gcás géarchéim soláthair agus bearta éigeandála agus dlúthpháirtíochta a d’fhéadfaí a dhéanamh. D’athdhearbhaigh siad freisin a ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin.

    • 24-25 Márta

      Bearta measta ag ceannairí an Aontais chun tionchar na bpraghsanna fuinnimh a mhaolú agus an soláthar fuinnimh a dhaingniú

      Thug an Chomhairle Eorpach aghaidh ar thionchar an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh agus phléigh sí roghanna féideartha chun é a mhaolú, bunaithe ar na tograí a thíolaic an Coimisiún an 23 Márta 2022.

      Phléigh na ceannairí an méid seo a leanas:

      • bearta margaidh
      • stóráil gáis agus ceannacháin chomhchoiteanna breosla
      • bearta gearrthéarmacha chun an tionchar ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí a mhaolú
    • 10-11 Márta

      Ceannairí an Aontais tagtha ar chomhaontú maidir le conas spleáchais fuinnimh a laghdú

      Ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gCeann Stáit nó Rialtais, phléigh ceannairí an Aontais an bealach chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a chinntiú i bhfianaise na staide san Úcráin agus i bhfianaise sprioc 2050 maidir le neodracht aeráide.

      D’aontaigh na ceannairí deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise agus d’iarr siad ar an gCoimisiún Eorpach plean REPowerEU a mholadh, faoi dheireadh Bealtaine 2022, chuige sin.

      D’iarr siad freisin ar an gCoimisiún plean a chur ar aghaidh chun slándáil an tsoláthair agus praghsanna inacmhainne fuinnimh a chinntiú faoi dheireadh mhí an Mhárta 2022 agus chuir siad in iúl go raibh sé ar intinn acu roghanna a phlé chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a bheidh ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí, go háirithe saoránaigh leochaileacha agus ar FBManna, mar gheall ar phraghasanna ardaithe fuinnimh.

    • 28 Feabhra

      Staid an mhargaidh fuinnimh pléite ag na hairí fuinnimh tar éis ghéarchéim na hÚcráine

      Tháinig airí fuinnimh an Aontais le chéile sa Bhruiséil chun tuairimí a mhalartú maidir le staid an fhuinnimh san Úcráin agus san Eoraip tar éis ionradh na Rúiseach.

      Chuir na hairí a dtuairimí in iúl maidir leis an staid agus staid reatha na soláthairtí, na stoc agus na sreafaí fuinnimh ina dtíortha faoi seach. D'aontaigh siad leis an gCoimisiún nach raibh baol láithreach ann don Aontas ó thaobh soláthairtí gáis nó breosla de, fiú i gcás ina gcuirfí isteach ar an soláthar gáis Rúisigh.

      Phléigh siad an méid seo a leanas freisin:

      • an gá atá le bearta teagmhasacha, amhail bearta maidir le soláthar a dhaingniú, bainistiú barrfheabhsaithe stoic agus comhordú níos fearr idir na Ballstáit.
      • roghanna chun tionchar na bpraghsanna fuinnimh ar theaghlaigh agus ar thionscail a theorannú
    • 24 Feabhra

      Ceannairí an Aontais ag iarraidh go nglacfaí bearta éigeandála maidir le fuinneamh

      Thionóil an Chomhairle Eorpach cruinniú urghnách an 24 Feabhra chun aghaidh a thabhairt ar an staid a d’eascair as an ionradh a rinne an Rúis ar an Úcráin.

      Cháin ceannairí an Aontais an fogha a thug an Rúis agus chuir siad in iúl a n-aontacht iomlán leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta agus a ndlúthpháirtíocht iomlán leis an Úcráin, agus d’iarr siad ar an gCoimisiún bearta teagmhasacha a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar staid an mhargaidh fuinnimh.

  • 2021

    • 16 Nollaig

      An t-ardú mór ar phraghsanna fuinnimh pléite ag an gComhairle Eorpach

      Le linn na Comhairle Eorpaí i mí na Nollag, phléigh ceannairí an Aontais an t-ardú mór ar phraghsanna fuinnimh a bhfuil tionchar aige faoi láthair ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí. Leanfaidh an Chomhairle Eorpach de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid agus fillfidh sí arís ar an tsaincheist sin ag cruinniú a bheidh ann amach anseo.

    • 2 Nollaig

      Aghaidh tugtha ag airí fuinnimh an Aontais ar an mborradh atá faoi phraghsanna fuinnimh

      Bhí malartú tuairimí ag airí fuinnimh an Aontais maidir le tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh agus bearta maolaithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

      Roinn na hairí a dtaithí i dtaobh na ngníomhaíochtaí a rinneadh le míonna beaga anuas agus a dtaithí maidir leis na bearta a moladh i mbosca uirlisí an Choimisiúin a chur chun feidhme. Díríodh sa phlé ar thionchar na mbeart maidir le súil a choinneáil ar phraghsanna fuinnimh agus le tomhaltóirí a chosaint.

      Chuir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) príomhphointí a réamhthuarascála ar phraghsanna arda fuinnimh na hEorpa agus ar dhearadh reatha an mhargaidh mórdhíola leictreachais, a foilsíodh an 15 Samhain, faoi bhráid na n-airí, . Ba dhíol sásaimh do na Ballstáit an réamhanailís mar bhunús le plé beartais fianaisebhunaithe.

    • 8 Samhain

      Eurogroup discusses energy prices

      At its November meeting, the Eurogroup addressed the issue of rising energy prices within the euro area, as part of its broader discussion on macroeconomic developments.

    • 26 Deireadh Fómhair

      Aghaidh á tabhairt ag an gComhairle Fuinnimh ar ardú na bpraghsanna fuinnimh

      Tháinig airí fuinnimh an Aontais le chéile i Lucsamburg chun tuairimí a mhalartú maidir leis an méadú ar phraghsanna fuinnimh agus chun bearta maolaitheacha a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a phlé. Ba dhíol sásaimh dóibh ‘bosca uirlisí’ an Choimisiúin agus chomhaontaigh siad gur ghá bearta gearrthéarmacha náisiúnta a dhéanamh mar ábhar práinne chun na tomhaltóirí is leochailí a chosaint.

      Phléigh na hairí freisin roghanna meántéarmacha agus fadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail an margadh mórdhíola leictreachais a athchóiriú, scéimeanna comhpháirteacha deonacha chun gás a cheannach, agus réitigh stórála ar leibhéal an Aontais.

    • 21-22 Deireadh Fómhair

      Ceannairí an Aontais ag dul i ngleic leis an ardú tobann ar phraghsanna fuinnimh

      Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair, phléigh ceannairí an Aontais an t-ardú tobann ar phraghsanna fuinnimh agus d’iarr siad go ndéanfaí tuilleadh oibre sa mheántéarma agus san fhadtéarma. D’iarr siad:

      • ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar fheidhmiú na margaí gáis agus leictreachais, agus ar mhargadh trádála astaíochtaí an Aontais freisin,
      • ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún an leas is fearr is féidir a bhaint, ar bhonn práinne, as bosca uirlisí an Choimisiúin chun tacú leis na tomhaltóirí is leochailí agus le cuideachtaí Eorpacha
      • ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle féachaint go gasta an bhféadfaí bearta meántéarmacha agus fadtéarmacha a dhéanamh le haghaidh inacmhainneacht agus shlándáil an tsoláthair fuinnimh
      • ar an mBanc Eorpach Infheistíochta dlús a chur leis an infheistíocht san aistriú fuinnimh

      Dúirt an Chomhairle Eorpach go leanfadh sé d'athbhreithniú a dhéanamh ar an gceist seo agus go dtiocfadh sí ar ais chuici i mí na Nollag.

    • 6 Deireadh Fómhair

      Curtha i bhfios go láidir ag na hairí Comhshaoil go bhfuil gá le cur chuige comhordaithe

      Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle Comhshaoil an 6 Deireadh Fómhair, chuir na hairí i dtreis gur gá gníomhú go práinneach, go háirithe chun teaghlaigh leochaileacha a chosaint, agus d’iarr siad go saothrófaí cur chuige comhordaithe ar an leibhéal Eorpach.

    • 22 Meán Fómhair

      Iarrann na hairí fuinnimh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an ardú tobann ar na praghsanna fuinnimh

      Ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ag an gComhairle Fuinnimh agus Iompair an 22 Meán Fómhair, chuir roinnt Ballstát in iúl go raibh imní orthu faoi ardú na bpraghsanna fuinnimh agus d’iarr siad ar an gCoimisiún breathnú ar na cúiseanna atá leis na praghsanna gáis agus leictreachais a bheith níos airde. Ag an gcruinniú, gheall an Coimisinéir Simson go gcuirfeadh sé ‘bosca uirlisí’ de bhearta féideartha ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Márta 2026