Athbhreithniú meántéarmach ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027
Cuirtear €64.6 billiún sa bhreis le buiséad fadtéarmach an Aontais chun maoiniú a chur ar fáil do thosaíochtaí: an tacaíocht don Úcráin, teicneolaíochtaí straitéiseacha agus imirce, mar shampla. Tagann an maoiniú ó mheascán de chistí, idir cinn atá ann cheana agus cinn nua.
Cad chuige a bhfuiltear ag athbhreithniú bhuiséad fadtéarmach an Aontais?
Ghlac an Chomhairle, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, buiséad fadtéarmach reatha an Aontais, nó an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, i mí na Nollag 2020. Ó shin i leith, tá dúshláin gan choinne roimh an Aontas, idir iarmhairtí chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, an luasghéarú ar an mboilsciú agus rátaí úis agus na dúshláin a bhaineann leis an imirce. Tá buiséad an Aontais faoi bhrú dá bharr seo.
Déantar, leis an athbhreithniú meántéarmach, buiséad an Aontais a threisiú i líon teoranta réimsí tosaíochta. Tá an méid a leanas san áireamh:
- an tSaoráid don Úcráin a chruthú
- ardán a chur ar bun le haghaidh an ardáin um theicneolaíochtaí straitéiseacha don Eoraip (ATSE)
- sásra chun costais bhreise a chumhdach, chun an ionstraim théarnaimh Next Generation EU a chistiú, ar costais arna n-eascairt as rátaí úis níos airde iad
- cistiú breise le haghaidh bainistiú imirce agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta
- roinnt ionstraimí speisialta a threisiú
Maoiniú do thosaíochtaí nua
Trí mheascán de chistí, idir cinn nua agus cinn atá ann cheana, cuireann an t-athbhreithniú meántéarmach €64.6 billiún le buiséad fadtéarmach an Aontais.
Cumhdaítear an méid a leanas leis an gcistiú breise: tacaíocht don Úcráin, an imirce agus an ghné sheachtrach, an t-ardán um theicneolaíochtaí straitéiseacha don Eoraip (ATSE) agus ionstraimí speisialta. Is mar seo a leanas a leithdháilfear an t-airgead:
- €50 billiún don tSaoráid don Úcráin (€17 mbilliún i ndeontais agus €33 bhilliún in iasachtaí)
- €2 bhilliún don imirce agus don bhainistiú teorainneacha
- €7.6 billiún don chomharsanacht agus don domhan
- €1.5 billiún don Chiste Eorpach Cosanta faoin ionstraim nua ATSE
- €2 bhilliún don ionstraim sholúbthachta
- €1.5 billiún don chúlchiste um dhlúthpháirtíocht agus cabhair éigeandála
Is ar bhonn togra a chuir an Coimisiún ar aghaidh i mí an Mheithimh 2023 a dhéantar an t-athbhreithniú meántéarmach. Cheadaigh na ceannairí an cistiú breise ag cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach an 1 Feabhra 2024. Tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú sealadach maidir leis an athbhreithniú meántéarmach, lena n-áirítear an tSaoráid don Úcráin agus ATSE, an 7 Feabhra 2024.
An 28 Feabhra, thug an Chomhairle cead don athbhreithniú meántéarma ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais. Tá feidhm chúlghabhálach ag atreisiú an bhuiséid ón 1 Eanáir 2024.
- Buiséad fadtéarmach an Aontais do 2021-2027: An t-athbhreithniú meántéarma tugtha chun críche ag an gComhairle (preaseisiúint, an 28 Feabhra 2024)
- Míniú ar an gcaibidlíocht maidir leis an mbuiséad fadtéarmach (eolas cúlra)
- Molann an Coimisiún an buiséad fadtéarmach AE a threisiú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is práinní (preaseisiúint ón gCoimisiún Eorpach, an 20 Meitheamh 2023)
An tSaoráid don Úcráin
Is ionstraim nua de chuid an Aontais í an tSaoráid don Úcráin chun cabhrú le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na tíre agus í ar an gconair i dtreo an Aontais.
Tabharfaidh sé tacaíocht dhéthaobhach an Aontais le chéile in aon ionstraim amháin agus cuirfidh sé tacaíocht airgeadais ar fáil le linn na tréimhse 2024-2027, bunaithe ar dheontais, iasachtaí agus ráthaíochtaí.
Is é is aidhm don tsaoráid go mbeidh intuarthacht, trédhearcacht agus cuntasacht ann, agus sa tslí sin cuirfear le hinbhuanaitheacht airgeadas na hÚcráine agus cosnófar buiséad an Aontais.
Tá os cionn €50 billiún ar fáil: iasachtaí dar luach €33 bhilliún, agus €17 mbilliún i ndeontais (faoi ionstraim théamach nua ar a dtugtar an Cúlchiste don Úcráin).
An 6 Feabhra 2024, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach maidir leis an togra chun an tSaoráid don Úcráin a bhunú.
Ghlac an Chomhairle an gníomh reachtach lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin an 28 Feabhra 2024. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
An tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip
Chun an tAontas a dhéanamh níos iomaíche i réimse na dteicneolaíochtaí criticiúla, bunófar an t-ardán um theicneolaíochtaí straitéiseacha don Eoraip (STEP). Tá na teicneolaíochtaí sin atá ag teacht chun cinn, mar shampla teicneolaíochtaí digiteacha agus an domhainteicneolaíocht, an teicneolaíocht ghlan agus an bhith-theicneolaíocht, tá siad tábhachtach don aistriú glas agus don aistriú digiteach agus cuireann siad le ceannasacht straitéiseach an Aontais.
Chun na tosaíochtaí a bhaineann leis an ardán teicneolaíochtaí straitéiseacha a mhaoiniú, bainfidh an t-ardán úsáid as cistí atá ann cheana, na cistí a leanas san áireamh:
- cistí an bheartais comhtháthaithe
- InvestEU
- an clár Fís Eorpach
- an Ciste Eorpach Cosanta
- An Ciste don Nuálaíocht
- an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
Faoi chuimsiú an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha, cuirfear cistiú breise €1.5 billiún ar fáil don Chiste Eorpach Cosanta, chun borradh a chur faoin acmhainneacht infheistíochta i réimse na cosanta.
Ina theannta sin, tabharfaidh an t-ardán isteach lipéad cáilíochta nua le haghaidh tionscadail cheannasachta, ar a dtabharfar an séala ceannasachta, rud a éascóidh rochtain ar mhaoiniú an Aontais agus a mheallfaidh infheistíochtaí eile. Chun gur féidir teacht ar an eolas ar fad faoi dheiseanna maoinithe do thionscadail a bhaineann leis an ardán teicneolaíochtaí straitéiseacha, bunófar tairseach ceannasachta.
Faoi dheireadh 2025, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an ardáin agus tuarascáil a thíolacadh a bheidh ina chuidiú agus bealaí nua á n-ullmhú chun tacú le ceannasacht agus iomaíochas in earnálacha straitéiseacha.
An 7 Feabhra 2024, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach maidir leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha. Ghlac an Chomhairle gníomh reachtach lena mbunaítear STEP an 28 Feabhra 2024. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
- An tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip: comhaontú sealadach chun borradh a chur faoi infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí criticiúla (preaseisiúint, an 7 Feabhra 2024)
- An tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (an Coimisiún Eorpach)
- Fís Eorpach (eolas cúlra)
- An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) (eolas cúlra)
An imirce agus an ghné sheachtrach
Cuirfear €2 bhilliún leis an mbuiséad chun tacú leis na Ballstáit agus chun dul i ngleic leis na dúshláin phráinneacha a bhaineann leis an imirce agus an bainistiú teorainneacha.
I gcomhthéacs na dteannas geopholaitiúil urghnách, tabharfar cistiú dar luach €7.6 billiún chun cuidiú leis na tosaíochtaí a bhaineann le comharsanacht an Aontais agus leis an domhan mór a mhaoiniú. Ba cheart don chistiú cuidiú leis an méid seo a leanas:
- comhar éifeachtach a choinneáil ar bun lasmuigh den Aontas maidir leis an imirce
- tacú le dídeanaithe as an tSiria atá sa Tuirc agus sa réigiún máguaird
- tacú leis na Balcáin Thiar, leis na tíortha comharsanachta sa deisceart agus leis an Afraic
- dóthain cistiú a chinntiú le haghaidh Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta an Aontais
Íocaíochtaí úis i ndáil le Next Generation EU (NGEU)
Chun costais bhreise a chumhdach agus chun oibleagáid dhlíthiúil an Aontais maidir le híocaíochtaí úis i ndáil le Next Generation EU (NGEU) a chomhlíonadh, cuirfear sásra cascáide i bhfeidhm. Leis an sásra sin beifear in ann ionstraim nua eisceachtúil a shlógadh mura féidir teacht ar mhaoiniú le haghaidh na n-íocaíochtaí úis laistigh de bhuiséad reatha an Aontais.
Mar chuid den nós imeachta buiséadach bliantúil, breithneoidh an Chomhairle, sula nglacfaidh sí a seasamh, an bhfuil na réitigh mhaoiniúcháin le haghaidh íocaíochtaí úis NGEU, lena n-áirítear an ionstraim nua agus cur i bhfeidhm cúlstop, oiriúnach.
Ionstraimí speisialta
Cuirfear €1.5 billiún leis an gcistiú chun dul i ngleic le cásanna éigeandála, mar shampla tubaistí nádúrtha agus géarchéimeanna daonnúla san Aontas agus ar fud an domhain. Roinnfear an cistiú sin ina dhá leath, ar ionstraimí ar leith a bheidh iontu:
- thart ar €1 016 mhilliún in aghaidh na bliana don chúlchiste Eorpach dlúthpháirtíochta, chun freagairt ar chásanna éigeandála san Eoraip
- thart ar €508 milliún in aghaidh na bliana don chúlchiste cabhrach éigeandála le haghaidh mearfhreagairtí ar riachtanais éigeandála shonracha laistigh den Aontas agus ar fud na cruinne
Is féidir na méideanna bliantúla nár úsáideadh i gceachtar de na hionstraimí a chur ar fáil don ionstraim sholúbthachta an bhliain dár gcionn.
Cuirfear €2 bhilliún leis an ionstraim sholúbthachta lena neartú a thuilleadh. Is féidir an ionstraim sin a úsáid chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú nach féidir a chistiú trí fhoinsí buiséid eile. Rannchuideoidh cuid den leithdháileadh bliantúil don ionstraim sholúbthachta leis an réiteach maoiniúcháin le haghaidh íocaíochtaí úis NGEU.
Buiséid Náisiúnta
Chun an tionchar ar bhuiséid náisiúnta a laghdú, tabharfar €10.6 billiún as cistiú reatha an Aontais agus bogfar thart é chun cuidiú leis na tosaíochtaí a sainaithníodh san athbhreithniú meántéarmach a mhaoiniú. Déanfar an méid sin a athdháileadh as cláir agus ionstraimí atá ann cheana, mar shampla na cinn a leanas:
- an ionstraim maidir le comharsanacht, forbairt agus comhar idirnáisiúnta
- an ionstraim um chúnamh réamhaontachais
- an clár Fís Eorpach
- cúlchiste coigeartaithe Brexit
- an ciste Eorpach um choigeartú don domhandú
- cistí comhbheartais talmhaíochta agus cistí comhtháthaithe
- an clár EU4Health
Saoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar
Chun tacú le comhpháirtithe na mBalcán Thiar agus iad ar a gconair chuig an Aontas, agus chun cóineasú socheacnamaíoch níos tapúla leis an Aontas a spreagadh, thíolaic an Coimisiún Eorpach plean nua fáis do na Balcáin Thiar an 8 Samhain 2023.
I gcroílár an phlean tá an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar, ionstraim airgeadais nua lena gcuirfear €6 bhilliún ar fáil le linn na tréimhse 2024-2027. As an méid iomlán, beidh EUR 2 bhilliún i ndeontais agus €4 bhilliún in iasachtaí.
Leithdháileadh €2 bhilliún de thacaíocht bhreise ar na Balcáin Thiar mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027 chun an tSaoráid a chistiú.
An 7 Bealtaine 2024, thug an Chomhairle cead críochnaitheach an tsaoráid a chur ar bun. Chun tacaíocht airgeadais a fháil, ní mór do chomhpháirtithe na mBalcán Thiar clár oibre athchóirithe a tharraingt suas ina leagtar amach na hathchóirithe atá beartaithe acu a dhéanamh chun cuspóirí na saoráide a bhaint amach.
An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Bealtaine 2024