Skip to content

An Comhbheartas Talmhaíochta CBT: Forbairt tuaithe tar éis 2013

Cad iad na hathruithe ar an mbeartas forbartha tuaithe?

Rinneadh an beartas forbartha tuaithe a athstruchtúrú le gurb éifeachtaí é. Beidh naisc níos dlúithe le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta AE, rud a cheadóidh go n-úsáidfear cistí an Aontais ó níos mó ná foinse amháin, agus cómhaoiniú á fháil ó roinnt Ballstát, chun tacú le réimse leathan de thionscadail nuálacha, ó chomhfheirmeacha talmhaíochta agus dobharshaothraithe go leathadh bhonneagar an leathanbhanda.

Faoin mbeartas forbartha tuaithe, leanfaidh na Ballstáit de bheith in ann a gcláir féin a cheapadh i gcomhréir le riachtanais a limistéir thuaithe féin.

Beidh níos mó solúbthachta acu, ós rud é go mbeidh tacar de thosaíochtaí á chur in ionad an chórais reatha, lena n-áireofar an nuálaíocht. Tacófar leis an tosaíocht sin trí mheán na mbeart seo a leanas mar shampla:

  • aistriú an eolais, comhar agus infheistíocht sna hacmhainní fisiciúla
  • éifeachtúlacht acmhainní, táirgiúlacht agus forbairt láidir, a bheadh gann ar astaíochtaí agus a bheadh neamhdhíobhálach don aeráid, a dhéanamh ar an talmhaíocht agus ar an bhforaoiseacht
  • comhar idir an talmhaíocht agus an taighde le dlús a chur faoi aistriú na teicneolaíochta chuig feirmeoirí.

Leis na bearta seo, déantar CBT a nascadh le straitéis an Aontais don fhás agus do phoist - straitéis An Eoraip 2020 - gona béim ar oiliúint, nuálaíocht agus taighde.

Tá na bearta a bhaineann leis an gcomhshaol agus an aeráid neartaithe anois. Tá an cur chun feidhme fós éigeantach agus caithfear ar a laghad 30% de bhuiséad iomlán na forbartha tuaithe a choinneáil do bhearta i leith an chomhshaoil agus don oiriúnú agus do mhaolú ar athrú na haeráide, in earnáil na talmhaíochta agus na foraoiseachta araon.

Tá an cistiú dúbailte don ghlasú faoin dá cholún tar éis a eisiata, rud a chiallaíonn nach bhfaighidh feirmeoirí dhá íocaíocht as an ngníomhaíocht cheánna amháin.

Déanfar na limistéir a bhfuil bacainní nádúrtha iontu a athshainiú ar bhonn ocht gcinn de chritéir bhithfhisiciúla, rud a fhágann go mbeidh córas aonfhoirmeach oibiachtúil amháin ar fud an Aontais.

Táthar tar éis ráta na ranníocaíochta leis an gciste a choigeartú chun riochtaí difriúla airgeadais na réigiún éagsúil a chur san áireamh. Leis an athchóiriú, foráiltear do rátaí cómhaoinithe níos airde i gcás réigiúin ar lú a leibhéal forbartha.